Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
dradlíonadh, dradlíonta
+
Tá dradlíonadh maith ar an mála; tá an mála dradlíonta — tá sé líonta ionann is go drad, nó go béal
Bhí mála dradlíonta móna ag teacht anuas aige tráthnóna. Duine eicínt a thug dó é de ghrá dia
TUILLEADH (8) ▼
Bhí an cléibhín dradlíonta aici le faochain
Bhí a raibh de photaí gliomach ar na bráideannaí sin amuigh dradlíonta inniu. Ba diabhaltaí an foracún acu a bhí ag curachóirí na háite thiar
Tabhair dradlíonadh ar an mbosca sin agus caith thuas aici é, más rud é a chuirfeas ó bhanrán í. Tá sí ag fáil cuid is mó ná a thug sí dhúinn
Bhí dradlíonadh maith ar an áit ag an gcéilí deiridh a bhí ann. Dheamhan a mbíodh aon bhrí daoine ann le fada roimhe sin
Ní raibh sé dradlíonta ná baol air agam an geábh deiridh, ach chinn orm a bhailiú an geábh roimhe sin ina dhiaidh sin
Tá dradlíonadh maith ar an scioból siúd aige le coirce. Diabhal mé gur shíl mé nach raibh mórán coirce aige chor ar bith i mbliana, ach is cosúil go bhfuil ina dhiaidh sin
Cuir dradlíonadh ar an mbuicéad sin anois. Ní foláir don lao siúd neart bainne. Laoidín éidreorach é
Teaga leis anois. Tá sé dradlíonta agat. Níl maith ar bith a chur thar béal

Féach freisin