Droichead
—/drɛ̄d/, /drɛ̄həd/ Cois Fhairrge: /drohəd/, /dro̤həd/ : Camus Rosmuc agus an taobh siar
—ainm-fhocal, fireann
—tuiseal geineamhnach uathaidh agus ainmneach iolraidh: droichid.
1.
bealach nó casán cláir, cloch nó iarainn thar abhainn nó sruth.
a.
+–
An Droichead Mór (O'Briens Bridge inGaillimh); An Droichead Beag (ag Sráid Doiminic inGaillimh ar an "gcineail") = An tSráid idir dhá Dhroichead a thugas muintir na tuaithe go h-iondamhail ar an tsráid idir an Droichead Beag agus an Droichead Mór inGaillimh. Sráid Doiminic a thugas muintir na Gaillimhe uirre
Bearraic an Droichid Bhig (bhí bearraic ag sean-phóilíos Shasana in aice an Droichid Bhig in Gaillimh. Doiminick St. Barracks a thugtaí air imBéarla sílim)
TUILLEADH (13) ▼
Droichead an Chladaigh (Wolfe Tone Bridge atá anois air. In Gaillimh atá sé)
Droichead an Phríosúin (Droichead atá ar an gCoirib in aice le príosún na Gaillimhe)
Droichead na mBradán (ar an "gcineail" in aice Choláiste na h-Iolscoile in Gaillimh)
An Droichead nó Baile an Droichid a thugtar go minic ar shráidbhaile an Spidéil
Droichead na gCnoc (Droichead atá tuairim agus ceithre mhíle ó'n Spidéal ar an mbóthar Lathaighe nó Bóthar Mhuigh Cuilinn)
Droichidín an Chláir (tuairim agus míle taobh thoir de'n Spidéal)
Droichead na Fuirníse (ar an abhainn ag scoil Chamuis)
Droichead Charraig an Logáin (fastuigheann sé oileán Leitir Móir d'oileán Gharomna)
Cheannuigh mé i siopa idir dhá Dhroichead é (fc. thuas Droichead Mór agus Droichead Beag)
Tá stealla aige anois idir dhá Dhroichead
Bhíodh sé in a chomhnaí fadó h-idir Dhá Dhroichead, ach tá sé imighthe as le fada
Tugadh isteach sa mbeairic a bhí idir dhá Dhroichead mé agus coinnigheadh mé go trathnóna
Leagadh seacht n-uaire idir dhá dhroichead mé = idir dhá dhroichead ar bhóthar áirid
+–
Droichead cláir (adhmaid, maide) atá ann
Droichead cloch (iarainn agus rl.) atá ann
TUILLEADH (4) ▼
Bhí sé istigh faoi shúil an droichid
In a sheasamh faoi shúil bheag an droichid a bhí sé
Bhí a uilinn leigthe isteach ar shlat an droichid aige
Is mór an chontabhairt a dhul an droichidín beag anois. Tá an ráille uiliog imighthe dhó (dhe)
+–
Shiubhailfeadh sé ar dhroichead spioróide = droichead atá igceist i sean-scéal. Droichead é a bhí treasna as cionn duibheacáin, agus chaithfeadh na h-anamnachaí siubhal treasna air. Bhí sé dubh-chaol agus gan slat ná ráille air. Anamnachaí na bhfíréan amháin a bhí indon a shrianadh go dtí an taobh thall. Sciorradh an chuid eile uilig dhe, agus cuirtí sa duibheacán iad
Shiubhailfeadh an diabhailín de scurach sin ar dhroichead spioróide má bhí sé indon a dhul annsin. 'Ar ndú ní raibh tada annsin a mbéarfadh sé air ach an fraigh eidhinn atá ar an mballa
TUILLEADH (4) ▼
An té a shiubhail annsin ar chaoi ar bith shiubhailfeadh sé ar dhroichead spioróide. Nach diabhlaí beag faitíos a bhí air? Dhá mbaintí truisle ar bith as, dhéanfaí leiríní dhó (de) thíos ar an leic
Ba gheall le dhul ar dhroichead spioróide an áit a ndeachaidh sé. Dhá mbogadh sé a ghreim chor ar bith, bhí a chnaipe déanta. In a chuailín cnámh a gheobhthaí é. Shílfeá go mbeadh suim in a anam aige thar agus a bheith ag dul suas ar áiteachaí de'n tsórt sin. 'Sé an uair a bhéas duine 'na smairtíneach (mairtíneach), agus nach mbeadh aon-fháil aige ar a shláinte an uair a chaoinfeas sé rud de'n tsórt sin
Bhuel an té a chuaidh annsin ghabhfadh sé ar dhroichead spioróide. Diabhal cnáimh a bhí ann ach an oiread leis an seilmide. Dhá mbeadh ní fhéadfadh sé a dhul ann
Má leanaim thú anois, beidh mé do dhiaidh nó go mbeiridh mé ort dhá mbeadh orm a dhul ar dhroichead spioróide le greim a fháil ort. Mar sin 'sé mo chomhairle dhuit eirghe as in ainm Dé agus a dhul ag spochadh le duine eicínt eile
b.
+–
Nach diabhaltaí a chaithfeá droichead a dhéanamh dhíomsa = dá mbeadh rud dhá roint, agus dhá dteightí thar dhuine de'n dream a bheadh i láthair gan aon-cheo a thairiscint dó, ba shin droichead dhá dhéanamh dhe sin
Chuaidh sé tharm féin agus rinne sé droichead díom. Dheamhan deoir de'n phórtar a thairg sé dhom, th'éis go raibh sé ag cur muigín dhe ar J. Th. a bhí le mo thaobh. Cosa fuara a bhí siad a thabhairt orm féin, faoi rádh agus go ndeachaidh mé ann gan chuireadh
TUILLEADH (5) ▼
An gceapann tú go bhfanfaidh mise annsin agus é sin ag déanamh droichead dhíom 'chuile uair a dteigheann sé thart ag roínt an fuisce. Diabhal baoghal orm. Ní fheicfidh siad mise le mo ló aríst in a dteach le ócáide ná le anshógh
Níor chumaoin duit droichead a dhéanamh dhíomsa muise agus thú ag tabhairt "fags" uait. Is iomdha fag mór a thug mé dhuit ariamh … An gcuímnigheann tú nuair a bhíodh muid thuas sa L. R. anuiridh? Ach ní bhíonn cuímne ar an arán a ithtear, adeir siad
Ná bac leis an áit seo a stór mo chroidhe! Déantar droichead dínn igcomhnaí. Ní fhaca mé tada dhá leigean amach ariamh, a bhfuigheadh an baile seo aon-bhrabach air. Bheadh sé sciobtha ag an mbaile sin thoir nó ag an mbaile sin thiar. Sin é a fhearacht ag na bóithrí anois é. Tá bóthar an bhaile sin thoir dhá dhéanamh agus tá bóthar an bhaile sin thiar dhá dhéanamh, agus níl cás ar bith imbóthar an bhaile seo, th'éis nach siubhailfeadh na gabhair é. Bhuel tá rud le déanamh leo, gan aon-bhót a thabhairt dóibh aríst go bráth
Rinne tú droichead díomsa ach mise imbannaí nachar fhága tú thú fhéin ar deireadh. Ach deir siad "an Té a chruthuigh Neamh agus Talamh nachar fhága Sé É Féin ar deireadh".
Má ghníonn sé droichead de Bh. agus gan aon-chuireadh bainse a thabhairt di, reicfidh sí é. Cuirfidh sí a cháil faoi'n saoghal. Nach raibh sé cho maith dhó a h-iarraidh ar aon-nós
2.
+–
Tá droichead do shróine gearrtha = an chuid de'n tsróin idir an cuincín agus bun an chláir éadain. Is ann a bhíos na spéacláirí leagtha ar dhuine. Tugtar droichead na smaoise air scaithtí freisin, ach gur le magadh nó droch-mheas is mó a thugtar sin air
Tá droichead a shróine briste. Is ann a fuair sé an iarraidh. Beidh liostachas fada air shul a bhéas sé chuige féin aríst
TUILLEADH (3) ▼
Is beag an dochar dhó droichead na sróine a bheith leathnuighthe air, agus na h-iarrantaí céadtacha a fuair sé. Ní hí "casúirín" (dorna) Mh. G. a bhí ag ordluigheacht air sin chor ar bith a mhic ó!
Deir siad go bhfuil droichead a shróine briste nó as áit de bharr an dornáil a fuair sé. Is olc a chuaidh an bhainis dó sin. Diabhal bréag!
Bhí sé cho maith dhuit buille d'ord ceardchan a fháil le fadhb uaidh sin. 'Bhfaca tú droichead na sróine ag S. G. in a dhiaidh?
+–
Buailfidh mé isteach ar dhroichead na smaoise thú!
Brisfidh mé droichead do smaoise le iarraidh
TUILLEADH (3) ▼
Déanfaidh mé leathnóig de dhroichead do smaoise le maistín de dhorna.
Brisfidh mé mo chuid ailt ar dhroichead do smaoise, mara leigidh tú de do chuid clabaireacht'. Is deas an buachaill óg thú
Má fhaghaim aon-phléisc amháin ort ar dhroichead na smaoise, leagha na bhFíann ní dheasóchaidh aríst í
Féach freisin
→
dá
Droichead in iontrálacha eile (15)
+
→
dá
Ní fhágfaidh [sé] fear idir dhá dhroichead nach maróidh sé
TUILLEADH (1) ▼
An tsráid idir Dhá Dhroichead (fc. Droichead)
→
daidhce
Ní thiocfadh sé chuig an dárna bainis le daighce nachar h-iarradh ag an gcéad bhainis é. Diabhal blas de'n cheart nach raibh aige. Fear gan fuil a thiocfadh go dtí iad th'éis droichead a dhéanamh dhínn cheana (a dhul tharainn agus daoine eile a iarraidh). Bhí a shliocht orra. M'anam nachar thaobhuigh cuid againn iad ná cuid de thaobhachtáil
+
→
de
Bhí an mhuintir taobh thiar d'abhainn in a ngamal an uair sin d'uireasa droichid. Ní raibh aca ach a dhul an charra
TUILLEADH (1) ▼
Sín linn sin taobh ó dheas de dhroichead í. Annsin a bhí sé
Dheamhan go dtí ceann an bhóithrín annsin thíos ann. Tá a fhios agad coirnéal an Droichid Mhóir. Casadh ar thaobh do chiotóige annsin, agus beidh tú ann faoi cheann cúig nóiméad
→
deasóg
Teirigh trasna an droichid agus feicfidh tú é ar thaobh do dheasóige. Níl aon-ghoir agad a dhul amú air. Má theigheann tú trasna an droichid agus do dhá shúil a choinneál feannta, buailfidh tú isteach ar an smaois é (siubhalfaidh tú suas díreach chuige)
→
deis
Is beag an deis atá aca anois aon-deoir a dhéanamh ó a cuireadh an droichead ar an abhainn. Níl a fhios aca, cé'n puínnte a mbuailfidh póilidhe isteach aca idir chlár agus chuinneoig
→
diaidh
Is mé atá indiaidh mo chuid pórtair air, ach ní fhéadfainn droichead a dhéanamh dhó in a dheidh sin ó a casadh ann é.
Dhírigh an póilí a chána uaidh síos ar dhream a bhí leigthe isteach ar shúil an droichid. Dair liom féin go raibh aimhreas aige gurb iad a rinne an bualadh. Ach níorbh iad, arae 'sé sin an fáth, bhí mise ar bhall na h-áite
Chuaidh siad siar oíche ag dolaidheacht ar abhainn Ch. Bhí eangach an-mhór go deo aca. Níl a fhios cé'n dol a thug siad leo an oíche sin. Deir siad nach taobh le chúig nó sé de chéadta a bhí siad … 'Ar ndú' dhá mbeirtí orra gheobhaidís fruisín, ach níor rugthas. Mo ghrádh iad. Bheadh ciall in a leithidí seach agus an dream atá thart annseo nach leigfeadh an faitíos dóib breathnú síos thar shlat an droichid aimsir síolruighthe
Chinn sé críochnuighthe dólámhach ar J. Bh. "lorry" a thabhairt 'sa mbóithrín sin cheana agus ó thárla nach dtug sé sin ann é, tá sé fánach ag aonduine eile a thabhairt ann. Ghabhfadh J. le "lorry" ar dhroichead spioróide. Tá an bonn uilig ag craitheadh faoi, ach 'ar ndú' is furasta aithinte agus é déanta ar thonn-fhriuchóig
Leagadh é ar an droichidín dromannach atá thuas ag tigh T. B. Tá a fhios agad an droichidín siúd. Is maith a chuaidh sé nachar buaileadh faoi shlat an droichid é. Dhá mbuailtí, ní bheadh sé cho saor aige, ná baoghal air (Droichead dromannach = droichead a mbeadh alt nó áirdín in a lár)