dún
—briathar
—fuaim: n caol i ngach cuid den bhriathar ach amháin san ainm briathartha — dúnadh (n leathan). nn caol i dúnta
—codarsna: oscail
—
iamh; an bealach amach nó isteach in áit srl. a chur i riocht is nach mbeadh aon oscal air; daingniú; ceangal, doirtim, fostú, líonadh, a bhualadh ar a chéile, a stopadh.
a.
·
Dún do bhéal, do dhorna, do shúil, do bhróig, do chóta mór, do sheaicéad, an doras, an leabhar, an bosca, an bhrocach, an tóchar, an chlaise, an bóthar, an abhainn, an simléar, an fhuinneog, an poll, an chruach mhóna, an comhra, an poll fataí rl.
+–
Dún do bhéal
Éist agus dún do bhéal uair eicínt
TUILLEADH (20) ▼
Coinnigh do bhéal dúnta
Coinnigh do bhéal dúnta ar a chéile
Dún do chlab — dún do bhéal (ach é níos drochmheasúla ná béal)
Coinnigh do chlab dúnta ar fad. Ar ndóigh ní éirim atá in do chuid caintese
Dún do chaiseal — do chlab (do thóin freisin scaití)
Coinnigh do chaiseal dúnta ar a chéile agus ná cloisim gig uait aríst anocht
Nach breá nach ndúnfá do chaiseal agus gan a bheith ag bodhrú na ndaoine le do chuid clabaireachta
Dún do dhrad
Nach dúnta a bhí an drad anois aige agus go mb'éigean spúnógaí a chur dhá oscal
Dúnfaidh mise an béal aige sin go gairid, mura lige sé dhá chuid bréag
Caith aige, hé brí céard atá ag dul dó, agus dúnfaidh sin a bhéal
Ní dhúnfaidh tada clab an abhlóir seo istigh ach cuaifeach de dhorna
Ná bac lena bhéal sin a dhúnadh. Ní dhúnfar a bhéal siúd go ndúna an bás é
Tá baol air siúd a bhéal a dhúnadh, nó go ndúntar in éineacht é (go ndúna an bás é)
Caithfidh siad poistín gágach eicínt aige lena chlab a dhúnadh. Is fada é ag déanamh tinnis dóibh. Bhíodh sé ag caitheamh agus ag cáineadh orthu as éadan le gairid
Ní bheadh aon mhaith a bheith ag caint ar a bhéal siúd a dhúnadh. Ní dhúnfaidh béal an chlabaire sin, nó go ndúna sé in éineacht. Dúnfaidh an bás é ach sin é an méid
Ní féidir a bhéal a dhúnadh ach é ag síor-rá i gcónaí
Rud ar bith lena bhéal a dhúnadh. Ba mhór an suaimhneas do na daoine é
Dún do bhéal a chabairín, agus ná bím ag éisteacht leat ag loscadh bréag!
Dún do bhéal agus bíodh múineadh ort! Ag tabhairt aisfhreagraí ar dhaoine is sine ná thú féin!
+–
Tá an bhearna siúd dúnta anois acu, agus gan iad ag ligean duine ar bith an bealach sin — tógtha, ardaithe
"Níor dhún Dia ariamh bearna nach n-osclódh sé ceann eile" (seanfhocal, fc. bearna)
TUILLEADH (8) ▼
Tá an cosán sin dúnta ar fad anois, agus iad ag bacadh daoine faoi dhul ann
Má dhúnann duine ar bith cosán tobair, is maith éasca a bheas sé dhá oscal aríst feadh is é a thabhairt chun dlí
Dhún sé an bealach orainn a raibh muid ag dul ann le linn na bhfear. Nach diabhlaí doghrainneach a bhí sé anois
Dhúnfadh sé siúd bóthar an rí ort dá gceapadh sé go dtiocfadh leis. Dhúnfadh agus geataí na bhflaitheas murach an fear maith geata atá ann, moladh go deo leis
Dhún sí an doras i m'aghaidh agus shaighdfeadh sí na madraí ionam murach chomh gasta agus a lig mé liom féin
Dhúnfadh sé siúd an doras ar Mhac Dé dhá gcastaí an bealach é. Is beag an tsúil le Dia atá aige sin agus feithideach ar bith beo a chur amach leithide na hoíche aréir
Dhún M. an bóithrín sin. Ní raibh bealach aon duine ann, té (cé) go bhfágadh an t-athair osclaithe é le oibleagáid. Ach is géire go mór an mac
Dúnadh an seanbhóthar a bhí ansin ar fad. Níl bealach ag aon duine ansin anois
+–
Dún ar an mbó — cuir géibheann uirthi
Má tá sé istigh anois agat dún air, agus ná lig amach aríst anocht é
TUILLEADH (1) ▼
Dá bhfaighinnse istigh í aon uair amháin, dhúnfainn uirthi agus mhúinfinnse di go ligfeadh sí dá cuid reathach aríst
+–
Tá an doras sin as dúnadh anois go gcuirtear bacáin nua air — ní féidir a dhúnadh
Deirimse dúnadh leat. Tá tú as a dhúnadh anois. Má bhaineann tú as leath a bhfuil ann, b'fhéidir dhuit, ach ní mó ná sin é
TUILLEADH (4) ▼
Tá sibh as a dhúnadh anocht. Faighidh cineál eicínt maide Éamainn agus fáiscidh leis taobh istigh é, nó go bhfaighe sibh duine a dheasós é amárach
Tá sé gan dúnadh muis más é sin a bhí lena dhúnadh. Dheamhan is móide cuimhneachtáil ar bith a rinne sé sin air
Ní mórán dúnadh is call dó. Caoi ar bith a dtarraingeofá amach é, thiocfadh sé leis
Is beag an dúnadh atá ag teastáil uaithi. Níor chall bacadh chor ar bith léithe mura mbeadh an iomarca gála isteach inti agus go bhfuadódh sé a bhfuil ar an mbord seo
+–
Dúntar an poll sin agus na bíodh an tseoide isteach orainn
Dhúnamar simléar N. M. le cláistéar mór de scraith agus is beag nár plúchadh istigh iad le deatach shular bhraith aon duine é
TUILLEADH (11) ▼
Dúnaigí an poll fataí sin go maith ina (bhur) ndiaidh anois. Deasaidh isteach an raithneach agus an chnámharlach go maith ina bhéal, agus cuirigí an chréafóig taobh amuigh. Má bheireann gaoth an tseaca isteach ar na fataí, dheamhan ceo a bhuachfas sibh go deo orthu
Dúnaidh an chruach sin aríst nuair a bheas sibh réidh inti. Murach chomh mór agus a tháinig an lá, agus nach bhfuil sé in araíocht a dhul amach chomh fada le na dúcháin atá ar na portaigh, ní bhfaigheadh sibh cead a bearnú chor ar bith. Ach is lá deannachtach dháiríre é
Má dhúnann sibh súil na brocaí agus an firéad a chur isteach ina cloigeann eile, mise i mbannaí go mbeidh coiníní agaibh
Séard a bhí le déanamh, na brocachaí dúshlánacha a dhúnadh, agus na brocachaí laga a fhágáil osclaithe, agus d'fhéadfaí sléacht a dhéanamh ar shionnaigh an uair sin
Dhún an diabhal tóchar an chladaigh agus sceith a raibh de thalamh síos ann
'Sé an rún a bhí aige, meireach gur fuagraíodh dlí air, an chlaise srutha a dhúnadh, agus gan bealach amach ar bith a fhágáil ag uisce na talúna s'againne. Sin é an buachaill báire
Dún an poll sin ar thóin an bhairille. Cuir stoipéad ann
Bhí taobh amháin den bhrocach seandúnta, ach bhí taltúchán ag an taobh eile — í dúnta le fada; ní le gairid a dúnadh an béal sin di
Tá na clascanna siúd ar fad dúnta ar a chéile. Mura dtóga sé na bruachannaí is gearr go mbeidh an pháirc siúd ó rath
Tá an píopa seo dúnta ar a chéile uileag cheal a charta. Caithfidh mé scian mhaith ghéar a fháil, agus a shnoíchan amach. Mura ndéanad, cinnfidh orm a líonadh go gairid
Tá an-dúnadh ar an logán mór siúd a bhí taobh thoir den teach aige anois. Ba mhór an lear cloch nárbh fholáir dó siúd lena ardú cothrom leis an mbóthar. Dar fia is ait an saothraí é, is ait sin
·
Níor dhún mé bróig ar bith ach a dtarraingt faoi mo chosa
Mura ndúna sé a chóta mór thairis siúd, tiocfaidh an ghaoth thollta seo thríd
·
Bhí an dorna dúnta aige le dul ag bualadh, ach d'fhostaigh mise a láimh
Is minic leis an gceann céanna an dorna a bheith dúnta aige. Ach b'fhéidir go bhfuair sé fear a bharrtha faoi dheireadh
·
Tá an gearradh dúnta anois. Is gearr go mbeidh sé cneasaithe
Dhá ndúnadh an gearradh chor ar bith, ní aireofá ag cneasú é
b.
·
Níor dhún mé súil le trí oíche ach ar neamhchodladh, ná dheamhan a fhios agam cén uair a dhúnfas
Dheamhan súil ná cuid de shúil a dhún mé le daitheachaí (daitheachaí fiacal) aréir — níor thit súil liom ar a chéile
+–
Duine gnaíúil é. Ní dhúnfadh sé a shúile ort dhá gcastaí leat in aon áit é — bheadh sé lách suáilceach leat
'Sé nach ndúnfadh a shúile ort ar chaoi ar bith dhá mbeadh aon cheo aige
TUILLEADH (1) ▼
Níor dhún sé sin a shúile orm ariamh aon uair dhá bhfaca sé i nG. mé, théis go bhfuil an-tromachan ag daoine air
c.
+–
Tá mo phíobán dúnta ar fad ag slócht agus ag cochaillí. Is olc an earra é an slaghdán céanna
Dá naomhtaí mé anois, chinnfeadh orm aon amhrán a rá, agus ná bíodh aon ghuth agat orm. Tá buinneán an ghutha ar fad dúnta le seachtain ag fliú nó cat mara eicínt
TUILLEADH (1) ▼
Má tá do sceadamán dúnta, réiteoidh sé seo é. Seo(d) é an íocshláinte: "Níor fhás sé thríd an talamh aníos máistir an ghráinne eorna; Ba mhaith an stuf le n-ithe é, ach b'fhearr ná sin le n-ól é." Oibrigh ort thú féin anois agus abair an chuid eile dhó (dhe)
d.
+–
Nuair a tháinig an plúr geal sin dhún mo cholainn ar fad (níor oibrigh mé; tháinig triomach orm)
Tá mo cholainn ar fad dúnta le dul chun míosa. Diabhal bréag nach bhfuil mise dhá shaothrú
TUILLEADH (1) ▼
Ná hith é sin nó dúnfaidh sé do cholainn ar fad. Níor chaith tú aon earra ariamh is measa ná é sin
e.
+–
Tá mo chroí dúnta ó fuair sé bás (le brón)
Ón lá sin amach, bhí a croí dúnta, agus níor labhair sí ina ainm amháin air. Ach d'fhága sé goirín ar a croí ina dhiaidh sin
TUILLEADH (2) ▼
Ón lá ar imigh an malrach beag uaim, tá mo chroí dúnta. Ba mheasa liom é ná gealacán mo shúl, ach thug Dia aige féin é.
Is fada an lá mo chroíse dúnta, ní ag ceasacht ar Dhia é. Tugadh m'fhear uaim agus mo thriúr mac i mbláth a n-óige. Fuair mise mo cheart, ní ag comhaireamh na hanachain é
f.
+–
Tá mo ghoile dúnta ar fad — tá mé tolgtha den bhia
M'anam nach ag ceasacht ar Dhia é muis gur beag é m'fhoghailse air. Tá mo ghoile dúnta uileag. An oiread is a bhuailfeá ar shúil dreoilín, ní bheadh ite agam go ceann seachtaine
TUILLEADH (5) ▼
Go ndéana Dia grásta air, ní raibh pian ná tinneas ariamh air. Ach cheithre lá shul má bhásaigh sé, dhún a ghoile, agus níor fhan luiteamas ar bith le rud le n-ithe aige. Maidin an lae sin — an lá ar bhásaigh sé, níor éirigh sé chor ar bith — rud ab annamh leis — ach ghlaoigh sé orm féin …
D'ith mé blast ceaile an lá cheana agus dhún sé mo ghoile ar fad. Ní fhéadfadh sé a mhalrait a dhéanamh mar chuir mé ceas orm féin leis
Tá mo ghoile dúnta i gceann mar atá mé. Chreidim gurb í an phian chráite a d'fhulaing mé a rinne orm é. Shíl mé go raibh mé in aer. Bhí mé ag dul i ngealta críochnaithe aici (ag an bpian)
Is furasta le mo ghoile féin dúnadh. Dhá n-ithinn rud ar bith nach dtiocfadh liom, bheadh mo ghoile tolgtha den bhia aríst go ceann seachtaine. Is duine an-éisealach mé freisin. Ghlacfainn col le rud an-éasca
Tá a ghoile dúnta ar an aimsir seo, agus tá sé ag cinnt ar chineál ar bith beadaíochta a oscal. Tá sé gráinithe den fheoil, den iasc, de phutógaí agus d'aobha. Rud a dtugann siad jelly air atá sé a thóraíocht anois. Mura i ndán is go n-osclóidh sé sin é, sílim go gcaithfear oscal uileag air
g.
+–
Tá sé dúnta thiar ar fad — duifean sa spéir agus na néalta buailte anuas ar an talamh, agus an-chosúlacht glasaimsire air
Tá an spéir dúnta isteach thar timpeall. Is gearr uaidh soinneán
TUILLEADH (5) ▼
Cén sórt claochmú! Tá baol air go deimhin. M'anam nach ea, ach sneachta as ucht. An bhfeiceann tú chomh dúnta agus atá an taobh ó thuaidh
Mo chreach t'uair bhreá. Breathnaigh ar na tóineannaí dubha sin thiar. An bhfeiceann tú chomh dúnta agus atá sé. Tiocfaidh sé ina bháistigh shula fheicfeas tú uair an chloig. Uair bhriste í adéarfainnse, pébrí céard adéarfas tusa
Má fheiceann tú ag dúnadh chor ar bith é, crap isteach an féar ar an bpointe. Tá tuairt bháistí air más inniu nó anocht nó amárach a chaithfeas sé í. Bí thusa ar do shon féin uirthi ar chuma ar bith. Níl na clabhtaí geala sin le trust ach oiread
Tá sé dúnta go maith, déanadh sé aon deoir nó ná déanadh
"Níor ghéill mé ariamh do phlúchadh ar bith dá dhúnta dá dtéadh sé chun ceo; Nó go dtéinn ag caint le plúr an mban a bhíodh romham sa mbaile mór" (As amhrán a thosaíos Ag ionsaí siar thar Mhaíros dom)
+–
Tá sé dúnta isteach chun báistí ar fad. Ní dhéanfaidh sé aon aiteall anois go faoithin. Nár dhéana cheana le faitíos go ndéanfadh!
Má dhúnann sé chun ceo is olc an lá a dhéanfas sé ar an bhfarraige. Ní shrianfadh muid siar go brách é
TUILLEADH (1) ▼
Ná bac leis an uair anois. Nach bhfeiceann tú go bhfuil sé dúnta isteach chun sneachta ar fad. Is gearr a d'fhan an ghaoth aneas. M'anam gur anois atá an ghaoth chomh luaineach le intinn mná óige. Aneas ar maidin, thiar in am dinnéir, agus thoir anois aríst. Dhá seadaíodh sí sa mbun a raibh sí ar maidin, dar príosta, ba ghearr uait claochmú
h.
+–
Tá sé an-dúnta ina n-aghaidh anois — an-mhór ina n-aghaidh; námhadúil leo
'Siad a bhí ina dhá gcuid déag le chéile tamall, ach ina leaba sin, tá siad an-dúnta in aghaidh a chéile anois. Tá sé ráite ariamh nach mbíonn grá dhá mhéid nach dteagann fuath dhá réir
TUILLEADH (4) ▼
Chonaic mise an dream sin ag imeacht ar a gcaomhúint ansin agus na Black and Tans ar a dtí. Bhí siad chomh mór le chéile agus a bheadh máthair agus aon mhac. Dar brí an leabhair chonaic mé cuid acu ag imeacht ón gcuid eile bliain ina dhiaidh sin, agus ba dúnta a bhí siad in aghaidh a chéile ná a bhí siad féin agus na Black and Tans ariamh. Cén mhaith ag caint?
Nuair a bhí a háilín sin ar aon chéill agus í ag iarraidh a dtógáil le strapadóireacht, mo choinsias is dar m'anam, ba mhaith léithe aici an deartháir sin le brú air. Ach ar an dá luath is ar dhaingnigh sí isteach sa saol roinnt, níor fhan meas ar bith aici ar an deartháir ná ar a bhean. Tá sí chomh dúnta ina éadan anois agus a bheadh sí in éadan an duine is faide amach uaithi sa tír. Is gránna an chaoi é sin — nach gránna — do dheirfiúr agus do dheartháir
Ara, níl siad chomh dúnta sin in aghaidh a chéile. Beannaíonn siad dhá chéile agus thiocfaidís ag a chéile le anó, ach níos airde ná sin níl ann. Is maith mór le chéile a bhí siad scaitheamh
Is gránna an chaoi do chomharsanaí a bheith chomh dúnta sin in aghaidh a chéile. Deir siad gur ar scáth a chéile a mhaireas na daoine. Más ea muis, ní ag ithe agus ag gearradh ar a chéile, ná ag plioncadh a chéile, a dhéanfas siad cúis. Cé a bheas agat lá an anó. M'anam nach é an fear i bhfad ó bhaile é
i.
+–
Tháinig sé abhaile le dúnadh na hoíche — le titim na hoíche, leis an gcontráth, le coineascar na hoíche
Cén dúnadh na hoíche sin ort? Bhí sé anseo ó ló mhór agus má bhí féin, 'sé a bhí aerach agus éadálach. Tá sé chomh suimiúil le cat óg a bheadh ag oscailt na súile
TUILLEADH (6) ▼
Má bhíonn tú sa mbaile le dúnadh na hoíche, beidh tú ann sách luath. Cén chruóig baile atá ort? Nach bhfuil neart ann tharat le freastal ar bheithígh agus eile? Dheamhan dlús ar bith leat sa mbaile, ná cuid de dhlús
Beidh greadadh ionú agat. Nach mbeidh tú críochnaithe roimh dhúnadh na hoíche, agus nach in é do dhóthain. Is suarach an cheird do dhuine ar bith a dhul ag déanamh éagóir air fhéin ag obair d'antlachán mar sin. Ní thabharfadh sé uisce na bhfataí dhuit, ní hé amháin a mhalrait
Déan deabhadh a dhiabhail álainn! Ní bheidh muid amuigh as seo roimh dhúnadh na hoíche. Is gearr a d'aireofá an oíche ag sciorradh isteach. Níl siar ná aniar sa lá an tráth seo de bhliain
Más libh imeacht, níl gnaithe ar bith agaibh dúnadh na hoíche a ligean oraibh féin. Beidh tús na hoíche anocht dubh. Ní éireoidh aon ghealach anocht go dtí taca an deich … Ara céard sin orm? Níl ann ach tóinghealach
Bíonn sé amuigh leis an réalt, agus ní fheicfidh tú isteach é ach le dúnadh na hoíche. Dheamhan mórán dhá shlacht ar a gharraí ina dhiaidh sin shílfeá. Níl sé amach as an gcúl ó dheas fós, ainneoin é a bheith ag cur ann le coicís. Dar príosta dhá gcaithinn leis mar atá seisean, agus bheadh an baile dubhaithe agam ó thosaigh sé
Dar lomlán an leabhair, agus ní ag amhdú an oilc é, mura mbeidh tú isteach anseo roimh dhúnadh na hoíche, go bhfaighidh tú faoi na foraí é deirimse leat. Dhá mbeadh maith sa mbóithreoireacht sin, tá tú ag déanamh do cheart di, diabhal bréag nach bhfuil
Féach freisin
→
druid 2
dún in iontrálacha eile (50+)
+
→
faitíos
Dún an doras sin faitíos na heirimisce (faitíos na fálach thuas)— faitíos gadaíochta dá bhfágtaí oscailte é
TUILLEADH (1) ▼
Cuirfidh mé isteach sa gcró é, agus dúnfaidh mé air, faitíos na heirimisce. Is fhearr glas ná amhras
→
fearacht
Bhí a shúile dúnta aige a fhearacht is dhá mba ina chodladh a bheadh sé, ach ba bheag dhá chuid cluanaíocht é sin, mo léan
Murach go raibh mallú (mathshlua) mór istigh, ní bheadh an oiread siod cantaireachta le cloisteáil ann agus an doras dúnta.
+
→
clab
Dún do chlab — éist do bhéal!; Dún do chaiseal!; Bí i do thost.
TUILLEADH (1) ▼
Breá nach ndúnfá do chlab agus gan a bheith ag síor-rá i gcónaí.
→
cleite
Béarfaidh mé idir chorp chleite is sciathán ort, mura ndúna tú do bhéal, agus caithfidh mé amach sa bhfarraige thú.
Má tá an uair coimhthíoch fhéin le fada, gheobhaidh muid triomach dhá réir as seo amach. Níl tuile dhá mhéad nach gcaitheann sé an fhad eile a thrá, agus sin é fhearacht ag an aimsir é. Níor dhún Dia ariamh bearna nach n-osclódh sé ceann eile.
+
B'fhéidir dhá ndúntaí súile na gcoinicéar sin go n-éireodh cupla coinín linn atá ag taithiú thart sna crígheannaí seo le gairid.
TUILLEADH (2) ▼
Ba coinín i dteannta é muis, murach nár éirigh linn an poillín beag sin ar an gcoinicéar a dhúnadh.
Bhí coinicéar de chailligh mhóir as Conamara gróigthe thíos ar an teallach ann, agus í ag cur púir thobac go doras dúnta. Is mé a bhí ina dhiaidh uirthi, arae bhí mo theanga bheag amuigh d'uireasa gail an uair chéanna.
+
→
comaoin
An té a dhéanfadh comaoin den tsórt sin do dhuine, níor cheart duit do shúile a dhúnadh air. Ach cén neart a bhí agam air agus an té a bhí in mo bhail. Ní cheideonainn ar a dtug tonn ar trá é.
TUILLEADH (1) ▼
Níor chuir sé aon chomaoin ormsa nach comaoin í a cúitíodh leis, agus dúnadh sé a bhéal.
Bhuail an t-ocras céatach mé — sliabh gortach nó rud eicínt — ar Ard Bh. an T. M., agus shíl mé dheamhan an baile a d'fheicfinn go brách. Murach leisce é a dhúiseacht, ghabhfainn isteach go dtí P. Ph. go bhfaighinn raisín bídh a dhúnfadh mo ghoile go dteagainn abhaile.
→
cóineas
Tá cóineas móna ann, ach níl dadaidh eile ann. Ach céard sin orm! Nach bhfuil siad ina ridirí ag bradáin! Níor dhún Dia ariamh bearna nach n-osclódh sé ceann eile!
→
cóipís
Is diabhaltaí an éisteacht atá aige lena cuid cóipíse. Dhá mba fear eile é, déarfadh sé léithe a béal a dhúnadh.
→
bealach
Ní dhúnfadh sé a shúile ar dhuine agus feiceadh sé an t-anó air, ach tá an bealach eile leis mar sin fhéin. Tá sé ag baint a dhá luach amach ar chuile mhíle ní dhá bhfuil istigh ina shiopa.
→
beann
Tá sé neamh-mhothaitheach anglánta leis an té nach bhfuil beann aige air, ach an té a bhfuil, ní dhúnfaidh sé a shúile air.
Sílim nach craobhmhúr é seo, ach go mbeidh an chuid eile den lá briste. Tá an-duifean thiar, agus an t-aer dúnta ar fad. Muran ráig toirní í.
→
cuilín
Tá a shúil go dona. An lá faoi dheireadh a raibh siad ag cáitheadh, chuaigh cuilín den lóchán fúithi, agus chinn sé air é a thabhairt amach. Tá sí dúnta fré chéile anois aige. Banaltra mhaith a theastódh uaidh (banaltra = bean oiliúna. Deirtí go mbíodh bainne cíoch go maith ag súil thinn, nó súil a mbeadh salachar nó dúradán fúithi)
+
→
beo 1
Dar mo choinsias duit, is beo drochmhúinte adúirt sé liom mo bhéal a dhúnadh agus éirí as an ngráiscínteacht!
TUILLEADH (1) ▼
Chuaigh gaineamh beo faoina shúil an lá faoi dheireadh agus iad ag déanamh spraoi ar an trá, agus shílfeá go bhfuil sí dúnta aige ó shin. Is olc an éadáil é an gaineamh beo sin le dhul faoi shúil duine. Tá sé crua géar.
→
bollaire
Cuirfidh mise faoi ndeara don bhollaire sin, go ndúnfaidh sé a bhéal nó rud a bheith ar a shon aige — mura bhfuil i ndán is go n-éirí sé as an nglagaireacht agus as an nglaomaireacht beidh scéal aige air.
Tá sé in am ag do ghoile dúnadh feasta, muran leat béiceadán críochnaithe a dhéanamh dhíot fhéin le n-íosfaidh tú.
→
aer
Tá sé an-dúnta i mbun an aeir thiar. Níl trust ar bith agam as nach lá sa gclaí a dhéanfadh sé — tá an t-aer thiar ar fad plúchta agus 'sé mo bharúil go ndéanfaidh sé lá báistí go faoithin dhe
→
buail
Tá muintir an phobail seo buailte d'uireasa siamsa ná cuideachta ar bith ach go mbuaile an diabhal i gcinc an mhuiníl iad! Nuair a bhí áit damhsa acub, níorbh bheo iad gan a bheith ag troid agus ag achrann go mb'éigean é a dhúnadh suas!
→
buille
'Sé dúnadh agus donacht Mheiriceá a thug buille na speirthe do mhuintir na tíre seo. Tá siad gan saothrú ar bith anois.
Nuair a gheofá bainte amach é, ní féidir a bhéal a dhúnadh — ní féidir é a chur ina shost ó thiocfas fonn cainte air
→
foscadh
Dún do bhéal anois a chlab gan foscadh. Is gann atá an saol ag dul ort mura bhfuil aon údar cainte agat ach an méid sin
→
féith 1
Níl aon mhaith dhuit aon mhilleán a thabhairt dom anois. Dheamhan féith de mo chroí a chuimhnigh ar a dhul ann go raibh an áit dúnta. Sin é an chaoi a mbímse i gcónaí. Bhí an oiread rudaí le fáil agam fhéin agus nár chuimhnigh mé ar a leath ach oiread. Nuair a bhí mé leath bealaigh aníos, sin é an uair a bhí mé ag éirí bréan díom féin
→
ith
Tá mo ghoile dúnta cheal rud le n-ithe — ní fhéadfainn tada a ithe anois; chuirfinn amach aríst é mar tá mé an fhad sin ar chéalacan
→
faobhar
Tabharfaidh mé foghairt agus faobhar na speile aniar i gcinc an mhuiníl dhuit mura ndúna tú do chlab
→
fasair
Uair ar bith a mbíodh ocras orainn fadó dheamhan ceo a dhéanadh muid ach fasair fhataí a bhualadh síos sa splainc. Ní fheicfeá gasúr ar bith ag róstadh bruithneogaí anois. Tháinig críonnacht do ghasúir ó shin. Sin, nó d'imigh an goile uathu. Dheamhan a fhios agam nach é an goile fhéin atá dúnta. Dúnta ag tae agus ag beatha mífholláin
→
fód
Ní raibh fód ar bith sa reilig sin thoir shul má dúnadh í. Nach mbíodh na cónrachaí nochtaithe? Ní raibh aon dhomhain chréafóige inti
→
feasta
Ba cheart duit do bhéal a dhúnadh feasta. Tá tú in do chlaibín muilinn ó tháinig oíche — tá sé in am agat
Tháinig scamall beag fuarchraicinn san áit a raibh an neascóid, ach níor dhún sé ar fad, agus rinne sé ainfheoil ina bhéal aríst. Chuaigh mé chuig an dochtúr leis gur lansáil sé é, ach ba bheag an mhaith sin. Murach an luibh a bhain N. R. dhom, bhí mo chosa nite
Tháinig fruch frach air agus an corp dhá thógáil amach. Shílfeá gur duine é a mbeadh saochan céille air. Dúirt sé nár cuireadh a mháthair i gcónra mar ba cheart. Ba é a thráth é, agus an chónra dúnta, ba é sin
→
fuacht
Tá faitíos orm go mbéarfaidh an fuacht ar an teas orainn i mbliana mura bhfuil ag Dia. Tháinig an bhliain go dona. Níl fata ná arbhar ná móin ann. Tá na daoine ceart mura bhfaighe siad gorta. Ach tá Dia láidir. Níor dhún sé bearna ariamh nach n-osclódh sé ceann eile
→
fuaraigh
Fanadh sé ansiúd ag an doras dúnta anois más breá leis. Gheobhaidh sé cead fuarú ann, agus fuarú go maith freisin. D'iarr mé air a theacht ag an tine faoi dhó nó trí huaire cheana, agus níor thug sé dhom ach cluais bhodhar
→
dairt
Tá a shúil sa meath chéanna anois le trí bliana ó buaileadh dairt air thuas ar an bportach. Ceann crua a bhí ann. Níor lig an té a chaith é, ná aon dhuine dhá chineál, tada as a láimh ariamh ach le gangaide. Dhún súil Ph. d'aon iarraidh. Chuaigh sí chun othrais. Chaith sé scaitheamh san easpaicil (ospidéal) léithe, ach dheamhan mórán maitheasa a rinne siad dó ansin ach gur fhuaraigh siad an phian air. Tá clúdach aige uirthi i gcónaí. Is maith an t-ádh atá air má bhíonn aon amharc aige aríst go brách inti. Dá leanadh sé amach mac Mh. fúithi thiocfadh sí daor air. Ach ní leanfadh. Tá sé ró-réchúiseach an duine bocht
→
dallán
Bhí bó ansin thoir ar an aonach agus nuair a chuaigh siad dhá bleán, bhí an úth chomh rite lena bhfaca tú ariamh. Ach deoir féin ní raibh sí a thál ina dhiaidh sin. Chuaigh chuile dhuine di ach ba aon mhaith amháin é. Tháinig an fear seo — ceannaitheoir a bhí ann — agus chuaigh sé féin ag méirínteacht léithe. Chuir sé soipín tuí isteach sna dalláin aici, mar dhóigh dhe go raibh siad tachta … ach dheamhan tachtadh ná cuid de thachtadh. Ní ar na dalláin ná ar a cuid siniúchaí a bhí an diomar (marach, locht) chor ar bith. Fear sách simplí — bádóir as Conamara — a casadh timpeall ann sa deireadh agus é ar a ghlasmheisce. Ní thabharfá deich triuf air lena fheiceáil. Sách adhartha a bhí sé ag imeacht. D'fhiafraigh sé céard a bhí orthu, agus hinsíodh dó. Bhí an ceannaitheoir an uair seo in éadan na ndalláin aici. 'Lig do na dalláin,' adeir an bádóir. 'Tá na dalláin chomh freeáilte agus a bhíos mo pholláiríse agus an bád ag tabhairt leathbhord sa ngaoith thar an gCeann lá flichshneachta. Ach inseoidh mise dhaoibh céard a dhéanfas sibh. Stopainn an bhainne atá ar an mbó. Má tá bairille ann agus é lán uisce, ardaígí suas é ar áit ard eicínt. Tugaidh an bhó lena ais. Coinnígí ansin í. Scairdigí anuas an t-uisce as an mbairille de réir a chéile. Mura ndéana an bairille sin, líonaigí bairille eile, agus déanaigí an cleas céanna. Nach mairg gan galún taosctha an bháid agam, agus is gearr a bheinnse dhá cur ag tál.' Tugadh isteach i yard Sh. í. Tá a fhios agat an bairille ard siúd a raibh an teaip air a bhí thiar le balla. Thiomáil siad an bhó suas lena thaobh, agus chuir siad an teaip ag rith. Ligeadh chomh maith le trí bhuicéad uisce as. Ná raibh ann nár thosaigh an bhó ag tál an bhainne chomh briosc agus dhá mba as béal gloine a bheadh sé ag teacht. B'éigean buicéad a chur fúithi de léim. 'Anois,' adeir an bádóir 'ab iad na dalláin a bhí dúnta,' agus haway leis isteach i ndoras cúil Bh. gur chuir cáitheadh pórtair ar an smut aige féin. Cé a mb'fhearr é sin ná do wireínse ar ball?
Déarfadh sé go maith anseo é, ach cuirfidh mé geall leat nach n-abróidh sé in mo láthairse é. Ní abróidh a mhaisce, mar tá faitíos air go dtógfainn é. Sin é a bhfuil aige, Laoi na Mná Móire, agus tá sé chomh práinneach as sin agus a bheadh cat as póca. Ní bheidh sé ag aon duine eile nó is cinniúint air é. Sin é an fear daoithiúil i gcónaí. Nach mbíodh L. ar an gcaoi chéanna le M. Ní abródh sé píosa Fiannaíochta a bhí aige in áit ar bith dá gcasfaí M. faitíos a dtógfadh M. é. Mheabhraigh M. do dhuine eicínt eile a dhul isteach agus é a chur dhá rá, agus sheas sé féin sa doras dúnta ag éisteacht. Chuaigh sé isteach de mhaoil a mhainge an oíche dhár gcionn agus dúirt sé chuile mhíle focal di do L. Nuair a chuala L. é, bhí sé i ndiaidh sásaimh ar chuma eicínt. 'Tá trí ceathrúnaí nár chuir mé ann,' arsa seisean. 'Bhí a fhios agam go raibh tú sa doras iata.' Bhraith sé é … Dheamhan ceathrú ná cuid de cheathrú a bhí ar iarraidh ach bhí air (aige) marach eicínt a fháil air …
→
dealbh 2
Dheamhan sin oíche dhár dhealbh an ghrian nach mbuaileadh sé féin amach shula théadh sé a chodladh, go bhfeiceadh sé a raibh na lúbáin ar na croithe, agus gabháil faighte ag na beithígh agus ag an gcapall. Dhá dtéadh a raibh sa teach amach míle uair i mbéal a chéile, ní bheadh aon tsástaíocht aige ann ina dhiaidh sin, gan é féin ag tabhairt súil orthu. Duine imníoch a bhí ann. Tá mé ag ceapadh go n-éiríonn sé chuile oíche thiar sa reilig anois, faitíos a mbainfeadh dearmad do Sh. Bh. gan an geata a dhúnadh!
→
deannóid
Oscail suas an doras agus lig isteach deannóidín ghaoithe. Is mór an fionnórtas ar na daoine í. Tá an oíche an-mheirbh … An bhfeiceann tú P. seo thuas nach dteagann aon deannóid ina ghaire ó bhliain go bliain ach an dá dhoras agus a bhfuil d'fhuinneoga sa teach dúnta aige. Is mór an seasamh aige é