Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Dornán
/dəurɴān/ : /dorɴān/ Achréidh
ainm-fhocal; fireann
tuiseal geineamhnach uathaidh agus uimhir iolraidh: dornáin
roint arbhair a cheanglóchaí le crios (aon-rud amháin punann agus dornán in áiteacha ach tá idir-dhealú barainneach fós in áiteachaí eile).
+
Dhá ghlaic mhóra (fogha corráin glaic ins an gcás seo) nó trí ghlaic bheaga sin dornán, cheithre dhornán punann, fiche punann beart nó rópa (ach comhairtear ponann is fiche de'n bheart in áiteacha, agus bíonn malrait comhairimh air ar fad: trí ghlaic dornán, dhá fhichead dornán stáca, dhá stáca rópa, agus deich rópa fichead cruach (Casla))
Cúig dhornán a theigheas i gcaipín stuca agus fiche dornán sa gcois
TUILLEADH (9) ▼
Tá an chrios briste ar an dornán seo
Déan dornáin mhaith mhóra dhe. Níl gnatha ar bith aca a bheith in a ndithreabhachaí
Tá tú ag déanamh dornáin ro-mhór dhe, arae níl sé sáthach fada ar sraith
Ní hé an ceangal céadna a thugas siad ar na dornáin chor ar bith a thugas muide orra. Scaoilfeadh an chrios ar an bpuínte an chaoi a ndéanann siadsan é
Is deas í mo chruach choirce agus nach bhfuil dhá dhornán istigh ar a corp. Má's gláimhthéisc de'n tsórt sin é, d'fhéadfadh muid cheithre chruach a chomhaireamh dhuinn féin
… Thosuigh siad ag lascadh a chéile lena dornáin nó nach raibh deoraidhe an bhéil beo aca ins an gcomhaireamh ceann. Ba shin é Cath na bPunann
Scarfaí amach ar tuar é agus d'fhágfaí cupla lá ar sraith é (an líon). Annsin cheanglóchaí in a dhornáin é
Is furasta dhó obair a dhéanamh agus nach mbíodh dhá dhornán aige is 'chuile bheart dhá dtarraingigheadh sé. Ní hé sin do P. é. Ní in a dhornáin a líonadh sé an beart, ach in a stucaí
Ní scaoiltear na criosanna de na dornáin chor ar bith leis an meaisín buailte seo ach a ngearradh le scian nó le corrán. Céad slán do'n tsaoghal a mbuaileadh muid na dornáin ar an clocha. Nach ann a bhíodh an spraoi dhá scaoileadh agus ag déanamh punannachaí dhóib (dhíob)
+
M'anam gurb shin é: roinn muid in a dhornán agus in a dhornán é, agus bhí dornán corr ann ("Roinn muid in a phunann agus in a phunann é agus bhí punann chorr ann", freisin) = nuair nach réidhteochadh daoine le chéile agus gan eatorra ach rud fánach. Ach bheadh gach aon-duine aca ag tuineadh leis an mbantáiste a bheith aige fhéin in a dhiaidh sin, tar éis go mb'fhéidir nacharbh fhiú trácht ar an mbantáiste (leagan as scéal é: beirt a bhí ag iarraidh an t-arbhar a roint. Roinn siad in a stáca agus in a stáca ar dtús é, agus bhí stáca corr ann. Annsin in a stuca agus in a stuca agus bhí stuca corr ann, annsin in a phunann agus in a phunann agus rl.)
Ná bac le síochán a dhearbhráthair mo chroidhe thú. Sé an chaoi a bhfuil na ríoghachta móra sin ar fad ag tarraint uisce 'na muilinn féin agus ag luighe ar an lagar má fhaghann siad an deis. Tá siad mar a bhí an fear fadó a roinn an coirce in a dhornán agus in a dhornán, agus bhí dornán corr ann. 'Sé an dornán corr sin a tharraingeochas an tsiúite aríst. Tá 'chuile cheann aca ag iarraidh é a bheith aige féin
TUILLEADH (2) ▼
Nach fánach an rud a tharraing dlí anois: a dhul 'un cúirte ingeall ar an tsean-bhó sin nach bhfuil tarraint na gcos innte. Má bhí 'chuile shórt eile rointe aca go dtí í sin, nach bhféadfaidís leithphighinn a chaitheamh suas uirre. Ach b'fhearr leo mí-chuíbheamhlacht cúirte. Sin é anois: roinn mé in a dhornán agus in a dhornán é agus bhí dornán corr ann
Ní thiocfadh ceachtar de'n bheirt aca suas ar réidhteach Sh. Bhí ruainnín beag 'sa tórainn agus ba mhór le 'chaon dhuine aca é do'n cheann eile … b'éigin a chaitheamh in aer ar fad nó go dteagaidh seilbhéara ann. Ní headh ach sin é: roinn mé in a dhornán agus in a dhornán é agus bhí dornán corr ann. An fear fadó a bhí ag dul ag déanamh dhá leith de'n pháiste len a claimhe nuair a bhí 'chaon duine de'n bheirt mhná dhá "chlaimáil" di féin, agus ní réidhteochadh sé eatorra sin
+
Shílfeá nach raibh roint punann ná dornán eataraibh, le go mbeadh sib ag troid (Rosmuc) = shílfeá nach raibh sib ag teacht salach ar a chéile ar bhealach ar bith le go mbeadh sib ag troid
Ba mhór adéarfá le beirt a bheadh ag béal an doruis ag án a chéile, ach an bheirt sin a bhí ar 'chaon cheann de bhaile agus gan roint punann ná dornán eatorra, agus go gcaithfidís tosuighe ag troid in a dheidh sin! Ach is smál é a bhíos ar dhaoine mar sin
TUILLEADH (5) ▼
Dheamhan roint punann ná dornán eatorra, agus mara bhfuil féin, ní beo iad gan a bheith ag sciolladóir[eacht] ar a chéile 'chuile ré soluis. Sílim gur faisean é a thugas daoine faoi deara dóibh féin. Bhainfeadh cuid de na daoine troid as na clocha
Níl roint punann ná dornán idir an dá theach seo, agus is maith an scéal do'n teach se'aghainne nach bhfuil arae dhá mbeadh, bheadh muid taobh leis an driobaillín caol — cuid Pháidín de'n mheacan. Tá sí seo amuigh cho gar di féin, agus nar mhór léithe an ceann reamhar a bheith aice féin i gcomhnaí
Is fada an lá nach raibh roint punann ná dornán idir mise agus an buicileá sin, agus ní fearr dhomsa a bheith. Mise a bheadh siar leis an téiléaracht i gcomhnaí. Sáthach fada a bhí sé ag imeartas ormsa, ach múineann an saoghal duine
Níl roint punann ná dornán idir é féin ná an cliamhain anois. Measaim nach bhfuil siad an-gheal dhá chéile chor ar bith, ach go mbeannuigheann siad dhá chéile ar aontaighe agus ag teach an phobail. Ach ní dhéanann siad níos aoirde ná sin de theanntás ar a chéile, sílim
Shílfeá nach raibh roint punann ná dornán idir é féin agus J. ariamh le go mbeidís cho saghdtha sin ag án a chéile. Ach is duine é J. sin a mbaineann gnotha 'chuile dhuine dhó. Tá an iomarca aisiléarachta aige ar fad. Tá a chomharsanaí féin sáthach diomdhach dó ar aon-chor
·
Cuid den déis an dornán (sean-fhocal) = bíonn déasacha i ndornáin. Ní bheadh dornáin ann dhá bhfuireasbhaidh; mara mbeidh an déas ar fónamh, ní bheidh an dornán ar fónamh; mara dtugaidh tú áird ar na rudaí fánacha beidh do shaothar in a iomlán lochtach

Dornán in iontrálacha eile (7)

 
Tá triúr aca ag baint deatach as coirce thíos ins an gcró. Sin iad na buachaillí agad, nach mbeidh i gcleitheamhnas "meaisín" ar bith ach a bhuailfeas a gcuid coirce féin go gaedhealach mar a rinne na daoine ariamh é. Ach tá an iomarca de'n spreallaireacht anois ar thuilleadh le dornán a thógáil in a láimh agus bualadh na cloiche a thabhairt air. Chuile shórt dhá chur ar éascaidheacht ar an saoghal seo. 'Seadh inDomhnach!
+
dlaoi
"Bheidís dhá bhualadh ar an talamh in a dhlaoitheachaí, nó go ndéanfaidís a lagachan le tuairgín lín — na dornáin scaoilte istigh aca ar an urlár. Nuair a bheadh sé lagtha thugaidís leo é agus d'fhaghaidís cathaoir agus leagaidís ó dhlaoi go dlaoi ar shlinneán na cathaoireach é, agus iad dhá bhualadh le slis scuitseála agus sceamhadh ar 'chaon taobh di mar a bheadh bois maide rámha. Bhaineadh an scuitseáil an síol agus eile as" (giota as cuntas faoi'n líon a fuair mé ó m'athair)
TUILLEADH (2) ▼
Cuir dlaoi eile ann. Má tá tú dhá leagan ina dhornáin, níl cion dornáin 'sa méid sin.
Is áibhéil an dlaoi corráin atá aige. Diabhal mé go bhfuil dornán is 'chuile dhlaoi
 
drad
Níor mhór do dhuine a bheith an-áirdeallach nuair a bheadh sé ag cur na ndornán isteach innte sin, faitíos an draid
 
Ní dreoighteacht féin atá air, ach tá sé in a chreathnach. Tá a fhios agadsa é a T. Bhí tú ag gearradh na gcriosannaí ar na dornáin indiu. An bhfuil a fhios agad céard adubhairt fear an "Thrasher" faoi nuair a bhí sé buailte aige. Níorbh fhiú dhuit cailleadh leis len a bhualadh, adeir sé
 
Bhí sé ag déanamh daigéid de dhornáin agus ag cur crios dhúbalta orra