Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
// ach /ᵹā/ go hiondúil
aidiacht uimhreach
glacann sé foirm an uimhir dhé, mar a bhíos i gceist sna leabhra gramadaí ach tá athruithe anonn is anall ann. Chuirfí na mar alt roimhe amantaí .i. na dá bhróig; an bhfeiceann tú na dá shúil atá aige; cloigne na dá chapall, ach deirtear an freisin, agus b'fhéidir níos minicí.
leanann tuiseal ginideach iolra an uimhir dhé, agus focla den cúigiú díochlaonadh go háirid, gnáthleagan na canúna .i. trácht an dá cheárta (ní an dá cheártain mar níl ceártain sa gcaint); barr an dá bhalla; méarachaí an dá láimh (ach deirtear an dá lámh corruair) srl. Fágtar an t-aidiacht san uatha scaití .i. an dá bhosca bheag sin.
1.
a.
+
Tá tú idir dhá dhoras na gaoithe ansin — duine ina shuí agus an seoide ón dá dhoras air
Tá sé in ann snámh idir dhá uisce
TUILLEADH (7) ▼
Níl rud ar bith is mire ná cat idir dhá theach
Tháinig mar a bheadh iomghaoth ann idir dhá cheach orainn agus bhuail ré roithleagán an churach ar an toirt
Tá sé ag mianadóireacht idir dhá leachta ansin thiar — ag iarraidh a bheith ag cur (fhataí nó eile) i dtalamh clochach
J. B. agus bean mhór bhog aige idir dhá thom shaileánaí ansin thuas — b'olc an dóigh d'fhear bean den tsórt sin nach mbeadh mórán déantús maitheasa inti, agus a bheadh mórthráthach, ar thalamh driseach saileánaí
Bíonn sé ag imeacht idir dhá thulán ansiúd mar a bheadh lon dubh ann — ag dul de léim ó thulán go chéile; fear sléibhe
D'imigh mise i gcoinne na mbeathach agus cheangail mé sa gcró iad, agus tháinig seisean idir dhá am — ó chuaigh mise amach i gcoinne na mbeathach nó go dtáinig mé isteach aríst
Níor mór don bhréim sin dhá uisce a bheith faoi: uisce anois agus uisce aríst — an t-uisce a bhaint uaidh nuair a bheadh sé faoiscthe agus uisce eile a chur faoi
+
Tá an-fhiuchadh aige sin. Ní mór dhá fhiuchadh a bhaint as — a fhiuchadh faoi dhó
Tá dhá iontú ag an gcarraigín sin — nuair a bheadh sé ar tuar, chaithfí a iontú faoi dhó le go mbeadh sé sách tirim
TUILLEADH (4) ▼
Tá dhá ligean amach ar an bhféar sin — ní mór a ligean amach faoi dhó
Beidh dhá dhéanamh air anois: do dhéanamhsa agus an duine a chaithfeas a dhul air in do dhiaidh
Dhá ghlas caorach atá sa gculaith sin (fc. glas)
Bíonn dhá shuaitheadh ar an moirtéal sin
+
Deir siad go bhfuil an dá leathpharóiste sin le cur ina chéile agus paróiste nua le déanamh astu
Tá an dá leathbhaile seo buailte d'uireasa feamainne
TUILLEADH (13) ▼
Bhí an dá Sháile Chuanna uileag ann — muintir an dá Sháile Chuanna; dhá bhaile agus Sáile Chuanna ar chaon cheann: Sáile Chuanna Thoir agus Sáile Chuanna Thiar
Tá an dá Árainn eile an-bheag — an dá oileán eile de na hÁrainneachaí (d'oileáin Árann)
Tháinig an soitheach mór isteach Sunda Ghríora agus thug sí an dá Árainn aniar léithe — sheol sí aniar thar dhá oileán Árann
Tá an dá Bhanra folctha — an Banra Beag agus an Banra Mór; dhá charraig mhara
Cheap mé an dá bhóithrín a thabhairt liom — a dhul síos an bóithrín thiar agus aníos an bóithrín thoir — agus mura bhfaighinn ar an méid sin é, sneachta a chaitheamh ar a lorg
Ní raibh aon fhear maith ariamh idir dhá abhainn — an abhainn thoir agus an abhainn thiar
'Sé an ruta seo anois idir dhá abhainn an áit is boichte in Éirinn
Ní fhágfaidh sé fear idir dhá dhroichead nach maróidh sé
An tSráid idir Dhá Dhroichead (fc. droichead)
Tá hocht dteach is dá fhichead idir dhá Chuigéal
Tá an dá bhealach ann: an Daingean agus an Ceann — d'fhéadfadh bádóirí a dhul go Ros Muc timpeall Cheann Gólaim, nó suas an Daingean; tá dhá chaoi le rud a dhéanamh srl.
Bhí an dá Phádraig anseo anocht — beirt agus Pádraig ar chaon duine acu
Tá an dá mháistir scoile pósta anois
·
Tá mé idir dhá Mhac Uilliam (/wakəʟ′īəm/) — idir leic is losaid; idir ord is inneoin; i ladhar an chasúir; a bheith i dteannta. Deirtear idir dhá bhata Liam freisin. Cuimhne é, b'fhéidir, ar chogaí Mhac Uilliam Uachtair agus Íochtair
+
Téanam an dá chailleach agus gan aon chailleach ag teacht — duine a bheith ag iarraidh freastal de dhá rud in éindí agus gan aon déanamh ar cheachtar acu, nuair nach mbeadh sé in ann a dhúthracht a chaitheamh le ceachtar acu
Tá sé ag iarraidh a bheith ag freastal do thalamh agus é leath na gcuarta imithe ag cruinneáil an rud eile sin. Sin é téanam an dá chailleach agus gan aon chailleach ag teacht. Ach 'sé an chaoi a mbeidh sé as a dheireadh, ní bheidh Murchadh ná Mánas aige
TUILLEADH (1) ▼
Níl Gaeilge ná Béarla ag an dream óg sin an taobh suas anois. 'Sé téanam an dá chailleach é agus gan aon chailleach ag teacht
+
Chuala mé fothramán mar a bhuailfí dhá chlár an domhain faoi chéile — fothramán gártha
Ní bheidh aon lá suaimhnis aige lena shaol aríst má phósann sé a hinín sin. Beidh sí rite siar aige i gcónaí idir dhá shíon lena bhánú — chuile fháfall nó chuile dheis dhá bhfaighidh sí, beidh sí go dtí é dhá shladadh
TUILLEADH (2) ▼
Lá idir dhá shíon é
Is beag atá idir dhá scéal aige sin — tá sé luathintinneach, teagann malrait intinne dhó an-éasca; tugann sé áthas ar bhrón, nó an bharúil seo ar an mbarúil siúd go rísciobtha
b.
+
Tá dhá intinn ag an nG. — dhá chineál tréathra nach bhfuil aon chosúlacht acu le chéile; dual personality
Tá an dá bhealach leis sin — tá sé cneasta agus cam; tá sé le dhá dhream polaitíochta san am céanna; nó a leithide ba leat uileag é, ach bheadh sé amhlaidh le do dheargnamhaid freisin
TUILLEADH (1) ▼
Tá sé idir dhá chomhairle
+
Bhí sé ar nós gasúr a dtiocfadh dhá chroí dhó nuair a d'fhágfaí ón scoil é — tháinig an-ríméad air
Tháinig dhá chroí dhom nuair a chuala mé ag caint thú — lúcháire
TUILLEADH (3) ▼
Sin é féin, fear an dá chroí — slíomadóir; bhréagfadh sé thú agus d'imreodh sé ort
Seachnaíodh duine an té a bhfuil an dá chroí aige. Liomsa is leatsa agus liomsa aríst, mar adeir an ceann eile
Ná tabhair aon aird ar fhear an dá chroí. Cuirfidh sé an chluain ort agus fágfaidh sé ansin thú
c.
+
Tá mo dhá ordóig briste (baill mar seo a bhfuil péire díobh ann deirtear leo go hiondúil ach níl an riail chomh géar agus atá sí sa mBreatnais le baill na colna)
Bhí an dá shúil ag dul amach thar a cheann le scéin (le dúil sa mbeatha; ag breathnú orm srl.)
TUILLEADH (14) ▼
Tá mo dhá chois seacáilte
Níl an dá chluais go dona agam, ach leathchluais
Is maith an fear é sin ar dhá mhaide rámha déarfá!
Tá mo dhá sháil amuigh thrí mo bhróga
"Dhá chluais choinín i dtoimín fhéarach" (as rann páiste)
Shílfeá gur dhá leath deiridh cait atá air!
Tá dhá spreangaide de dhá chois air agus iad chomh scaipthe agus go bhfuil ceann acu i chaon leathbhaile den dá leathbhaile
Tá dhá leiceann (dhá phluic, dhá ghrua srl.) chomh beathaithe air!
Is geall le smutáin an dá ghéig láimhe atá air, bail ó Dhia agus ó Mhuire air
Dar príosta tá dhá mhása feola uirthi ar chaoi ar bith!
Tá siad ag tuíodóireacht anois ar dhá leathchaoin an tí
Níl iontu ach dhá leathbhróig — ní hiad an péire céanna bróg iad, cé go mb'fhéidir gurb iad bróga a chéile iad
Dhá leathchois atá air — duine a mbeadh marach eicínt ar a chosa, mar dhóigh dhe nach raibh an dhá chois feilteach dhá chéile
Chaith mé dhá leathráithe ann — leathráithe anuraidh agus leathráithe arú anuraidh
d.
+
Dhá uair (faoi dhó), dhá scór nó dhá fhichead; dhá chéad; dhá mhíle; dhá mhilliún; dhá dtrian srl.
Bhí sé dhá uair anseo
TUILLEADH (5) ▼
Tá sé dhá uair chomh mór leis
Bhí dhá dhuine dhéag ann (dhá dhuine fhichead, dhá dhuine is fiche, dhá dhuine dhéag is fiche, dhá dhuine is dhá fhichead nó beirt is dá fhichead, dhá dhuine dhéag is trí fichid, dhá phunt is cheithre fichid srl.)
Bhí dhá chaora dhéag is dhá scór aige
Tá dó is pínn agam (2s. 1d) (dó is dhá phínn … leathchoróin … dó is aon phínn déag)
Thug mé dó is dhá fhichead air (£2 2s) (trí is dá fhichead, deich is dá fhichead, dó dhéag is dá fhichead, … seacht déag is dá fhichead srl.)
+
Tá a dhá airde ann
Tá mo dhá mhéadsa ann
TUILLEADH (8) ▼
Tá bóthar na G. a dhá fhad
Tá a dhá oiread sin anseo
Tá mo dhá théagarsa sa mbean sin — tá an bhean sin mo dhá théagarsa
Níor mhór dhuit a dhá leithead sin
Ara, cén 'is gaire é do Gh. ná S.' Tá sé a dhá ghaireacht ar a laghad ar bith
Tá sé deacair go leor cailín ar bith a fháil ach tá a dhá dheacracht cailín ar fónamh a fháil
Tá an ceann (rothar) sin agat sciobtha go maith, ach tá sé seo a dhá éascaíocht. Cuirfidh mé geall leat
Níorbh fholáir duit maide a fháil a bheadh a dhá spreacadh sin. Is beag an baol air sin a choinneáil
e.
+
Déan dhá leith dhe — dhá chuid chomh-mhóra
Tá mo chloigeann ina dhá leith le tinneas cinn
TUILLEADH (4) ▼
Tá an baile ina dhá leith anois — é ina dhá dhream agus iad in aghaidh a chéile
Déan dhá leith den cháca
Ní fhéadfaidh duine dhá leith a dhéanamh dhe fhéin. Ba deacair domsa a bheith in éadan féir agus i ndiaidh beathach — ní fhéadfaidh an gobadán an dá thrá a fhreastal
Cén chaoi a bhféadfaidh mise a dhul ann mura ndéana mé dhá leith dhíom féin? Nach bhfeiceann tú nach bhfuil aon ghair agam corraí as seo
2.
+
An dá lá is beo mise aríst, ní fheicfidh tú anseo mé (an dá lá agus a bheas mé beo, an dá lá agus an fhad is a mhairfead) — choíchin
Níor bhain sé dhá fhata — níor bhain sé ach glaicín bheag
TUILLEADH (18) ▼
Níor chuir sé dhá spreab le seachtain — is beag a chuir sé
Ní dheachaigh mé dhá choisméig nó go bhfaca mé romham é — achar ar bith
Ní bheidh mé dhá mheandar amuigh
Níor dhúirt sé dhá fhocal cainte ar feadh na hoíche
Níor ith mé dhá ghreim le seachtain — ba bheag a d'ith mé
Níor chodail mé dhá néal aréir
Ní fhaca mé an fear céanna dhá uair ariamh — ní minic a chonaic mé é
Ól dhá bhlogam tae — braoinín
Ith dhá ghreim
Cuir dhá iomaire fataí — beagán
Níl dhá fhód móna bainte aige
Níor thug sé dhá lá ar fhónamh uaidh ó tháinig an bhliain
Ní thabharfainn dhá thufóig air — duine nach mbeadh aon mheas agat ar a ghníomh nó ar a thréathra
Níl díol dhá luchín curtha aige (d'fhataí, d'arbhar srl.)
Níl dóthain dhá chearc de choirce aige
Dhún sé a dhá dhorna le mé a bhualadh
Rinne sé de dhá léim é — an-sciobtha; mear
Dheamhan dhá chor go raibh sé déanta aige — dhá mheandar
+
Tá dhá dtrian sainte acu — is beag eile atá ann ach saint; saint ar fad é; tá an oiread sainte ann agus nach bhfuil áit ag cáilíocht ar bith eile ann
Tá dhá dtrian oilc ann
TUILLEADH (1) ▼
"Dhá dtrian cainte ag lucht póite"

Féach freisin

dara

in iontrálacha eile (100+)

+
abair
Tá do dhá dhíol ar fad le rá agat
TUILLEADH (23) ▼
Mac maith atá agam, ní as ucht mise dhá rá é — tá sé go maith agus ní ag déanamh gaisce as atá mise más mé a athair féin
Ón lá ar phós mé an bhean sin, ní raibh easpa punt ná scilling orm, ní as ucht mise a bheith dhá rá é
'Agus a chailín bhig óig, ná pós thusa fear an dá chroí,' mar adúirt an té adúirt é
Abair "ábab" agus ná buail do dhá chlab faoi chéile — rud adeirtear le gasúir. Ní féidir na bannaí a rá gan do dhá chlab a bhualadh faoi chéile
Cuirfidh mé geall leat nach n-abróidh tú "ábab" gan do dhá chlab a bhualadh faoi chéile
Abair nár bhac fear le cur ar bith, ach tosaí ag baint mhóna sa Márta, agus tosaí ag cur potaí nuair a thiocfadh séasúr na gliomadóireachta, meas tú nach mó a bheadh dhá bharr aige, ná a bheith dhá mheath féin ag tochailt idir dhá chloich sna breaclachaí sin amach — cuir i gcás
Abair gur cheannaigh tusa leota feola agus go dtáinig tú aniar abhaile agus gur chaith tú trí nó ceathair de laethantaí dhá slamairt, nár shomhaoiní dhuit é sin, ná sceimhil a chur ar do bholg ansin thiar le piontaí pórtair
Diabhal a chois ná a chnáimh a ghabhfadh ann, dhá mbeinn leis nó go gcaithfinn mo theanga. Anois céard adeir tú le Gaillimh agus gan ann ach baile beag! Nach maith luath atá sé ag dul ó smacht
Deir tú leis a bhí ar an bportach inniu roimh lá. A Dhia dhá tharrtháil muis! Is cor sa saol é sin
Déarfainn go bhfuil olc dhá bhualadh — ceapaim; ach tá sé an-choitianta mar seo sa modh coinníollach
Déarfainn gur bocht an chaoi dhá leithide a bheith teáltaithe istigh sa teach sin chuile ré solais agus iad sin ag magadh faoi
Dhá mba é an Seoigheach a bheadh ag caint déarfainn fear maith leis, ach an scráibíneach sin — déarfainn go mba fear maith é
Ní abróinn nach ndéanfadh sé é freisin dhá gcaitheadh sé ina cheann é
Deir siad nach ligfear duine ar bith go Sasana, dhá mbeadh an bhliain seo caite
Deirimse leatsa go gcuirfidh mise taobhach air dhá fhada go dtí é
Gheobhadh sé faoi na foraí é, deirimse leat, murach le ómós dhá bhean
Déarfá anois dhá seadaíodh an uair seo, gur gearr go mbeadh a seaneire (dasachaí) ar fhataí
Dhá bhfaighteá dhá lá eile air mar adéarfá, bheadh iarracht mhaith agat air
Is beag eile, mar adéarfá, a theastódh uaidh anois, ach dhá laghad sin féin, níl aon fháil agam air
Dhá dtéiteá ag an gcéad aifreann mar adéarfá, agus a dhul ann ansin gan méir a bhaint de do shrón, diabhal mé go mbeifeá ann in ucht an lae
Bhí sé dhá fheiceáil dom mar adéarfá, go n-éireodh rud eicínt dom
Bhí sé slata ann, mar adéarfá, dá mbeadh sé uileag as fad a chéile — cion sé slat a bhí ann
Tá dhá ghabháltas aige, dhá mbeadh sé uileag cruinn mar adéarfá, ach 'sé an chaoi a bhfuil sé ina sceidíní thall is abhus
+
Tá mo chroí istigh dhá rá liom nach ceart dom a bheith ag dul in éindí léithe: nach bhfuil mé ach dhá cur amú
TUILLEADH (6) ▼
Bhí sé ag rith mar a bheadh Dia dhá rá leis — sna feire glinnte; sna seala babhtaí
Tá sé ag báisteach mar a bheadh Dia dhá rá leis
Tá sé ag ól mar a bheadh Dia dhá rá leis
Bhí sí ag caint mar a bheadh Dia dhá rá léithe
Tháinig an mótar anoir an bóthar mar a bheadh Dia dhá rá leis
Lean sí an giorria mar a bheadh Dia dhá rá léithe
 
Ansin, slán an tsamhail, i gcaol an droma a sádh é. Dhá dtéadh sé ionga eile isteach, bhí sé thrína chuid aobha agus leagha na bhFiann ní leigheasfadh é. Is maith a chuaigh sé as
+
Chuaigh S. Bh. a bhí anseo thoir sna céadéaga. Sílimse go raibh sé os cionn cláir nuair a shuigh sé aniar aríst agus a rinne sé caint eicínt. Ar an dá luath is ar tugadh deoch dó, shéalaigh sé
TUILLEADH (4) ▼
Bhíodh an-chaint ar dhaoine a dhul sna céadéaga fadó, ach ní chloisfeá caint ar bith anois air. 'Sé an chaoi a raibh siad an uair sin, ar an dá luath is a bhfeicfidís ualach ar bith ag teacht orthu, chuirfí na hordógaí orthu ar an bpointe. Ba é a scil ann é, ba é sin
Ar ndóigh más fíor do na seandaoine, ghnídís uachtaí fadó sna céadéaga. Is beag na céadéaga atá ann anois, ach thú fuadaithe ag an séipéal chomh luath agus a aireofar an anáil imithe asat. Ní fhéadfaidís gan rud eicínt a theacht orthu an uair sin. Nach gcoinnídís seachtain dhá dtórramh iad
Chuaigh sé sin, nuair a bhí sé ina pháiste bheag, sna céadéaga le convaidhlsiuns (convulsions). Ba mhinic nach raibh a fhios a imeacht nó a theacht dó. Chuir mé trí thuras air ag tobar Cholm Cille dhá dtugadh Dia biseach dó. Thug, míle buíochas leis féin. Shrian sé as théis liostachais fhada. Sílim dheamhan aird ar na turais aige ina dhiaidh sin, ainneoin go mbíonn muid ag stróiceadh leis ag iarraidh air a gcur dó (dhe)
Tá an scanrachán seo thoir ag dul sna céadéaga le obair. Nach dona na gnaithí atá air a bheith dhá chur fhéin thar a fhulaing mar sin. Sínfidh na clochair siúd leis, feicfidh tú féin air. Níl rud ar bith in ann fear a shníomh ach ag briseadh cloch.
 
Chuir an gabha an t-iarann sa teallach agus ba ghairid go raibh sé dubhdhearg agus ansin cródhearg aige. Thosaigh sé dhá lascadh ar an inneoin ansin agus murar bhain sé dreas as ní lá go maidin é
+
daba
Ná bac leis an ngarraí siúd. Tá sé in a dhabaí uileag. Chuirfeadh sé cantal ort a bheith dhá chur
TUILLEADH (5) ▼
Dhéanfadh sé dúchan an tsaoil, ach ní bhíonn cuma curtha ar fhata ar bith ina dhiaidh. Bhí sé dhá lá ar páí agam sa ngarraí sin thiar anuraidh, agus b'éigean dom a bheith ag fuagairt air chuile mhionóid, na dabaí móra righne siúd atá sa gcúl láir a mhionú. Dheamhan an láí fhéin a chuirfeadh sé thríob
Má tá sé in ann an daba sin (feoil) a choinneáil leis féin i gcónaí, dheamhan cailleadh air. Amadán a bheadh ann dhá ndéanadh sé aon bhuille maitheasa agus fuíoll na bhfuíoll aige mar atá sé
Bhí an-tóir aige ariamh fhéin ar an daba, ach ba bheag nár chuir sé a shúil thar a chuid inniu. Bhí a dhá shúil iontaithe ina cheann. Murach gur éirigh Dia leis an cnáimh a chur aniar, ní raibh an nóiméad féin moille air go mbeadh sé tachta
Ar an dá luath is ar thosaigh an tsiúite, dheamhan easna dhíom nach sciobann an daba den phláta agus haway liom. Déarfainn go mba diomdhach an bheirt a bhí iontu nuair ab éigean dóibh a mbéilí a ithe tur tar
Ara tá chuile dhuine siar ansin ag fáil an daba eile sin — an dole — ar feadh na bliana uileag, agus is cuma leo sin sa diabhal, ach gan é sin a bhaint dóibh (díobh). Dhá mbaintí, bheidís réidh le K. gan mórán achair. Dheamhan mórán gnaoi ag cuid mhaith acu cheana féin air, ach tá siad i bhfaitíos faoin dole ina dhiaidh sin
 
Níl ann ach dádach. Ní fiú a dhul dhá ithe. Bíonn siad sceite ar fad an tráth seo bhliain
 
Is dalba an daibéad de bhean atá aige d'fhear chomh héidreorach leis. Dhá dtosaíodh sí siúd ag broimseálacht, bhí sé fánach aige aon cheart a bhaint di
+
Siúd í a raibh an daidhce uirthi. Dheamhan corraí dhá cois a dhéanfadh sí, théis gur iarr an mháthair uirthi a dhul amach agus na beithígh a bhleán. Agus chuala mé gurb éard a chuir uirthi é an áit nach ligfidís ag céilí i nD. Ch. í an oíche roimhe sin. Í a ligean chuig céilí go D. Ch. deich míle bealaigh, má tá sé taobh leis
TUILLEADH (2) ▼
Tá daidhce eicínt ar an sáirsint agus é a bheith chomh luaineach ar a chois anocht. Níor chónaigh sé ar feadh na hoíche ach ag dul ó chloigeann an R. go dtí ceann an bhóthair. B'fhéidir gur san airdeall ar M. atá sé. Más ea, béarfaidh sé air go siúráilte. Tuilleadh ghéar den chlampar aige — nach bhfaireann é agus aire a thabhairt dhá ghnaithe, agus fios aige nach bhfuil an ceann eile ach ag iarraidh breith thall air go dtuga sé chun cúirte é. Diabhal blas eile
Beidh daidhce air nó go bhfaighe sé daite é; agus gheobhaidh as a dheireadh. B'fhearr dhuit ag gabháil de chlocha ar do cheirteacha ná a bheith i gcleithiúnas a dhul ag baint aon cheart dó. Is fada atá sé ag rith leis, ach nuair a gheobhas sé é, gheobhaidh sé in éineacht é, agus is fada dhá thuaradh dó féin é
+
Is daidhciúil an mhaise dhuit é. Mise i mbannaí dhuit dhá bhfaighteá neart slaite gur maith gasta a d'éireofá as an bhfaisean sin. Chonaic muid do mhacasamhail cheana, agus smachtaíodh iad
TUILLEADH (5) ▼
Tá sé chomh daidhciúil, chomh stuacach le ní mé cé hé. Ghreamaigh sin dá dhream. Bhí aithne mhaith agamsa orthu, agus ceart agam air
Ní daidhciúil go dtí é. Chonaic mé na gearrbhodaigh anseo thíos oíche. Bhí siad ag caitheamh cloch neart. Chaith seisean í chomh maith le duine. Bhí timpeall is troigh ag C. ar chuile dhuine eile dhá raibh ann. Chaith seisean trí nó ceathair de chuarta aríst, ach, má chaith féin, dar diagaí chinn air marc C. a chrinnt. D'fháisc sé air a sheaicéad a mhic ó agus seo leis suas an bóithrín le teann daidhce faoi gur bhuail C. é
Bhí mé thíos ann lá anseo anuraidh. Domhnach a bhí ann. Bhí sí ag stróiceadh ag iarraidh a dhul síos chun bóthair. Ní ligfeadh an mháthair di. Bhí rud eicínt le déanamh: soithigh le níochán nó rud fánach ar aon nós. D'iarr an mháthair uirthi é a dhéanamh. Dhá bhfeictheá chomh daidhciúil agus a d'iompaigh sí ar a cois, agus siar léithe a chodladh. Dá mba mise an mháthair, bheinn dhá lascadh fhad is a gheobhainn teas ina craiceann. Bhí sí dochorraithe freisin, ach níor lig sí amach mórán dhó (dhe) liomsa
'Sí an t-oibrí is fearr in Éirinn scaití í, ach amantaí eile, ní thabharfadh sí deoch uisce agat dá naomhtaí thú. Tá sí sách daidhciúil deirimse leat. Ach cá bhfágfadh sí é arsa tusa. Cineál Bh. an T.
Ná cuir araoid ar bith anois air go mbeidh an coca déanta aige. Bíodh a fhios agat gur liomsa an coca. Is daidhciúla é sin ná an diabhal. Dá gcaitheadh sé ina cheann é, d'fhágfadh sé an coca agus a bhfuil ann ansin. 'Sé atá deas air
+
Leagadh anuas dhá dhaigéad de dhá chloich i mínis (i bhfianais) an ghiúistís. 'Siad a chaith an bheirt thiar. Shílfeá nach éadáil mhór ar bith an t-amharc a thug duine acu ar na clocha. Ba mhó dhá fhonn a bhí air déarfá, breith uirthi agus a caitheamh aríst. Tháinig scéin sa ngiúistís
TUILLEADH (3) ▼
Leag sí anuas daigéad de cháca ina láthair, agus go deimhin agus go dearfa duit a Mhic Uí Fh., dá n-iteá ceathrú dhe, bheifeá sách go ceann trí lá. Ó dheamhan an oiread is a bhuailfeá ar shúil dreoilín a d'fhan d'fhuílleach uaidh. Agus déarfaidh an craosánach sin ina dhiaidh sin nach bhfuil sé ag caitheamh tada
Is áibhéil an daigéad de bhean atá aige. Dar príosta dhá bhfeictheá an dá cholpa coise atá fúithi! Is geall le dhá starrán crainn iad
Cén sórt daigéad de shagart é sin atá thíos ann anois. Níl aon phointe den ló dhá gcasfadh sé leat nach mbíonn sé séidte, ach ar ndóigh is beag an dochar dhó sin, agus na gríscíní feola atá air
+
daigh
Níl neart agamsa ruainnín feola ar bith a ithe nach mbuaileann dó ghoile mé. Dhá bhfeictheá mé thuas Dia Domhnaigh agus an-hate(heat?) ag an gcuid eile ar leota caoireola, agus gan agamsa ach driobaillín de scadán agus mé dhá chrinneadh liom sa gclúid
TUILLEADH (3) ▼
Tá dó croí agus dó ghoile agus dó bhoilg agus chuile dhó dhá bhfuil ann ag dul dó. Ach is maith atá a fhios agamsa céard atá ag dul dó sin: neart leoistíochta agus rístíocht. Dhá mbeireadh an t-athair ar mhaide nuair a thosaíos sé sin ag fuasaoid, agus tosaí dhá rúscadh leis aniar ar an dromán agus é a ruaigeadh amach ina ghnaithe, mise i mbannaí gur beag a fhuasaoid a bheadh aríst aige. Ach ag peataíocht leis a bhíos siad ina leaba sin
Daigh ghoile a theacht air siúd go deimhin! Tá coimpléasc aige siúd a leáfadh an chloch ghlas dhá dtugtaí dhó ina bhrúitín í. Is air, mo léan, nach mbeadh an mhairg. Chonaic mise ag ithe fataí fuar beithíoch cheana é
Tá a phluic uilig séidte ag na daitheachaí fiacal. Diabhal mórán trua é nach dtéann agus a dtarraingt agus gan a bheith dhá mbuachailleacht ansiúd
+
Daighean caite a bhí den (an) phíopa agam go ceann dhá lá
TUILLEADH (1) ▼
Daighean mé nach uait a thug mé í (móin). Ach ba bheag nach uait. Dhá mbeireadh an múr orm ag do chruaichse, is inti a rachainn
+
Ní rachaidh sé ar an aonach amárach leis an dá luchín siúd. 'Sé Baile an Daighin é má théann. Dheamhan chúig phunt a rachaidís
TUILLEADH (2) ▼
'Sé Baile an Daighin é má dhéanann siad rud mar sin: a chuid féin a bhaint den duine bocht. Ní fhéadfaidís a dhéanamh. Nó dhá bhféadadh, is cneámhairí ar na hailt na dlíodóirí. Ar ndóigh ní dadaí eile iad
'Sé Baile an Daighin é más féidir leis éirí i mullach na ndaoine ar an gcóir sin. Bhfaighidh (gheobhaidh) sé maide dhá mheá féin fós, nó is mór atá mise ag dul amú. Ach bíodh a lear air féin. An té a dhéanas an t-olc, is maith an oidhe air a bhfaighidh sé féin dhe
+
dáil
Chuaigh sé i ndáil le dhá mhaslú faoi araoid ar bith a chur air
TUILLEADH (3) ▼
Shílfeá go raibh sé i ndáil le idir dhá chomhairle faoina thabhairt dom nuair a chuir an bhean a ladar isteach
Tá sé i ndáil le thrí aothú anois. Dúirt an dochtúr dhá maireadh sé cupla uair eile go raibh aige
Is i ndáil le fliuch a bhíos sé anseo chuile lá dhá n-éiríonn orainn
 
Tabhair aire do do shúile. Ní hé an uair a thiocfas dailleacht ort atá agat a bheith dhá bhfuasaoid
+
dáimh
Níor thosaigh mé ag dul thríd na dáimheannaí céanna ariamh nach ngabhfaidís chun seachmaill orm. Níl a fhios agam anois cén col de dhá chol déag muid, agus is cuma sa tubaiste. Ní bhuachfaidh mise ná iadsan mórán air ar chaoi ar bith
TUILLEADH (6) ▼
Ha muise, is dual dáimhe agus daoine dhó a bheith drochmhúinte. Ar ndóigh dhá dtéadh sé le Clainn Mhac Chonfhaola, ní bheadh léamh ná inseacht scéil air
Dhá dtéadh sé le dáimh muis, mar sin a bhí aige a bheith. Ní raibh fear ar a chine nach raibh fabhtach
Is fhearr dhuit an té nach bhfuil gaol ná dáimh agat leis ná a raibh de ghaolta ariamh agat. Níl aon duine sa tír nach bhfuil muintreach agamsa, ach ní thaobhóinn ceachtar acu lá an anó. Ba bheag an mhaith dhom é dhá dtaobhaínn féin
Deirimse leatsa nach bhfuil gaol ná dáimh acu le chéile. Tá dhá Dhónall i gCúige Uladh. Ní hé an duine céanna atá muid a rá chor ar bith
Go deimhin níl gaol dáimhe ná dúchais ag J. le duine ar bith eile dhá bhfuil istigh ar an mbaile sin. Amhais de speireadóirí uilig iad ach é féin. Níor rugadh aon duine ariamh ar an mbaile sin nach mbeadh anam duine air — cosúlacht
Níl gaol dáimhe ná dúchais ag an dá rud le chéile. Is féidir fear a chur amach as lóistín nó as seomra thíos i nGaillimh dhá mbeadh a chíos íoctha aige faoi chéad. Níl i lucht seomraí mar sin ach pailitéaraí. Ach má tá fear pósta agus clann air amuigh faoin tír, is deacair é a chur amach. Níl mé ag rá nach féidir é a chur amach, ach is deacair leis an Land Commission é a dhéanamh ina dhiaidh sin
+
Cad ar chad, cad os cionn cad agus cad idir dhá chad, agus sliogán eistre ina mhoirtéal orthu: sin é an déanamh a thugadh an Gobán Saor ar a chuid ballaí. Bhí a shliocht air: ní raibh aon bhallaí faoin domhan ba daighne ná iad
TUILLEADH (1) ▼
Dhá mbeadh sé chomh daingean ann i dtalamh le Carraig an Mh., bhainfidís siúd í le teann fórsa. 'Siad a bheadh deas air!
+
Daingneoidh dhá chor eile é. Aire dhuit! Bhain tú an iomarca corannaí as. Tá sé ródhocht ar fad anois
TUILLEADH (4) ▼
Níl an creideamh sách daingnithe iontu. Dá mbeadh, ní bheidís ar an gceird sin. Is dóigh gurb í an tír s'againn féin is fhearr creideamh anois
"Ach dá mbeadh muid sách daingnithe i gcreideamh an linbh Íosa lena flaithis a shaothrú, go bhfaigheadh muid an ghlóir" (as amhrán a cumadh in Inis Bearachain, Leitir Móir measaim)
'Sé an chaoi a bhfuil na diabhail dhá ndaingniú isteach le chuile chor. Do dhúshlán anois cuir amach iad feiceamuist. Dhá splanctha dhá raibh tú dhá gcur isteach, beidh tú seacht n-uaire níos splanctha dhá gcur amach, creid mise dhuit ann
An gceapann tusa dá ndéantaí rud den tsórt sin nach é an chóir a ndaighneodh sé iad i leaba a lagachan. 'Sé deile
 
Is dainséarach an áit a bhfuil sé, dhá sciorradh a chois, i bhfad uainn an anachain agus an urchóid!
+
dair
Cuinneoig dharaí an chuinneoig is fhearr amuigh. Dhá bhfaighteása ceann de na seanchuinneogaí — ceann daraí a rinneadh Gaelach – ní raibh cinneadh ar bith leo. Tugann cuid de na cuinneogaí eile sin blas ar an mbainne. Is mór a ghabhfadh cuinneoig anois
TUILLEADH (1) ▼
Tá easna den tseandair ar lár. Easna den tseandair in aghaidh dhá easna den dair óig (fc. easna)
 
Iarr dháiríre air í. Nach ag mugadh magadh a bhí tusa dhá hiarraidh air
+
dairt
Rinne siad dhá chomlán — an baile seo agus B. — agus thosaigh siad ag caitheamh dairteacha le chéile. Dar fia chuir an dream s'againne i ndiaidh a gcúil iad agus leanadar chomh fada leis an sruthán iad ag caitheamh leo i gcónaí. Ba é an cath ba mhó é a chonaic mé ar phortaigh ariamh in mo shaol
TUILLEADH (8) ▼
Ní sheasfadh aon duine beo thuas ann ach a dtosaíonn na dairteacha dhá gcaitheamh. Is contúirt é go mbainfidís an tsúil amach as do cheann
Tá a shúil sa meath chéanna anois le trí bliana ó buaileadh dairt air thuas ar an bportach. Ceann crua a bhí ann. Níor lig an té a chaith é, ná aon dhuine dhá chineál, tada as a láimh ariamh ach le gangaide. Dhún súil Ph. d'aon iarraidh. Chuaigh sí chun othrais. Chaith sé scaitheamh san easpaicil (ospidéal) léithe, ach dheamhan mórán maitheasa a rinne siad dó ansin ach gur fhuaraigh siad an phian air. Tá clúdach aige uirthi i gcónaí. Is maith an t-ádh atá air má bhíonn aon amharc aige aríst go brách inti. Dá leanadh sé amach mac Mh. fúithi thiocfadh sí daor air. Ach ní leanfadh. Tá sé ró-réchúiseach an duine bocht
Bhuail sé de dhairt é agus dá n-éiríodh sé leis ar an tsúil, dheamhan thiomanta súil a d'fhágfadh sé istigh ina cheann leis. Tá an t-urchar crua aige sin. Nach bhfeiceann tú an teannadh a chuireas sé le chuile shórt a chaitheas sé
Ní comórtas ar bith do bhuachaill óg a dhul ag caitheamh dairteachaí le malraigh nach bhfuil bliain as an gcliabhán fós — tada leis. Téadh sé dhá gcaitheamh lena chomhaoiseacha féin, is é is córa dhó
Ó thosaigh corrdhairt dhá chaitheamh leis thug sé cúl dúinn ar fad. Níor thaobhaigh sé an teach le tuilleadh agus ráithe. Is beag le beannú dhom a dhéanas sé anois. Ní ligfeadh sé isteach ina cheann chor ar bith nach mise a chuir suas le na scorachaí a dhul ag caitheamh dairteachaí leis
Bheadh an scéal ceart go leor dá mbeifí taobh le dairteachaí a chaitheamh, ach seachain nár caitheadh clocha freisin. Ní thrustfainn A. Ní miste leis sin sa gcat mara é, ach duine eicínt a dhonú. Streille gáire a chuirfeas sé air fhéin ansin. Is olc na gnaithí atá ar dhream ar bith a thiocfas i gcleithiúnas a dhul ag déanamh spóirt san áit a mbeidh sé sin
Is dona a thaitneodh sé leis féin dairteog a bhualadh ar an leiceann air. Mo choinsias dá mbuailthí, ní i bhfad go mbeadh lig amach mo mhullach ann. Tá a fhios againn go maith cé hé
T. Sh. a bhí bonn ar aon leis, a bhuail de dhairt é. Bhí mé féin ag cinnireacht an chapaill ina ndiaidh aniar. Fios rúin ná soiscéil ní raibh agam féin, go raibh sé i ngreim muiníl ionam. An faitíos is mó a bhí orm go scéinfeadh an capall. Murach sin, dheamhan ar mhiste liomsa dhá mbeadh sé ag míoladóireacht go maidin liom. Bhí foghairt ina shúil a mhic ó mo chroí thú. Is maith an scéal gur beag é a dhícheall. Ná bac le go gcreidfeadh sé nach mise a chaith an dairt. Ba bheag an baol air