—
spreallaire réchúiseach; súm sám; pleota; leibide; gamal; súmaire; púca de dhuine; duine faillíoch; duine gan aon ghus ceart.  Is doiligh ciall áirid a shainiú leis mar tugtar ar chuid mhaith cineálachaí daoine é.
+–
  An deidearún!  Deile cén chaoi a mbeadh sé.  Sin é an chuma atá sé a chur air fhéin!
Leabharsa muise má fhágann tú faoin deidearún sin é go mbeidh sé déanta!  Nár chuala tú ariamh é, gan amadán a chur i dteachtaireacht fir
      
                                TUILLEADH (3) ▼
                            
Céard a chas an deidearún mór sin an bealach?  Isteach againne a ghabhfas sé sin agus caithfidh sé an lá ag codaíocht againn mura bhféada muid siliúr a chur ann
Cén sórt deidearún de mhac é siúd aige.  Chonaic mé ag teacht aníos an lá cheana é agus bord na gcléibh de mheaingeals aige ar an asal.  Bhí leatromadh i gceann de na cléibh.  'Cuir cloch sa gcliabh sin,' arsa mise, 'nó iontóidh an t-ualach.'  Diabhal cur, ach a chloigeann a bhualadh sa talamh.  Is gearr gur iontaigh an t-ualach.  'Cuir suas anois é,' arsa mise, 'más breá leat'
Scread mhaidne air, an deidearún dona.  Cé a thabharfadh bean dó siúd.  Ar ndóigh níl gus ar bith ansiúd le pósadh.  Diabhal a leithide de shúmaireacht a chonaic mise ar aon dhuine ariamh agus a bhíos air