Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Docamhlach, Dócamhlach
aidiacht as dócamhail, docamhail.
malrait socamhlach
cruadh, deacair, danra, treampánach, tonnáisteach, anróighteach, anacair, doiligh, trioblóideach.
a.
+
Nach docamhlach an bealach a thug sé air fhéin an tráth seo d'oíche = aistreánnach, do-shiubhalta
Is docamhlach an bealach ag capall é, is docamhlach sin. Shílfeá go dtiocfadh cúigear nó seisear aca le chéile, agus brat cloch agus scráib ghainimh a chur ar an sean-bhoithrín siúd, thar agus a bheith ag breathnú air agus é caithte go grinneal mar tá sé
TUILLEADH (1) ▼
Saoghal docamhlach atá aige ná ag a leithide atá ag pléidh le poitín. Cé'n bhrigh ach an fuadach a thugas siad de'n airgead ach a bhfaghaidh siad é. Deir siad, 'ar ndú', an rud a chruinnighthear ar dhruim an Diabhail go n-imigheann sé ar a bholg
b.
+
Nach docamhlach domsa fios a bheith agam ar aon-rud nar léigh leabhar ná páipéar ariamh = nach doiligh, nach deacair dom
Ní docamhlaighe dhuit ná dhom féin. Nach bhfuil sé cho córa dhomsa a bheith ag fuasaoid an bhealaigh leatsa
TUILLEADH (1) ▼
Is docamhlach dom fios a bheith agam ar an rud nach bhfaca mé ariamh. Ní raibh rudaí de'n tsórt sin ann le mo línn-se chor ar bith
·
Is docamhlach an tslí a bheith ag faire ar fhátall na fairrge igcomhnaí. Agus sin é féin an fátall mar siúd ar an saoghal seo. Meastú cé mhéad bád iascaire anois ar Chladach Theampall Mhuire. Tá a fhios agam gur beag sin

Féach freisin