téigh ag
1.
+–
Chuaidh ag an bhfonn ar an bhfaitíos air = dhá mhéad faitíos dhá raibh air roimh rud eicínt a dhéanamh, bhí ní ba mhó ná sin d'fhonn air a dhéanamh, agus rinne sé é aindeoin an fhaitís
Chaith sé an oíche ag forcabhás uirre, agus thob ann agus thob as aige, ach ní leigfeadh an faitíos dó drannadh léithe in a dheidh sin. Bhí an oíche dhá chaitheamh agus gan an mhaith dhá dhéanamh, nó gur thosuigh an bhainis ag scaipeadh ins an deireadh. Tháinig an jug timcheall agus d'ól sé dhá ghloine as. Annsin chuaidh ag an bhfonn ar an bhfaitíos air, agus anonn leis gur bhuail sé bleid uirre …
TUILLEADH (1) ▼
Is dona an fear thú feasta choidhchin. Bhí fonn ort a dhul isteach go bhfeicfeá céard a bhí ann, ach ní dheachaidh ag an bhfonn ar an bhfaitíos ort in a dheidh sin. Dhá mbeadh diabhail Ifrinn ann frén a chéile, ní bhacfaidís mise gan a dhul isteach dhá gcaithinn in mo cheann é. Ba bheag an baoghal
+–
Chuaidh ag an ngáire ar an ngol air 'nuair a chonnaic sé an ceann eile dhá bhualadh freisin
Chuaidh ag an Sasanach ar an nGearmánach ins an gcogadh deireadh, agus is cosamhail gurb amhlaidh a bhéas sé anois freisin. Beannacht Dé dhuit! Tá easarlaidheacht eicínt ag Sasana nach féidir a bualadh. Ní féidir muis
TUILLEADH (4) ▼
Nach ndeachaidh ag an gCondae seo ar Chiarraidhe anuiridh ins an "bhFootball". Tá buachaillí maith ins an gCondae seo féin fós
Bíodh ciall agad! Chuaidh ag Debhelera ar an gCoscarach le trí nó ceathair de "turnachaí" anois, agus ná ceap thusa go bhfuil dream ar bith eile indon cinneamhaint ar Debhelera. Níl muis agus ní bheidh le congnamh Dé
Chuaidh ag an ocras ar an náire, agus bhuail mé isteach idteach i leathtaobh an bhóthair agus d'iarr mé greim bidh in onóir Dé. "Níl aon-ghreim cháca bruithte ins an teach" adeir suaróigín bheag a bhí ann
Aindeoin cho mór agus atá sé léithe, ní chaithfeadh sé cianóig ruadh uirre. Bhí sé inG. annseo lá agus thug sé isteach i dteach bidh í. "Cé mhéad a thiocfas dhá dhinnéar orm" adeir sé leis an gcailín. "Coróin" adeir sí. "Agus dhá chupán tae" adeir sé, "leath-choróin" adeir sise. Shiubhail sé amach aríst. Ní leigfeadh an crádhas croidhe dhó dhá chupán tae féin a sheasamh. Nuair a chuaidh an crudh ar an tairnge, chuaidh ag an gcruas ar an ngrádh airsean. Is fada dhó a shaoghal ar chuma ar bith agus an cion atá ar an airgead aige
2.
·
Tá sé ag dul ag an dó = ag tarraint ar an dó a chlog
Féach freisin
→
ag
téigh ag in iontrálacha eile (50+)
+
→
faitíos
M'anam nach ngabhfaidh mise ag imirt leat. Fagh cearrúch eicínt eile anocht. Th'éis mo shé scilleacha a chailleadh aréir gan ionú ar bith! An té a bhuailtear san gceann bíonn faitíos air a mhic ó!
TUILLEADH (6) ▼
Chuaigh an faitíos cráite air cheana. Tá sé ag dul chun dánaíocht aríst muis
Tá sé ag dul chun faitiais ar an bhfear seo istigh
Bhí faitíos aige roimh an deartháir, ach chuaigh ag an bhfonn ar an bhfaitíos air in a dhiaidh sin, agus thosaigh sé ag spochadh léithi. Diabhal easna den deárthair nach dteagann isteach, agus nach mbeireann air …
B'fhada a chaith sí idir fonn agus faitíos, ach chuaigh ag an bhfonn ar an bhfaitíos uirre san deireadh, agus m'anam ón diabhal go ndeachaidh sí ag an damhsa. Tháinig an t-athair i lár an mheán-oíche thall agus fás fuinnseóige aige, agus thosaigh sé ag gleáradh an dorais leis …
Is fear i bhfaitíos é anois, nó tá mise ag dul amú! = tá an-fhaitíos air
→
fara
"Och, och," arsa an chearc, agus í ag dul ar an bhfara, "Nach brónach agus nach deacrach é ábhar mo scéil. Céile mo leabthan, agus athair mo chloinne Ag dul san áit nach bhfillfidh go héag" (As "Cearc agus Coileach")
An gcuimhníonn tú ar an lá Nollag a raibh muid ag ól thoir tigh Ph. Sh.? Tháinig M. P. Th. isteach agus d'ól sé buidéal pórtair. Chuaigh an láimh síos san mbrollach, agus go deimhin tháinig sí aníos [le] sparán a raibh ceangal air! D'ionntaigh sé a chúl linn gur thug sé an t-airgead aníos as, agus gur chuir sé taisce aríst ar an sparán faoin gcích. An dara buidéal a d'ól sé, chuaigh sé siar san sáinn siúd ar chúla an tsiopa leis an sparán a bhaint aníos aríst. Le earasbár a chur ar an gcuibhiúlacht. Deile? = chuaigh sé ar cúlráid i riocht agus go mbeadh cuibhiúlacht ní b'fhearr aige le luach na dí a fháil
+
→
feadhain
Sé T. an té is measa liom ar an bhfeáin aca. Sé agus dhá mbeadh an oiread eile ann. Tá an croí mór aige. Dheamhan fear ariamh a rug ar scilling is lú scruball inte ná é
TUILLEADH (1) ▼
Níl garraí ar an bhfeáin agam nach bhfuil foirghe mar sin. Dheamhan uabhar i dtada ar chuma ar bith, ach i ngiosadáin. Níl ann ach an uair a bhíodh feamainn ghaineamh ag dul idir stucaí go mbíodh an talamh salach. M'anam gur sailighe go fada anois é tharéis nach bhfágtar gionnóid shalachair ann
+
Sin feánach atá ag dul chuig an damhsa atá ag an sagart. Ar chuala tú céard adúirt S. an Gh. faoi? "Is gradha an saol é! Is gradha muis", adeir sé. "Cuimnímse fhéin — agus ní hé an fhad sin ar an saol mé — go mbíodh sagairt ag sciolladh agus ag scóladh den altóir ar dhuine ar bith a ghabhfadh amach ag damhsa, de shiúl oíche. Anois tá siad dhá bhfuagairt ón altóir, agus ag maoidheachtáil leo a dhul ann, agus mara dteighe, dar fia is cam a bhreathnós siad orra lár na mháireach má chastar leo i mbóthar ná i mbealach iad! Is gradha an saol e! Is gradha sin!
TUILLEADH (2) ▼
Chonnaic mé ag dul Gaillimh í an lá faoi dheireadh agus feánach bainne aice i gcarr asail = ancord nó coire
Ag líonadh feánach móna ar an asal a bhí mé nuair a bhuail sé chugam aníos. "Tá 'fire' agus gríosach dhá dhéanamh ar mo chuid móna-sa", adeir sé. "Dheamhan fód dhá fhágáil agam. Beidh a shliocht orra muis. Gabhfaidh mise ag faire, agus an té a mbéarfaidh mé istigh air i mbéal na cruaiche, sin ní fhágfaidh sé".
→
feanc
Chaith mé an lá ag dul di le gró (do chloich), ach dhá naomhtaí mé, ní fhéadfainn feanc a bhaint aisti. Dar príosta, ní bhainfinn
+
→
fearacht
Ní bheinnse fearacht cuid eile de na daoine chor ar bith. Níor mhaith liom ariamh an dá chroí a bheith agam. Déarfainn amach an rud gan frapa gan taca, sin nó leigfinn dó. Ní bheinn ag dul siar i mbéal duine agus ag maoidheachtáil leis, agus an buille feille a thabhairt dó taobh thiar dhá chúl in a dheidh sin
TUILLEADH (3) ▼
Chuaigh sé amach go doras fearacht's dhá mbeadh rún aige a bhualadh, ach d'fhill sé aríst
Chonnaic mé ag dul síos an bóithrín ar ball é a fhearacht's dhá mba ag dul abhaile a bheadh sé. Má sea fhéin, tá sé in am sin aige, agus gan a bheith ag leádrán annseo níos fuide.
Chaith sé deich bpunt ag dul ann agus ag tiacht abhaile aríst. Ní raibh call ar bith dhó a dhul ann 'fhearacht sin (a fhearacht siúd) = ach an oiread le scéal, ní raibh call ar bith dó a dhul ann
Thug J. amach an láirín agus é ag dul suas go F. "Ní fré chéile a chacfas sí seo" adeir sé, ag déanamh gaisce aisti. "Fan go bhfeice sib mise ag dul soir an bóthar sna feire glinnte uirre". Dheamhan dhá choisméig a ghabh an capall nó go raibh bualtrach déanta aice!
+
→
feáin
Níl fí ná feáin air ó mhaidin ach ag dul Gaillimh bog te más fíor dó fhéin. Sé an chloch is faide siar ar a pháidrín é muis! Ní chorródh fear agus píce as an gclúid siúd anois é. Tá a chuid Gaillimh ar iarraidh
TUILLEADH (1) ▼
Ní raibh fí ná feáin air go bhfádh sé a dhul ar an Achréidh i mbliana. Ach is cosúil nar thaithnigh leis! Dhá mhéad scímhle a bhí ag dul soir air, bhí a dhá oiread sin ag teacht anoir aríst air. Leabharsa dhuit ní hé an chéad duine aríst é a bhfeicfidh tú a láighe ar a ghualainn aige ag dul ar an Achréidh!
+
→
fios
Ní fhéadfadh aonduine é sin a rádh ach an té a mbeadh fios aige. Caithfeamuid foighid a bheith againn. Is maith an scéalaí í an aimsir.
TUILLEADH (3) ▼
Ní bheadh aon-ghnatha ag aonduine bualadh faoi an rud sin, ach an té a mbeadh fios na róthlachaí aige. Is ceird chontúirteach í
'Ar ndú ba cheart go mbeadh fios na rólachaí agadsa feasta. Tá tú sách fada ag dul go dtí oifig an "dole" ar chaoi ar bith.
Ná teirigh suas ag an damhsa sin anocht. Níl a fhios go té sin. Dhá mbeadh bléitheach ólta ag an ngrisc sin as L. ba bheag an tsuim a bheadh aca gléasadh buailte a thabhairt duit
→
fliuch 2
Dheamhan méirín fhliuch a leag an máistir faoi dhó ariamh air, agus chuaigh sí soir ag sciolladóireacht air in a dheidh sin. Sin í an mháthair agad: ag borradh le cantalóir de ghasúr. Is gránna é a ceird
→
fliuchán
Fuair sé sin neart an fhliucháin (go leór báistí etc.) roimhe seo, agus anois atá sé ag dul roimhe
+
→
focal
Bíodh an deagh-fhocal ag an té a bhíos ag caint. Deir siad nach mbriseann focla maithe fiacla
TUILLEADH (2) ▼
M'anam muise gur thug sé cneamhaire air idtosach, ach nuair a ceisníodh faoi é, chuaigh sé ar ghabhail an fhocail. Ba mhian leis a rádh annsin, nach raibh sé ach ag magadh, agus nach raibh sé ag samhailt cneamhaireacht 'ar bith leis
Shíl mé go sceannfaí é. Dhá gcloistheá é ag caint le na hamhais sin thiar. Níl modh focail ar bith aige. Mharóidís an té a bheadh tláth leó, ach diabhal araoid ar bith a chuir siad airsean th'éis nach raibh sé ag tabhairt sásamh ar bith faoin domhan dóibh
→
foilsigh
Ba deacair dóibh an t-ádh a bheith orra, go mba leó fhéin uainne é. Shíl siad go raibh siad in a rith seóil ceart críochnuithe anois. Bhí a dhá láimh timpeall ar an saol. Ach is ag Dia is fhearr a fhios. Foillsíonn Dia an chneamhaireacht agus an mí-scruball i gcomhnaí. Is fada ar an saol mé agus níl aon-lá ó tháinig cuimhne dhom nach h-amhla a fheicim é. Chuala tú an scéal faoin bhfear a chonnaic fear eile ag marú duine agus dhá chur ingan fhios. Mhionnuigh sé agus mhóidigh sé mara bhfoillsíodh Dia é, nach mbeadh aon-áird aige fhéin ar Dhia níos mó. D'fhan mar sin. Chonnaic sé go raibh an saol ag féithiú leis an té a rinne an marú … Sin é an chaoi a raibh sé. Bhí fear eile marbh cheana ag an té a maruíodh. Nach maith gur fhoillsigh Dia an choir sin!
→
foirm
Tá fólaim ortsa, bail ó Dhia agus ó Mhuire ort, ach má sin í do chuid cainte anois go raibh dhá Naomh Pádraig ann, ná bactar leat! Nach deas uait a dhul ag cumadóireacht … Eiriceach a bhí san té adúirt é sin. Níl an rud sin i gclár ná i bhfoirm, agus ná géill thusa do'n fhear sin. Nachar chuala muid ariamh nach raibh ann ach aon-Naomh Pádraig amháin, moladh go deó leis
→
folach 1
Dheamhan mála ag gabhail liom ach folachín. Ceannaíodh cupla mála anuiridh, ach níl snáth dhíobh indiaidh a chéile anois. Chuaigh siad síos san dá theach sin thíos, agus chuir siad sin a gcaoi fhéin orra
Ní fhéadfaí gan breith air. Theigheadh sé ro-fhollasach ar an abhainn. Nar fhéad na maora é a fheiceál ag dul ann chuile phuinnte
→
framsáil
Is tarbh oilbhéasach é sin aige. 'Bfhaca tú ariamh é ag framsáil agus duine ag dul thairis an bóthar. M'anam go gcuirfeadh sé a smut amach thar chlaidhe go dtí thú!
+
→
freagair
Ach meastú cén chaoi a maireann a bhfuil ag iarraidh a gcodach i nGaillimh chor ar bith? Tá an baile mór foirghe anois. Foirghe ceart. Ní ghabhfá dhá choisméig nach mbeadh duine ag dilleóireacht ort. Agus iad cho spleách cho anshóiteach! Sea agus cuid aca beathaithe bláfar! 'Ar ndó is den tsonas an achainí, ach den donas a bheith dhá freagairt. M'anam an té a thiúrfadh áird orra siúd, gur ghearr gurb é mála na déirce a bheadh air fhéin!
TUILLEADH (1) ▼
Is beag nach bhfuair mé na seacht mbáis san gcurach nuair a chonnaic mé an mulán ag freagairt róm, agus an churach ag dul caol díreach uirri.
Cáid ag dul chuig an gcoláiste sin anois é? … Seacht nó hocht de bhlianta. Agus gan aon-chosúlacht air críoch ar bith a bheith air fós! Eiríodh sé as agus iarradh sé an "dole". Ba é ba samhaoiní dhó. Is olc an rud a bheith ag iascach ar pholl gan freagairt.
→
froigisí
Tá na seálta fruigisí ag dul i léig. Seálta dubha is mó atá ag teacht amach anois. Chreidim gurb iad is fhearr l'aghaidh na strácála, agus nach mbíonn an salachar cho sunntasach orra le na seálta eile
Thainig an bullán mór sin aige isteach an bhearna chugam trathnóna agus thoisigh sé ag bualadh na mbeitheach orm. Dheamhan a leithide d'fhudarnéis a chonnaic tú ó chuaigh tú in ord Mhuire agus a bhí ionn. Shíl mé nach bhféadfainn a chur amach chor ar bith
Is breá scolbánta an fás fir é bail ó Dhia air! Chonnaic mé ag fuiléimneach annsin thíos in éindigh le na gearrbhodaigh Dé Domhnaigh é, agus má bhí fhéin dheamhan tuilleamaí a bhí aige le ceachtar aca. 'Ag dul in a mháistir scoile atá sé siúd?
+
→
fág ag
Fág é sin ag an dul amú
TUILLEADH (1) ▼
Fágaim ag mo Shlanaíodóir nachar dhúirt mé smid ná smeaid faoi ach an oiread leis an té nar rugadh
+
→
fág i
Beidh bladar aige sin leis an té a fhágfas aon-phínn aige
TUILLEADH (1) ▼
D'fhága mise i bpian anois é. Níl a fhios aige san míádh cá bhfuil mé ag dul = tá sé ag déanamh imní dhó fios a fháil cáil mé ag dul
→
fág
Is diabhlaí an ghlaomaireacht atá ort faoi do shean-chaipín. 'Ar ndó' níor fhága sí an tír. An rud nach ngoidtear fáitear é, adeir siad, agus scéal cinnte nar goideadh do shean-chaipín-sa. Bheadh féirín ag an té a ghoidfeadh muis!