—
píopa beag; píopa a mbeadh an chos caithte ann; píopa a mbeadh cuma bhrocach air de bharr deataighe nó súighe, nó a bheadh dóighte taobh amuigh.
+–
  Cá bhfuair tú an dúidín?  …  Breagh nachar iarr tú ceann de na píopaí maide air.  Tá siad aige go fairsing
An bhfuil aon-ghráinne ins an dúidín a Sh.  Tá mé fhéin spurtha nó go dteagaidh sí seo ó'n siopa
      
                                TUILLEADH (2) ▼
                            
'Bhfaca tú an píopa atá aige.  Siúd é "an dúidín gránna" ar chaoi ar bith.  Shílfeá gur i gcárnán súighe a bhí sé le seacht mbliana, tá sé cho salach brocach sin
Ní chasfaí sean-dúda ar bith agad!  Tá an tír tóruighthe agam agus gan tada dhá bharr agam.  Tá cion ar na dúidíní féin anois, nuair nach bhfuil a malrait ann.  Céad slán do'n uair a bhí siad ar scilling!
Féach freisin
                  →
                  
                    
                      dúid