Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
drúchtín
díspeagadh ar drúcht
1.
an drúchtín móna: luibh a bhíos ar phortaigh, ar mhoingeanna agus in áiteachaí den tsórt sin. Bíonn ribiúchaí dearga ar na bileogaí agus mónógaí mar a bheadh mónógaí drúicht ann. Is cosúil gur ó na mónógaí sin a tugadh an t-ainm air. Greamaíonn míoltógaí ar na bileogaí agus crapann siad isteach lena gcoinneáil i dteannta. Deirtear go mbruití é roimhe seo agus go níodh mná a gcuid gruaige as an uisce fiuchta sin agus go dtugadh sé dath ar a ngruaig. Ní dhéantar é sin anois. DroseraGreat Sundew atá air i mBéarla.
2.
·
Tá gearradh drúchtín orm (fc. gearradh)

Féach freisin