dearg-
—réimír roimh ainmfhocal nó aidiacht bhriathartha.
—tá dearg mar réimír ainmfhocal an-choitianta, ach ní chuirtear roimh aidiacht é. Dubhmhór, dubhláidir, nó fíormhór, an-mhór srl. adeirtear.
—
an-, dubh-, fíor-.
·
Dearg-ghadaí é (deargchuimleachán, deargdhruncaera, deargbhacach, deargbhastard, deargmhurdaróir, deargscéiméara, deargshlíomadóir, deargrobálaí, deargchluanaí, deargbhréagadóir, deargbhithiúnach, deargchladhaire, deargchantalóir, deargdhreancán, deargabhlóir, deargcheoláinín srl.) — tabhair faoi deara gur le tréathra nach bhfuil inmholta a chuirtear dearg mar seo i gcónaí
Deargdhiabhal críochnaithe é
+–
Sin deargbhréag — bréag mhór
Thug tú do dheargéitheach! (Thug tú do dhearg adeirtear go minic gan éitheach a chur ann)
TUILLEADH (20) ▼
Bhí deargnáire orm
Déanfaidh mé é de do dheargainneoin — de do bhuíochas críochnaithe
Tá an deargolc aige do chuile dhuine ar an mbaile seo
Dhéanfadh duine soilíos den tsórt sin dhá dheargnamhaid
Sin deargthútaíl. Ní tada eile é
Fuair sé deargbhualadh anseo thoir aréir
Tá an diabhal ar deargmheisce (nó, ar a dheargmheisce)
Nach é atá ina dheargamadán acu má tá sé ag géilleadh dhóibh mar sin. Diabhal bréag nach bhfuil
Rinneadh deargár ann
Déanfaidh sé sin deargmhurdar shula gcónaí sé
Tá deargscéiméaracht déanta aige ar chaoi ar bith
Tharraing sé deargachrann
Déanfaidh mé deargbhualadh mura gceansaítear mé
Tá deargchluanaíocht ort. Sin é atá ort
Tá dearg-ghliondar air faoi gur briseadh as mo chuid oibre mé (ach tá an-ghliondar air nó an t-an-ghliondar, nó fíorghliondar srl. faoi gur éirigh liom)
Deargleiciméireacht atá ag dul dó. Diabhal a mhalrait ariamh!
Deargbhligeardacht í sin. Deile céard í?
Rinne sé dearg-mhístaid timpeall an bhaile chomh uain is a bhí sé ann. Ba mhaith an scéal don bhaile gur bhailigh sé leis
Déanfaidh sé deargmhísc mura ndonaí duine eicínt é
Tá sé deargdhallta deargbhuailte, deargloite, deargloicthe, deargchaite srl.