—
crua, deacair, danra, treampánach, tónáisteach, anróiteach, anacair, doiligh, trioblóideach.
a.
            
+–
Nach dócúlach an bealach a thug sé air fhéin an tráth seo d'oíche — aistreánach, doshiúlta
Is dócúlach an bealach ag capall é, is dócúlach sin.  Shílfeá go dtiocfadh cúigear nó seisear acu le chéile, agus brat cloch agus scráib ghainimh a chur ar an seanbhóithrín siúd, thar is a bheith ag breathnú air agus é caite go grinneall mar atá sé
        
                                TUILLEADH (1) ▼
                            
Saol dócúlach atá aige, ná ag a leithide atá ag plé le poitín.  Cén bhrí ach an fuadach a thugas siad den airgead ach a bhfaighe siad é.  Deir siad, ar ndóigh, an rud a chruinnítear ar dhroim an diabhail go n-imíonn sé ar a bholg
b.
            
+–
Nach dócúlach domsa fios a bheith agam ar aon rud, nár léigh leabhar ná páipéar ariamh — nach doiligh, nach deacair dom
Ní dócúlaí dhuit ná dhom féin.  Nach bhfuil sé chomh córa dhomsa a bheith ag fuasaoid an bhealaigh leatsa
        
                                TUILLEADH (1) ▼
                            
Is dócúlach dom fios a bheith agam ar an rud nach bhfaca mé ariamh.  Ní raibh rudaí den tsórt sin ann le mo linnse chor ar bith
·
    Is dócúlach an tslí a bheith ag faire ar fhátall na farraige i gcónaí.  Agus sin é féin an fáiteall mar siúd ar an saol seo.  Meas tú cé mhéad bád iascaire anois ar Chladach Theampall Mhuire.  Tá a fhios agam gur beag sin
Féach freisin
                  →
                  
                    
                      dócúil