Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
dúidín
ainmfhocal, fireann
iolra: dúidíní
 píopa beag; píopa a mbeadh an chos caite ann; píopa a mbeadh cuma bhrocach air de bharr deataí nó súí, nó a bheadh dóite taobh amuigh.
+
Cá bhfuair tú an dúidín? … Breá nár iarr tú ceann de na píopaí maide air. Tá siad aige go fairsing
An bhfuil aon ghráinne sa dúidín a Sh. Tá mé fhéin sportha nó go dteaga sí seo ón siopa
TUILLEADH (2) ▼
An bhfaca tú an píopa atá aige. Siúd é an dúidín gránna ar chaoi ar bith. Shílfeá gur i gcarnán súí a bhí sé le seacht mbliana, tá sé chomh salach brocach sin
Ní chasfaí seandúda ar bith agat! Tá an tír tóraithe agam agus gan tada dhá bharr agam. Tá cion ar na dúidíní féin anois nuair nach bhfuil a malrait ann. Céad slán don uair a bhí siad ar scilling!

Féach freisin