Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Díotamhail
aidiacht
Leitir Mealláin
toillsceánta, géar, cruadh, tollta cruadh fuar, gaimheamhail (níor chuala mé ach faoi aimsir é).
+
Aimsir dhíotamhail í = toillsceánta fuar, agus farradh maith gaoithe ann, ach é a bheith teann tirm
Uair díotamhail Mhárta a bhí ann. Bhí mé thíos ag baint fheamuinne ar an gCurraigh agus fhobair gur préachadh mé leis an bhfuacht.
TUILLEADH (2) ▼
Is olc í an uair seo ag fataí: aimsir dhíotamhail mar í. Shearg siad go mór le seachtain
Bhí muid ag teacht as Árainn th'éis beithidhigh a thabhairt isteach ann. Oíche dhíotamhail a bhí innte ar an bhfairrge — oíche dhíotamhail as gaoth adtuaidh, agus chaith muid an bealach ar fad a tornáil. Bhí sé in a lá gheal shul má rinne muid caladh