Dubhluachair
—
an mhí dhubh den bhliain, an seal sin thar éis na Nodlag nach mbíonn aon-cheo ag beithigh ar an talamh. Teigheann sé amach go Féil Bríde agus in a dhiaidh blianta; coruice dhubh na bliana.
+–
Seo í an dubhluachair. 'Ar ndú 'ní dochar cead scuir a bheith ag caoirigh anois. Níl foghail ar bith le déanamh aca
Amach ar dhubhluachair na bliana a bhí ann go h-áirid, mar cuimním go raibh an aimsir in a ciréabachaí
TUILLEADH (1) ▼
Sé nádúr na h-aimsire a bheith deannachtach anois agus gurb í dubhluachair na bliana atá ann
Dubhluachair in iontrálacha eile (5)
Ní fhaca mise, le mo chuimhne fhéin, ar chuma 'r bith uair chomh coimhightheach seo ann faoi Bhealtaine. Nach sílfeá gurb é dubhluachair na bliadhna é, le farradh a's fearthainn. Tá'n aimsear in a cithréabachaí ar fad, ní ceasacht ar Dhia é.
→
doineann
Ní amach annseo ar an doininn agus ar an dubhluachair atá agad a bheith dhá dhéanamh. Is fhearr duit go fada é a dhéanamh anois 'fhad agus atá sé ag tabhairt anna uaidh go breagh
→
druid 1
Níl a dhath ariamh farae l'aghaidh na mbeithidheach anois, agus gub (gurb) é dubhluachair na bliana atá ann. Ach amach annseo a ghabhfas sé sin rompa. Beithidheach ar bith a gheobhfas cáll (call) an tráth seo 'bhliain, tá a chnaipe déanta. Caillfidhear é amach annseo. Ní hé lá an tsneachta a gcailltear an druideoig chor ar bith, adeir siad
Tá an t-asal in a dhithreabhach. Bhí sé cruptha isteach i lúibinn an chlaidhe ar maidin agus na cluasa féin ní raibh sé indon a bhiorrú leis an bhfuacht. Tiubharfaidh an dubhluachair atá amach romhainn anois cnáimh le creinneadh dó
→
gionnóid
Níl ginnín féar tirm aice anois nach bhfuil ídithe, agus cóisir bheitheach annsiúd aice agus a gcnámha thrín a gcraiceann, agus dubhluachair na bliana amach rómpa. Nach uirre a bhí an smál an lá ar cheannaigh sí iad