Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
dubhluachair
an mhí dhubh den bhliain, an seal sin thar éis na Nollag nach mbíonn aon cheo ag beithígh ar an talamh. Téann sé amach go Féil Bríde agus ina dhiaidh blianta; coraice dhubh na bliana.
+
Seo í an dubhluachair. Ar ndóigh ní dochar cead scoir a bheith ag caoirigh anois. Níl foghail ar bith le déanamh acu
Amach ar dhubhluachair na bliana a bhí ann go háirid, mar cuimhním go raibh an aimsir ina círéabachaí
TUILLEADH (1) ▼
'Sé nádúr na haimsire a bheith deannachtach anois agus gurb í dubhluachair na bliana atá ann

dubhluachair in iontrálacha eile (5)

 
Tá an t-asal ina dhíthreabhach. Bhí sé craptha isteach i lúbainn an chlaí ar maidin agus na cluasa féin ní raibh sé in ann a bhiorú leis an bhfuacht. Tabharfaidh an dubhluachair atá amach romhainn anois cnáimh le crinneadh dó
 
Ní amach anseo ar an doininn agus ar an dubhluachair atá agat a bheith dhá dhéanamh. Is fhearr duit go fada é a dhéanamh anois fhad is atá sé ag tabhairt ana uaidh go breá
 
druid 1
Níl a dhath ariamh farae le aghaidh na mbeithíoch anois agus gub (gurb) é dubhluachair na bliana atá ann. Ach amach anseo a ghabhfas sé sin rompu. Beithíoch ar bith a gheobhas call an tráth seo bhliain, tá a chnaipe déanta. Caillfear é amach anseo. Ní hé lá an tsneachta a gcailltear an druideoig chor ar bith, adeir siad
 
dual 1
Ar ndóigh is dual don aimsir a bheith fuar an tráth seo bhliain. Nach í an dubhluachair ceart anois í
 
Níl ginnín féar tirim aici anois nach bhfuil ídithe, agus cóisir bheathach ansiúd aici agus a gcnámha thrína gcraiceann, agus dubhluachair na bliana amach rompu. Nach uirthi a bhí an smál an lá ar cheannaigh sí iad