Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
dún

oscail (33)

 
danra
Diabhal bréag nach drochphortaigh atá againn: dheamhan níos measa. Dearglaoch agus feoil chapaill ar fad. Móin dhanra le baint í. Chuir mé mo bhundún amach anuraidh le portach nua a d'oscail mé ar an roinn. Murach leisce an mhagaidh, d'fhágfainn ansin sa mí-ádh é théis a oscal
 
deán
Bhí sé caite sa deán atá thoir ansin thoir chois an bhóthair. Lucht cuarta a fuair ann é. B'éigean spúnógaí a fháil lena bhéal a oscailt. Dheamhan fata a changlódh sé lena ló meireach gur frítheadh é
+
Uair a bhí mé ag déanamh láthair mhoirtéil anseo, thit mo phíopa uaim agus chrom mé síos dhá thógáil agus hé brí (pé ar bith) cén sórt útamáil a bhí orm, chuaigh deannóidín bheag den aol faoi mo shúil agus scall sé mé. Tabhair scalladh air. Shíl mé dheamhan oscailt a dhéanfainn go brách uirthi. M'anam go mb'éigean dom a dhul ag an dochtúr. Agus i gcaitheamh seachtaine i ndiaidh an dochtúra féin, ní fheicinn an bhánshoilse léithe
TUILLEADH (1) ▼
Oscail suas an doras agus lig isteach deannóidín ghaoithe. Is mór an fionnórtas ar na daoine í. Tá an oíche an-mheirbh … An bhfeiceann tú P. seo thuas nach dteagann aon deannóid ina ghaire ó bhliain go bliain ach an dá dhoras agus a bhfuil d'fhuinneoga sa teach dúnta aige. Is mór an seasamh aige é
 
dearg 1
Bhí rud le déanamh leis sin: ar an dá luath is a n-osclódh sé a bhéal é a fhágáil dearg ina chuid fola. Ba in é an deasú air
 
dearg 2
An fear a bhíos ag oscailt (claise) bíonn sé ag deargadh an bhoird ó thaobh, agus tá an bord le cur ar an iomaire eile; nó fear a bheadh ag casadh na bhfóid d'fhear an bhoird bheadh sé ag oscailt freisin — mar sin a chuirtear fataí le láí
 
Céard atá agat in do dheasóig. Oscail í
+
I leabhar a léigh mé é gurb iad féitheachaí an ghéill a strompas má chuireann rud eicínt as a riocht iad. Ansin ní bhíonn siad in ann an giall a oibriú síos na suas. Sin é an déidín … 'Sé más é. Breá nach mbíonn sé amhlaidh le fuacht. Is minic ariamh a stromp fear a chodlódh amuigh. Bheadh sé craptha ar fad, ach dá mb'fhéidir a bhéal a oscailt, bheadh leis. Is mór an t-ionadh, más iad na féitheachaí a strompas, mar adeir tusa, nach dtitfeadh déidín ag a leithide sin. Scéal agus a thóin leis atá in do chuid leabhra
TUILLEADH (1) ▼
Thabharfainn an leabhar go raibh déidín tite ag an luán cait seo agam an oíche faoi dheireadh. Bhí plaic ina bhéal agus gan í ag dul siar ná aniar, agus é ag cinnt air a caitheamh amach ná a bhéal a oscailt lena caitheamh amach. Bhí sé ag sníomh agus ag lúbadh agus a dhrioball ina bhior aige, gan mothú ar bith. Hé brí cén sórt ualach a bhí air chuir sé dhó (dhe) sa deireadh é. Dhá n-imíodh sé féin, is beag an chaitheamh ina dhiaidh a bheadh againn: is beag é a mhaith ná a mhaoin. Má tá eallach ar bith fairsing timpeall an tí seo, is cait iad. Bhainfidís an greim amach as do bhéal
 
Ní bhfuair mé ann ar mo phíosa dhá scilling ach cupáinín tae cosnochta, ach ba bhuí déirce liom an méid sin féin, arae bhí an ghearradh ghionach in mo stéigeachaí, ach dhá dhonacht dhá raibh mé leis an ocras, ba mheasa go mór mé leis an tart. Bhí íota orm. Is diabhlaí nach n-osclódh tithe ósta ann lá den tsórt sin, agus a mbíonn cruinn ann
 
Chaith sé ceathrú uaire ag braiteoireacht, agus ag cartadh an phíopa siúd. D'oscail sé a bhéal ansin agus d'fheicfeá ag ligean siar a sheile é. 'Dheamhan a fhios agam fhéin,' adeir sé faoi dheireadh agus faoi dhó. Is mór dhá fhonn a tháinig orm failm de chic a thabhairt don phíopa
 
deis
Osclaígí an doras atá ar dheis na gréine. Ar ndóigh ní gaoth atá ann le go mbeadh sibh dhá choinneáil dúnta
 
dia 1
Ná raibh Dia le madraí muise, mura bhfuair siad faoin mbalcais ar maidin uaimse é. D'oscail mé an doras gur lig mé isteach iad, agus ansin dhún mé é, agus fuair mé feac láí!
+
díle 1
Má chaitheann sé anois í, caithfidh sé an díle di. Osclóidh béal an aeir ar fad. Má theagann drochoíche, giorróidh sí leis an lao beag sin thoir agam. Níl sé sách cruachúiseach fós le drochoíche a sheasamh
TUILLEADH (1) ▼
Shíl mé gurb í an díle a bhí ag teacht uirthi lena raibh de chaint aici. Ní fhéadfadh duine ar bith eile a bhéal a oscailt. Diabhal é muis … Dá mba é an sagart a bheadh ann, ba bheag aici siúd é. Stollfadh sí léithe. Tá ciall ina leithide
 
Nach maith a chuaigh mé as an uair sin. Frítheadh caite ar an mbóthar stromptha mé. Leag siad láimh ar mo chroí agus bhí sé ag bualadh ar éigean. Bhí díogarnach anála ionam freisin, agus thosaigh siad do mo chuimilt. Thug Dia do Sh. N. Ph. go raibh buidéal fuisce poitín aige — buidéal nár bearnaíodh chor ar bith. Choinnigh siad liom é. Bhí glas ar mo bhéal ach d'oscail siad é ar chaoi eicínt. Léar (de réir) mar a bhí siad ag coinneáil an phoitín liom, thosaigh mothú ag teacht ionam i leaba a chéile. Dar brí an leabhair, faoi cheann uair an chloig bhí mé in mo bhíthin óg aríst
+
Gheofá neart diúilicíní ansin thíos ar an Leic Pháirteach am ar bith san earrach ná sa samhradh. Chuala mé fear ag rá, nuair a bhíos sé ag tuile gur maith an dóigh breac fanacht caite i bpoll (an dorú a bheith caite ann), dhá mbeadh carraig nó leac in aice leis a bheadh faoi dhiúilicíní. Deir sé go dteagann na blátháin agus na ballaigh agus na troisc stopóige isteach ag ithe na ndiúilicíní. D'fheicfeá iad ag imeacht de na clocha leis an taoille tuile. Is minic a chonaic mé iad ag éirí de na clocha agus ag dul ag sirtheoireacht sa taoille. An bhfaca tú an oscailt bheag atá isteach ann. Le aghaidh beatha is dóigh é sin
TUILLEADH (1) ▼
Is minic a chonaic mise na sliogáin oscailte ag an diúilicíní. Ach is maith gasta uaidh a ndúnadh freisin, má théann araoid ar bith air
 
Bhí sé thoir ag caitheamh bhóta sular hosclaíodh an scoil. Sin é an buachaill agat! Nach é atá dlúsúil go gcuire sé M. A. isteach!
 
dóigh 1
Bhí dóigh agus an-dóigh oibrithe acu leis an mótar, ach cor ná car ní raibh siad in ann a bhaint as nó go dtáinig mac D. Ní dhearna sé filleadh ná feacadh ach é a oscailt, breith ar wireín beag, lúbadh a bhaint as, agus deirimse leatsa nárbh é an t-achar ab fhaide go raibh sí ag geonaíl. Namhaid í an cheird gan a foghlaim ina dhiaidh sin
 
dóigh 3
Seo é "Riocairdín" anois. Cuir na clocha péire sa gcrúib oscailte agus lioc anuas na méarachaí roinnt. Anois caith suas uileag iad, agus iontaigh do láimh agus tóg iad ar chúl do láimhe. Mura gcoinní tú ceann, beidh tú dóite (beidh tú as)
 
domlas
Ní hé an domlas mór a thug aon bhás di. Nuair a d'oscail muid í, bhí boiric ar na haobha. Bhí an domlas ata orthu, ach ba bheag é. Bhí rud eicínt eile uirthi freisin. Ach chreidim gurb é an cás céanna é. Nuair nach mbíonn siad ag dul do dhuine, tá rud ar bith in ann bás a thabhairt dhóibh
 
doras
An doras oscailte
 
drad
Má osclaíonn sé a bhéal, gheobhaidh sé isteach ar an drad é — buailfear ar an drad é
 
drámh
Ba chuma leis siúd cé air a mbeadh an drámh, ach ghoidfeadh sé an t-airgead. Thug sé slámannaí móra leis freisin. Nach raibh sé ag oscailt litreachaí in imeacht bliana nó os a chionn shular braitheadh é
+
Níl rud ar bith sa saol is míshlachtmhaire ná an drandal a bheith le feiceáil mar sin agus thú ag gáirí. Is minic a chuir mé aithne ort gan do bhéal a oscailt chomh mór sin nuair a theagas fonn gáirí ort … ní hionann bean is fear. Is iomaí rud a fhéadfas fear a dhéanamh nach mbeadh cuibhiúil ag bean
TUILLEADH (1) ▼
Is mór an míshlacht uirthi an drandal siúd a bheith leis aici chuile uair dhá n-osclóidh sí a clab le dhul ag gáirí. Úrbhéal uileag í
+
droim
Tá fear R. an Mh. ag maireachtáil ar dhroim an diabhail. Níl tada timpeall air ach leacrachaí. An teirgéis talúna atá aige, níl spreab ar doimhneacht ann. An cladach féin atá ann, tá sé chomh lom chomh feidheartha le croí do bhoise. Níl an fheamainn ná an carraigín ná tada eile ann, ach cuid an bheagáin. Níl a fhios agamsa faoi mo rí cén chaoi a maireann duine ar bith i R. an Mh., tá an áit chomh maolscreamhach chomh bocht sin. Diabhal mé ina dhiaidh sin nach bhfeicfeá cheal ar bith orthu shílfeá: ach níor dhún Dia ariamh bearna nach n-osclódh sé ceann eile
TUILLEADH (1) ▼
Bhuail sé siar, agus níor chónaigh sé de dhroim oíche nó go ndeachaigh sé chomh fada le U. A. Bhí sé ann sular éirigh aon duine. D'fhan sé timpeall na sráide nó go raibh muintir an tí ag éirí. Ba é an chéad bhall é a chonaic an deirfiúr ar an doras a oscailt di ar maidin
+
dún
"Níor dhún Dia ariamh bearna nach n-osclódh sé ceann eile" (seanfhocal, fc. bearna)
TUILLEADH (2) ▼
Tá a ghoile dúnta ar an aimsir seo, agus tá sé ag cinnt ar chineál ar bith beadaíochta a oscal. Tá sé gráinithe den fheoil, den iasc, de phutógaí agus d'aobha. Rud a dtugann siad jelly air atá sé a thóraíocht anois. Mura i ndán is go n-osclóidh sé sin é, sílim go gcaithfear oscal uileag air
Cén dúnadh na hoíche sin ort? Bhí sé anseo ó ló mhór agus má bhí féin, 'sé a bhí aerach agus éadálach. Tá sé chomh suimiúil le cat óg a bheadh ag oscailt na súile
 
Bhí mé i gcruth mo phlúchadh istigh ansin. Ní raibh ginnín aeir ann. Níorbh fholáir na fuinneogaí uileag a bheith oscailte ar uair bhróltach (brothallach) den tsórt seo