Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
dámhaireacht
ainmfhocal
bocléimnigh, macnas, meargántacht, ag dul le buile, ag éirí san aer nó as an uisce. Le iasc adeirtear go háirid é nuair a bhíos siad ag léimneach nó dhá sníomh féin, nó ag coraíocht agus iad buailte ag duine ar dhuán.
+
Bhí sé scaitheamh mór buailte ach chinn orm a thabhairt liom ina dhiaidh sin, arae bhí sé ag dámhaireacht agus ag léimneach san uisce
Is maith nach mór do dhuine a bheith ar a mhaidí le breac geal a thabhairt leis. Caitheann siad an-fhada ag dámhaireacht nó go mbeidh siad féachta
TUILLEADH (2) ▼
Bhí an fharraige salach le ronnaigh tráthnóna. Dhá bhfeictheá ag dámhaireacht timpeall na curaí iad. Feicfidh tú gur gearr go dté siad le fána anois.
Níl léamh ar bith ar a bhfuil de bhradáin ansin. D'fheicfeá ag dámhaireacht chuile ré solais ann iad