Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
dornán
/dəurɴān/; /dorɴān/ Achréidh
ainmfhocal, fireann
tuiseal ginideach uatha agus uimhir iolra: dornáin
 roinnt arbhair a cheanglófaí le crios. Aon rud amháin punann agus dornán in áiteacha ach tá idirdhealú barainneach fós in áiteachaí eile.
+
Dhá ghlaic mhóra (fogha corráin glaic sa gcás seo) nó trí ghlaic bheaga sin dornán, cheithre dhornán punann, fiche punann beart nó rópa (ach comhairtear punann is fiche den bheart in áiteacha, agus bíonn malrait comhairimh air ar fad: trí ghlaic dornán, dhá fhichead dornán stáca, dhá stáca rópa, agus deich rópa fichead cruach (Casla))
Cúig dhornán a théas i gcaipín stuca agus fiche dornán sa gcois
TUILLEADH (9) ▼
Tá an chrios briste ar an dornán seo
Déan dornáin mhaith mhóra dhe. Níl gnaithe ar bith acu a bheith ina ndíthreabhachaí
Tá tú ag déanamh dornáin rómhór dhe, arae níl sé sách fada ar sraith
Ní hé an ceangal céanna a thugas siad ar na dornáin chor ar bith a thugas muide orthu. Scaoilfeadh an chrios ar an bpointe an chaoi a ndéanann siadsan é
Is deas í mo chruach choirce agus nach bhfuil dhá dhornán istigh ar a corp. Más gláiféisc den tsórt sin é, d'fhéadfadh muid cheithre chruach a chomhaireamh dhúinn féin
… Thosaigh siad ag lascadh a chéile lena dornáin nó nach raibh deoraí an bhéil beo acu sa gcomhaireamh ceann. Ba in é Cath na bPunann
Scarfaí amach ar tuar é agus d'fhágfaí cupla lá ar sraith é (an líon). Ansin cheanglófaí ina dhornáin é
Is furasta dhó obair a dhéanamh agus nach mbíodh dhá dhornán aige i chuile bheart dhá dtarraingíodh sé. Ní hé sin do P. é. Ní ina dhornáin a líonadh sé an beart, ach ina stucaí
Ní scaoiltear na criosanna de na dornáin chor ar bith leis an meaisín buailte seo ach a ngearradh le scian nó le corrán. Céad slán don tsaol a mbuaileadh muid na dornáin ar an clocha. Nach ann a bhíodh an spraoi dhá scaoileadh agus ag déanamh punannachaí dhóibh (dhíobh)
+
M'anam gurb in é: roinn muid ina dhornán agus ina dhornán é, agus bhí dornán corr ann (Roinn muid ina phunann agus ina phunann é, agus bhí punann chorr ann freisin) — nuair nach réiteodh daoine le chéile agus gan eatarthu ach rud fánach. Ach bheadh gach aon duine acu ag tuineadh leis an mbuntáiste a bheith aige fhéin ina dhiaidh sin, tar éis go mb'fhéidir nárbh fhiú trácht ar an mbuntáiste. Leagan as scéal é: beirt a bhí ag iarraidh an t-arbhar a roinnt. Roinn siad ina stáca agus ina stáca ar dtús é, agus bhí stáca corr ann. Ansin ina stuca agus ina stuca, agus bhí stuca corr ann, ansin ina phunann agus ina phunann srl.
Ná bac le síocháin a dheartháir mo chroí thú. 'Sé an chaoi a bhfuil na ríochta móra sin ar fad ag tarraingt uisce chun a muilinn féin agus ag luí ar an lagar má fhaigheann siad an deis. Tá siad mar a bhí an fear fadó a roinn an coirce ina dhornán agus ina dhornán, agus bhí dornán corr ann. 'Sé an dornán corr sin a tharraingeos an tsiúite aríst. Tá chuile cheann acu ag iarraidh é a bheith aige féin
TUILLEADH (2) ▼
Nach fánach an rud a tharraing dlí anois: a dhul chun cúirte i ngeall ar an tseanbhó sin nach bhfuil tarraingt na gcos inti. Má bhí chuile shórt eile roinnte acu go dtí í sin, nach bhféadfaidís leithphínn a chaitheamh suas uirthi. Ach b'fhearr leo míchuibhiúlacht cúirte. Sin é anois: roinn mé ina dhornán agus ina dhornán é, agus bhí dornán corr ann
Ní thiocfadh ceachtar den bheirt acu suas ar réiteach Sh. Bhí ruainnín beag sa tórainn agus ba mhór le chaon dhuine acu é don cheann eile … b'éigean a chaitheamh in aer ar fad nó go dteaga seilbhéara ann. Ní hea ach sin é: roinn mé ina dhornán agus ina dhornán é, agus bhí dornán corr ann. An fear fadó a bhí ag dul ag déanamh dhá leith den pháiste lena claimhe nuair a bhí chaon duine den bheirt mhná dhá chlaimáil di féin, agus ní réiteodh sé eatarthu sin
+
Shílfeá nach raibh roinnt punann ná dornán eadraibh, le go mbeadh sibh ag troid (Ros Muc) — shílfeá nach raibh sibh ag teacht salach ar a chéile ar bhealach ar bith le go mbeadh sibh ag troid
Ba mhór adéarfá le beirt a bheadh ag béal an dorais agá n-a chéile, ach an bheirt sin a bhí ar chaon cheann de bhaile agus gan roinnt punann ná dornán eatarthu, agus go gcaithfidís tosaí ag troid ina dhiaidh sin! Ach is smál é a bhíos ar dhaoine mar sin
TUILLEADH (5) ▼
Dheamhan roinnt punann ná dornán eatarthu, agus mura bhfuil féin, ní beo iad gan a bheith ag sciolladóireacht ar a chéile chuile ré solais. Sílim gur faisean é a thugas daoine faoi deara dóibh féin. Bhainfeadh cuid de na daoine troid as na clocha
Níl roinnt punann ná dornán idir an dá theach seo, agus is maith an scéal don teach s'againne nach bhfuil, arae dhá mbeadh, bheadh muid taobh leis an driobaillín caol — cuid Pháidín den mheacan. Tá sí seo amuigh chomh gar di féin, agus nár mhór léithe an ceann ramhar a bheith aici féin i gcónaí
Is fada an lá nach raibh roinnt punann ná dornán idir mise agus an bocaileá sin, agus ní fearr dhomsa a bheith. Mise a bheadh siar leis an téiléireacht i gcónaí. Sách fada a bhí sé ag imeartas ormsa, ach múineann an saol duine
Níl roinnt punann ná dornán idir é féin ná an cliamhain anois. Measaim nach bhfuil siad an-gheal dhá chéile chor ar bith, ach go mbeannaíonn siad dhá chéile ar aontaí agus ag teach an phobail. Ach ní dhéanann siad níos airde ná sin de theanntás ar a chéile, sílim
Shílfeá nach raibh roinnt punann ná dornán idir é féin agus J. ariamh le go mbeidís chomh saighdte sin agá n-a chéile. Ach is duine é J. sin a mbaineann gnaithe chuile dhuine dhó. Tá an iomarca aisiléireachta aige ar fad. Tá a chomharsanaí féin sách diomdhach dó ar aon chor
·
Cuid den déis an dornán (seanfhocal) — bíonn déasacha i ndornáin. Ní bheadh dornáin ann dhá bhfuireasa; mura mbeidh an déas ar fónamh, ní bheidh an dornán ar fónamh; mura dtuga tú aird ar na rudaí fánacha beidh do shaothar ina iomlán lochtach

dornán in iontrálacha eile (7)

 
Tá triúr acu ag baint deatach as coirce thíos sa gcró. Sin iad na buachaillí agat nach mbeidh i gcleithiúnas meaisín ar bith, ach a bhuailfeas a gcuid coirce féin go gaelach mar a rinne na daoine ariamh é. Ach tá an iomarca den spreallaireacht anois ar thuilleadh le dornán a thógáil ina láimh agus bualadh na cloiche a thabhairt air. Chuile shórt dhá chur ar éascaíocht ar an saol seo. Sea i nDomhnach!
+
dlaoi
"Bheidís dhá bhualadh ar an talamh ina dhlaoitheachaí nó go ndéanfaidís a lagachan le tuairgín lín — na dornáin scaoilte istigh acu ar an urlár. Nuair a bheadh sé lagtha, thugaidís leo é agus d'fhaighidís cathaoir agus leagaidís ó dhlaoi go dlaoi ar shlinneán na cathaoireach é, agus iad dhá bhualadh le slis scuitseála agus sceamh ar chaon taobh di mar a bheadh bois maide rámha. Bhaineadh an scuitseáil an síol agus eile as" (giota as cuntas faoin líon a fuair mé ó m'athair)
TUILLEADH (2) ▼
Cuir dlaoi eile ann. Má tá tú dhá leagan ina dhornáin, níl cion dornáin sa méid sin
Is áibhéil an dlaoi corráin atá aige. Diabhal mé go bhfuil dornán i chuile dhlaoi
 
drad
Níor mhór do dhuine a bheith an-airdeallach nuair a bheadh sé ag cur na ndornán isteach inti sin faitíos an draid
 
Ní dreoiteacht féin atá air, ach tá sé ina chreathnach. Tá a fhios agatsa é a T. Bhí tú ag gearradh na gcriosannaí ar na dornáin inniu. An bhfuil a fhios agat céard adúirt fear an thrasher faoi nuair a bhí sé buailte aige. Níorbh fhiú dhuit cailleadh leis lena bhualadh adeir sé
 
Bhí sé ag déanamh daigéid de dhornáin agus ag cur crios dhúbalta orthu