Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
dealbh
ainmfhocal, fireann
ní feasach mé faoin iolra, arae ní heolas dom an focal a bheith sa gcaint in aon leagan eile ach sa leagan seo amháin. Is annamh a cloistear sa leagan seo féin é.
fuaim: dealú
 deilbh, cruth, cumraíocht, cuma, leagan colna, déanamh.
+
M'anam nár mhaith liom a dhealbh a fheiceáil ag teacht faoin doras chor ar bith — a chumraíocht
Ní luar liom an diabhal a fheiceáil ná a dhealbh. Bíonn gotha crochadóra i gcónaí air, agus scéin ina shúile. Cén bhrí ach an choisméig bhacaíola atá ann!
TUILLEADH (6) ▼
Chuile bhall agam ach a dhealbh sin i mbóthar ná i mbealach. Tá sé ag imeacht ag súmaireacht i chuile áit agus ag iarraidh fios gnaithe chuile dhuine, ach do dhúshlán a ghnaithe féin a fháil amach. Dheamhan é muis
Chomh luath agus a chonaic sé a dhealbh ag teacht ar an tsráid, siar leis de rite reathach sa seomra agus as sin ní chorródh sé gur bhailigh sé leis aríst. Níl iarracht ar bith aige air, ná ní raibh ariamh. Is suarach an t-ionadh sin, lá is gur shíl sé é féin agus a bhean a chur in aghaidh a chéile. Ní shílfeadh duine ar bith a dhul idir lánúin phósta mar sin ach áibhirseoir de dhuine. Ach bíonn siad sin féin ann
Is beag is ait leis a dealbh a fheiceáil beag ná mór anois. Cuireann sí úis air cheapfainn. 'Dhá gcuireadh sí fear ar fónamh in m'áit,' adeir sé, 'níor cás ar bith liom é, ach an strabhsacháinín dona sin, a bhfuil cois aige ar bhruach na huaighe ó rugadh é. Scread mhaidne uirthi, má bhí sí ag dul ag déanamh mo mhalrait, breá nach bhfuair sí fear ceart.'
Má fheiceann sé mo dhealbhsa ar a shráid, rachaidh mé faoi dhuit nach gcodlóidh sé an-tsuaimhneach anocht. Tá a fhios aige go bhfuil seanriaráistí le n-íoc agam leis (tá faltanas istigh agamsa dó de bharr rudaí a rinne seisean orm cheana), agus go n-íocfar iad dá dtéidís míle bliain. Ar ndóigh níl feithideach ar bith is faití ná é, ach nuair a airíos sé cúlturraic aige féin in aice láithreach
'Dar brí na mionn,' mar adeir C. an Ph., 'má fheicimse a dhealbh isteach ar an mbaile seo aríst, is trua Mhuire dhó. Gheobhaidh sé dual na droinne. Buailfidh ceathar againn in aghaidh a chéile é'
Póilí! Tá cúlshráideannaí ansiúd nach bhfeictear a dhealbh iontu ó bhliain go bliain. Go gcuire Mac Dé an t-ádh ort a mhic ó! Is measa an póilí i New York ná an crochadóir is mó sa mbaile mór. Níl ort ach ladhar a chaitheamh ag an bpóilí ann, agus d'fhéadfá lán sráide a mharú agus ní thiocfadh aon tréas go brách ort. Bhí aithne agamsa ar dhaoine a bhí sna póilíos ann — Éireannaigh. Cuid acu amach as do pharóiste féin …

dealbh in iontrálacha eile (15)

 
dealg
Sin í tír na ndeilgní a mhic ó. An raibh tú i gC. ariamh. Níl ceo dhár dhealbh an ghrian ann ach saileánach agus draighean agus sceacha agus catógaí mar adeir siad féin. Maidir le broic agus sionnaigh is ann atá a dtabhairt amach … Bail ó Dhia ar do réiteach. Ní bheadh a bhfuil de roschoill agus de thomachaí ansiúd réitithe faoi cheann deich mbliana
 
deara
Ní thabharfaidh an t-athair aon ní dhár dhealbh an ghrian faoi deara má ghníonn tusa do ghnaithe go cuibhiúil. Ach tarrtháil orainn ó Mhac Dé, gheobhaidh tú dual na droinne má bhraitheann sé thú
+
Diabhal mé go mb'fhiúntaí dhó mála na déirce a chur air féin ceart ná a bheith ag imeacht ag iarratas mar sin. Níl ní dhár dhealbh an ghrian dá chuid féin aige, ach rite ag an gcomharsa ag begéireacht chuile ré solais
TUILLEADH (1) ▼
Tá siad ag déanamh tithe as éadan ann, agus gan cianóig dhár dhealbh an ghrian ag an dream atá ag dul a cónaí iontu ach ag forcamhás ar an déirce sin (dole). Dream atá ar an scoir — pailitéaraí — ar fad atá iontu. Diabhal mé gob (gurb) orthu atá meas uileag anois. Cuirfidh mé mo rogha geall leat gur túisce a gheobhadh duine acu bean, ná fear a mbeadh cáil mhór air
 
Bhí an crann deilbhe deisithe aici ar m'aghaidh isteach inniu agus mé ag dul ag an bportach. Is mór an saothraí í, go dtéann sí ag deilbh fós
 
Coinníonn an dream atá i Meiriceá corrdheoladh léithe ach má choinníonn féin, tá sí ag fáil fuílleach le déanamh ón saol. M'anam daoine a bhfuil talamh agus deis féin acu anois gur sách rite a théas sé leo, ní áirím ise nach bhfuil ní dhár dhealbh an ghrian aici ach an trifle beag sin a fhaigheas na daill
 
Shílfeá agus chomh díocasach agus atá sé chuig iascach go bhfaigheadh sé deis. Níl dorú, snúda, glionda ná ní dhár dhealbh an ghrian aige ach i gcleithiúnas chuile dhuine eile, agus gur minic a chaitheas an fear sin fanacht istigh (gan a dhul ag iascach) nuair a bhíos a dheis imithe amach aigesean
 
Chonaic tú ansin thiar é mac Mh. Ch. Bean ar bith a shamhlódh an t-athair leis, ní raibh aon mhaith inti. Bhí mná maithe faighte aige dhó ach ní bhreathnódh sé sa taobh a mbeidís. Ansin dúirt an t-athair leis a dhul agus bean a fháil é féin. Chuaigh. Iníon T. Sh.; sliseog chaite chaillte nach raibh cianóg rua ar a fáltas. Reic sí an tseanbhean a bhí sa teach. Níor fhága sí ní dhár dhealbh an ghrian istigh faoi chaolachaí an tí nár ardaigh sí soir abhaile. Sin é an fear a rinne an drochphósadh. Ach ar chuala tú ariamh é: tabhair a roghain don bhodach agus tógfaidh sé an díogha
+
díol 2
Tá S. Ó. D. ansin thoir anois ina dhíol trócaire chomh mór agus atá sa tír, agus gan é ag fáil faice — dole, airgead páistí, pinsean caoch, ná ní dhár dhealbh an ghrian — ach ag mianadóireacht ansiúd idir dhá leic ag iarraidh cupla fata a shaothrú. Ach ní taise le fear ar bith istigh ina bhaile é. Níl slí do choise de thalamh acu fréna chéile
TUILLEADH (1) ▼
Má chastar liom é Dé Domhnaigh, tabharfaidh mé chuile dhíol air faoi nár thug sé agam an pisín cait a gheall sé dom. Tá an teach beo beithíoch le luchain. Ní fhágfaidh siad ní dhár dhealbh an ghrian istigh faoi chaolachaí an tí. Mura dtéitear rúb (rompu) go gairid
 
A muise a mhuirnín, má théann tú siar go R. Mh. gabhfaidh tú ag brú ar an doicheall. Thug an tincéara fhéin a mhallacht dó: ceathrú cloch fhataí a bhí aige théis soláthar trí lá, agus ina cheann sin, goideadh an sádar (solder) uaidh. Nach gann a chuaigh an saol orthu go mb'éigean dóibh a dhul ag fiachadh ar an tincéara. Ach cén neart a bhí acu air. Ar ndóigh níl ní dhár dhealbh an ghrian ann ach breaclachaí agus clochair
 
Ba bheag an bheann a bheadh acu sin ar an saol murach chomh drabhlásach agus a bhí siad fhéin. Bhí siopa ansin thoir ag a n-athair agus níl ní dhár dhealbh an ghrian nach bhfaightheá istigh faoina chaolachaí. Thug sé scoil agus foghlaim dóibh. Bhánaigh sé é féin dhá gcur ag coláistí agus ag ardscoileannaí. Chuaigh siad chun drabhláis: ag imeacht le ragairne ó oíche go maidin, agus ar aer an tsaoil ó mhaidin go faoithin. Chuimil siad sop na geire dhó, agus chaith siad chuile sciúrtóg dhá raibh ar a fhaltanas. Ach bhí rud ar shon a gcuid drabhláis acu. Nuair a bhí a n-athair de dhroim tí acu, b'éigean an áit a dhíol, agus bhí siadsan ina gcleith uaidh sin amach. Ar chuala tú ariamh é, nuair a stopas an síol stopann an fuirseadh. Bhí siadsan gan pínn gan bonn uaidh sin amach. Ba ghearr gur ag imeacht ag súdaireacht ar fud na G. a bhí siad: duine ar bith a thabharfadh luach pionta dóibh. Bhí sipín beag ag M. thíos i bP. an Ch., ach ba ghearr a bhain sé as. Ní raibh a fhios cé acu den bheirt — é féin nó a bhean – ba dhrabhlásaí a bhí. Ar ndóigh mo léan chuaigh sé i gcuingir leis an gceann ceart — iníon L. Uí C.
 
Beannacht Dé dhuit! Ab é Baile an Ch. Deir tú liom go bhfuil an-phreabáin talúna ann. Níl ceo dhár dhealbh an ghrian ann, a stór — ceo ar bith — ach feidhealanna madraí — agus na drandail nochta acu, ag forcamhás ar fháiteall eicínt a streachlóidís thrí dhriseachaí an bhaile
 
droim
Thug na Black and Tans leo é sna lorries agus gan folach dhár dhealbh an ghrian air ach an oiread leis an oíche ar rugadh é, agus níor chónaigh siad gur fhága siad ar thrá an L. Bh. é agus an snáth feamainne ina mhullach. D'fhuagair siad ansin air éirí agus rith. Séard a bhí siad a iarraidh go gcaithfidís é. Ach dheamhan a chos a rithfeadh. Rinne sé a chríonnacht sa méid sin ar chaoi ar bith. Chroch siad leo aniar aríst é agus thug siad isteach sa mbeairic é, agus thosaigh siad dhá lascadh le beilteannaí. Níl a fhios cén spídiúlacht a thug siad dó. Tháinig sé amach as an mbeairic sin uair eicínt leis an deargmhaidin agus gan aon ribe dubh ina cheann de dhroim na hoíche … Is mór a chonaic é. Nár bheag an dochar dó. Ní bheadh tuilleadh beo chor ar bith dhá dtéidís thríd an oiread sin
 
dúd
Shílfeá nach mbeadh sé in ann aon cheo dhár dhealbh an ghrian a thógáil, ach dar fia ní raibh neach an aoin ag dul go dtí an áit sin thoir a chinnfeadh air ag tógáil rud ar bith. Dúirt an máistir fhéin sin. Dúd é, a dheartháir ó. Dúd!