Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
danra, danartha
aidiacht
codarsna: soghluaiste
fuaim: danra amantaí, ach dan(d)ra go hiondúil. d idir an n agus an r mar a bhíos i scanradh, cónra, deallradh srl. Ní hé an gnáth d leathan é ach d ar chúl na bhfiacal. Féach trácht air in Urlabhraidheacht (Ó Máille). Deirtear danra amantaí fearacht scanradh srl., ach ní go minic é, ar ghualainn an chinn eile. danagra fuaim an Achréidh go hiondúil — danardha > danarga (rd = rg. Achréidh go forleathan); danarga > danagra
dochomhairleach; doghrainneach; crosta; aimhréiteach; doiligh a fháil leat ar sheol na braiche.
a.
+
"A chomhairle féin do mhac dhanra agus ní bhfuair sé ariamh níos measa" (seanfhocal. Deirtear fuaim a théas an-mhór i gcosúlacht le Anna sa bhfocal seo go minic, ach tá an leagan ceart ag cuid mhaith daoine i chuile cheantar fós. Deirtear freisin é gan an d lárnach ann sa seanfhocal seo) — caithfidh an duine dochomhairleach a bhealach féin a fháil, mar ní gar a dhul ag cur aithne ná fainic air; níl sé gafach le comhairle, ach is iondúil gurb é a aimhleas a ghníos sé
Ní raibh aon mhaith leis. Chaithfeadh sé a bhealach féin a bheith aige. A chomhairle fhéin do mhac dhanra agus ní bhfuair sé ariamh níos measa. Tá sé ráite ariamh
TUILLEADH (4) ▼
Tabhair cead a comhairle féin di. Muran buil léithe a phósadh bíodh aici. B'fhéidir go bpósfadh sí ar ball é dhá mbeadh breith ar a haiféala aici. A chomhairle féin do mhac dhanra agus ní bhfuair sé ariamh níos measa
hIarradh air fanacht sa mbaile. Bhí siad ina suí go te, agus ar ndóigh is dó a shroichfeadh a raibh ann. Deile, agus é ina bhior in aon tsúil. Ach ní bheadh aon tsástaíocht air go dtugadh sé ruaig go Sasana. Is glas iad na cnoic i bhfad uainn ar ndóigh. Duine aerach a bhí ann agus bhí an dream a bhí i Sasana dhá shaighdeadh. D'imigh leis. Chaoin a mháthair uisce a cinn ag iarraidh a choinneáil ach ba bheag an mhaith dhi é. Dheamhan ar dhúirt an t-athair drúcht ná báisteach ach: 'A chomhairle féin do mhac dhanra,' adeir sé, 'agus ní bhfuair sé ariamh níos measa.' B'fhíor dhó. Fuair sé fód a bháis i Sasana. Dhá mhí a bhí sé ann nuair a thit ceann de na rudaí eile sin air — na bombs
Ní dhéanfaidh an fear seo thoir aon bhun muis. Thosaigh sé thar cionn, ach ar ndóigh, ní den abhras an chéad snáth mar adeireadh C. Th. Tá sé ródhána. Níl neart agat focal a rá leis mar ní ghéillfeadh sé duit. A chomhairle féin do mhac dhanra arsa tusa, agus ní bhfuair sé ariamh níos measa
Chaith muid an bhliain ag achainí air an garraí thíos a chur. Bhí sé cóngarach agus soleasaithe. Dúrabhán atá ann agus ní iarrfadh sé ach daithín beag leasaithe le an-fhataí a thabhairt. Ach thug sé an chluais bhodhar dhúinn. An garraí seo thuas i mbarr an bhaile a bhí dhá chur thar bharr a chéille. An-dóigh fataí é, adeireadh sé. Níor chuir an t-aistear suas aon chúl air, ná an chréafóig chloch bheag a dteastaíonn riar maith uaithi lena leasú. Chuir sé é. Ní raibh ann ach screacháin (creacháin). Tabhair screacháin orthu. A chomhairle féin do mhac dhanra arsa tusa, agus ní bhfuair sé ariamh níos measa
+
Tá sé an-danra le comhairle a chur air — mí-ásach, dochomhairlithe; bheadh a chomhairle féin aige i gcónaí
Mac danra é. Ní tada eile é. Deirimse comhairle leat. Siúd é nach bhfuil sochomhairlithe
TUILLEADH (5) ▼
Sin é an fear is danra a chonaic mise i gcaitheamh an tsaoil ariamh. Bhíomar thíos ansin oíche — mé féin agus S. — agus muid ag ól. Tháinig seisean ann. Gluigheadh (glaodh) deoch agus deoch agus deoch eile, nó go raibh an triúr againn sách tomhaiste. Bhí sé domhain go leor san oíche an tráth sin, agus barr ar an diabhal mura raibh na F. bheaga bhreaca sin ag cur achrainn orainn. Brat acu ann agus gan againne ach an triúr againn féin. D'iarr muid míle uair air a theacht abhaile. Bhí muid ag tuineadh agus ag achainí air a theacht linn, ach dheamhan filleadh ná feacadh a d'fhéadfadh muid a bhaint as, ach ina sheasamh ansin chois an chuntair ag buachailleacht a phionta. Ba é an diabhal ba danra é a chonaic mé ó rugadh mé
An bhfaca tú aon fhear ariamh is danra ná é ar thada a rá leis. Bhí mé lá thiar in éindí leis i gC. Ch. Bhí an oíche ag teacht orainn agus muid i bhfad ó bhaile. Níor tháinig iamh ar a bhéal i gcaitheamh an lae ach ag caint ar a dhul abhaile nó gur tháinig an tráth le n-imeacht. Ansin níor fhan smid ar bith aige faoi. Nuair a chonaic mé féin dhá ligean rófhada é sa deireadh, d'iarr mé air a theacht. Spréach sé. Shílfeá gur mó dhá fhonn a bhí air a dhul do mo lascadh féin. Ní raibh gair agam an baile a shamhlú leis gur tháinig sé dhá thoil deona féin sa deireadh
Dream an-tsoilíosach iad agus an-ghnaíúil. Ach tá siad chomh danra leis an tubaiste ar thada a rá leo. Chuile shórt acu ach a dhul i gcleithiúnas comhairle ar bith a chur orthu. Is túisce go mór a ghabhfaidís in do phíobán ná a ghlacfaidís comhairle ar bith uait. Drochbhodaigh iad ar an gcaoi sin
Ná bac le danra a mhic ó. Tá sé chomh danra le múille. D'iarr siad air anuraidh a dhul agus teach nua a dhéanamh ar thalamh C. E. — is leisean é. Níor labhair sé aon smid leo aríst go bhfaca siad mí. Taca na Nollag, bhuail sé féin suas ann gan iarraidh gan achainí agus bhí leath an bhalla déanta aige agus gan fios ag aon duine air
Mura gcaithfidh sé ina cheann a dhul ann é féin, tá sé fánach agat a dhul dhá iarraidh air. Is danra é ná an mí-ádh féin lena iarraidh in áit ar bith. Ní chorróidh sé cois nó go dtograí sé féin é. Nuair a thogrós, tabharfaidh tú ann é le adhastar sneachta
+
Is danra an diabhal é le cur amach ar maidin — deacair a chur ag obair; ní mian leis corraí amach in éadan a chuid oibre
'Sé an mac is danra a chonaic mé ariamh é. An t-am a raibh muid ag obair ar bhóthar Sh. Ú. theagainn ag glaoch air chuile mhaidin. Bhí sé ag troid agus ag bruíon agus ag dul anonn is anall ar fud an tí, agus a mbíodh sa teach ina suí aige ag iarraidh a chur amach agus é ag cinnt orthu. Is iomaí maidin a raibh mé thar am dhá bharr
TUILLEADH (5) ▼
Díthreabhach danra í le cur amach ag obair. Chaithfeadh sí lá fada samhraidh ansin ag faire na splaince gan iarraidh buille maitheasa a dhéanamh. 'Sí atá coilgneach freisin má fhaigheann duine ar bith aon chaidéis dhá cuid díomhaointis
Bail ó Dhia ort féin agus ar do chuid feamainne! Chaith mé dhá eadarshuth ag tuineadh leis ó mhaidin ag iarraidh é a thiomáilt (thiomáint) síos 'na chladaigh thar is a chuid feamainne a bheith sciobtha ag an tír. Ach bhí sé chomh maith dhuit a bheith ag caint le dris le bheith ag caint leis. Ní chorródh geanntrachaí (uatha — ding) as siúd é
Mo chreach mhaidne, tá a bhfuil sa teach ansiúd chomh danra le chéile faoi bhuille ar bith oibre a dhéanamh: dar leat féin gur ag comórtas le chéile a bheidís, go bhfeicidís cén duine acu ba deacra a chur amach agá n-a chuid oibre. Gróigfidh fear acu é féin ar an teallach agus déanfaidh fear eile agus fear eile an cleas céanna, nó nach mbeidh áit ag míoltóig ina ngaire. Níl go dona ann ach an díthreabhach bocht is athair dóibh atá amuigh moch deireanach ag saothrú. Sin é an díol trua ar chaoi ar bith
Níl aon fhear goirt ná portaigh in Éirinn a chinnfeadh air ach tá sé danra leis an gcladach a shamhlú leis. Ní mian leis a dhul ann chor ar bith. Chaith mé trí nó ceathair de laethantaí anuraidh ar mo mhine ghéire ag iarraidh é a shaighdeadh amach sa trá, ach dheamhan dul muis, nó go raibh an rabharta cúlta. Ba bheag an mhaith dhó a dhul dhá mheath féin ann an uair sin
Go gcuire Dia dílis an t-ádh ort! Tá iníon agamsa agus sháródh sí ceart críochnaithe thú. Tá gruaig mo chinn tite ag géaraíocht uirthi, ach b'fhearr dhom in mo chónaí, scáth a dtugann sí d'aird orm. 'Sí is danra dhá bhfaca mise ariamh le luach leithphínne mhaitheasa a dhéanamh. Ní cheal muis nár féachadh le fír na maitheasa a chur inti, ach is cosúil nár cuireadh ina dhiaidh sin
+
Is dona na gnaithí a bhí ort a dul ag margáil le P. Ph. Nach bhfuil a fhios agat cén bealach atá leis sin. Mura bhfuil, tá fhios agamsa. Is minic a chuir mise margadh go bun an amhgair leis sin, ach mar sin féin, ní fhéadfainn ceannacht uaidh agus chomh danra agus a bhíodh sé — deacair margadh a chur i gcrích leis. Chaithfeadh sé ag stangaireacht leat go n-imeofá mearaithe uaidh faoi dheireadh
Fuair tú amach é muis an té a bhfaightheá sladmhargadh uaidh, an fear is danra sa tír faoi rud a cheannacht uaidh. An bhfaca tú an bullán a bhí thoir ar an aonach aige aonach beag na Samhna anuraidh. Bhí scoilteadh déanta againn míle uair, agus gan eadrainn ach leathchoróin. Thabharfainn dó de luckpenny é, ach ní ligfeadh sé laglabhartha as an airgead adúirt sé é, théis go ndeachaigh mé ar ais aige cúig nó sé de chuarta. Sin é a bhí danra agat!
TUILLEADH (6) ▼
An fear is danra a chonaic mise ariamh faoi mhargadh, ba fear Achréidh é. Bhris sé é faoi shé pínne. Fataí síl a bhí mé a cheannacht uaidh
Tá an bheirt lofa le airgead. D'éireodh dóibh agus gan sac ná mac ná muirín orthu, agus slí an airgid acu. Dhá dteagaidís go dtí thú ina dhiaidh sin ag ceannacht rud uait, is danra a leanfaidís thú ná an té nach mbeadh sciúrtóig aige. Caithfidh duine eicínt fós orthu go spóirtiúil. Níor tháinig cruinneadóir ariamh nach dtiocfadh scaipeadóir ina dhiaidh
Scanracháin bhradacha! Tá a gcuid talúna fréna chéile faoi leachtaí agus faoi chlochair. B'fhearr dóibh ardaithe as iad. Ba mhór an réiteach ar a gcuid talúna é. Ach ní ligfidís méaróg amach as aon gharraí ag gabháil leo, tá siad chomh danra sin — scanraithe, tútach, géar, doghrainneach
Mura mbeinn i dteannta ceart, níorbh ait liom a dhul ag brú air chor ar bich (bith). Tá sé an-chorrmhéiniúil den tsaol. Dá n-éilínnse anois a dhul sa gcosán sin aige, tá sé chomh danagra sin agus go mb'fhéidir go mba é mo choinneáil as a dhéanfadh sé. Dhein (rinne — Achréidh) sé cheana liom é ansin thiar
Nach danagra an mhaise dhó é anois agus gur bhac sé mé anuraidh faoi rud an bhóthair a thógáil taobh amuigh den pháirc sin thoir aige. Theastaigh sé uaim le aghaidh múirín. Níor chóir domsa (dú-sa) stopadh dhó — ní raibh aon bhaint aige dhó ach an oiread liomsa — ach leisce na sáraíochta mar sin féin, stopas
Nach é a bhí danra anois agus gur fhuagair sé orainn a dhul amach as na garrantaí breaca ansin thuas anuraidh agus muid ag fiach ann. Cén bhrí ach gan tada iontu ach raithneach agus crígheannaí. M'anam gur fhuagair, agus gurb é a bhí francaithe freisin nuair nár fhága muid d'aon léim iad … é siúd ag magadh! Is minic leis!
b.
daingean; deacair; docht; crua, láidir.
+
Is danra an áit é — talamh deacair; talamh a bheadh doiligh a shaothrú lena dheacracht, le broimfhéar, le clocha, le driseacha, le bunannaí seansceach agus eile
M'anam má tá tú ag mianadóireacht sa ngarraí P. go bhfuil do sháith den tsaol agat. An bhfuil sé chomh danra anois agus a bhíodh sé fadó. Chaith mé féin agus T. seachtain ag casadh fóidín baic ann agus ba beag nár chinn sé orainn. Bhí na lántaí ag lúbadh ann le teann fórsa
TUILLEADH (4) ▼
Séard a bhí agat a dhéanamh, má tá rún agat bualadh faoin riasc siúd, na cliamhaineachaí móra atá ansin thiar agat a thabhairt aniar go ceann seachtaine agus neart mairteola a thabhairt dóibh. Tá an talamh siúd chomh danra agus nach gcuirfidh duine ar bith é ach fir urrúnta a bhfuil smior iontu. Maidir le duine dona mar thusa a dhul ag plé leis, is beag é t'fhoghail air
Níl aon fhód talúna ag gabháil leis nach bhfuil deacair danra mar sin, faoi bhroibh, faoi dhriseachaí, faoi chíb ar éigean, faoi chuile mhíle rud dhá dhonacht. Ar ndóigh murach é a bheith ina fhear chomh maith agus atá sé, ní bheadh sé in ann giota fataí a chur beag na mór. Agus cloisfidh tú daoine dhá cháineadh ina dhiaidh sin agus ag rá go mba cheart dó dúchan a dhéanamh. Dúchan mo chreach! Ar an talamh siúd
Is danra an áit ar chaith sé ina cheann teach a dhéanamh — istigh sa gcarracán údan. Dheamhan réiteach a bheas ar an ngeadán siúd aige bliain ó inniu, hé brí cén cuthach oibre a bheas air. Beidh orlaíocht agus bleaisteáil agus allas ar na carraigreachaí údaí
Ag lánú i ngarraí beag N. atá mé na laethantaí seo agus is danra an obair sin. Ní mór duit a bheith ag priocadh i gcónaí, arae tá sé faoi chlocha ar fad. Bheadh ciall leathchlocha, ach gruáin mhóra mhillteacha atá ansiúd. Ba bheag na clocha a bhíodh i ngarraí N. chor ar bith fadó. Tá an talamh spíonta anois is cosúil
+
Tá muid in ainm is a bheith ag baint chloch sa gcoiléar sin thíos, ach go bhfóire Dia ar na clocha sin. Ní bheadh carr cloch bainte seachtain agat ann agus chomh danra agus atá an coiléar — na clocha dobhainte ann
Tá an fheamainn dubh atá againne in áit chomh danra agus a chonaic tú ariamh: thíos ar chúla an charracáin. Bealach chomh haistreánach é agus atá sa gcladach, ach níor chás dúinn é murach chomh hachrannach agus atá an roinn féin: clochair agus clocha gránna ar fad í. Dhá mbeadh crann ní ba mheasa ann, is againn a thitfeadh sé, ach beidh athroinnt ar an gcladach an bhliain seo chugainn le cúnamh Dé
TUILLEADH (4) ▼
Diabhal bréag nach drochphortaigh atá againn: dheamhan níos measa. Dearglaoch agus feoil chapaill ar fad. Móin dhanra le baint í. Chuir mé mo bhundún amach anuraidh le portach nua a d'oscail mé ar an roinn. Murach leisce an mhagaidh, d'fhágfainn ansin sa mí-ádh é théis a oscal
Ní raibh de chailleadh chor ar bith ar an mbarr uachtair. Diabhal mé go raibh, agus an mhóin roinnt sceiteach féin — briosc adéarfá. Ach nuair a theann mé síos sa mbarr láir agus sa mbarr íochtair, bhí sí danra a dheartháir — danra. B'éigean dom cosa i dtaca a chur orm féin ar an mbinse leis an sleán a chur thríthi. Rinne an barr íochtair puca críochnaithe dhíom
Siúd é an féar atá danra ar a bhaint. Tá sé sínte as éadan agus driseacha caithrithe amach ann, agus maidir le faobhar, caithim é chur suas i chaon dara sracadh; arae tá sé brataithe le clocha. Is mé a bheadh sásta dá mbeinn dealaithe amach as. Diabhal mórán féir a bheas dhá bharr siúd
Ní fhaca mé aon uaigh ariamh ba danra le déanamh ná uaigh N., go ndéana Dia maith air! Chuaigh muid siar ann ag an deich a chlog ar maidin agus ní raibh muid amach as an reilig go raibh an dubh ar an oíche. Bhí sí an-deacair in uachtar, agus nuair a theann muid síos, bhí leac ann — maistín de leic. Shíl mé go gcinnfeadh sí orainn a cur aníos dubh ná dath
+
Tá an snáth seo danra ar a bhriseadh — snáth láidir
Shílfeá go bhfuil an claibín atá ar an mbuidéal dúigh seo an-docht. Is danra é le scriúáil dhe. Dar príosta cinnfidh sé orm
TUILLEADH (2) ▼
Is danra an diabhal de rud an tiúb seo a bhaint amach anois agus an puncture a dheasú. Níl ann ach go bhfuil an tyre i ndiaidh a chéile agus mura gcuirtear isteach an tiúb go fíorstuama aríst, tiocfaidh sí amach agus pléascfaidh sí … Bí airdeallach!
Ní fhaca tú aon rud ariamh is danra ná bó le fata a dhul ina muineál. Bhain mise as bó liom féin cheana é gan fód móna ná ceo. Choinnigh Séan sin ansin dom í agus é ina scorach. Chuir mé mo láimh siar go dúdán inti. Ba chontúirteach an cleas le déanamh é …
+
Tá an snáth seo danra — in aimhréidh; gan duine a bheith in ann é a réiteach
Tá an snáth seo danra ag caislimíní agus ag filltíní. Réitigh é má fhéadann tú
TUILLEADH (1) ▼
Bhí an súgán danra le caislimíní an áit ar chuir sé an iomarca fuinnimh ann. Bhí mé ag ceapadh chuile nóiméad go ndéanfadh sé píosaí agus ní fhéadfainn an corrán a bhaint dhó (de) ina dhiaidh sin. Bhí leisce orm
+
Obair dhanra a bheith ag plé le feamainn. Tá a fhios ag m'anam go sáródh sí thú. Sclábhaíocht uileag í
Ní gan uí gan ó an poitín céanna agus é a dhéanamh. Ceird dhanra é. Diabhal bréag nach ea, agus b'fhéidir théis do chuid crácamais ar fad, nach mbeadh dhá bharr agat ach na caipíní speiceacha seo breith ort agus do shé phunt a fháscadh ort, dá mbeifeá taobh leis
TUILLEADH (2) ▼
Tá obair na móna féin sách danra. Tírtheáil mhór a fhaightear uaithi. Ach dar mo choinsias, tá iarmhais uirthi le blianta beaga anuas an té a chaithfeadh léithe. Theastaigh rud eicínt sa tír dhona seo
Tháinig mé aniar trasna thrí na brocachaí sin oíche i mbliana, agus má tháinig féin, ba danra an éadáil sin. Shíl mé nach raibh an oíche chomh dorcha agus a bhí sí, agus deirimse leat go bhfuair mise tuairteáil, ní áirím go raibh a raibh orm stiallta ó chéile ag driseachaí
+
Tá an saol danra a mhic ó, nuair a thosaíos sé ag gabháilt dá mhaidí ar dhuine. Daoine. Agus daoine eile a mbíonn sé ag féithiú leo mar adéarfaidís é. Sin é an chaoi
Níl an saol go danra le aon duine ach leis an saighdiúr bocht a chaithfeas a dhul amach ar aghaidh na bpiléar uair ar bith a bhfuagrófar air
TUILLEADH (2) ▼
Bhí an saol sách danra leis an mbean bhocht sin ar chuma ar bith. Cailleadh a fear agus d'fhága sé áilín lag lúbach uirthi agus gan aici ach na cupla garraí sin lena dtógáil. Shaothraigh sí an saol go maith an créatúr, ach tá na scorachaí anois inchúntach agus diabhal a n-aireoidh sí é feasta
Thógfadh duine muirín ann ina dhiaidh sin, dhá laghad talúna dhá bhfuil ann, mura mbeadh an saol an-danra leis. Ach ar ndóigh 'sé an chaoi a bhfuil sé, má bhíonn an saol danra le duine, níl aon ghair aige a dtógáil in aon áit. Diabhal gair ná cuid dhá ghair

Féach freisin

ding

danra in iontrálacha eile (8)

 
dán
Chuir muid dán uirthi agus ba deacair sin. Bhí sí an-dodach le dhul ina haice chor ar bith. Tá féirín anois ag an slóchtaí, agus níl mise ina dhiaidh air: ba danra é le margadh a dhéanamh leis
 
Chaith sé aige é de dhéirce. Bhí trua aige dhó agus an t-áilín lag atá air. Ach is maith danra a bheadh sé le duine ar bith eile. Ní ligfeadh sé uaidh chomh bog sin é
 
dochar
Is danra an lot é sin anois nach féidir an dochar a thabhairt as. Má chinneann seo anois ort, caithfidh tú teanga an tsionnaigh a chur léithe. Sin í an cailín a thabharfas an dochar amach. Ní fhágfaidh sí a dhath ann ar feadh lá amháin
 
Chinn sé críochnaithe dólámhach ar J. an bullán a chur amach as an ngarraí, théis chomh danra agus a bhí sé ina éadan. Leag sé trí bhearna dhó, ach ní ghabhfadh sé amach i gceachtar acu ach soir agus siar an garraí, nó go raibh J. sáraithe ceart aige. Ansin bhí athobair air, ag ardú na mbearnaíochaí aríst. D'imigh leis go nglaofadh sé ar chúnamh. Ach ní raibh sé bailithe anuas lúbainn an bhóithrín nuair seo anoir an bullán, agus leagann sé brúisc den chlaí agus amach leis gan iarraidh gan achainí!
 
Caithfidh tú an láí a fháil agus na tuláin agus na tulógaí sin a bhaint. Tá dromainn suas uileag ar bhruach an phortaigh. Nó go ndéantar é a mhíniú roinnt, ní féidir a scrathadh mar is ceart. Is danra an diabhal de bhinse é, thar is aon cheann dhá bhfaca mise timpeall anseo
 
téigh
Chuaigh mise scór leo, ach ní raibh aon mhaith dhom ann. Tá sé an-danra. Ní ligfeadh sé laglabhartha as dhá phunt is fiche deich iad
 
Caithfidh tú a dhul ar stuaim le bean chomh maith le chuile shórt eile. Má bhíonn tú danra léithe, ní bhainfidh tú ceart ar bith di
 
Gabhfaidh sé sin dó anois ar chaoi nach bhféadfadh aon fhear faoi thalamh an domhain a eiteach. Cuirfidh mé geall leat, théis chomh danra agus chomh daoithiúil agus atá Sean S., go bhfaighidh sé breith a bhéil féin uaidh. Tá an tseamair Mhuire aige sin a mhic ó!