Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
díchúis
ainmfhocal, baineann
1.
 dochar, díoltas, sásamh, místaid, mínós, rud a chur as duit, éagóir.
+
Rinne sé díchúis dom. Leag sé a raibh de chlaíochaí ar na barra garbha agam agus gan a dhath údair aige leis, ach lá anseo ar iarr sé an carr orm le aistir móna a thabhairt abhaile. Ní raibh aon ghair agam a thabhairt dó an lá céanna thar laethantaí an domhain, arae bhí mé féin ag feamnú an lá céanna. Dúirt mé leis mura raibh aon dlús mór leis, é a fhágáil go dtí an lá dár gcionn, agus go bhféadfadh an carr a bheith aige ar feadh an lae. Ach d'imigh sé uaim mar a bhuailfeá ar an gcluais é. Ón lá sin go dtí an lá atá inniu ann, tá smut air liom
Má ghníonn sé díchúis ar bith dhuit íocfaidh sé ann, feicfidh tú fhéin air. Fuagair don phóilí é agus ceansóidh sé sin é deirimse leat. Má chuireann sé aon cheo as duit thairis sin gheobhaidh tú a luach. Ná bíodh faitíos ort
TUILLEADH (1) ▼
Ná cuir chuige ná uaidh. Tá an drocháisc ansin. Is maith éasca a dhéanfadh sé díchúis dhuit dhá gcaitheadh sé ina cheann é. D'ordaigh Dia an anachain a sheachaint
+
Níorbh fhearr leis sin ag ithe a bhéilí ná ag déanamh díchúise ar dhaoine. Sin é a bhuac. An bhfaca tú an cleas a rinne sé ar L. nuair a d'eitigh sé é faoin inín. Chuir sé caiple na dtincéaraí uileag isteach ina chuid cuir, gur thaltaigh agus gur rómhair agus gur fhoghlaigh siad é as cnáimh éadain. Anois a bhfuil biseach agat?
Dheamhan duine ar fhéad sé sin ariamh é nach ndearna sé díchúis air. Tá fíor-dhroch-chroí aige. Is bró mhuilinn dó sin a shaol mar is mór leis chuile dhuine, ná rud ar bith a bheith ag an gcomharsa
TUILLEADH (4) ▼
Ní maith liom díchúis ar bith a dhéanamh ar aon duine ar an mbaile thar a chéile, agus sin é anois an roinnt is dírí a fhéadaimse a thabhairt air — dochar; oirille; gan an méid is fiú é a chur in ómós gach rud
Is cuma sa diabhal cén chaoi a ndearnadh é, ach rinneadh díchúis ormsa. Is furasta a aithinte é d'fheara Fáil
Ní ort ab fhearr liom díchúis a dhéanamh dhá bhféadainn, ach má ligim leat, déarfaidh seisean gur le fabhar duitse nach dtiocfainn anuas ort chomh maith le duine. Níor mhaith liom a thabhairt le rá dhó go bhfaighidh sé le léamh é
Ná bac le ceann ar bith atá ag iarraidh díchúise a dhéanamh ar a chomharsa go hacht is go háirid mar sin. Tá agat é a sheachaint. Ní bheidh Dia ná duine buíoch dhó. Is beag an baol
2.
 gan déanamh chomh maith agus a bheadh tnúthán leis; gan bisiú.
+
Rinne an bhodóg sin díchúis dom. Bhí an-ghealladh fúithi, ach níor tháinig biseach ar bith fúithi mar sin fhéin. Théis gur choinnigh mé í le leathbhliain ag ceapadh i gcónaí go raibh údar maith inti, agus go scinnfeadh sí amach, dheamhan ionga ná orlach a tháinig uirthi ó shin. Ní bréag ar bith dhom a rá go ndearna sí díchúis dhom
Cén chaoi a ndearna sí díchúis dom? Breathnaigh ar a comhaois de bhromach: é sin thiar ag M. Dhá bhfaighteása breith is dá roghain ar an bpéire, cé acu a thógfá? … Ceann M. deile. Agus ansin déarfaidh tú nach ndearna mo cheannsa díchúis orm féin
TUILLEADH (1) ▼
Níl beithíoch ar bith is mó a dhéanfadh díchúis ar dhuine ná an breed mór sin. Bíonn an-bhiseach fúthu nuair a bhíos sé fúthu, ach níor dhóichíde sin ná go bhfanfaidís ina ndúradáin dona ar nós an ceann sin thiar ag J. Th. Níl rath ná ríocht air sin

díchúis in iontrálacha eile (1)

 
Nach maith nach bhféadfadh sí an teach seo a ligean thairti gan an milleán a bhualadh thall air. Níor chuir duine ar bith sa teach seo muise araoid ar bith ar a gamhainín. A clann féin a rinne díchúis air — 'siad sin. Is léir di sin go maith an dúradán i súil daoine eile, agus an tsail mhór ina súil féin, ní dhá roinnt léithe é. Nó mura bhfuil, tá sí ina clann