Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
droichead
/drɛ̄d/, /drɛ̄həd/ Cois Fharraige; /drohəd/, /dro̤həd/: Camus, Ros Muc agus an taobh siar
ainmfhocal, fireann
tuiseal ginideach uatha agus ainmneach iolra: droichid
1.
bealach nó cosán cláir, cloch nó iarainn thar abhainn nó sruth.
a.
+
An Droichead Mór (O'Briens Bridge i nGaillimh); An Droichead Beag (ag Sráid Doiminic i nGaillimh ar an gcanal) — An tSráid idir dhá Dhroichead a thugas muintir na tuaithe go hiondúil ar an tsráid idir an Droichead Beag agus an Droichead Mór i nGaillimh. Sráid Doiminic a thugas muintir na Gaillimhe uirthi
Beairic an Droichid Bhig (bhí beairic ag seanphóilíos Shasana in aice an Droichid Bhig in Gaillimh. Doiminick St. Barracks a thugtaí air i mBéarla sílim)
TUILLEADH (13) ▼
Droichead an Chladaigh (Wolfe Tone Bridge atá anois air. I nGaillimh atá sé)
Droichead an Phríosúin (Droichead atá ar an gCoirib in aice le príosún na Gaillimhe)
Droichead na mBradán (ar an gcanal in aice Choláiste na hOllscoile i nGaillimh)
An Droichead nó Baile an Droichid a thugtar go minic ar shráidbhaile an Spidéil
Droichead na gCnoc (Droichead atá tuairim is ceithre mhíle ón Spidéal ar an mbóthar Lathaí nó Bóthar Mhaigh Cuilinn)
Droichidín an Chláir (tuairim is míle taobh thoir den Spidéal)
Droichead na Fuirníse (ar an abhainn ag scoil Chamuis)
Droichead Charraig an Logáin (fostaíonn sé oileán Leitir Móir d'oileán Gharumna)
Cheannaigh mé i siopa idir dhá Dhroichead é (fc. thuas Droichead Mór agus Droichead Beag)
Tá stalla aige anois idir dhá Dhroichead
Bhíodh sé ina chónaí fadó hidir Dhá Dhroichead, ach tá sé imithe as le fada
Tugadh isteach sa mbeairic a bhí idir dhá Dhroichead mé agus coinníodh mé go tráthnóna
Leagadh seacht n-uaire idir dhá dhroichead mé — idir dhá dhroichead ar bhóthar áirid
+
Droichead cláir (adhmaid, maide) atá ann
Droichead cloch (iarainn srl.) atá ann
TUILLEADH (4) ▼
Bhí sé istigh faoi shúil an droichid
Ina sheasamh faoi shúil bheag an droichid a bhí sé
Bhí a uillinn ligthe isteach ar shlat an droichid aige
Is mór an chontúirt a dhul an droichidín beag anois. Tá an ráille uileag imithe dhó (dhe)
+
Shiúlfadh sé ar dhroichead spioróide — droichead atá i gceist i seanscéal. Droichead é a bhí trasna os cionn duibheagáin agus chaithfeadh na hanamnachaí siúl trasna air. Bhí sé dubhchaol agus gan slat ná ráille air. Anamnachaí na bhfíréan amháin a bhí in ann a shrianadh go dtí an taobh thall. Sciorradh an chuid eile uilig dhe agus cuirtí sa duibheagán iad
Shiúlfadh an diabhailín de scorach sin ar dhroichead spioróide má bhí sé in ann a dhul ansin. Ar ndóigh ní raibh tada ansin a mbéarfadh sé air ach an fraigh eidhinn atá ar an mballa
TUILLEADH (4) ▼
An té a shiúil ansin ar chaoi ar bith, shiúlfadh sé ar dhroichead spioróide. Nach diabhlaí beag faitíos a bhí air? Dhá mbaintí truisle ar bith as, dhéanfaí leiríní dhó (de) thíos ar an leic
Ba gheall le dhul ar dhroichead spioróide an áit a ndeachaigh sé. Dhá mbogadh sé a ghreim chor ar bith, bhí a chnaipe déanta. Ina chuailín cnámh a gheofaí é. Shílfeá go mbeadh suim ina anam aige thar is a bheith ag dul suas ar áiteachaí den tsórt sin. 'Sé an uair a bheas duine ina smairtíneach (mairtíneach), agus nach mbeadh aon fháil aige ar a shláinte, an uair a chaoinfeas sé rud den tsórt sin
Bhuel an té a chuaigh ansin ghabhfadh sé ar dhroichead spioróide. Diabhal cnáimh a bhí ann ach an oiread leis an seilmide. Dhá mbeadh, ní fhéadfadh sé a dhul ann
Má leanaim thú anois, beidh mé do dhiaidh nó go mbeire mé ort dhá mbeadh orm a dhul ar dhroichead spioróide le greim a fháil ort. Mar sin, 'sé mo chomhairle dhuit éirí as in ainm Dé agus a dhul ag spochadh le duine eicínt eile
b.
+
Nach diabhaltaí a chaithfeá droichead a dhéanamh dhíomsa — dá mbeadh rud dhá roinnt, agus dhá dtéití thar dhuine den dream a bheadh i láthair gan aon cheo a thairiscint dó, ba in droichead dhá dhéanamh dhe sin
Chuaigh sé tharam féin agus rinne sé droichead díom. Dheamhan deoir den phórtar a thairg sé dhom, théis go raibh sé ag cur muigín dhe ar J. Th. a bhí le mo thaobh. Cosa fuara a bhí siad a thabhairt orm féin faoi rá is go ndeachaigh mé ann gan chuireadh
TUILLEADH (5) ▼
An gceapann tú go bhfanfaidh mise ansin agus é sin ag déanamh droichead dhíom chuile uair a dtéann sé thart ag roinnt an fuisce. Diabhal baol orm. Ní fheicfidh siad mise le mo ló aríst ina dteach le ócáide ná le anó
Níor chomaoin duit droichead a dhéanamh dhíomsa muise agus thú ag tabhairt fags uait. Is iomaí fag mór a thug mé dhuit ariamh … An gcuimhníonn tú nuair a bhíodh muid thuas sa L. R. anuraidh? Ach ní bhíonn cuimhne ar an arán a itear, adeir siad
Ná bac leis an áit seo a stór mo chroí! Déantar droichead dínn i gcónaí. Ní fhaca mé tada dhá ligean amach ariamh a bhfaigheadh an baile seo aon bhrabach air. Bheadh sé sciobtha ag an mbaile sin thoir nó ag an mbaile sin thiar. Sin é a fhearacht ag na bóithrí anois é. Tá bóthar an bhaile sin thoir dhá dhéanamh agus tá bóthar an bhaile sin thiar dhá dhéanamh, agus níl cás ar bith i mbóthar an bhaile seo, théis nach siúlfadh na gabhair é. Bhuel tá rud le déanamh leo, gan aon bhót a thabhairt dóibh aríst go brách
Rinne tú droichead díomsa, ach mise i mbannaí nár fhága tú thú fhéin ar deireadh. Ach deir siad, "an té a chruthaigh neamh agus talamh, nár fhága sé é féin ar deireadh"
Má ghníonn sé droichead de Bh. agus gan aon chuireadh bainse a thabhairt di, reicfidh sí é. Cuirfidh sí a cháil faoin saol. Nach raibh sé chomh maith dhó a hiarraidh ar aon nós
2.
+
Tá droichead do shróine gearrtha — an chuid den tsróin idir an caincín agus bun an chláir éadain. Is ann a bhíos na spéacláirí leagtha ar dhuine. Tugtar droichead na smaoise air scaití freisin ach gur le magadh nó drochmheas is mó a thugtar sin air
Tá droichead a shróine briste. Is ann a fuair sé an iarraidh. Beidh liostachas fada air shula bheas sé chuige féin aríst
TUILLEADH (3) ▼
Is beag an dochar dhó droichead na sróine a bheith leathnaithe air agus na hiarrantaí céatacha a fuair sé. Ní hí casúirín (dorna) Mh. G. a bhí ag orlaíocht air sin chor ar bith a mhic ó!
Deir siad go bhfuil droichead a shróine briste nó as áit de bharr an dornáil a fuair sé. Is olc a chuaigh an bhainis dó sin. Diabhal bréag!
Bhí sé chomh maith dhuit buille d'ord ceardchan a fháil le fadhb uaidh sin. An bhfaca tú droichead na sróine ag S. G. ina dhiaidh?
+
Buailfidh mé isteach ar dhroichead na smaoise thú!
Brisfidh mé droichead do smaoise le iarraidh
TUILLEADH (3) ▼
Déanfaidh mé leathnóig de dhroichead do smaoise le maistín de dhorna.
Brisfidh mé mo chuid ailt ar dhroichead do smaoise mura lige tú de do chuid clabaireachta. Is deas an buachaill óg thú
Má fhaighim aon phléisc amháin ort ar dhroichead na smaoise, leagha na bhFiann ní dheasóidh aríst í

Féach freisin

droichead in iontrálacha eile (15)

+
Ní fhágfaidh sé fear idir dhá dhroichead nach maróidh sé
TUILLEADH (1) ▼
An tSráid idir Dhá Dhroichead (fc. droichead)
 
Ní thiocfadh sé chuig an darna bainis le daidhce nár hiarradh ag an gcéad bhainis é. Diabhal blas den cheart nach raibh aige. Fear gan fuil a thiocfadh go dtí iad théis droichead a dhéanamh dhínn cheana (a dhul tharainn agus daoine eile a iarraidh). Bhí a shliocht orthu. M'anam nár thaobhaigh cuid againn iad ná cuid de thaobhachtáil
+
de
Bhí an mhuintir taobh thiar d'abhainn ina ngamal an uair sin d'uireasa droichid. Ní raibh acu ach a dhul an chora
TUILLEADH (1) ▼
'Sí an linn sin taobh ó dheas de dhroichead í. Ansin a bhí sé
 
deamhan 1
Dheamhan go dtí ceann an bhóithrín ansin thíos ann. Tá a fhios agat coirnéal an Droichid Mhóir. Casadh ar thaobh do chiotóige ansin, agus beidh tú ann faoi cheann cúig nóiméad
 
Téirigh trasna an droichid agus feicfidh tú é ar thaobh do dheasóige. Níl aon ghair agat a dhul amú air. Má théann tú trasna an droichid agus do dhá shúil a choinneáil feannta, buailfidh tú isteach ar an smaois é (siúlfaidh tú suas díreach chuige)
 
deis
Is beag an deis atá acu anois aon deoir a dhéanamh ó cuireadh an droichead ar an abhainn. Níl a fhios acu, cén pointe a mbuailfidh póilí isteach acu idir chlár is chuinneoig
 
diaidh
Is mé atá i ndiaidh mo chuid pórtair air, ach ní fhéadfainn droichead a dhéanamh dhó ina dhiaidh sin ó casadh ann é.
 
Dhírigh an póilí a chána uaidh síos ar dhream a bhí ligthe isteach ar shúil an droichid. Dar liom féin go raibh amhras aige gurb iad a rinne an bualadh. Ach níorbh iad, arae 'sé sin an fáth, bhí mise ar bhall na háite
 
Chuaigh siad siar oíche ag dolaíocht ar abhainn Ch. Bhí eangach an-mhór go deo acu. Níl a fhios cén dol a thug siad leo an oíche sin. Deir siad nach taobh le chúig nó sé de chéadta a bhí siad … Ar ndóigh dhá mbeirtí orthu gheobhaidís fruisín, ach níor rugthas. Mo ghrá iad. Bheadh ciall ina leithidí seachas an dream atá thart anseo nach ligfeadh an faitíos dóibh breathnú síos thar shlat an droichid aimsir síolraithe
 
Chinn sé críochnaithe dólámhach ar J. Bh. lorry a thabhairt sa mbóithrín sin cheana agus ó tharla nach dtug sé sin ann é, tá sé fánach ag aon duine eile a thabhairt ann. Ghabhfadh J. le lorry ar dhroichead spioróide. Tá an bonn uilig ag croitheadh faoi, ach ar ndóigh is furasta a aithinte agus é déanta ar thonn phrochóig
 
Leagadh é ar an droichidín dromannach atá thuas ag tigh T. B. Tá a fhios agat an droichidín siúd. Is maith a chuaigh sé nár buaileadh faoi shlat an droichid é. Dhá mbuailtí, ní bheadh sé chomh saor aige, ná baol air (droichead dromannach: droichead a mbeadh alt nó airdín ina lár)
 
téigh
Ná téirigh an chora anocht. Téirigh an droichead má tá timpeall féin ann
 
Rachaidh muid go droichead théint (féint: féachaint) a bhfuil sé ann. Mura bhfuil, bíodh an fheamainn (fc. feamainn) aige