Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
dámhaireacht
ainm-bhriathar; ainm-fhocal
boc-léimnigh, macnas, meargántacht, ag dul le buile, ag eirghe san aer nó as an uisce (le iasc adeirtear go h-áirid é nuair a bhíos siad ag léimneach nó dhá sníomhadh féin, nó ag caraíocht agus iad buailte ag duine ar dhubhán).
+
Bhí sé scathamh mór buailte, ach chinn orm a thabhairt liom in a dheidh sin, arae bhí sé ag dámhaireacht agus ag léimneach san uisce
Is maith nach mór do dhuine a bheith ar a mhaidí le breac geal a thabhairt leis. Caitheann siad an-fhada ag dámhaireacht, nó go mbeidh siad féachta
TUILLEADH (2) ▼
Bhí an fhairrge salach le runnaigh trathnóna. Dhá bhfeictheá ag dámhaireacht tímpeall na curaí iad. Feicfidh tú gur gearr go dteighidh siad le fánaidh anois.
Níl léamh ar bith ar a bhfuil de bhradáin annsin. D'fheicfeá ag dámhaireacht chuile ré solais ann iad