Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
dí-chúis
ainm-fhocal, buineann
1.
dochar, díoghaltas, sásamh, mío-stáid, míonós, rud a chur as duit, éagcóir.
+
Rinne sé dí-chúis dom. Leag sé a raibh de chlaidheachaí ar na barra garbha agam agus gan a dhath údair aige leis, ach lá annseo ar iarr sé an carr orm le aistir móna a thabhairt abhaile. Ní raibh aon-ghoir agam a thabhairt dó an lá céadna thar laetheantaí an domhain, arae bhí mé féin ag feamnadh an lá céadna. Dubhairt mé leis mara raibh aon-dlúthas mór leis, é a fhágáil go dtí an lá dár gcíonn, agus go bhféadfadh an carr a bheith aige ar feadh an lae. Ach d'imigh sé uaim mar a bhuailfeá ar an gcluais é. Ó'n lá sin go dtí an lá atá indiu ann, tá smut air liom
Má ghníonn sé dí-chúis ar bith dhuit íocfaidh sé ann feicfidh tú fhéin air. Fuagair do'n phóilí é agus ceannsóchaidh sé sin é deirimse leat. Má chuireann sé aon-cheo as duit thairis sin gheobhaidh tú a luach. Ná bíodh faitíos ort
TUILLEADH (1) ▼
Ná cuir chuige ná uaidh. Tá an droch-fháisc annsin. Is maith éascaidh a dhéanfadh sé dí-chúis dhuit dhá gcaitheadh sé in a cheann é. D'orduigh Dia an anachain a sheachaint
+
Níorbh fhearr leis sin ag ithe a bhéilí ná ag déanamh dí-chúis' ar dhaoine. Sin é a bhuac. 'Bhfaca tú an cleas a rinne sé ar L. an uair a d'eitigh sé é faoi'n inghin. Chuir sé caiple na dtinncéaraí uiliog isteach in a chuid cuir, gur thalltuigh agus gur rómhair agus gur fhoghluigh siad é as cnáimh éadain. Anois a bhfuil biseach agad?
Dheamhan duine ar fhéad sé sin ariamh é nach ndearna sé dí-chúis air. Tá fíor-dhroch-chroidhe aige. Is bró mhuilinn dó sin a shaoghal mar is mór leis 'chuile dhuine, ná rud ar bith a bheith ag an gcomharsa
TUILLEADH (4) ▼
Ní maith liom díochúis ar bith a dhéanamh ar aon-duine ar an mbaile thar a chéile, agus sin é anois an roint is dírí a fhéadaimse a thabhairt air = dochar; oirille; gan an méid is fiú é a chur in omós gach rud
Is cuma san diabhal cén chaoi a ndeárnadh é, ach rinneadh díochúis ormsa. Is furast aithinte é d'Fheara Fáil
Ní ort ab fhearr liom díochúis a dhéanamh dhá bhféadainn, ach má leigim leat, déarfaidh seisean gur le fabhar duitse nach dtiocfainn anuas ort cho maith le duine. Níor mhaith liom a thabhairt le rá dhó go bhfuighidh sé le léamh é
Ná bac le ceann ar bith atá ag iarraidh díochúise a dhéanamh ar a chomharsa go h-acht agus go h-áirid mar sin. Tá agad é a sheachaint. Ní bheidh Dia ná duine buíoch dhó. Is beag an baol.
2.
gan déanamh cho maith agus a bheadh tnuthán leis; gan bisiughadh.
+
Rinne an bhudóg sin dí-chúis dom. Bhí an-ghealladh fúithe, ach níor tháinic biseach ar bith fúithe mar sin fhéin. Th'éis gur choinnigh mé í le leath-bhliain ag ceapadh igcomhnaí go raibh údar maith innte, agus go sceinnfead sí amach, dheamhan ionga ná orlach a tháinig uirre ó shoin. Ní bréag ar bith dhom a rádh go ndearna sí dí-chúis dhom
Cé'n chaoi a ndearna sí dí-chúis dom? Breathnuigh ar a comh-aois de bhromach: é sin thiar ag M. Dhá bhfaighteá-sa breith agus dá roghain ar an bpéire, cé aca a thóigfeá? … Ceann M. d'eile. Agus annsin déarfaidh tú nach ndearna mo cheann-sa dí-chúis orm féin
TUILLEADH (1) ▼
Níl beithidheach ar bith is mó a dhéanfadh dí-chúis ar dhuine ná an "breed" mór sin. Bíonn an-bhiseach fútha an uair a bhíos sé fútha, ach níor dhóichide sin ná go bhfanfaidís in a ndubhradáin dona ar nós an ceann sin thiar ag J. Th. Níl rath ná righeacht air sin