díol
—briathar, ainm-bhriathar, ainm-fhocal
1.
an rud a bheadh agad, a thabhairt do dhuine eile ar airgead.
a.
+–
Díol ar an bpighinn is airde má fhéadann tú.
Díolann sé igcomhnuí ar an bpighinn is airde, nó is cinneamhaint air é
TUILLEADH (11) ▼
Dhíolfadh sé an sean-asal sin anois ar phunt.
Dhíol sé ar leath a luach í
Dhíol sé a chuid talmhana le fear anuas, ar cheithre chéad
Díol le S. í. 'Sé is fhearr a íocfas thú
Is mór faoi'n a luach a dhíol sé an chruach mhóna sin. Dhá ndíoladh sé faoin a druim í, an uair a d'éiligh J. a ceannacht, is mó a bheadh aige dhá barr, ná mar rinne sé
Díol leat í má thogruigheann tú. Is córa dhuit thú féin a shású ná duine ar bith eile
Dhíol mé maith go leor iad. 'Ar ndú is maith an rud do dhuine roint dhá shásamh a fháil.
Dhíolfadh sé an bulán siúd anois ar shlad-mhargadh. Tá sé thar bharr a chéille aige ag dul i mbradghail
Díoladh ar a luach an bhó sin
Dhíoladh sé ó chúig cinn déag go dtí scór bainbh 'chuile bhliain roimhe seo, ach sílim gur fear bochtuighthe anois é — le h-ais mar a bhí sé ar aon-chor
Dhíol mé. Chaith mé uaim iad. Bhí chuile shórt faoi ráta indiu ar an aonach
+–
Ní bhfuighidh tú aon-díol ar an móin sin = ní cheannóidh duine ar bith uait í
Is beag an díol atá ar rud ar bith anois.
TUILLEADH (11) ▼
Níl díol ar thada ó tháinic an Cogadh seo le h-ais an Chogadh a bhí ann cheana
Dhá mbeadh díol ar bheithidhigh, thóigfeadh muid iad, ach ní fhiafróchtar dhíot ar aonach cá'il tú ag dul leo
Níl rud ar bith is mó a bhfuil díol uirre ar an saoghal seo ná móin. An té a thiubharfadh aire do'n mhóin ní fhágfadh sí ar deire é
Dhá laghad díol dhá bhfuil ar bheithidhigh, bheadh na daoine thart uiliog marach iad. Céard a d'íocfadh cíos, agus a cheannóchadh beatha agus éadach?
Tá beagán díol anois ar bhudógaí
Is lugha an díol atá anois ar chuile shórt ná a bhí an t-am sin a raibh na beithidhigh stoptha an bhliain cheana
Ní díol mór é sin — laogh
Díol fánach a rinneadh ar an aonach indiu — 'seadh sin
Rinne sé droch-dhíol = ní bhfuair sé a sháith ar an rud a bhí sé a dhíol
Bhí an-díol ar bhromaigh ar aonach na G.
Is iomdha díol a rinne sé an lá sin — ól, sweets, maidí milis, brioscaí agus 'chaon tsórt
+–
Tá fataí le díol agam
Tiocfaidh an capall siúd ó dhíol uiliog air. Bíonn sí ar 'chuile aonach aige ach ní bhíonn fear a fiafruighthe ann in a dheidh sin. Gheobhaidh sé anró uaithe
TUILLEADH (1) ▼
Fanfaidh sí aige annsiúd gan díol nó go dtugaidh sé anuas ar a luach í. Le margadh a dhéanamh ní mór beirt a shású. Is gránna an rud do dhuine a bheith in a scanrachán ar fad
+–
Tá sé in am a gcur 'un díolta feasta = a gcur dhá ndíol ar an aonach nó ar an margadh
Tá sé thar am na bainbh sin a chur 'un díolta, tá sin
TUILLEADH (1) ▼
Bhí an-mhéid sna "turkeys" shul ar cuireadh 'un díolta iad
·
"An uair a labhras an chuach ar sceich gan duilleabhar, díol do bhó, agus ceannuigh arbhar" (sean-chomhairle) = má ghoireann an chuach roimh theacht do'n duilleabhar ar an gcrann, beidh gorta ann an bhliain sin, agus má's le duine a chríonnacht a dhéanamh, cuireadh sé beatha i leathtaobh le h-aghaidh na coise tinne ar uain nó ar éigin
"Pós ar an gcarnaoiligh agus díol do bhó i bhfad ó bhaile" = má phósann tú do chomhursa bhéal doruis nó bean aitheantais, tuigfidh tú céard a bhaineas di, agus céard iad a subháilcí agus a dubháilcí, thar agus an bhean thar tír isteach nach bhfuil aithne ar bith agad uirre. Ar an gcóir chéadna, is feasach do 'chuile dhuine dhá gcomhnuigheann in aice leat cé'n chaoi a bhfuil do bhó, ach ní bheidh a fhios ag an bhfear i bhfad ó bhaile é
b.
brath a dhéanamh.
+–
Dhíol siad sin an tír. Dhíolfaidís a máthair ach airgead a fháil uirre = rinne siad spiadóireacht nó brath ar dhaoine eicínt nó ar chúis eicínt a bhí ag dul chun sochair do'n tír
Bean a dhíol é in a dheidh sin. Rinne sí scéala air
TUILLEADH (1) ▼
Ins an L. a díoladh é. Bhí sé idteach ann ar a chaomhamhaint agus cuireadh uisce ina chuid piostail, agus chuaidh fios ar an Arm Dearg ar chúla téarmaí
2.
·
"Díol an Choirce", "Díol an Ghabhair" = cluichí nó cleis (Féach l. 225-229 Obair agus Luadhainn — Ó Gaora).
"Díol na mBromach — cleas (fc. bromach)
3.
íoc; íocaidheacht.
+–
Is iomdha duine a bheadh ar meisce mara mbeadh aon-díol air (sean-fhocal) = is iomdha duine a bheadh ar meisce, dá mbeadh gan aon-íocuigheacht nó díoluidheacht a bheith ar an ól. (Seo sompla de díol = pay. Is annamh anois a bhíos ciall ar bith ar fud na Gaillimhe le díol ach amháin "sell". Íoc an gnáth-fhocal Gaillimheach ar "pay", ach tá díol ann imbeagán ráidhtí freisin)
D'ól sé a bhfuair sé ach níor chaill sé féin mórán leis. Á ar chuala tú ariamh é; is iomdha duine a bheadh ar meisce mara mbeadh aon-díol air
TUILLEADH (5) ▼
D'ólfadh sé a dtuillfeadh sé, ach ní hé féin is measa in a dheidh sin. Caitheann sé a mbíonn aige ar shúdairí. Iad sin ag maoidheachtáil leis mo léan, agus ag gabhail abhaile dallta 'chuile oíche. Is iomdha duine, arsa tusa a bheadh ar meisce mara mbeadh aon-díol air
Ní mó ná dhá bhfaightheá gan tada é go mbeitheá ar meisce anois. Is mór a bheadh ar meisce mar adeir an fear fadó, mara mbeadh aon díol air. Is gearr le dhul puintín gágach airgid anois idteach ósta, má bhíonn beirt nó triúr abuil a chéile ann
Tá sé sin in a chneagaire cho mór agus atá as seo go Breatain. Dhá mbeadh sé in éindigh leat go lá Philip an Chleite, ní thairgfeadh sé aon-deoir a ghlaodhach, ach d'ólfadh sé go súighte é. Is mór leis atá amhlaidh. Ach chreidim gurb iomdha duine a bheadh ar meisce mara mbeadh aon-díol air
Bhí daoine ar meisce aréir, agus ag troid agus ag bruighin, nach bhfaca aon-duine aon-deoir ag dul ar a mbéal ariamh cheana. B'fhurasta sin dóib 'ar ndú': is mór a bhíos ar meisce an uair nach mbíonn aon-díol air. Fuair siad in aisce é.
Sin iad na caracháin chéadna nach bhfeicfeá mórán meisce orra marach daoine a bheith in a bpleotaí dhá chaitheamh aca. Tá sé ráidhte ariamh gur mór a bheadh ar meisce mara mbeadh aon-díol air.
+–
Dhíol sé an déirce = d'eirigh sé as an lathaigh; d'eirigh sé as an donacht, nó as an mboichteanacht
Ní raibh béilí na h-oíche aige sin nó gur phós sé, ach dar fiadh dhíol sé an déirce ó shoin. Is fearr eirghe as ná tuitim ann in a dheidh sin.
TUILLEADH (5) ▼
Ó a rinne siad an teach nuadh, dhíol siad an déirce. Tá sruth agus gaoth leo ó shoin
Dar mo choinsias ní aithneochaidís daoine dona ó a dhíol siad an déirce. Galántacht agus gailimaisidheacht uiliog ó shoin iad. Onóir — onóir dhona!
Má dhíol siad an déirce féin, dheamhan a bhfuil dhíob mar atá tuilleadh a bhí bocht agus a d'eirigh suas. Cuid de'n dream seo a fuineadh agus a fáisceadh as an mboichteanacht, cho luath agus a eirigheas siad as an lathach chor ar bith, ní leigfidh siad orra féin go bhfeicfidh siad thú. Ach iad-san, diabhal mé go bhfuil siad cainteach carthannach agus nach ndúinfidh siad a súile ar aonduine, bocht ná saibhir
Dhíol sé an déirce ach m'anam má dhíol nach ingan fhios dá chnámha féin sin. Tháinig sé isteach annsin thuas áit nach raibh slí do choise de thalamh, agus an méid sin féin cho maolscreamhach leis an bpláta sin. Chuir sé a chuid alluis leis. Bhí sé amuigh moch agus deireannach ag obair agus ag luadhainn, ag rómhar agus ag fuirseadh. Rinne sé cat agus dhá rioball ann. Ach rinne sé sean-fhear dhó (dhe) féin fiche bliain roimh an ám freisin
Díolfaidh sé siúd an déirce má ghníonn éadan agus triollús dó é. Dheamhan fear a chonnaic mé ariamh a bhuailfeadh faoi 'chuile rud ach é. Chuaidh mé síos thairis an lá faoi dheire agus é ag déanamh láthair mhuirtéil ar an tsráid. "Cé l'aghaidh í" arsa mise. "L'aghaidh giall a chur ar an tobar" adeir sé "igcaoi agus go bhféadfar buicéad ar rópa a leigean síos ann an uair a thiocfas an triomach." Fear ar bith a chuimhneochadh ar inntreacht de'n tsórt i mbrollach an Earraigh, is fear é a dhéanfas cúis mise i mbannaí!
·
Diabhal a fhios agam an bhfuair sé aon-díol ariamh air = díolaíocht, íocaíocht.
Má theigheann tú i mbannaí déan díol (fc. díoluigheacht, bannaí)
díol in iontrálacha eile (50+)
+
Ní raibh easbaidh ná earasbár agam. Mo dhíol díreach a bhí ann. Nach baileach a thomhais mé anois cén t-éadach a theastódh uaim!
TUILLEADH (6) ▼
Is beag eile a bheadh d'earasbár nuair a bheadh díol dúcháin eile againn
Tá mo dhíol agam agus tharasbár
Nach beag an t-earasbár a bhí agad nuair a bhain tú do dhíol fhéin as an síol!
Tá díol a fhreastail (d'airgead) aige, ach dheamhan farasbar ar bith (níl pínn d'fharasbár aige)
Deir tú nach bhfuil de dhíol leasaithe agad. M'anam go bhfuil thearasbár tharmsa agad
Ní raibh earasbár ar bith ag mo chuid muc-sa ar do chuid-se, ach bhí muca tuite nuair a dhíol tusa iad. Marach sin, bhuailfeá amach mé
→
fearacht
Deir siad go bhfuil sé leis an leoraí a dhíol aríst. A fhearacht siúd ba bheag an ghnatha a bhí aige dhó luath ná mall
Díol an fimíneach de ghamhain sin agad. Sin nó cuir fuath fíona ar dhrible an chuid eile. Níl iadadh air ach dhá gcangailt
+
→
fios
Deirimse leatsa go bhfuil fios a ghnatha aige siúd. Tá sé indon uibheachaí a dhíol ar an margadh cho maith le bean ar bith
TUILLEADH (1) ▼
Ní raibh a fhios ag aonduine céard a bhí agam ó dhíol mo fhreastail amach
→
focal
Tá sé i bhfocal agamsa le teacht ar páighe agam an tseachtain seo chugainn. Sé díol an diabhail é, má thugann sé uain d'aonduine eile. Ach tá an-sceannadh air. Ní féidir fir fánaí a fháil
→
foirgthe
Ná bac le na Gearmánaí bochta anois. Tá a ndíol ar a n-aire agus iad foirghe leis an ocras
→
folach 1
Is daor an ailím folach féin a cheannacht anois ní áirím mála. Deir siad go bhfuil málaí dhá ndíol inGaillimh ar thrí agus sé pínne
Ní fhéadfaí gan breith air. Nach raibh sé dhá dhíol ro-fhollasach! An fear nach bhfaca sé ariamh thiúrfadh sé buidéal poitín dó cho maith leis an té a mbeadh sé in a dhá chuid déag leis
Fraiseach mar sin a níos sé i gcomhnaí, má dhíolann sé gamhain ná muic. Dhá mbeadh sé in a ridire ní sheasfadh airgead leis
→
freagra
Thug mise a dhíol de fhreagra air. Ní hé an chéad-duine aríst é a chuirfeas mí-aighneas ormsa
Nach freochanta atá an laoighdín sin. Ní maith a bhí a chosa déanta aige, nuair a bhí sé ag breathnú soir thar claidhe. Má theigheann sé len a mháthair, is dual dó an bhradaíl a bheith ann. Ba é díol an chlampair í a choinneál anoir thar an gclaidhe sin ach oiread
Tá ceart agaibh ur ndíol den fhuiléimneach sin a bheith agaibh ó mhaidin. Ní thuirseódh an saol sib
→
fáinne
Chuirfeá J. Mh. amach i bhfáinne anois de bharr an airm. Deir sé nach bhfághadh sé leath a dhíol len ithe ann. Ba dhiabhaltaí an rampaire é shul a ndeacha sé isteach
+
→
féar
Cén uair a bhéas na muca sin le díol má fhágann Dia againn iad? Faoi Shamhain seo chugainn. Céard a thóigfeas na daoine idir dhá am … Faghann na ba bás an fhad agus a bhíos an féar ag fás
TUILLEADH (2) ▼
Tá moill ar mhóin shul a mbeidh sí le díol. Faghann na ba bás an fhad agus a bhíos an féar ag fás. Mara dteighe an uair ar thriomach thairis seo dheamhan fód móna a bhéas in alt a díolta go bhfeice tú achar
Caithfidh mé a ndíol th'éis mo dhíchill ó thárla nach bhfuil féar tirm ná farae agam dóibh (beithigh)
Fuair sé na físeachaí faoin méid adúirt sé. Dheamhan leath cheart a bhí leis. Ní mise a bhí in a dhiaidh air, ar chaoi ar bith. Tá a dhá dhíol fad ar a theanga ag an gceann céanna
→
carcair
'Sé díol a' diabhail aon-cheart a bhaint de'n charcair sin. Tá sé beo droch-mhúinte, a's ar bheagán spleadhchais le chuile dhuine.
→
carraera
InDomhnach ba mhaith an díol de charraera an oiread 'ithe leat, bail ó Dhia ort, a's dheamhan mórán dhá shlacht ort 'na dheidh sin!
→
ceal 1
Tá chuile shórt ar fheabhas aige — díol rí má thogruigheann sé. Níl de cheal air, ach ceal goile le caitheamh a chuir ann, a's cé measa beirthe é, arsa tusa.
→
ceas
Shílfeá go dtiocfá le do dhíol (a ithe), a's gan craos mar sin a dhéanamh, a's gan ceas a chuir ort fhéin len' íosfá.
→
cinnire
Bhí duine aghainn ar 'chaon stuaicín a's beirt chinnirí in a cloigeann, agus badh é díol a' diabhail é, dá mbeadh bromach capaill indon rith ar a' méid sin. (capall a cuireadh faoi charr de'n chéad uair).
Ní ghnídís sin buille maitheasa a' bith eile fadó, ach a' caoladóireacht a's a' ciseadóireacht, a's díol chléibh a's ciseáin inGaillimh.
Dheamhan mórán díol-truaighe í, má tá sí fhéin a faghail cothromacan síne na h-uaire anois ó bhean a mic. Dheamhan leath-chirt a dhéanfadh sí léithe, dhá mhéad dhá ndéanadh sí uirre, arae mharbhuigh sí fhéin an tsean-bhean bhocht a fuair sí sa teach sin roimpe — máthair an fhir.
+
→
cóipís
Do dhá dhíol cóipís' atá aghad
TUILLEADH (1) ▼
Nach ámhuilleach a' peata thú! Tá do dhá dhíol cóipíse aghad ar fad.
→
baile
Is gearr ó bhaile 'chuaidh sé ag iarraidh mná. Níor fhága sé béal a dhoruis fhéin. Ach deir siad 'pósadh ar a' gcárn aoiligh, a's do bhó a dhíol i bhfad ó bhaile'.
+
→
bannaí 1
'Sé an rud is luath (lughar) liom beo, duine 'iarraidh orm a dhul imbannaidhe air, faoi airgead. Ní bheadh fhios agad, nach thú fhéin a chaithfeadh díol (íoc) a dhéanamh indeire na cúise.
TUILLEADH (8) ▼
Má theigheann tú imbannuidhe ar sin, ort fhéin a bheidheas díol a dhéanamh as a dheire. Chuala tú an cleas adeirigh do Sh. Mh. cheana, go mb'éigean dó, fiche punt a íoc istigh sa mbeainnc ar aon-láimh amháin. Is mór a' t-iongnadh, nach múinfeadh sin thú! Pléidhfe sé siúd leat é má fhaghann sé in t'amadán aige thú!
Shílfeá nach hé an oiread sin fonn a bhí ar an ngiúistís é 'scaoileadh amach ar bhannuidhe, ach ní raibh a dhíol fiadhnuisí in aghaidh le príosúntacht a chuir air. (Fonn — ní thagann aon-chlaochmódh tuisil ar a' bhfocal seo sa gcéill seo, le idir-dhealú a dhéanamh idir é a's fonn = port. "Níl mórán fonn air a dhul abhaile", ach "a' gabhail fhuinn".)
Má theigheann tú imbannaidhe, déan díol (díoluigheacht amanntaí) (sean-fhocal) = má theigheann tú imbannaí ar aon-duine, níor dhóchaide beirthe é, ná go mbrisfead sé an bannaidhe (má's cúrsaí cúirte é), nó nach n-íocfad sé an t-iasacht (má's cúrsaí airgid áirleacain é), a's chaithfeá-sa íoc ina leaba, ó bheitheá imbannaí air.
Ar chuala tú ariamh é: 'má theigheann tú imbannaí déan díol' (ní cloistear an focal díol, díoluigheacht inGaillimh (íoc) ach i gcorr-leagan roighnighthe mar seo — "droch-dhíoluidhe é", "caithfe tú díol a dhéanamh")
Chuala mise ariamh é, 'má theigheann tú imbannaí déan díol' ach tá fhios agham anois é.
Ní hé 's cionntaighe ach mise a chuaidh imbannaí air. Ba chóra dhom fhios a bheith agam, má theigheann duine i mbannaí go ndéanfa sé díol.
'Má theigheann tú imbannaidhe déan díol'. Is minic adeireadh P. Mh. Mh. 'ndéana Dia grásta air é, a's má deireadh fhéin, bhí ughdar aige. D'imir S. Ch. ar fhéin, faoi airgead a ndeacha sé imbannaí air, sa mbeainnc, babhta.
Tá a cheart de bhail anois air má chaitheann sé díol a dheanamh faoi bheith imbannuidhe ar a' gcliamhain. Ach 's beag 'aireochas sé é. Tá neart airgid aige.