Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
díchreideamh
easpa creidimh; gan aon chreideamh.
+
Díchreideamh é an domhan ar fad anois, cé is moite den tírín seo againn féin, agus diabhal thairis sin de ghaisce uirthi sin ach oiread
Is cosúil é le fear a mbeadh díchreideamh air, de réir a chuid cainte. Ach ná bac le duine ar bith a bhí i bhfad i Sasana. Is galra leo é sin
TUILLEADH (6) ▼
Deir siad go raibh sagart ansin thoir cheana agus go raibh díchreideamh air go sábhála Dia sinn! D'iontaigh sé ina mhinistéara as a dheireadh
Tá an saol ag teacht an-aisteach anois. Idir díchreideamh agus chaon tsórt, ní bheadh a fhios agat céard adéarfá le na daoine. Ar ndóigh deir siad go mbeidh díchreideamh as éadan ann nuair a thiocfas AntiChrist. 'Sé a chosúlacht go bhfuil sé ag tarraingt ar dheireadh an domhain ar aon chor
Léar (de réir) mar atá tú a rá anois, díchreideamh ar fad na Rúiseánaigh. Chuala mé an sagart ag cur caoi air cheana, ach ní maith gur thuig mé é. Chuir tusa anois, bail ó Dhia ort, an clár mín air
Is beag an dochar don aimsir fhéin a bheith mar atá sí agus a bhfuil de dhíchreideamh fud an domhain. Chonaic mé Éireannach ag teacht thall i Sasana. Ba as an gcontae seo é — ceantar Bhéal Átha na Sluaighe. Diabhal a raibh sé mí ariamh ann gur chaith sé in aer an t-aifreann, agus gur thosaigh sé ag rá nach raibh Dia ar bith ann. 'Agróidh Dia ort é,' adeir Árannach a bhí abuil mé
Chonaic mise an uair, agus dheamhan lá féile sa mbliain nach imithe ag déanamh turais ag tobar eicínt a bheadh an tír. Go dtí Tobar Éinne, nó Tobar Sant Aibhistín nó Loch na Naomh, nó Tobar Cholm Cille, nó Mám Éan, nó Tobar Muire. Dheamhan neach an aoin (/ēn′/) ag taobhachtáil aon tobar anois, mura dté siad don Chnoc. Nach ar an saol a tháinig an díchreideamh ó shin. Díchreideamh agus smál
Chuireadh muid suas na crosógaí Bríde roimhe seo, agus thosaigh daoine ag rá ansin go mba pisreogaí iad agus héiríodh astu. Sílimse gurb in tuilleadh den díchreideamh agus den díleá atá ar an saol. B'fhearr a bhí an saol go fada fhad is a bhí na daoine simplí. Chuile líne ag dul chun míne agus ag dul chun bréige

Féach freisin

dí-

díchreideamh in iontrálacha eile (2)

 
Ní fiú biorán duine as an deascán, mura bhfuil ann ach sin. Ach chuala mé go raibh díchreideamh ar na hÉireannaigh uileag atá i Sasana. Deir cuid den dream a theagas nach mbíonn siad mí ann nuair nach dtaobhaíonn siad aifreann ná ord
 
Chuala tú an scéal faoin té a chonaic an fear dhá mharú agus ar tháinig díchreideamh air faoi nár fhoilsigh Dia é féin ar an té a mharaigh é … Sin é agat é — díoltas Dé. Is fada a bhíos sé ag teacht scaití, ach níl rud ar bith chomh siúráilte leis. Mura dteaga sé ar an saol seo ar ndóigh tiocfaidh sé ar an saol eile, agus dhá dhonacht maoil is measa mullóg