Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
duifean
ainmfhocal, fireann
1.
dúchan, néalta, nó tóin dubh sa spéir; puchóid dhubh ar an aer.
a.
+
Déanfaidh sé braon eicínt báistí. Tá an duifean i mbun na gaoithe — an ghaoth agus an dúchan sa gceaird chéanna
Tá an duifean ag cothú an-mhór sa mbun sin ó mhaidin. Is gearr go bhfeice tú ina dhórtadh é
TUILLEADH (4) ▼
Is maith an chosúlacht an duifean agus an ghaoth a bheith in aghaidh a chéile. Ach bhí go leor léasáin agus saigheanannaí ann tráthnóna aréir. Tá an aimsir ag tarraingt go háirid
Ní shaorfainn é nach bhfuil múr eicínt báistí air. Tá an-mheáchan agus an-duifean sa spéir sin ó dheas
Ná bac le aitealla! Tá a chuid aitealla ar iarraidh inniu. An bhfeiceann tú an duifean sin thiar agus é dúnta uileag?
Toirneach atá sa duifean sin thoir. Is furasta a aithinte air é
·
Ba mhinic duifean mór ar bheagán fearthainn — ba mhinic doicheall mór ar bheagán fearthainn (seanfhocal, fc. doicheall. Deirtear duifean scaití i leaba doicheall, agus thiocfadh dhó gurb é is cirte freisin)
b.
fuaraíocht nó deallrú.
+
Bíonn sé amuigh faoi fhuacht agus faoi dhuifean — faoi amlua; faoi dheallracht; faoi dhrochaimsir
M'anam pébrí cén pháí atá dhó nach mhór dhó sin, fear atá amuigh d'acht is go háirid faoi fhuacht agus faoi dhuifean
TUILLEADH (3) ▼
Diabhal bréag nach maith a shaothraigh tú ó mhaidin é amuigh faoi fhuacht agus faoi dhuifean, agus cér chás é, dhá mbeadh aon cheo dhá bharr — ach níl
Caillfidh sé sin é féin amuigh faoi fhuacht agus faoi dhuifean ag faire ar an snáithín feamainne sin. Nach measa do dhuine a shláinte ná í. Gheofar ina staic sa gcladach é maidin eicínt
Tá acmhainn aige ar fhuacht agus ar dhuifean. Ar ndóigh, dhá bhfaigheadh fear eile an fhuaraíocht a fuair sé sin, is fadó an lá a bhí a chnaipe déanta
+
Tá fuacht agus duifean orm — tá mé fuar agus fliuch; fuacht a bheadh ort de bharr báistí nó éadaí fliucha nó a leithide
Is beag an dochar dhuit fuacht agus duifean a bheith ort ar aghaidh na riteachta ansin thíos ó tháinig lá. Tuige sa mí-ádh nár tháinig tú isteach? Nach bhfuil a fhios agat go bhfuil breith ar an obair sin?
TUILLEADH (1) ▼
Tá fuacht agus duifean orm ag streachailleacht sa gcladach sin ó dheargadh na maidne. Dheamhan trí mhallach maith feamainne agam ina dhiaidh sin théis mo shaothair, ná cuid dhá bhfuil
c.
brón, buaireamh; briseadh croí nó dólás.
+
Chuir an scéal sin duifean (croí) air — brón nó buaireamh
Tá duifean ar mo chroí ó chuala mé faoina bhás. Ba é an fear ba mheasa liom dhá bhfaca mé ariamh é. Léanscrios go deo ar an gcogadh céanna: is iomaí buachaill maith le fán aige
TUILLEADH (5) ▼
Cuirfidh sé sin duifean muis ar dhaoine má chloiseann siad é sin. Na ridirí airgid seo, bhí déidín tite acu faitíos go mbuailfí Sasana sa gcogadh, ach mura mbeidh aon mhaith le airgead Shasana anois, béarfaidh siad searrach nó rud eicínt!
Tá brón agus duifean ar mo chroí chuile lá ó d'imigh mo mhaicín uaim a thóg mé go bog agus go muirneach. Tá mé réidh leis anois. Ní fheicfidh mé aon amharc air le mo ló aríst
Duine gan chroí nach gcuirfeadh rud mar sin duifean air. Is beag an dochar dhuit a bheith leathchaillte a bhean bhocht
Tá duifean croí orm ó d'imigh Máirín uaim. Ba mheasa liom í ná gealacán mo shúl. B'fhurasta di sin a díol d'fhear a fháil san áit a raibh sí agus gan a dhul thar tír amach mar sin an áit nach bhféadfaidh duine ná daonnaí a dhul ag breathnú uirthi ar a hanó ná ar a cruóig. Ach sin é an bealach atá le aos óg anois
Níl call duit cumha ná duifean croí a bheith ort ina dhiaidh. Tá sé sin bail ó Dhia air, in ann a bhealach féin a dhéanamh. Agus tiocfaidh sé abhaile ar ball le cúnamh Dé, agus cuirfidh sé maoil ar an gcomhra le airgead
2.
smúit theasa.
+
Tá duifean ar an aer inniu. Neart teasa agus uair bhreá atá air — smúit dheannaigh atá i gceist anseo. Cruthaíonn sí san aer scaití le neart uair bhreá
Sin duifean teasa. Gheobhaidh tú í anoir. Téifidh sé sin na seanchreatachaí ag an móin
TUILLEADH (2) ▼
Ní duifean báistí é sin chor ar bith, ach duifean teaspaigh. Uair ar bith a bhfeicfidh tú an smúit sin sa spéir, bí in do léine, in do mhaoil agus in do bhonnaíochaí ag sceanadh portaigh
Dar brí an leabhair muis, tá duifean teaspaigh ansin. An bhfeiceann tú é? Bail ó Dhia ort féin agus ar do smúit rabharta! Céard a bhéarfadh smúit rabharta chomh fada seo isteach faoi shliabh? Dhá mbeifeá ar bhrollach an Achréidh, ba cladóir a bheadh ionat i gcónaí! Tá an seanrabharta sin agus an tseanfharraige sin agus an tseanfheamainn dearg sin ag dul idir thú agus codladh na hoíche. Bheadh cumha ort is dóigh, mura mbeadh clagarnaíl na farraige le cloisteáil agat!

Féach freisin

duifean in iontrálacha eile (4)

 
diaidh
Ní raibh an oiread caitheamh i ndiaidh aon duine dhár thóg mé ariamh agam agus a bhí agam i ndiaidh Sheáin. Chuir sé duifean ar mo chroí an lá ar fhága sé an teach amach
 
Tá an lá ag diúltú dhá sholas, muran duifean báistí é. Ní mheasaim go bhféadfadh sé a bheith chomh fada siar sa lá agus go mbeadh an oíche ag titim. Ársóidh sé amach aríst b'fhéidir, ar ball
 
dóirt
Dórtadh báistí atá ar an duifean sin thiar. Is furasta a aithinte air
 
dreach
Cé a ligfeadh féar amach inniu? Lig, más maith leat é a bheith ina aoileach. An bhfeiceann tú an dreach atá ar an spéir sin thiar, agus an duifean atá i mbun na gaoithe