deargmhaidin
—
·
D'éirigh mé leis an deargmhaidin — an-mhoch (fc. dearg)
An-mhochóireach é. Bíonn sé ina shuí leis an deargmhaidin i gcónaí. Ní ligfidh sé tada uaidh le maolscríb ar bith
deargmhaidin in iontrálacha eile (2)
→
diogáil
Is dóibh is furasta a bheith diogáilte. Ní comórtas ar bith dhuitse máistrí scoile ná póilíos: dream a fhéadfas leath an lae a chaitheamh dhá ngléas féin. Ach an té a chaithfeas a bheith thíos i gC. an U. leis an deargmhaidin ag sciobadh feamainn dearg (ní bhíonn aon tuiseal ginideach ar an gcuingirfhocal sin feamainn dearg), bíonn rud ar a aire thar is a bheith dhá dhiogáil féin. Tá an obair sin ceart go leor Dé Domhnaigh, ach ní fheileann sí Domhnach is dálach. Má fheileann, ní don talmhaí é
→
droim
Thug na Black and Tans leo é sna lorries agus gan folach dhár dhealbh an ghrian air ach an oiread leis an oíche ar rugadh é, agus níor chónaigh siad gur fhága siad ar thrá an L. Bh. é agus an snáth feamainne ina mhullach. D'fhuagair siad ansin air éirí agus rith. Séard a bhí siad a iarraidh go gcaithfidís é. Ach dheamhan a chos a rithfeadh. Rinne sé a chríonnacht sa méid sin ar chaoi ar bith. Chroch siad leo aniar aríst é agus thug siad isteach sa mbeairic é, agus thosaigh siad dhá lascadh le beilteannaí. Níl a fhios cén spídiúlacht a thug siad dó. Tháinig sé amach as an mbeairic sin uair eicínt leis an deargmhaidin agus gan aon ribe dubh ina cheann de dhroim na hoíche … Is mór a chonaic é. Nár bheag an dochar dó. Ní bheadh tuilleadh beo chor ar bith dhá dtéidís thríd an oiread sin