Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
drochoineach
a.
·
Fuair mé an drochoineach ann. Sin é a fuair mé ann — gan aon chórtas a chaitheamh leat
Ní fhaca mé i ndiaidh a láimhe ariamh ach an drochoineach. Tá sí chomh gortach le ní mé cé hé
b.
+
Ith suas anois. Ná déan drochoineach ort fhéin — dhá bhfágtaí ag ithe thú, gan aon dhuine a bheith ann le freastal ort, ná leis an mbia a thónadh ort
Ná déan drochoineach ort fhéin anois. Níor cheart duit a bheith in do strainséara chor ar bith sa teach seo
TUILLEADH (2) ▼
Níl a fhios agam nach ndearna tú drochoineach ort fhéin. Ní mórán foghail a rinne tú ar chaoi ar bith
Má ghníonn tú drochoineach ort fhéin, thú fhéin a bheas siar leis. 'Sé an chaoi a bhfuil sé againn sa teach seo, chuile dhuine ag placadh leis ar a mhine ghéire agus an té a bheas ar deireadh bíodh

Féach freisin