dháréag
—
dhá cheann déag.
+–
Tá dháréag acu ann
Tá lán an tí de pháistí aice: dháréag agus píobaire (trí dhuine déag)
TUILLEADH (1) ▼
Chuaigh cuisle (coiste) dháréag air
dháréag in iontrálacha eile (17)
→
fálróid
Tá dháréag agus píobaire acu ann, agus dheamhan a bhfuil siad in ann boirdín feamainne a chur amach ina dhiaidh sin ach ag imeacht ag fálróid ar fud an bhaile. Nach ó Bh. Fh. a cheannaigh siad roinn fheamainne anuraidh
→
cinnire
Murach an sórt cinnire a bhí orainn an oíche sin, dhéanfadh muid cat is dá rioball. Dar m'fhocal duit, dheamhan fear ar an bhfeadhain den dáréag Black and Tans a bhí ann a changlódh aon fhata lena luiseag aríst. Ach 'sé an uair a bhí siad sáinnithe againn a fuagraíodh orainn imeacht agus gan drannadh leob.
→
bocht 1
Má tá an t-earrach déanta aige fhéin aige nach bocht dó sin! Áit a bhfuil dháréag agus píobaire! — is suarach an t-ionadh dó (is beag an dochar dhó; b'iontas é mura mbeadh; tá air aige; is ceart dó; srl.) an t-earrach a bheith réidh aige (an cur a bheith déanta aige), arae tá cúnamh mór aige. (Trí dhuine dhéag clainne, nó go leor clainne)
→
buille
"Chonaic sé chuige an curachán snámha, iomramh céad, agus gabháil dháréag, agus gan uirthi ach aon bhuille amháin" (as Céatach Mhag Fhinn Rí Éireann)
→
Fionn 1
"Dháréag a bhí ag Fionn: rinne fear acu lionn. Dúirt an fear seo agus an fear seo leis an bhfear seo agus leis an bhfear seo, gan a dhul tigh an fhir seo ná tigh an fhir seo go dteagadh an fear seo agus an fear seo tigh an fhir seo agus tigh an fhir seo" — chuala mé mar sin go minic é, ach níor chuala mé aon údar faoi. Is rud é a ngabhfá amú ann lena rá sciobtha. Is cosúil gur i ngeall air sin a cuireadh le chéile é
→
ith
Itheann sé cion dháréag agus níl tada dhá shlacht air ina dhiaidh sin — itheann sé an oiread is a d'íosfadh dáréag, agus níl aon chosúlacht air go n-itheann sé tada
→
floscaí
Tá do dhá dhíol floscaí agat ar fad. Má tá do chlann chomh fíriúil sin, cá'il an obair déanta acu. Tá dáréag agus píobaire agaibh ann agus diabhal mé go bhfuil an oiread deargadh talúna déanta agamsa libh agus mé aonraic
→
deachma
Tá a dóthain aici thar an ngeospailín siúd. Ní aireodh sí ar iarraidh é an áit a bhfuil dháréag agus píobaire. Ar aon nós, ní dhéanfaidh sé aon bhiseach go brách ach ina chrabadáinín mar siúd. Is diabhaltaí an méid atá ag an dream eile air. Nach bhféadfadh sí é siúd a thabhairt don deachma. Ní éadáil ar bith i dteach é ar chuma ar bith
→
deacrach
Ara muise níor chuala tú an scéal deacrach seo: go ndearna an lad rua (an sionnach) sléacht anseo inniu! Cearc an áil a mh'anam. 'Sciob sé an ceann gan aireachtáil de mháthair an dáréag bhoicht,' mar adeireadh N.
Smál eicínt a bhí orthu sin. Tá sé sin anois ar dheireadh na Féinne. Níl an deoraí eile acu sa gcomhaireamh ceann, théis go raibh dháréag acu ann
Sin é an áit a bhfuil an dlíodóireacht ar siúl sna hoifigí sin. Tá suas le dháréag dlíodóirí ann ar fad
+
→
díol 2
"Naonúr naoi n-uaire díol mná rua d'fhear; dháréag de na fir is fhearr díol mná duibhe; Agus aghaidh an tslua ar an mbean bhán"
TUILLEADH (1) ▼
'Sé an chaoi a bhfuil an fheamainn sin anois, díol dháréag ag duine agus duine eile gan a dhíol chor ar bith
→
téigh
Tá chúig phunt ag teacht isteach ann in éadan na seachtaine ach cáid le dhul ar an teach sin chúig phunt agus a bhfuil de mhuirín ann. Nach bhfuil dháréag agus píobaire ann bail ó Dhia agus ó Mhuire orthu!