Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
dradualach
ualach réasúnta, ach ní bheadh sé thar cionn.
+
Bhí dradualach aige ag teacht abhaile
Cáid a mhairfeas an dradualach sin duit? Seachtain! Dheamhan mórán atá sibh a ídiú muis. Ní bhainfeadh muide trí lá as
TUILLEADH (3) ▼
Tháinig sé aníos tráthnóna agus dradualach maith feamainne sa gcarr aige
Nach gearr ó thug mé dradualach agaibh cheana! Ar ndóigh ní caite agaibh atá sé. Más ea, d'imigh an diabhal oraibh!
Tá dradualach maith feamainne ann fós, dhá mbailíodh sibh an scaipiúch sin, agus chuile thiomsachán a chur i dtoll a chéile

Féach freisin