Duifean (Duibhthean)
—ainm-fhocal, fireann
1.
dúachan (dubhachan), néalta, nó tóin dubh san spéir; puchóid dhubh ar an aer.
a.
+–
Déanfaidh sé braon eicínt báistí. Tá an duifean imbun na gaoithe. = an ghaoth agus an dúachan san gceáird chéanna
Tá an duifean ag cothú an-mhór san mbun sin ó mhaidin. Is gearr go bhfeicidh tú in a dhórtadh é
TUILLEADH (4) ▼
Is maith an chosúlacht an duifean agus an ghaoth a bheith in aghaidh a chéile. Ach bhí go leor léasáin agus saigheanannaí ann trathnóna aréir. Tá an aimsir ag tarraint go h-áirid
Ní shaorfainn é nach bhfuil múr eicínt báistí air. Tá an-mheáchan agus an-duifean san spéir sin ó dheas
Ná bac le aitealla! Tá a chuid aitealla ar iarraidh inniu. An bhfeiceann tú an duifean sin thiar agus é dúinte uiliog?
Toirneach atá san duifean sin thoir. Is furasta aithinte air é
·
Ba mhinic duifean mór ar bheagán fearthainn = ba mhinic doicheall mór ar bheagán fearthainn (sean-fhocal. Fc. doicheall. Deirtear duifean scaithtí i leabaidh doicheall, agus thiocfadh dhó gurb é is cirte freisin)
b.
fuaraíocht nó deallrú.
+–
Bíonn sé amuigh faoi fhuacht agus faoi dhuifean = faoi amluadh; faoi dheallracht faoi dhroch-aimsir
M'anam pébrí cén pháighe atá dhó nach mhór dhó sin, fear atá amuigh d'fheacht agus go h-áirid faoi fhuacht agus faoi dhuifean
TUILLEADH (3) ▼
Diabhal bréag nach maith a shaothraigh tú ó mhaidin é amuigh faoi fhuacht agus faoi dhuifean, agus cér chás é, dhá mbeadh aon-cheo dhá bharr — ach níl
Caillfidh sé sin é féin amuigh faoi fhuacht agus faoi dhuifean ag faire ar an snáithín feamainne sin. Nach measa do dhuine a shláinte ná í. Gheobhar in a staic san gcladach é maidin eicínt
Tá acmhuinn aige ar fhuacht agus ar dhuifean. 'Ar ndú, dhá bhfaghadh fear eile an fhuaraíocht a fuair sé sin is fadó an lá a bhí a chnaipe déanta
+–
Tá fuacht agus duifean orm = tá mé fuar agus fliuch; fuacht a bheadh ort de bharr báistí nó éadaí fliucha nó a leithide
Is beag an dochar dhuit fuacht agus duifean a bheith ort ar aghaidh na righteachta annsin thíos ó tháinic lá. Tuige san míádh nachar tháinig tú isteach? Nach bhfuil a fhios agad go bhfuil breith ar an obair sin?
TUILLEADH (1) ▼
Tá fuacht agus duifean orm ag strachailleacht san gcladach sin ó dheargadh na maidne. Dheamhan trí mhalach maith feamainne agam in a dheidh sin th'éis mo shaothair, ná cuid dhá bhfuil
c.
brón, buaidhreadh; briseadh croí nó dólás.
+–
Chuir an scéal sin duifean (croí) air = brón nó buaidhreadh
Tá duifean ar mo chroí ó chuala mé faoin a bhás. Ba é an fear ba mheasa liom dhá bhfaca mé ariamh é. Léanscrios go deó ar an gcogadh céanna: is iomdha buachaill maith le fán aige
TUILLEADH (5) ▼
Cuirfidh sé sin duifean muis ar dhaoine má chloiseann siad é sin. Na ridirí airgid seo, bhí déidín tuitthe aca faitíos go mbuailfí Sasana san gCogadh, ach mara mbeidh aon-mhaith le airgead Shasana anois, béarfaidh siad searrach nó rud eicínt!
Tá brón agus duifean ar mo chroí chuile lá ó d'imigh mo mhaicín uaim a thóig mé go bog agus go múirneach. Tá mé réidh leis anois. Ní fheicfidh mé aon-amharc air le mo ló aríst
Duine gan chroí nach gcuirfeadh rud mar sin duifean air. Is beag an dochar dhuit a bheith leath-chaillte a bhean bhocht.
Tá duifean croí orm ó d'imigh Máirín uaim. Ba mheasa liom í na gealacán mo shúl. B'fhurasta di sin a díol d'fhear a fháil san áit a raibh sí agus gan a dhul thar tír amach mar sin, an áit nach bhféadfaidh duine ná daonnaí a dhul ag breathnú uirre ar a h-anshógh ná ar a crúóig. Ach sin é an bealach atá le aos óg anois.
Níl call duit cumha ná duifean croí a bheith ort in a dhiaidh. Tá sé sin bail ó Dhia air indon a bhealach féin a dhéanamh. Agus tiocfaidh sé abhaile ar ball le cúnamh Dé, agus cuirfidh sé maoil ar an gcómhra le airgead
2.
smúit theasa.
+–
Tá duifean ar an aer inniu. Neart teas' agus uair bhreá atá air = smúit dheannaigh atá i gceist annseo. Cruthaíonn sí san aer scaithtí le neart uair bhreá
Sin duifean teasa. Gheobhaidh tú í anoir. Téighfidh sé sin na sean-chreatachaí ag an móin
TUILLEADH (2) ▼
Ní duifean báistí é sin chor ar bith, ach duifean teasbaigh. Uair ar bith a bhfeicfidh tú an smúit sin sa spéir, bí in do léine, in do mhaoil agus in do bhonnaíochaí ag sceanadh portaigh
Dar brí an leabhair muis, tá duifean teasbaigh annsin. An bhfeiceann tú é? Bail ó Dhia ort féin agus ar do smúit rabharta! Céard a bhéarfadh smúit rabharta cho fada seo isteach faoi shliabh? Dhá mbeitheá ar bhrollach an Achréidh, ba cladóir a bheadh ionnad i gcomhnaí! Tá an sean-rabharta sin agus an tsean-fhairrge sin agus an tsean-fheamainn dearg sin ag dul idir thú agus codladh na h-oíche. Bheadh cumha ort is dóigh, mara mbeadh clagarnaíl na fairrge le cloisteáil agad!