Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
dúbail
briathar
modh ordaitheach: dúbail
aimsir chaite: dhúbail
aimsir fháistineach: dúblóidh
aidiacht bhriathartha: dúbailte (dúbalta), dúblaithe. Cé nach bhfuil aon dealú barainneach idir an dá fhocal seo, is iondúil go gciallaíonn dúbailte, bisiú nó méadú faoi dhó, agus go gciallaíonn dúblaithe filleadh; ach tá an riail sin an-mhaolscríobach mar sin féin
ainm briathartha: dúbailt, dúblú
1.
ag méadú nó ag bisiú rud faoi dhó; ag cur a dhá oiread ar rud.
+
Tabharfaidh tú dhá phunt dom? Is diabhlaí réidh leat móin a cheannacht! Má dhúblaíonn tú é b'fhéidir go bhféadfadh muid margadh a dhéanamh, ach ní mó ná sin é
Tá sé chomh maith dhuit a ndúbailt agus deich gcinn a thabhairt dom, cion an lae inné agus an lae inniu. Ní féidir go gcuirfidh tú taobh le chúig feaigín ghágach mé
TUILLEADH (2) ▼
Shílfeá gur fánach an rud feoirling ach cuirfidh mise geall leat má dhúblaíonn tú aríst agus aríst agus aríst eile í, agus fanacht dhá dúbailt, gur mór a tharraingeos cruife an ghearráin sa deireadh ar feadh is hocht dtairne fhichead a chomhaireamh (chuir an gabha feoirling ar an gcéad tairne agus é a dhúbailt ar chuile thairne uaidh sin suas)
Dhá ndúblaídís an tae, diabhal mé go dtiocfadh na daoine le unsa. Tá siad bainte as a gcleachta
+
Ag dúbailt an fhéir atá P. — féar atá dhá thriomú; tá sé ag déanamh cocaí dhe faoi dhó chomh mór agus atá sé
B'fhearr dhaoibh na leathchocaí sin amuigh a dhúbailt. Níl an lá in araíocht é a ligean amach (féar), agus níl a fhios cén uair a bheas
TUILLEADH (5) ▼
Dhúbail mé na bunanna siúd. Tá siad chomh mór le cocaí móinéir anois, ach ní mór lá eile a thabhairt dó ar sraith mar sin féin
Ní foláir na goigíní (móna) sin a dhúbailt anois. Ní aireofá go mbeidís tirim go maith ar an bhfarra seo
Tá mé leis an dúchán sin a dhúbailt. Cuirfidh mé an lagpholl sin thoir uileag air. Ba cheart go mbeadh trí lorry móna an uair sin ann
Ní mó ná dá ndúblaíodh sé an luascáinín sin go mbeadh mallach maith feamainne aige
Ara céard atá tú a dhéanamh? Dúbail an beart sin, nó an ligfeadh an náire dhuit an ghlaicín sin a thabhairt chun na hiothlann?
·
Dúblaígí é. Is gearr go mbeidh sé in am éirí astu — airgead cártaí a dhéanamh faoi dhó chomh mór agus a bhí sé
Bhí sé againn dúbalta. Bhí an chúig agamsa leis an gcuileata, agus bhí sí ag mo pháirtí leis an naoi d'uireasa na cuileata chor ar bith
+
'Sé an seanfhear is fhearr a chonaic mé go hiomaí é. Dhúblódh sé ceachtar den chlann ag obair fós — dhéanfadh sé a dhá oiread oibre leo
Dhúblóinn a bhfuil déanta ansin agam dhá mbeadh freastal agam (fear ag cur fhataí: duine le na síolta agus leis an aoileach srl. a scaradh dhó)
TUILLEADH (5) ▼
Dhúblódh sé mé gan stró ar bith ag siúl. Tá ligean con faoi — dhéanfadh sé a dhá oiread siúil liom
Tá sé do mo dhúbailt sa bpáí — ag saothrú a dhá oiread liom
Níl aon fhear láí sa tír seo a chinnfeadh air. Dhúblódh sé duine ar bith eile ag casadh boird
Ní bheadh a dhath mairge air mé a dhúblú ar bhicycle. 'Sé an togha críochnaithe é
Dhá dtugadh sibh máimín choirce don asal sin agus cineáltas beag a chaitheamh leis, dhúblódh sé asal an C. théis a bhfuil de ghaisce aige as. Is ait an t-asailín é sin agaibhse
+
Cuir crios dhúblaithe (dhúbalta) air — arbhar a bhíos róghearr, ní mór dhá chrios a chur air
Bhí sé ag déanamh daigéid de dhornáin agus ag cur crios dhúbalta orthu
TUILLEADH (5) ▼
Tá drad dúblaithe ag M. sin thíos — bíonn drad dúbalta fiacal ag cuid de na daoine
Tá doras dúbalta leis — doras agus athdhoras
Nach diabhlaí daingean é agus doras dúbalta leis
Balla dúbalta is fearr duit a chur ann — balla fidín; sconsa a mbeadh dhá chloich ar leithead ann
Tá sé ag déanamh balla dúbalta ansiúd
+
Má tá dola fhéin ort ag ceannacht bran agus beatha anois dóibh, tabharfaidh siad isteach dúbailte dhuit é lá an aonaigh feicfidh tú féin air — tá costas anois ort dhá mbeathú, ach beidh a dhá oiread buntáiste agat dhá bharr
Is fear é a chaitheas stráisiúin mhóra ina chónaí, ach tugann sé isteach dúbailte aríst é nuair a théas sé ag obair
TUILLEADH (3) ▼
Is beag an trácht a fhaigheas na tithe ósta sin mura mbeadh lá aonaigh féin ann, ach ar ndóigh tugann siad isteach dúbailte na laethantaí sin é
Má fuair sí (an mhóin) báisteach le coicís, tá sí dhá thabhairt isteach dúbailte inniu agus an stolladh triomaigh atá ann
Tabharfaidh tú isteach dúbailte aríst é nuair a dhíolfas tú iad
+
Íocfaidh sé dúbailte an méid sin — íocfaidh sé a dhá oiread agus a thug sé uaidh; nó beidh an díoltas i bhfad níos déine air ná mar ba chóir dó a bheith
Íocfaidh tú an buille sin dúbailte muis. Rachaidh mise faoi dhuit nach mise an chéad duine a gcuirfidh tú araoid air aríst
TUILLEADH (1) ▼
Dhá mbuaileadh sé é agus a dhul abhaile, níor chás dó é, ach filliúint aríst le dhul ina éadan in athuair! Íocfaidh sé dúbailte an téiléireacht anois
·
Diabhal buille dhá bhfaighidh mise nach dtabharfaidh mé dúbalta ar ais uaim. Ní mise an ribín réidh le dhul ag plé liom, ní mé sin
Cén tseafóid a bhí ort? Thug tú airgead dúbailte air. Dhá dtéiteá tí J. gheofá iad sin ann ar ocht scilleacha an ceann. D'airigh siad an bhoige shíne ionat
2.
ag filleadh rud go mbí sé cothrom ina dhá shraith.
+
Dúbail an snáth sin sa tsnáthaid nó is gearr go mbeidh an cnaipe imithe aríst — dhá thointe den tsnáth a bheith ag dul in éindí thrí phollairí an chnaipe agus leaba tointe shingil
Má dhúblaíonn tú an rópa sin b'fhéidir nach dtabharfadh sé uaidh
TUILLEADH (5) ▼
Bhí an phluid sin dúblaithe agam agus bhain tú as a filleadh aríst í
Shílfeá go mbíonn an páipéar seo dúblaithe
Faigh píosa de nuaíocht (páipéar nuaíochta) agus dúbail ar a chéile í, agus sac isteach sa bpoll sin í agus ná bíodh an tseoide isteach orainn
Ní mór dúbailt agus athdhúbailt air sin nó beidh an iomarca méide ann
Cé mhéad dúbailt a thug tú ar an mbraillín sin? — filleadh
·
Tá sé dúblaithe anois. Is beag nach bhfuil a cheann buailte ar an talamh — seanduine agus cruit air

Féach freisin

dúbail in iontrálacha eile (2)

 
Ní bhíonn an poitín le n-ól nó go ndúblaítear é
 
Diabhal easna dhi nár thug dúshlán an ghiúistís istigh sa gcúirt. Tháinig dath na n-uibheachaí lofa ar an ngiúistís. 'Punt eile uirthi sin,' adeir sé, nuair a tháinig a chuid cainte dhó. Ní raibh sé ach ag borradh léithe, a dheartháir mo chroí. Thug sí a dhúshlán in athuair. 'Dúblóidh mé anois é,' adeir an giúistís. 'Dhá phunt eile ar an mbean sin.' Nárbh in í an raicleach agat