dháréag
—
dhá cheann déag.
+–
Tá dháréag aca ann
Tá lán an tighe de pháistí aice: dháréag agus píobaire (trí dhuine déag)
TUILLEADH (1) ▼
Chuaigh cuisle (coiste) dhá-réag air
dháréag in iontrálacha eile (17)
→
fálróid
Tá dháréag agus píobaire aca ann, agus dheamhan a bhfuil siad indon boirdín feamainne a chur amach in a dheidh sin ach ag imeacht ag fálróid ar fud an bhaile. Nach ó Bh. Fh. a cheannaigh siad roinn fheamainne anuiridh
→
cinnire
Marach an sórt cinnire a bhí orainn an oidhche sin, dhéanfadh muid cat as dá rioball. Dar m'fhocal duit, dheamhan fear ar a' bhfeadhain de'n dáréag Black and Tans a bhí ann a changlóchadh aon-fhata le na loiseag aríst. Ach sé'n uair a bhí siad sáinnighthe aghainn a fuagruigheadh orainn imtheacht a's gan drannadh leo(b).
→
bocht 1
Má tá an t-Earrach déanta aige fhéin aige, nach bocht dó sin! Áit a bhfuil dháréag a's píobaire! = is suarach a' t-iongnadh dó (is beag a' dochar dhó; b'iongantas é mara mbeadh; tá air aige; is ceart dó; etc) an t-earrach a bheith réidh aige (an cur a bheith déanta aige), arae tá congnamh mór aige. (Trí dhuine dhéag cloinne, nó go leor cloinne).
→
buille
'Chonnaic sé chuige an currachán snámha, iomramh céad, a's gabhail dháréag a's gan uirre ach aon-bhuille amháin' (as "Céadtach Mhag Fhinn Rí Éireann").
→
Fionn 1
"Dháréag a bhí ag Fionn: rinne fear aca lionn. Dúirt an fear seo agus an fear seo leis an bhfear seo agus leis an bhfear seo, gan a dhul tigh an fhir seo ná tigh an fhir seo go dteagadh an fear seo agus an fear seo tigh an fhir seo agus tigh an fhir seo" = chuala mé mar sin go minic é, ach níor chuala mé aon-údar faoi. Is rud é a ngabhfá amú ann len a rádh sciobha. Is cosúil gur ingeall air sin a cuireadh le chéile é
→
ith
Itheann sé cion dháréag, agus níl tada dhá shlacht air in a dhiaidh sin = itheann sé an oiread agus d'íosfadh dáréag, agus níl aon-chosamhlacht air go n-itheann sé tada.
→
floscaí
Tá do dhá dhíol floscaí agad ar fad. Má tá do chlann cho fíriúil sin, cáil an obair déanta aca. Tá dáréag agus píobaire agaibh ann, agus diabhal mé go bhfuil an oiread deargadh talúna déanta agamsa lib, agus mé aonraic
→
deachma
Tá a dóthain aice thar an ngeospailín siúd. Ní aireochadh sí ar iarraidh é in áit a bhfuil dháréag agus píobaire. Ar aon-nós, ní dhéanfaidh sé aon-bhiseach go bráth ach in a chraibiodáinín mar siúd. Is diabhaltaí an méid atá ag an dream eile air. Nach bhféadfad sí é siúd a thabhairt do'n deachma. Ní éadáil ar bith i dteach é ar chuma ar bith
→
deacrach
Ara muise níor chuala tú an scéal deacrach seo: go ndearna "an lad ruadh" (an sionnach) sléacht annseo indiu! Cearc an áil a mh'anam. "Sciob sé an ceann gan aireachtáil de mháthair an dáréag bhoicht" mar adeireadh N.
Smál eicínt a bhí orra sin. Tá sé sin anois ar dheireadh na Féinne. Níl an deoraidhe eile aca 'san gcomhaireamh ceann, th'éis go raibh dháréag aca ann
Sin é an áit a bhfuil an dligheadóireacht ar siubhal ins na h-oificí sin. Tá suas le dháréag dligheadóirí ann ar fad
+
→
díol 2
"Naonbhar naoi n-uaire díol mná ruaidhe d'fhear; dháréag de na fir is fhearr díol mná duibhe; Agus aghaidh an tsluaigh ar an mbean bhán".
TUILLEADH (1) ▼
Sé an chaoi a bhfuil an fheamuinn sin anois, díol dháréag ag duine, agus duine eile gan a dhíol chor ar bith
→
téigh
Tá chúig phunt ag teacht isteach ann in éadan na seachtaine ach cá'id le dhul ar an teach sin chúig phunt agus a bhfuil de mhuirín ann. Nach bhfuil dháréag agus píobaire ann bail ó Dhia agus ó Mhuire orra!