Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
droimnochta
aidiacht, dobhriathar
1.
 an droim a bheith nocht gan chlúdach gan uaim ar bith ná gléas.
a.
+
Capall (asal srl.) droimnochta — capall (srl.) gan aon ghléas ná uaim ná dromacán ná diallait ná a leithidí eile
Capall droimnochta a bhí aige. Dheamhan diallait a chuir sé ar aon chapall ariamh. Ní thaitníodh éirí i ndiallait leis
TUILLEADH (4) ▼
Croch leat an capall droimnochta mar atá sí agus rith siar ina choinne thálta (ó tharla) go bhfuil na bicycleachaí buailte suas. Tuilleadh glugair acu! Ní raibh aon chaoi ariamh orthu nuair a bheadh call leo
Capall droimnochta a bhí againn. Eisean ar béala. Mise ar cúlóig. Bhuel bhí sé ag baint caor thinte as an mbóthar anuas Ard Th. agus é 'na huaire móire orm féin agus gan a fhios agam cén pointe a gcuirfí go talamh mé agus a scoiltfí mo bhaithis in aghaidh an bhóthair
B'fhearr liom a dhul ar chapall droimnochta uair ar bith ná a dhul i dtuilleamaí diallaite. Má théann scéin ar bith inti (sa gcapall), is mór an chontúirt í an diallait. Is maith nach mór duit a bheith in do mharcach le fanacht i ndiallait má thugann an capall léim leataoibhe. Tá a fhios agam é a mh'anam. Ach ar aon chor is mó go mór a thógfas an diallait duine ná an capall droimnochta. Is beag is ionann iad
Bhí an S. bailithe soir go fada ag J. an uair sin. Dheamhan easna dhósan nach mbaineann anuas an jaunt anseo amuigh — bhain a mh'anam — agus fáscadh ar an gcapall droimnochta agus as go brách leis soir ina dhiaidh. Chuaigh sé sínte soir an S. agus chuaigh sé fhoisceacht "mbeannaí Dia" dó gasúr le M. Mh. a mharú. Thoir ag bóithrín an tS. a scoith sé é. Thosaigh sé ag glaoch ag dul thairis amach: High for caiple droimnochta adeireadh sé. Cén bhrí ach "caiple droimnochta" go deimhin!
+
Ní raibh srathar ná cléibh ar an asal. Droimnochta a bhí sé
An droimnochta a bhí sí nó an raibh diallait aige. Dheamhan diallait sa tír anois cé is moite de cheann atá ag P. Mh. Anois a d'fheilfidís muise agus chomh gann agus atá bicycles
TUILLEADH (5) ▼
Ní raibh uaim ná dromacán ná diallait uirthi ach í droimnochta mar a bhí sí an lá ar rugadh í. Ag fear Achréidh ar imigh a chapall uaidh anseo thoir lá aonaigh a chuala mé é. 'Sé an dromacán an gléas a bhíos uirthi leis an gcéachta. Murab é muise, diabhal a fhios agamsa céard é féin. Céard é mar sin?
'Is breá an láir de chapall í ach a feiceáil droimnochta,' adeireadh P. Sh. Dh. le capaillín beag dubh nach dtabharfá do sheacht mallacht uirthi a bhí aige fadó. 'Ach, dar brí an leabhair a Sheáin, cuireann an gléas as a slacht ar fad í'
Fáisc uirthi droimnochta agus ná bac leis an gcarr. Is amhlaidh is lú trioblóid duit féin é. Má théann tú de do mheath féin leis an gcarr, dheamhan anoir a bheas tú go mbeidh an dubh ar an oíche anocht
Tháinig sáimhín aireach air ó bheith ag marcaíocht droimnochta ar chapall a bhí aige — capall a raibh chuile chnáimh ag gabháil léi ag freagairt thrína craiceann. Chaith sé bliain cróilithe dhá barr
Droimnochta atá agat a dhul dhá marcaíocht
b.
+
Beidh an ceann eile (bus) droimnochta. Seasamh ag an S. a rinne sé anois ag ligean daoine amach, agus ligfidh sé amach leis anoir iad — bhí dhá bhus ar an mbóthar céanna, taca an am céanna. Chuaigh an chéad cheann thart gan seasamh, ach beidh an dara ceann folamh nó leathfholamh ag teacht, mar sheas sé ag S. ag ligean daoine amach
Tá sé droimnochta ag teacht anocht (carr crannóige) — níl aon phaisinéara aige
TUILLEADH (1) ▼
Is gearr go bhfaighe tú lorry eicínt droimnochta ag teacht agus tógfaidh sé thú. Gheobhaidh tú bealach feicfidh tú féin air
c.
+
Tiocfaidh sí abhaile aríst droimnochta (cailín aimsire) — tiocfaidh sí abhaile aríst agus diomdha uirthi; tiocfaidh sí abhaile aríst as an teach a bhfuil sí ar aimsir ann agus gan aici ach bonnaíochaí
Fuair sé sórt poistín eicínt suas faoin tír, ach tháinig sé abhaile aríst droimnochta faoi cheann coicíse. Tá mé ag ceapadh nach bhfuil a sháith foghlama air siúd le dhul i bposta ar bith. Ní cheal muis nár chaith sé sách fada ag dul chuig coláistí
TUILLEADH (1) ▼
Chuaigh mé soir ann ag ceapadh go bhfaighinn cupla céad síol coirce ach tháinig mé abhaile aríst droimnochta. Ní thabharfadh sé dhom ach leathchéad, agus dúirt mé leis é a chur san áit ar chuir Cúmar an bhloinig!
2.
+
Tá beatha droimnochta ansin thoir acu (ag cearca) — tá an bheatha le fáil gan mórán easonóra
Tá cúrláin ar na cnocáin sin amach droimnochta, ach a mbaint. Tá agus cora mhilis freisin
TUILLEADH (1) ▼
Tá móin droimnochta thuas ansiúd ar phortaigh, agus ní bhacfaidh duine ar bith é faoina dhul ina chuid fhéin, ach ní ligfeadh corp leadaíochta dhó a dhul ina choinne
3.
+
Ar mharaigh sé droimnochta é? — duine a mharú agus ba é ciontsiocair fhear a mharfa uilig é. Mharódh sé i mbéal an tseoil, i lár an bhóthair, nó istigh uilig ar colbha, nó ar an móinín bán é. Ní bheadh neart ar bith ag an té a mharófaí ar an scéal. Droimnochta, cuir i gcás, a mharófaí coinín nó giorria nó a leithidí. Thabharfaidís gach uile thabhairt orthu féin leis an mbás a sheachaint. Is é a fhearacht sin é ag an té a maródh fear gluaisteáin é, ar an móinín bán, nó in áit nár cheart d'fhear an ghluaisteáin sroichiúint chomh fada leis
Maraíodh fear thiar ar an mbóthar anseo an bhliain cheana. Istigh ar cholbha an bhóthair a bhí sé. Maraíodh droimnochta é
TUILLEADH (7) ▼
Níl gnaithe ar bith aige sin do mhótar — ag marú daoine as éadan droimnochta. Is mór an chontúirt do dhuine ná do bheithíoch é. Dhá mbeadh aon rath le na póilíos ní fhágfaidís ar an mbóthar chor ar bith é
Is mé an chéad duine a casadh ann. Diabhal maith dhá shéanadh. Mharaigh sé droimnochta é agus é a mhartrú ina aice sin. Le mo dhá shúil féin a chonaic mé é
Bhí mé istigh ar an sidewalk agus dheamhan easna dhó nár scríob le mo threabhsar: puicneach mhór rua agus spéacláirí air. 'Is diachta dhuit,' arsa mise, 'nár mharaigh droimnochta mé ó chuir tú do láimh ann. Ach teara amach as an mótar sin,' arsa mise, 'agus traíálfaidh (try) mé anseo thú agus ansin a bheidh a fhios cé hé searrach na dea-lárach.' Dheamhan thú ná mé adúirt sé ach lascadh leis aríst agus níor fhiafraigh sé amháin ar éirigh aon scríobadh dom. Nach dona a chruthaigh mé nár thug suas don phóilí é. Sin é a bhainfeadh an sodar as deirimse leat
Maraíodh an duine bocht sin chomh droimnochta agus a mharófaí coinín nó giorria. Beannacht Dé dhuit. Ní raibh aon cheo dhá chiontsiocair fhéin lena bhás ach an oiread liomsa. Ó fiafraigh thusa den dream a bhí ag an gcuisle é (coiste dháréag). Sin iad atá in ann a inseacht duit. Ach plúchadh an scéal ina dhiaidh sin le neart caraideacha. Sin é an duine bocht i gcónaí. Chuile shórt ag luí ar an lagar agus an lagar ar an talamh
Tuige — go dtigh diabhail di — nach mbainfeadh sí airgead díobh. Nár maraíodh a fear chomh droimnochta agus a mharófaí coinín i bpáirc. Fear ar bith a raibh a láimh leagtha aige ar an gclaí. An bhfaca tusa ariamh an fear sin nach istigh le claí a shiúlfadh sé. Ní fhaca, ná aon fhear eile. Ach bíonn fód an bháis le claí féin
Tá lucht mótars ligthe leo fhéin ar fad. Is gearr nach mbeidh sé in araíocht ag duine an bóthar a shiúl acu. Ar chuala tú faoin bhfear bocht sin a maraíodh i mB. na T. an lá faoi dheireadh. Maraíodh a mh'anam droimnochta. Ag siúl anoir ar an walk siúd le farraige a bhí sé an t-am a dtáinig carr agus scuab sé leis síos sa trá é. Mionaíodh é. Bhí fear an chairr ar a dheargmheisce, ach dheamhan thiomanta blas a d'éirigh dó fhéin ná den mhótar. Anois an bhfuil biseach agat?
Chloisinn T. ag cur caoi fadó ar fhear a maraíodh ansin. Fear a bhí ag déanamh aicearra thrí na páirceanna a bhí ann. Bhí uaisle eicínt amuigh le caiple rása timpeall an tí mhóir ansiúd. Dhá múineadh le haghaidh rástaí a bhí siad chreidim. Rinne duine acu anonn caol díreach ar an bhfear bocht a bhí ag dul trasna. Dheamhan fios rúin ná soiscéil a bhí ag mo dhuine bocht. Ná raibh ann nach gcuireann an duine uasal an capall ina mhullach agus choinnigh sé an capall ag taltú air nó gur mharaigh sí é. Tabhair thusa marú droimnochta air sin. 'Sé a bhí droimnochta. Amuigh ar lom na páirce. Murder a bhí ann — ní tada eile. Bhí an dlí ar fad acu fhéin an uair sin. Chomh uain is a mhair an seanBh., dhá bhfeiceadh sé duine ar a chuid talúna, nach scaoileadh sé faoi leis an ngunna.
+
Theastódh cineál iarraidh ón ngandal sin amuigh. Dhá bhfaigheadh sé droimnochta í faoi bhun an ghéill — gandal a bhí ag déanamh millteanais. Ba cheart an iarraidh (an buille) a thabhairt dó chomh trom téagarthach agus a d'fhéadfaí é, agus a tabhairt dó nuair nach mbeadh sé ar a airdeall féin ach oiread
Thug siad an buille uathu droimnochta — sin é an chaoi ar ionsaigh na Seapánaigh cabhlach Mheiriceá i bPearl Harbour
TUILLEADH (2) ▼
Thapaigh sé a dheis, agus thug sé féin droimnochta é, isteach díreach ar na polláirí
Má théann tú ina éadan chor ar bith, déan droimnochta é. Tabhair leat an chleith mhór sin thall agus bain ceol as na ceathrúnaí aige! — asal bradach

droimnochta in iontrálacha eile (3)

 
B'fhearr liom ag imeacht i ndiallait ná capall droimnochta.
 
Ní dhéanfaidh mé dearmad ar an am a mbíodh sé ag imeacht leis an m. beag. Chlis an jaunt agus b'éigean dó imeacht le capall diallaite. Sa samhradh a bhí ann agus thóg an diallait ar fad é, agus b'éigean dó imeacht ansin droimnochta uirthi. Tháinig sé aníos an bóithrín tráthnóna amháin agus é cróilithe uileag. 'Faigh diallait ard,' adeir M. B. leis, 'agus ní ghoillfidh sé chomh mór ort. Sin nó gheobhaidh mé snáth leoin duit ó Mh. Mh. Ph.' D'imigh sé mar a bhuailfeá ar an gcluais é agus níor labhair sé linn aríst go ceann leathbhliana
 
Tá ceart aige sáimhín aireach a bheith sa leath deiridh air, agus a ndearna sé de thraibhléireacht ar an gcapall sin droimnochta le seachtain