Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
drochrud
+
Sin drochrud — drochthinneas, drochphian, drochní a dhéanamh as bealach srl.
Nach maith gurb é an drochrud adéarfas sé i gcónaí faoi chuile dhuine
TUILLEADH (1) ▼
Is diabhlaí a chuimhníos tú i gcónaí ar an drochrud

Féach freisin

rud

drochrud in iontrálacha eile (7)

 
Níl aon pheaca ná aon drochrud dhá ndearna tú i ngan fhios ná i gcomhfhios, nár cheart a inseacht don sagart sa bhfaoistin. Mura n-insí tú iad, ní mhaithfear duit iad.
 
cuntas
Níl dea-rud ná drochrud dá ndéanfaidh duine, nach mbeidh roimhe ansiúd ar leabhar an chuntais.
 
airigh
Bhí le rá go raibh drochrud eicínt le n-aireachtáil sa teach sin fadó, ach dheamhan is móide a raibh ann ach caint.
 
Is minice leis an drochrud a bheith tarraingthe anuas aige ná a phaidreachaí.
 
Deir siad gur fearr an fhairsinge ná ar fónamh. Is fhearr leo sin i gcónaí go leor den drochrud ná beagán den rud mhaith. Ghabhfadh an beagán a mbeadh maith ann chomh fada leis an drochrud faoi dheireadh.
 
feall 1
An té a dhéanfas an drochrud, ní trua ar bith má theagann sé ar a mhéis fhéin aige aríst. Filleann feall adeir siad. Chonaic mise an scabhaitéara sin thuas ag siúl ar an mbaile ach is furasta cur chuige anois
 
droim
Chuir sé geall as gaisce go gcodlódh sé sa seomra. Bhí a cheann liath fré chéile ar maidin de dhroim na hoíche sin agus bhuail saochan é go dlúth ina dhiaidh: i gcruthúnas duit go gcaithfeadh sé go raibh drochrud eicínt sa seomra