Foclóir Mháirtín Uí Chadhain

Dé Céadaoin (7)

 
Gabhfaidh mé ag iarraidh na hola (lampa) amárach faitíos na fálach. Mura mbeidh t'ainm istigh agat Dé Céadaoin, dheamhan striog a gheobhas tú — ar fhaitíos go dtarlódh tada idir sin agus an Chéadaoin nach mbeadh sé in ann a dhul chuig an mbeairic lena ainm a chlárú
 
Fuagraímid dea-chomharsanacht orthu: síocháin barainneach inniu Dé Céadaoin (Déardaoin srl.) — fuagraímid dea-chomharsanacht agus síocháin Dé orthu (fc. comharsa)
+
deilbh 1
Ní dheilbheoidh muid é Dé Céadaoin. Tá geis ar an gCéadaoin a dheirfiúr mo chroí. "Bearradh Luain nó deilbh Chéadaoin, ní raibh ariamh gan osna nó éagaoin"
TUILLEADH (1) ▼
Diabhal a ndéanfaidís aon deilbh Dé Céadaoin fadó, dhá bhfaighidís Éire bronnta orthu. Bhídís ag ceapadh dhá ndéanadh, nach mbeadh aon lá den ádh orthu. Bearradh Luain nó deilbh Chéadaoin adeiridís
 
dia 2
Thug sé an Mháirt leis, ach b'fhurasta a aithinte air go raibh sé deireanach. Bhásaigh sé tráthnóna Dé Céadaoin.
 
Diabhal mórán drabhláis muise sa tobac ach an oiread leo sin atá tusa a chaitheamh. Meas tú an dtáinig mé leis an dá stoipéad (plug) an tseachtain seo a ghabh thart. Dé hAoine a cheannaigh mé ag an bpinsean iad. Sách sportha a bhí siad san oíche Dé Céadaoin a bhí chugat. I nDomhnach, b'éigean dom "an gaimbín" a fháil théis am dinnéir Déardaoin le mé a thabhairt go hAoine aríst. Níl an drabhlás sa tobac anois mar a bhíodh fadó. Sin nó tá mise ag déanamh éagóir orm féin
 
"Tráthnóna Dé Céadaoin ar na drochóirí dóibhsean; Tháinig fear ceoil ar an mbaile" (amhrán — Creathnach Sheáin Boirne) — sa tráth contráilte dóibhsean; i dtráth an chat mara dóibhsean; níorbh fhearrde iadsan go dtáinig sé, arae ba tuar mí-áidh agus mísce dóibhsean a theacht, agus go háirid an tráth a dtáinig sé