Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
díotúil
aidiacht
Leitir Mealláin
toillsceánta, géar, crua, tollta crua fuar, goimhiúil. Níor chuala mé ach faoi aimsir é.
+
Aimsir dhíotúil í — toillsceánta fuar, agus farra maith gaoithe ann, ach é a bheith teann tirim
Uair díotúil Mhárta a bhí ann. Bhí mé thíos ag baint fheamainne ar an gCurraigh agus fhóbair gur préachadh mé leis an bhfuacht
TUILLEADH (2) ▼
Is olc í an uair seo ag fataí: aimsir dhíotúil mar í. Shearg siad go mór le seachtain
Bhí muid ag teacht as Árainn théis beithígh a thabhairt isteach ann. Oíche dhíotúil a bhí inti ar an bhfarraige — oíche dhíotúil as gaoth aduaidh, agus chaith muid an bealach ar fad a tornáil. Bhí sé ina lá gheal shul má rinne muid caladh