Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
dún

dúnta (57)

 
Bhí bó ansin thoir ar an aonach agus nuair a chuaigh siad dhá bleán, bhí an úth chomh rite lena bhfaca tú ariamh. Ach deoir féin ní raibh sí a thál ina dhiaidh sin. Chuaigh chuile dhuine di ach ba aon mhaith amháin é. Tháinig an fear seo — ceannaitheoir a bhí ann — agus chuaigh sé féin ag méirínteacht léithe. Chuir sé soipín tuí isteach sna dalláin aici, mar dhóigh dhe go raibh siad tachta … ach dheamhan tachtadh ná cuid de thachtadh. Ní ar na dalláin ná ar a cuid siniúchaí a bhí an diumar (marach, locht) chor ar bith. Fear sách simplí — bádóir as Conamara — a casadh timpeall ann sa deireadh agus é ar a ghlasmheisce. Ní thabharfá deich triuf air lena fheiceáil. Sách adhartha a bhí sé ag imeacht. D'fhiafraigh sé céard a bhí orthu, agus hinsíodh dó. Bhí an ceannaitheoir an uair seo in éadan na ndalláin aici. 'Lig do na dalláin,' adeir an bádóir. 'Tá na dalláin chomh freeáilte agus a bhíos mo pholláiríse agus an bád ag tabhairt leathbhord sa ngaoith thar an gCeann lá flichshneachta. Ach inseoidh mise dhaoibh céard a dhéanfas sibh. Stopainn an bhainne atá ar an mbó. Má tá bairille ann agus é lán uisce, ardaígí suas é ar áit ard eicínt. Tugaidh an bhó lena ais. Coinnígí ansin í. Scairdigí anuas an t-uisce as an mbairille de réir a chéile. Mura ndéana an bairille sin, líonaigí bairille eile, agus déanaigí an cleas céanna. Nach mairg gan galún taosctha an bháid agam, agus is gearr a bheinnse dhá cur ag tál.' Tugadh isteach i yard Sh. í. Tá a fhios agat an bairille ard siúd a raibh an teaip air a bhí thiar le balla. Thiomáil siad an bhó suas lena thaobh, agus chuir siad an teaip ag rith. Ligeadh chomh maith le trí bhuicéad uisce as. Ná raibh ann nár thosaigh an bhó ag tál an bhainne chomh briosc agus dhá mba as béal gloine a bheadh sé ag teacht. B'éigean buicéad a chur fúithi de léim. 'Anois,' adeir an bádóir 'ab iad na dalláin a bhí dúnta,' agus haway leis isteach i ndoras cúil Bh. gur chuir cáitheadh pórtair ar an smut aige féin. Cé a mb'fhearr é sin ná do wireínse ar ball?
 
Déarfadh sé go maith anseo é, ach cuirfidh mé geall leat nach n-abróidh sé in mo láthairse é. Ní abróidh a mhaisce, mar tá faitíos air go dtógfainn é. Sin é a bhfuil aige, Laoi na Mná Móire, agus tá sé chomh práinneach as sin agus a bheadh cat as póca. Ní bheidh sé ag aon duine eile nó is cinniúint air é. Sin é an fear daoithiúil i gcónaí. Nach mbíodh L. ar an gcaoi chéanna le M. Ní abródh sé píosa Fiannaíochta a bhí aige in áit ar bith dá gcasfaí M. faitíos a dtógfadh M. é. Mheabhraigh M. do dhuine eicínt eile a dhul isteach agus é a chur dhá rá, agus sheas sé féin sa doras dúnta ag éisteacht. Chuaigh sé isteach de mhaoil a mhainge an oíche dhár gcionn agus dúirt sé chuile mhíle focal di do L. Nuair a chuala L. é, bhí sé i ndiaidh sásaimh ar chuma eicínt. 'Tá trí ceathrúnaí nár chuir mé ann,' arsa seisean. 'Bhí a fhios agam go raibh tú sa doras iata.' Bhraith sé é … Dheamhan ceathrú ná cuid de cheathrú a bhí ar iarraidh ach bhí air (aige) marach eicínt a fháil air …
 
Oscail suas an doras agus lig isteach deannóidín ghaoithe. Is mór an fionnórtas ar na daoine í. Tá an oíche an-mheirbh … An bhfeiceann tú P. seo thuas nach dteagann aon deannóid ina ghaire ó bhliain go bliain ach an dá dhoras agus a bhfuil d'fhuinneoga sa teach dúnta aige. Is mór an seasamh aige é
 
Níl ann ach malrachín ach is Curraoineach déanta é ina dhiaidh sin. Tá sé ag imeacht i ndoirse dúnta ag tóraíocht scéalta cheana féin
 
deara
Tá coimhthíos aige le chuile dhuine. Mura bhfeiceadh sé ach S. Ph. atá i mbéal an dorais aige ag teacht faoin teairse (tairseach), ghreadfadh sé amach an doras dúnta nó siar sa seomra. Chuir an misinéara faoi deara dhó a dhul ag an aifreann cupla uair ach níor thaobhaigh sé é ó shin
 
Deasaigh anuas agus déan do ghoradh. Ní hí oíche an dorais dúnta í (ní oíche í le suí ag an doras dúnta)
+
deis
Ní fheicimse go bhfuil deis dúnta ar bith air, nó má bhí, tá sé dhá uireasa anois
TUILLEADH (2) ▼
Is gránna í a dheis: ag imeacht ag éisteacht i ndoirse dúnta le faitíos a dtiocfadh scéal ar bith uaidh. Dhá mbeirtí air, séard a bhí le déanamh leis, a bheith dhá lascadh go dtugtaí dath dubh air. Rómhaith a bheadh sé aige
Osclaígí an doras atá ar dheis na gréine. Ar ndóigh ní gaoth atá ann le go mbeadh sibh dhá choinneáil dúnta
+
Bhí an ghearradh ghionach in mo phutóig, agus mar sin féin nuair a leagadh agam é, níor ith mé ach deoladh. Ní fhéadfainn. Ní raibh aon tothlú agam leis. Is cosúil go raibh mo ghoile dúnta
TUILLEADH (1) ▼
Osclaidh na fuinneoga sin agus ligidh deoladh gaoithe oraibh féin. Nach bhfuil sibh plúchta mar atá sibh. Is mór an mífhollántas an tráth seo bhliain chuile fhuinneog agus chuile dhoras a bheith dúnta
+
doras
An doras dúnta nó an doras iata — an doras a bhíos dúnta
TUILLEADH (1) ▼
Cén sórt mála é sin leis an doras dúnta?
 
dorn
"Ní fhaigheann láimh iata ach dorna dúnta" (fc. láimh)
 
dreach
An bhfeiceann tú an dreach dorcha atá ar an spéir. Breathnaigh chomh dúnta agus atá sé agus na tóineanna dubha sin ó dheas. Crap do chuid féir nó beidh tú dhá uireasa
 
dreas 1
Fuair mé dreas fuaicht ar an tórramh sin aréir. Thiar leis an doras dúnta a bhí mé agus bhí an seoide isteach orm ann
 
driog
Is beag nár phréach mé thiar leis an doras dúnta. Bhí an seoide isteach ann: gaoth thollta freisin. D'airigh mé drioganna ag rith síos le mo chaoldroim, agus bhí mo chroí ag eitealla leis an bhfuacht
 
Má tá féin, thug sí é sin de dhualgas léithe. Nach mbíodh a hathair ag imeacht i ndoirse dúnta ag éisteacht
 
Ná bac le aitealla! Tá a chuid aitealla ar iarraidh inniu. An bhfeiceann tú an duifean sin thiar agus é dúnta uileag?
+
dún
Coinnigh do bhéal dúnta
TUILLEADH (37) ▼
Coinnigh do bhéal dúnta ar a chéile
Coinnigh do chlab dúnta ar fad. Ar ndóigh ní éirim atá in do chuid caintese
Coinnigh do chaiseal dúnta ar a chéile agus ná cloisim gig uait aríst anocht
Nach dúnta a bhí an drad anois aige agus go mb'éigean spúnógaí a chur dhá oscal
Tá an bhearna siúd dúnta anois acu, agus gan iad ag ligean duine ar bith an bealach sin — tógtha, ardaithe
Tá an cosán sin dúnta ar fad anois, agus iad ag bacadh daoine faoi dhul ann
Tá na clascanna siúd ar fad dúnta ar a chéile. Mura dtóga sé na bruachannaí is gearr go mbeidh an pháirc siúd ó rath
Tá an píopa seo dúnta ar a chéile uileag cheal a charta. Caithfidh mé scian mhaith ghéar a fháil, agus a shnoíchan amach. Mura ndéanad, cinnfidh orm a líonadh go gairid
Bhí an dorna dúnta aige le dul ag bualadh, ach d'fhostaigh mise a láimh
Is minic leis an gceann céanna an dorna a bheith dúnta aige. Ach b'fhéidir go bhfuair sé fear a bharrtha faoi dheireadh
Tá an gearradh dúnta anois. Is gearr go mbeidh sé cneasaithe
Tá mo phíobán dúnta ar fad ag slócht agus ag cochaillí. Is olc an earra é an slaghdán céanna
Dá naomhtaí mé anois, chinnfeadh orm aon amhrán a rá, agus ná bíodh aon ghuth agat orm. Tá buinneán an ghutha ar fad dúnta le seachtain ag fliú nó cat mara eicínt
Má tá do sceadamán dúnta, réiteoidh sé seo é. Seo(d) é an íocshláinte: "Níor fhás sé thríd an talamh aníos máistir an ghráinne eorna; Ba mhaith an stuf le n-ithe é, ach b'fhearr ná sin le n-ól é." Oibrigh ort thú féin anois agus abair an chuid eile dhó (dhe)
Tá mo cholainn ar fad dúnta le dul chun míosa. Diabhal bréag nach bhfuil mise dhá shaothrú
Tá mo chroí dúnta ó fuair sé bás (le brón)
Ón lá sin amach, bhí a croí dúnta, agus níor labhair sí ina ainm amháin air. Ach d'fhága sé goirín ar a croí ina dhiaidh sin
Ón lá ar imigh an malrach beag uaim, tá mo chroí dúnta. Ba mheasa liom é ná gealacán mo shúl, ach thug Dia aige féin é.
Is fada an lá mo chroíse dúnta, ní ag ceasacht ar Dhia é. Tugadh m'fhear uaim agus mo thriúr mac i mbláth a n-óige. Fuair mise mo cheart, ní ag comhaireamh na hanachain é
Tá mo ghoile dúnta ar fad — tá mé tolgtha den bhia
M'anam nach ag ceasacht ar Dhia é muis gur beag é m'fhoghailse air. Tá mo ghoile dúnta uileag. An oiread is a bhuailfeá ar shúil dreoilín, ní bheadh ite agam go ceann seachtaine
Tá mo ghoile dúnta i gceann mar atá mé. Chreidim gurb í an phian chráite a d'fhulaing mé a rinne orm é. Shíl mé go raibh mé in aer. Bhí mé ag dul i ngealta críochnaithe aici (ag an bpian)
Tá a ghoile dúnta ar an aimsir seo, agus tá sé ag cinnt ar chineál ar bith beadaíochta a oscal. Tá sé gráinithe den fheoil, den iasc, de phutógaí agus d'aobha. Rud a dtugann siad jelly air atá sé a thóraíocht anois. Mura i ndán is go n-osclóidh sé sin é, sílim go gcaithfear oscal uileag air
Tá sé dúnta thiar ar fad — duifean sa spéir agus na néalta buailte anuas ar an talamh, agus an-chosúlacht glasaimsire air
Tá an spéir dúnta isteach thar timpeall. Is gearr uaidh soinneán
Cén sórt claochmú! Tá baol air go deimhin. M'anam nach ea, ach sneachta as ucht. An bhfeiceann tú chomh dúnta agus atá an taobh ó thuaidh
Mo chreach t'uair bhreá. Breathnaigh ar na tóineannaí dubha sin thiar. An bhfeiceann tú chomh dúnta agus atá sé. Tiocfaidh sé ina bháistigh shula fheicfeas tú uair an chloig. Uair bhriste í adéarfainnse, pébrí céard adéarfas tusa
Tá sé dúnta go maith, déanadh sé aon deoir nó ná déanadh
"Níor ghéill mé ariamh do phlúchadh ar bith dá dhúnta dá dtéadh sé chun ceo; Nó go dtéinn ag caint le plúr an mban a bhíodh romham sa mbaile mór" (As amhrán a thosaíos Ag ionsaí siar thar Mhaíros dom)
Tá sé dúnta isteach chun báistí ar fad. Ní dhéanfaidh sé aon aiteall anois go faoithin. Nár dhéana cheana le faitíos go ndéanfadh!
Ná bac leis an uair anois. Nach bhfeiceann tú go bhfuil sé dúnta isteach chun sneachta ar fad. Is gearr a d'fhan an ghaoth aneas. M'anam gur anois atá an ghaoth chomh luaineach le intinn mná óige. Aneas ar maidin, thiar in am dinnéir, agus thoir anois aríst. Dhá seadaíodh sí sa mbun a raibh sí ar maidin, dar príosta, ba ghearr uait claochmú
Tá sé an-dúnta ina n-aghaidh anois — an-mhór ina n-aghaidh; námhadúil leo
'Siad a bhí ina dhá gcuid déag le chéile tamall, ach ina leaba sin, tá siad an-dúnta in aghaidh a chéile anois. Tá sé ráite ariamh nach mbíonn grá dhá mhéid nach dteagann fuath dhá réir
Chonaic mise an dream sin ag imeacht ar a gcaomhúint ansin agus na Black and Tans ar a dtí. Bhí siad chomh mór le chéile agus a bheadh máthair agus aon mhac. Dar brí an leabhair chonaic mé cuid acu ag imeacht ón gcuid eile bliain ina dhiaidh sin, agus ba dúnta a bhí siad in aghaidh a chéile ná a bhí siad féin agus na Black and Tans ariamh. Cén mhaith ag caint?
Nuair a bhí a háilín sin ar aon chéill agus í ag iarraidh a dtógáil le strapadóireacht, mo choinsias is dar m'anam, ba mhaith léithe aici an deartháir sin le brú air. Ach ar an dá luath is ar dhaingnigh sí isteach sa saol roinnt, níor fhan meas ar bith aici ar an deartháir ná ar a bhean. Tá sí chomh dúnta ina éadan anois agus a bheadh sí in éadan an duine is faide amach uaithi sa tír. Is gránna an chaoi é sin — nach gránna — do dheirfiúr agus do dheartháir
Ara, níl siad chomh dúnta sin in aghaidh a chéile. Beannaíonn siad dhá chéile agus thiocfaidís aga n-a chéile le anó, ach níos airde ná sin níl ann. Is maith mór le chéile a bhí siad scaitheamh
Is gránna an chaoi do chomharsanaí a bheith chomh dúnta sin in aghaidh a chéile. Deir siad gur ar scáth a chéile a mhaireas na daoine. Más ea muis, ní ag ithe agus ag gearradh ar a chéile, ná ag plioncadh a chéile, a dhéanfas siad cúis. Cé a bheas agat lá an anó. M'anam nach é an fear i bhfad ó bhaile é