Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Dúin
briathar, ainm-bhriathar agus rl.
Dúnadh, Dúinim, Dúinte agus rl.
Fuaim n caol is gach cuid de'n bhriathar ach amháin ins an ainm-bhriathar — dúnadh — n leathan, nn caol i dúinte
cotarsna oscailt
iadhadh; an bealach amach nó isteach in áit agus rl. a chur i riocht agus nach mbeadh aon-oscal air; daingniú; ceangal, doirtim, fastú, líonadh, a bhualadh ar a chéile, a stopadh.
a.
·
Dúin do bhéal, do dhorna, do shúil, do bhróig, do chóta mór, do sheaicéad, an dorus, an leabhar, an bosca, an bhrocach, an tóchar, an chlaise, an bóthar, an abhainn, an simléar, an fhuinneog, an poll, an chruach mhóna, an cómhra, an poll fataí rl.
+
Dúin do bhéal
Éist agus dúin do bhéal uair eicínt.
TUILLEADH (20) ▼
Coinnigh do bhéal dúinte.
Coinnigh do bhéal dúinte ar a chéile
Dún do chlab = dún do bhéal (ach é níos drochmheasamhla ná béal)
Coinnigh do chlab dúinte ar fad. 'Ar ndú' ní éirim atá in do chuid cainte-sa
Dúin do chaiseal = do chlab (do thóin freisin scaithtí)
Coinnigh do chaiseal dúinte ar a chéile agus ná cloisim gig uait aríst anocht
Nach breagh nach ndúinfeá do chaiseal agus gan a bheith ag bodhrú na ndaoine le do chuid clabaireachta
Dúin do dhrad
Nach dúinte a bhí an drad anois aige agus go mb'éigin spúnógaí a chur dhá oscal
Dúinfidh mise an béal aige sin go goirid, mara leigidh sé dhá chuid bréag
Caith aige, hébrí céard atá ag dul dó, agus dúinfidh sin a bhéal
Ní dhúinfidh tada clab an amhalóir seo istigh ach cuaifeach de dhorna
Ná bac len a bhéal sin a dhúnadh. Ní dhúinfear a bhéal siúd go ndúinidh an bás é
Tá baoghal air siúd a bhéal a dhúnadh, nó go ndúintear in éinfheacht é (go ndúinidh an bás é)
Caithfidh siad poistín gágach eicínt aige len a chlab a dhúnadh. Is fada é ag déanamh tinnis dóib. Bhíodh sé ag caitheamh agus ag cáineadh orra as éadan le goirid
Ní bheadh aon-mhaith a bheith ag caint ar a bhéal siúd a dhúnadh. Ní dhúinfidh béal an chlabaire sin, nó go ndúinidh sé in éinfheacht. Dúinfidh an bás é ach sin é an méid
Ní féidir a bhéal a dhúnadh ach é ag síorádh i gcomhnaí
Rud ar bith len a bhéal a dhúnadh. Ba mhór an suaímneas do na daoine é
Dúin do bhéal a chabairín, agus ná bím ag éisteacht leat ag loscadh bréag!
Dúin do bhéal agus bíodh múineadh ort! Ag tabhairt ais-fhreagraí ar dhaoine is sine ná thú féin!
+
Tá an bhearna siúd dúinte anois aca, agus gan iad ag leigean duine ar bith an bealach sin = tóigthe, árduighthe
"Níor dhúin Dia ariamh bearna nach n-osclóchadh sé ceann eile" (sean-fhocal cf. bearna)
TUILLEADH (8) ▼
Tá an casán sin dúinte ar fad anois, agus iad ag bacadh daoine faoi dhul ann
Má dhúineann duine ar bith casán tobair, is maith éascaidh a bhéas sé dhá oscal aríst feadh agus é a thabhairt 'un dlí
Dhúin sé an bealach orainn a raibh muid ag dul ann le linn na bhfear. Nach diabhlaí dóroinneach a bhí sé anois
Dhúinfeadh sé siúd bóthar an Rí ort, dá gceapadh sé go dtiocfadh leis. Dhúinfeadh agus geataí na bhFlaitheas marach an Fear maith geata atá ann, moladh go deo Leis.
Dhúin sí an dorus i m'aghaidh agus shaghdfadh sí na madraí ionnam, marach cho gasta agus a leig mé liom féin
Dhúinfeadh sé siúd an dorus ar Mhac Dé dhá gcastaí an bealach É. Is beag an tsúil le Dia atá aige sin agus feithideach ar bith beo a chur amach leithide na h-oíche aréir
Dhúin M. an bóithrín sin. Ní raibh bealach aonduine ann, té (cé) go bhfágadh an t-athair oscluighthe é le oibliogáid. Ach is géire go mór an mac
Dúineadh an sean-bhóthar a bhí annsin ar fad. Níl bealach ag aon-duine annsin anois
+
Dúin ar an mbó = cuir géibheann uirre
Má tá sé istigh anois agad dúin air, agus ná leig amach aríst anocht é
TUILLEADH (1) ▼
Dá bhfaghainnse istigh í aon-uair amháin, dhúinfinn uirre agus mhúinfinnse di go leigfeadh sí dá cuid reathach aríst
+
Tá an dorus sin as dúnadh anois go gcuirtear bacáin nuadha air = ní féidir a dhúnadh
Deirimse dúnadh leat. Tá tú as a dhúnadh anois. Má bhaineann tú as leath a bhfuil ann, b'fhéidir dhuit, ach ní mó ná sin é
TUILLEADH (4) ▼
Tá sib as a dhúnadh anocht. Fághaighidh cineál eicínt maide Éamuinn agus fáiscighidh leis taobh istigh é, nó go bhfaghaidh sib duine a dheasóchas é ambáireach
Tá sé gan dúnadh muis má 'sé sin a bhí len a dhúnadh. Dheamhan agus móide cuímneachtáil ar bith a rinne sé sin air
Ní mórán dúnadh is call dó. Caoi ar bith a dtarraingeochthá amach é, thiocfadh sé leis
Is beag an dúnadh atá ag teastáil uaithe. Níor chall bacadh chor ar bith léithe mara mbeadh an iomarca gála isteach innte agus go bhfuadóchadh sé a bhfuil ar an mbord seo
+
Dúintear an poll sin agus na bíodh an tseoideadh isteach orainn.
Dhúineamar simléar N. M. le cláistéar mór de scraith agus is beag nar plúchadh istigh iad le deatach shul ar bhrath aon-duine é
TUILLEADH (11) ▼
Dúinigidh an poll fataí sin go maith in 'u' (bhur) ndiaidh anois. Deasuighidh isteach an raithneach agus an chnámharlach go maith in a bhéal, agus cuirigidh an chréafóig taobh amuigh. Má bheireann gaoth an tseaca isteach ar na fataí, dheamhan ceo a bhuachfas sib go deo orra
Dúnaighidh an chruach sin aríst an uair a bhéas sib réidh innte. Marach cho mór agus a tháinic an lá agus nach bhfuil sé in araidheacht a dhul amach cho fada le na dubhacháin atá ar na portaigh, ní bhfuigheadh sib cead a bearnú chor ar bith. Ach is lá deannachtach dháiríre é
Má dhúineann sib súil na brocaighe agus an firéad a chur isteach in a cloigeann eile, mise imbannaí go mbeidh coiníní agaibh
'Séard a bhí le déanamh na brocachaí dubhshlánacha a dhúnadh, agus na brocachaí laga a fhágáil oscluighthe, agus d'fhéadfaí sléacht a dhéanamh ar shionnaigh an uair sin
Dhúin an diabhal tóchar an chladaigh agus sceith a raibh de thalamh síos ann
'Sé'n rún a bhí aige, meireach gur fuagruigheadh dlí air, an chlaise srotha a dhúnadh, agus gan bealach amach ar bith a fhágáil ag uisce na talmhana se'againne. Sin é an buachaill báire
Dún an poll sin ar thóin an bhairille. Cuir stuipéad ann
Bhí taobh amháin den bhrocach sean-dúinte, ach bhí talltúchán ag an taobh eile = í dúinte le fada; ní le goirid a dúineadh an béal sin di.
Tá na clascanna siúd ar fad dúinte ar a chéile. Mara dtóigidh sé na bruachannaí is gearr go mbeidh an pháirc siúd ó rath
Tá an píopa seo dúinte ar a chéile uiliog cheal a charttha. Caithfidh mé scian mhaith ghéar a fháil, agus a shnuigheachan amach. Mara ndéanad, cinnfidh orm a líonadh go goirid
Tá an-dúnadh ar an logán mór siúd a bhí taebh thoir de'n teach aige anois. Ba mhór an lear cloch nacharb fhuláir dó siúd len a árdú cothrom leis an mbóthar. Dar fiadh is ait an saothruidhe é, is ait sin
·
Níor dhúin mé bróig ar bith ach a dtarraingt faoi mo chosa
Mara ndúinidh sé a chóta mór thairis siúd, tiocfaidh an ghaoth thollta seo thríd
·
Bhí an dorna dúinte aige le dul ag bualadh, ach d'fhastuigh mise a láimh
Is minic leis an gceann céadna an dorna a bheith dúinte aige. Ach b'fhéidir go bhfuair sé fear a bhárrtha faoi dheireadh
·
Tá an gearradh dúinte anois. Is gearr go mbeidh sé cneasuighthe
Dhá ndúineadh an gearradh chor ar bith ní aireochthá ag cneasú é
b.
·
Níor dhúin mé súil le trí oíche ach ar neamh-chodladh, ná dheamhan a fhios agam cé'n uair a dhúinfeas
Dheamhan súil ná cuid de shúil a dhúin mé le daeghachaí (doigheachaí fiacal) aréir = níor thuit súil liom ar a chéile
+
Duine gnaoidheamhail é. Ní dhúinfeadh sé a shúile ort dhá gcastaí leat in aon-áit é = bheadh sé lághach subháilceach leat
'Sé nach ndúinfeadh a shúile ort ar chaoi ar bith dhá mbeadh aon-cheo aige
TUILLEADH (1) ▼
Níor dhúin sé sin a shúile orm ariamh aon uair dhá bhfaca sé i nG. mé, th'éis go bhfuil an-tromachan ag daoine air
c.
+
Tá mo phíobán dúinte ar fad ag slócht agus ag cochaillí. Is olc an earradh é an slaghdán céadna
Dá naomhtaí mé anois, chinnfeadh orm aon amhrán a rádh, agus ná bíodh aon-ghuth agad orm. Tá buinneán an ghotha ar fad dúinte le seachtain ag "fliú" nó cat mara eicínt
TUILLEADH (1) ▼
Má tá do sceadamán dúinte réidhteochaidh sé seo é. Seo(d) é an íocshláinte: "Níor fhás sé thríd an talamh aníos máistir an ghráinne eorna; Ba mhaith an stuf len ithe é, ach b'fhearr ná sin len ól é". Oibrigh ort thú féin anois agus abair an chuid eile dhó (dhe)
d.
+
An uair a tháinic an plúr geal sin dhúin mo cholainn ar fad (níor oibrigh mé; tháinic triomach orm)
Tá mo cholainn ar fad dúinte le dul 'un míosa. Diabhal bréag nach bhfuil mise dhá shaothrú
TUILLEADH (1) ▼
Ná h-ith é sin nó dúinfidh sé do cholainn ar fad. Níor chaith tú aon-earradh ariamh is measa ná é sin
e.
+
Tá mo chroidhe dúinte ó a fuair sé bás (le brón)
Ó'n lá sin amach bhí a croidhe dúinte, agus níor labhair sí in a ainm amháin air. Ach d'fhága sé guirín ar a croidhe in a dhiaidh sin
TUILLEADH (2) ▼
Ó'n lá ar imigh an malrach beag uaim, tá mo chroidhe dúinte. Ba mheasa liom é ná gealacán mo shúl, ach thug Dia Aige Féin é.
Is fada an lá mo chroidhe-sa dúinte, ní ag ceasacht ar Dhia é. Tugadh m'fhear uaim agus mo thriúr mac i mbláth a n-óige. Fuair mise mo cheart ní ag comhaireamh na h-anachain é
f.
+
Tá mo ghoile dúinte ar fad = tá mé tolgtha de'n bhiadh
M'anam nach ag ceasacht ar Dhia é muis gur beag é m'fhoghail-sa air. Tá mo ghoile dúinte uiliog. An oiread agus a bhuailfeá ar shúil dreoilín, ní bheadh ithte agam go ceann seachtaine
TUILLEADH (5) ▼
Go ndéanaidh Dia grásta air, ní raibh pian ná tinneas ariamh air. Ach cheithre lá shul má bhásuigh sé dhúin a ghoile, agus níor fhan luighteamas ar bith le rud le n-ithe aige. Maidin an lae sin — an lá ar bhásuigh sé, níor eirigh sé chor ar bith — rud ab annamh leis — ach ghlaoidh sé orm féin …
D'ith mé "blast" ceaille an lá cheana agus dhúin sé mo ghoile ar fad. Ní fhéadfadh sé a mhalrait a dhéanamh mar chuir mé ceas orm féin leis.
Tá mo ghoile dúinte i gceann mar tá mé. Chreidim gurb í an phian chráidhte a d'fhullaing mé a rinne orm é. Shíl mé go raibh mé in aer. Bhí mé ag dul i ngealta críochnuighthe aice (ag an bpian)
Is furasta le mo ghoile féin dúnadh. Dhá n-ithinn rud ar bith nach dtiocfadh liom, bheadh mo ghoile tolgtha de'n bhiadh aríst go ceann seachtaine. Is duine an-éiseallach mé freisin. Ghlacfainn col le rud an-éascaidh
Tá a ghoile dúinte ar an aimsir seo, agus tá sé ag cínnt ar chineál ar bith beaduidheacht' a oscal. Tá sé gránuighthe de'n fheoil, de'n iasc, de phutógaí agus d'aobha. Rud a dtugann siad "jelly" air atá sé a thóruidheacht anois. Mara indán agus go n-osclóchaidh sé sin é, sílim go gcaithfear oscal uiliog air
g.
+
Tá sé dúinte thiar ar fad = duibhthean ins an spéir agus na néalta buailte anuas ar an talamh, agus an-chosamhlacht glas-aimsire air
Tá an spéir dúinte isteach thar timcheall. Is gearr uaidh sinneán
TUILLEADH (5) ▼
Cé'n sórt claochmú! Tá baoghal air go deimhin. M'anam nach h-eadh, ach sneachta as ucht. An bhfeiceann tú cho dúinte agus atá an taobh ó thuaidh
Mo chreach t'uair bhreagh. Breathnuigh ar na tóineannaí dubha sin thiar. 'Bhfeiceann [tú] cho dúinte agus atá sé. Tiocfaidh sé in a bháistigh shul a fheicfeas tú uair an chluig. Uair bhriste í adéarfainnse pébrí céard adéarfas tusa
Má fheiceann tú ag dúnadh chor ar bith é, crap isteach an féar ar an bpuínte. Tá tuairt bháistighe air má's indiu nó anocht nó ambáireach a chaithfeas sé í. Bí thusa ar do shon féin uirre ar chuma ar bith. Níl na "clabhtaí" geala sin le trust ach oiread
Tá sé dúinte go maith, déanadh sé aon-deoir nó ná déanadh
"Níor ghéill mé ariamh do phlúchadh ar bith dá dhúinte dá dteigheadh sé 'un ceo, Nó go dteighinn ag caint le plúr an mban a bhíodh romham ins an mbaile mór" (As amhrán a thosuigheas — "Ag ionnsuighe siar thar Mhuighros dom")
+
Tá sé dúinte isteach 'un báistighe ar fad. Ní dhéanfaidh sé aon-aithdeal anois go faoithin. Nar dhéanaidh cheana le faitíos go ndéanfadh!
Má dhúineann sé 'un ceo is olc an lá a dhéanfas sé ar an bhfairrge. Ní shrianfadh muid siar go bráth é
TUILLEADH (1) ▼
Ná bac leis an uair anois. Nach bhfeiceann tú go bhfuil sé dúinte isteach 'un sneachta ar fad. Is gearr a d'fhan an ghaoth andeas. M'anam gur anois atá an ghaoth cho luainneach le intinn mná óige. Andeas ar maidin, thiar in am dinnéir agus thoir anois aríst. Dhá seaduigheadh sí ins an mbun a raibh sí ar maidin, dar príosta, ba ghearr uait claochmú
h.
+
Tá sé an-dúinte in a n-aghaidh anois = an-mhór in a n-aghaidh; námhadamhail leo
'Siad a bhí in a dhá gcuid déag le chéile tamall, ach in a leabaidh sin, tá siad an-dúinte in aghaidh a chéile anois. Tá sé ráidhte ariamh nach mbíonn grádh dhá mhéid nach dteagann fuath dhá réir
TUILLEADH (4) ▼
Chonnaic mise an dream sin ag imeacht ar a gcaomhamhaint annsin agus na Black & Tans ar a dtí. Bhí siad cho mór le chéile agus a bheadh máthair agus aon-mhac. Dar brigh an leabhair chonnaic mé cuid aca ag imeacht ó'n gcuid eile bliain in a dhiaidh sin, agus ba dúinte a bhí siad in aghaidh a chéile, ná a bhí siad féin agus na Black & Tans ariamh. Cé'n mhaith ag caint?
'Nuair a bhí a h-áilín sin ar aon-chéill agus í ag iarraidh a dtógáil le strapadóireacht, mo choinsias 's dar m'anam ba mhaith léithe aice an dearbhráthair sin le brughadh air. Ach ar an dá luath agus ar dhaingnigh sí isteach ins an saoghal roint níor fhan meas ar bith aice ar an dearbhráthair ná ar a bhean. Tá sí cho dúinte in a éadan anois, agus a bheadh sí in éadan an duine is fuide amach uaithe ins an tír. Is gránna an chaoi é sin — nach gránna — do dheirbhshiúr agus do dhearbhráthair
Ara, níl siad cho dúinte sin in aghaidh a chéile. Beannuigheann siad dhá chéile agus thiocfaidís ag a'n a chéile le anshógh, ach níos airde ná sin níl ann. Is maith mór le chéile a bhí siad scathamh
Is gránna an chaoi do chomharsanaí a bheith cho dúinte sin in aghaidh a chéile. Deir siad gur ar scáth a chéile a mhaireas na daoine. Má seadh muis, ní ag ithe agus ag gearradh ar a chéile, ná ag plioncadh a chéile a dhéanfas siad cúis. Cé a bhéas agad lá an anshógha. M'anam nach hé an fear i bhfad ó bhaile é
i.
+
Tháinic sé abhaile le dúnadh na h-oíche = le tuitim na h-oíche, leis an gcontráth (comhtráth), le coinfheascar na h-oíche
Cé'n dúnadh na h-oíche sin ort? Bhí sé annseo ó ló mhór agus má bhí féin 'sé a bhí aerach agus éadálach. Tá sé cho suimeamhail le cut óg a bheadh ag oscailt na súile
TUILLEADH (6) ▼
Má bhíonn tú ins an mbaile le dúnadh na h-oíche, beidh tú ann sáthach luath. Cé'n chruadhóig baile atá ort? Nach bhfuil neart ann tharat le freastal ar bheithidhigh agus eile? Dheamhan dlúthas ar bith leat ins an mbaile, ná cuid de dhlúthas
Beidh greadadh ionbhadha agad. Nach mbeidh tú críochnuighthe roimh dhúnadh na h-oíche, agus nach shin é do dhóthain. Is suarach an cheird do dhuine ar bith a dhul ag déanamh éagcóir air fhéin ag obair d'antlachán mar sin. Ní thiubharfadh sé uisce na bhfataí dhuit ní h-é amháin a mhalrait
Déan deabhadh a dhiabhail áluinn! Ní bheidh muid amuigh as seo roimh dhúnadh na h-oíche. Is gearr a d'aireochthá an oíche ag sciorradh isteach. Níl siar ná aniar ins an lá an tráth seo de bhliain
Má's lib imeacht níl gnatha ar bith agaibh dúnadh na h-oíche a leigean oraibh féin. Beidh tús na h-oíche anocht dubh. Ní eireochaidh aon-ghealach anocht go dtí taca an deich … Ara céard sin orm? Níl ann ach tóin-ghealach
Bíonn sé amuigh leis an réalt, agus ní fheicfidh tú isteach é ach le dúnadh na h-oíche. Dheamhan mórán dhá shlacht ar a gharrdha in a dheidh sin, shílfeá. Níl sé amach as an gcúl ó dheas fós, aindeoin é a bheith ag cur ann le coicís. Dar príosta dhá gcaithinn leis mar atá seisean, agus bheadh an baile dubhuighthe agam ó a thosuigh sé
Dar lom-lán an leabhair, agus ní ag amhdú an uilc é, mara mbeidh tú isteach annseo roimh dhúnadh na h-oíche, go bhfuighidh tú faoi na foraí é deirimse leat. Dhá mbeadh maith insan mbóithreoireacht sin tá tú ag déanamh do cheart di, diabhal bréag nach bhfuil

Féach freisin

Dúin in iontrálacha eile (1)

 
Tuilleadh diabhail agus dúin (deamhain) anois aca! 'Sé a dhéanamh leo é. Tá sé ag teacht ar ais ar a méis féin anois aca. Bíonn cothromacan síne na h-uaire ann adeir siad. Má ghníonn duine an éagcóir, agróchaidh Dia air é luath nó mall