Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Drúchtín
dísbheagadh ar drúcht.
1.
An Drúchtín móna = luibh a bhíos ar phortaigh, ar mhuingeanna agus in áiteachaí den tsórt sin. Bíonn ribeadhachaí dearga ar na billeógaí agus múnógaí mar a bheadh múnógaí drúicht ann. Is cosúil gur ó na múnógaí sin a tugadh an t-ainm air. Greamaíonn míoltógaí ar na billeógaí, agus crupann siad isteach len a gcoinneál idteannta. Deirtear go mbruití é roimhe seo agus go níodh mná a gcuid gruaige as an uisce fiuchta sin, agus go dtugadh sé dath ar a ngruaig. Ní dhéantar é sin anois. Drosera nó Great Sundew atá air i mBéarla.
2.
·
Tá gearradh-drúichtín orm (fc. gearradh)

Féach freisin