Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
dromacán, drománach
/druməkān/
ainmfhocal
tuiseal ginideach uatha agus ainmneach iolra: dromacáin, drománaigh
chuala mé drománach dhá thabhairt air i gCois Fharraige, ach is beag eolas atá ar threabhadh ann. dromacán (c lom) a chuala mé i gcónaí ar an Achréidh. dromachán (c séimhithe) atá sa mBéal Beo (Ó Máille) ar lch 181. Tá dromach, dromaide, dromán, dromachán i bhFoclóir Uí Dhuinnín
gléas a bhíos ar dhroim capaill agus í faoi chéachta. Bíonn na huaimeannaí (uamachaí) ceangailte dhó agus iad i bhfostú sna cuingeannaí freisin.
·
Bhí mé ag cur an dromacáin ar an gcapall nuair a tháinig sé
Ba chosúil le uaim dromacáin an slabhra a bhí ina láimh aige

Féach freisin

dromacán in iontrálacha eile (2)

 
Deir tusa gur talmhaí thú. Fóill ort anois. Céard iad dristiúirí … uaim … béim … hanlaí … dromacán … An bhfuil a fhios agat céard í céachta chor ar bith. Dheamhan pioc atá a fhios agat faoi thalmhaíocht!
 
Ní raibh uaim ná dromacán ná diallait uirthi ach í droimnochta mar a bhí sí an lá ar rugadh í. Ag fear Achréidh ar imigh a chapall uaidh anseo thoir lá aonaigh a chuala mé é. 'Sé an dromacán an gléas a bhíos uirthi leis an gcéachta. Murab é muise, diabhal a fhios agamsa céard é féin. Céard é mar sin?