Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Léas
léas ar thalamh.
a.
·
Caithfi mé léas an tighe a athnuadhchan.
b.
·
Dá mbeadh léas ar mo shaoghal agam, ní iarrfainn an áit seo a fhágáil = dhá mbeadh sé de chumhachta agam fhéin, maireachtáil an fhad eile agus a mhairfeas mé, chomhnóchainn 'san áit seo.
Tá léas ar a shaoghal aige sin — déarfaidhe le duine a rachadh indearg chontabhart go mbadh dóichide a bhás nó a mharbhú a theacht dhá bhárr, agus a thiubharfadh a eang leis, in a dhiaidh sin a's uiliog (uilig) ("charmed life"). Déarfaidhe freisin le duine é, a mbeadh déanta le na bhás go minic, agus a shrianfadh as 'chuile uair.

Léas in iontrálacha eile (27)

 
Fágfaidh mise másaí tinne agad má chloisim an focal sin uait aríst = léasfaidh mé thú
 
Ní chloisfeá méir i gcluais sa teach s'againne ag cantaireacht putaigh. Is minic a fuaidh sé thríom toisighe dá léasadh, ach má dhéanaim sin leobhth' beidh na h-ollghártha ann chomh maith céadna. 'Mara chéile an ballséire a's a ghiolla' arsa tusa.
 
Is beag a' néal atá air sin, in a bhealach fhéin léis (thar éis) a bhfuil de chipiléaracht aige. Do dhubhshlán fagh aon-bhrabach air 'na dheidh sin.
 
buail
Thug sé bruicneáil bhreagh bhuailte dhó; thug sé druimeáil bhuailte dhó; thug sé greadadh buailte dhó; thug sé lascadh buailte dhó; gleáradh buailte; liúradh buailte; léasadh buailte; deargadh-buailte etc. = bualadh breagh.
 
Buailteán súiste narbh fhlearr dhuit in éadan sin. Tá a chraiceann chomh garbh, a's nach bhfágfadh fás fhéin aon-léas air.
 
Caithfe mé léas a' tighe a athnuadhchan (athnuadhchaint) = léas nuadh a fhaghail.
 
Nuair a bheidheas an léas (lease) seo caithte cuirfe mé isteach ar lascainí (laghdú sa gcíos).
 
frigh
Bhí agad an léas sin fhéin a thapú. Dhá dtapuightheá ní shéidfeadh sí in a lot. Ní lú ná frigh, adeir siad, síol (máthair) na hanachain, go sábhála Dia sinn
 
Tá greim daingean ar an gcloich sin, léis (taréis) go bhfuil sí ar bogadh le do láimh a leagan uirre
+
dall 3
Muise dalladh gan aon léas air, agus dalladh Oisín (/daʟəw ešīn′/) ina dhiaidh sin! = dhá n-abruigheadh duine go raibh duine eicínt eile dallta (le ól, as a amharc agus rl.), déarfadh an té a bheadh ag éisteacht an leagan seo mara dtaithnigheadh an té a bhí dallta leis. Tá sé i gceist go mbadh "seanóir dall" é Oisín ar a theacht ar ais as Tír na h-Óige dó
TUILLEADH (3) ▼
Tá J. F. dallta adeir tú liom. Muise dalladh gan aon-léas air agus dalladh Oisín ina dhiaidh sin mara bhfuil a dhóthain sa méid sin
Deir tú go bhfuil sé ionann agus dall. Muise dalladh gan aon-léas air agus dalladh Oisín in a dhiaidh sin, gan dochar ná diabháil dúinne. Ná raibh dall ach é sin
Dalladh as ort! Cuirfidh mé geall go bhfuil luach an ghamhain ólta agad. Muise má tá dalladh gan aon-léas ort agus dalladh Oisín in a dhiaidh sin, mara deas an chaoi orm é, luach mo ghamhain ólta ag stróirí
 
Tá mé damnuighthe ag bróga cumhanga atá do mo thógáil. Tá léas tóigthe aca ar 'chaon ladhairicín liom, agus ní mó ná go bhfuil siubhal an bhealaigh ionnam aca. Ach is ceart do na daoine a bheith buidheach agus a bhfáil mar sin féin agus cho gann agus atá siad ar ala na h-uaire
 
Muna mbeadh ar Sh. Mh. fadó ach léas ar a mhéir, d'fhanfadh sé istigh. Níor facthas a leithide ariamh le aire air fhéin. Dhá bhfiosr(uighth)eá de Sh. annsin céard a bhí air, ní thiubharfadh sé de thoradh ort i gcomhnuí ach "a mhic ó mo chroidhe thú, caithfidh mé deachma na sláinte a íoc". Ní innseochadh sé go bráth duit, céard a bheadh air. Ach ba deacair dó, arae ní bhíodh ceo na frighde air leath na gcuarta, nach (ach) nach dtiubharfadh sé an áit amach air féin ar bhás an domhain, dhá mbeadh gaimh ar bith ins an uair. Spriosáinín beag dona a bhí ann. Shéidfeá de do bhois é go dtí an Domhan Thoir. Bhíodh spideog air an lá ba bhreácha ins an mbliain … Ní bhíodh de leath-rann againn féin annsin in áit ar bith dá mbíodh sé ach "a Sh. caithfear deachma na sláinte a íoc." Is maith is cuímneach liom an oíche ar tórradh é. Tá sé suas le cupla scór blianta go maith. Bhí mé féin agus bulc de na scurachaí isteach in éindigh le P. Mh. a bhí annseo thuas ann. Chuaidh muid ar a' nglúine go gcuireadh muid faoi bhrigh na guidhe é. Níor dhubhairt P. urnaighe ar bith — go ndéanaidh Dia grásta ar an mbeirt agus ar na mairbh ar fad. 'Sé'n chaoi a raibh P. ag breathnú isteach air as cíonn cláir agus é ag rádh: "tá deachma na sláinte íoctha agad faoi dheire, a ghiolla sin. Ba cheart go bhfaightheá luch pine (luck-penny) maith anois, agus cho fada agus a chaith tú dhá íoc." Ní raibh aonduine ins an teach nach raibh falrach gáirí air. Cuímneochaidh mé air go dteighidh na h-órdógaí orm. Dar fiadh cuímneochad
 
dearg 1
Tá do chois an-dearg. Léas atá uirre
 
An bhfeiceann tú an deatach sin thiar idir thú agus léas. Níl annsin ach gail thriomaigh. An-uair ag móin í ar chuma ar bith.
 
de
Ní raibh de lá ann an uair [sin], ach go bhfeicfeá duine idir thú agus léas ar éigin
 
Goirim agus caisricim thú! Tá deilín bainte agad as do mhéir anois. Ní fhéadfá gan sin a dhéanamh ort fhéin. Nach diabhaltach an cam srón birín a bhíos ort! Meireach ar eirigh dhuit anois, bheinnse do do léasadh an fhad agus a bhfaighinn (gheobhainn) teas in do chraiceann
+
deis
Níl an dearbhráthair atá ins an mbaile ag ól tada léis (tar éis) an deis atá ar an gceann atá inG. = aindeoin an bhail, an riocht, an chaoi, an staid a bhfuil sé
TUILLEADH (1) ▼
Is maith an deis atá ar an tír dá mbarr. Nach bhfuil na daoine bánuighthe aca. Má thugann sib léas chúig bhliana eile dhóib, beidh sib ag iarraidh 'u' (bhur) gcodach. Tuilleadh diabhail agaibh a ghéilleas dóib!
 
Tá an-dinndiúirí ag an dochtúr sin, adeir siad, agus níl rath ná ríoghacht air 'na dheidh sin. Má thóigeann an bhróig léas ar do sháil, fuadóchaidh sé isteach ag an aspuicil (óispidéal) thú
 
Is dramhsach dona an tsuaróigín do bhean a casadh air, faoi dheireadh thiar, léis (tar éis) a raibh de ghoittí aige. Go deimhin is gearr an bás uaithe, nó tá sí féin agus a cosamhlacht in aghaidh a chéile
 
Chonnaic mé fear ag déanamh orm idir mé agus léas. Shíl mé i dtosach gur duine de mhuintir na dTamhnachaí a bhí ann. An uair a bhí sé tuairim agus leath-bealaigh go dtí mé, d'ionntuigh sé soir adtuaidh. "Dar príosta" arsa mise, "is gearr go mbeidh a fhios agam cé atá ann … "
 
D'fhéach sé mé dólámhach a chur in aer 'léis (tar éis) nach cheal a shaothruighthe é. Ach tá an-scráib-neart ann. Agamsa atá a fhios é
 
Dhá gcuireadh sé an dubhradán dubh aníos dhá phutóig, dheamhan fód a choinneochadh sé casta do Sh., léis (tar éis) a raibh de ghaisce aige. D'athruigh siad annsin — eisean ar an gclaise agus S. ag casadh an bhuird — ach rinne S. puca dhó (de) aríst. Bhí maith dhó a bheith ag coimhlint leis siúd!
 
Ní raibh ag dul faoi ná thairis leis an fhad seo ach léasadh a thabhairt d'E. "Nuair a bhéarfas mise air cuirfidh mise faoi ndeara dhó, feicfidh sé féin air." In a leabaidh sin, 'sé E. a thug an léasadh dhó-san lá an aonaigh. Thug agus léasadh diabhalta