Druimnochttha
—aidiacht, do-bhriathar.
1.
an druim a bheith nocht gan chlúdach gan ughaim ar bith ná gléas; amach agus amach.
a.
+–
Capall (asal agus rl.) druimnochttha = capall (agus rl.) gan aon-ghléas ná ughaim ná dromacán ná diallaid ná a leithidí eile
Capall druimnochttha a bhí aige. Dheamhan diallaid a chuir sé ar aon-chapall ariamh. Ní thaithnigheadh eirghe indiallaid leis.
TUILLEADH (4) ▼
Croch leat an capall druimnochttha mar atá sí agus rith siar in a choinne thálta (ó thárla) go bhfuil na "bicycleachaí" buailte suas. Tuilleadh glugair aca! Ní raibh aon-chaoi ariamh orra an uair a bheadh call leo
Capall druimnochttha a bhí againn. Eisean ar béala(ibh). Mise ar cúlóig. Bhuel bhí sé ag baint caor-theínte as an mbóthar anuas Árd Th. agus é 'na h-uaire móire orm féin agus gan a fhios agam cé'n puinnte a gcuirfí go talamh mé agus a scoiltfí mo bhaithis in aghaidh an bhóthair
B'fhearr liom a dhul ar chapall druimnochttha uair ar bith ná a dhul i dtuilleamuí diallaide. Má theigheann scéin ar bith innte (ins an gcapall) is mór an chontabhairt í an diallaid. Is maith nach mór duit a bheith in do mharcach le fanacht indiallaid, má thugann an capall léim leathtaoibhe. Tá a fhios agam é a mh'anam. Ach ar aon-chor is mó go mór a thóigfeas an diallaid duine ná an capall druimnochttha. Is beag is ionann iad.
Bhí an S. bailighthe soir go fada ag J. an uair sin. Dheamhan easna dhó-san nach mbaineann anuas an jaunt annseo amuigh — Bhain a mh'anam — agus fáscadh ar an gcapall druimnochttha agus as go bráth leis soir in a dhiaidh. Chuaí sé sínte soir an S. agus chuaidh sé fhoisceacht "mbeannuighidh Dia" dó gasúr le M. Mh. a mharbhú. Thoir ag bóithrín an tS. a scoth sé é. Thosuigh sé ag glaodhach ag dul thairis amach: "High for" caiple druimnochttha adeireadh sé. Cé'n bhrígh ach "caiple druimnochttha" go deimhin!
+–
Ní raibh srathar ná cléibh ar an asal. Druimnochttha a bhí sé
An druimnochttha a bhí sí nó an raibh diallaid aige. Dheamhan diallaid ins an tír anois cé's moite de cheann atá ag P. Mh. Anois a d'fheilfidís muise agus cho gann agus atá "bicycles"
TUILLEADH (5) ▼
Ní raibh ughaim ná dromacán ná diallaid uirre ach í druimnochttha mar a bhí sí an lá ar rugadh í. Ag fear Achréidh ar imigh a chapall uaidh annseo thoir lá aonaigh a chuala mé é. Sé'n dromacán an gléas a bhíos uirre leis an gcéachta. Marab é muise, diabhal a fhios agamsa céard é féin. Céard é mar sin?
"Is breagh an láir de chapall í ach a feiceál dromnochttha" adeireadh P. Sh. Dh. le capaillín beag dubh nach dtiubharfá do sheacht mallacht uirre a bhí aige fadó. "Ach, dar brigh an leabhair a Sheáin cuireann an gléas as a slacht ar fad í".
Fáisc uirre druimnochttha agus ná bac leis an gcarr. Is amhlaidh is lugha trioblóid duit féin é. Má theigheann tú de do mheath féin leis an gcarr, dheamhan anoir a bheidheas tú go mbeidh an dubh ar an oíche anocht
Tháinig saimhín-aireach air ó bheith ag marcuigheacht druimnochttha ar chapall a bhí aige — capall a raibh 'chuile chnáimh ag gabhail léi ag freagairt thrín a craiceann. Chaith sé bliain cróilighthe dhá bárr
Druimnochttha atá agad a dhul dhá marcuigheacht
b.
+–
Beidh an ceann eile (bus) druimnochttha. Seasamh ag an S. a rinne sé anois ag leigean daoine amach, agus leigfidh sé amach leis anoir iad = bhí dhá bhus ar an mbóthar céanna, taca an am céanna. Chuaigh an chéad cheann thart gan seasamh, ach beidh an dara ceann falamh nó leath-fhalamh ag tiacht, mar sheas sé ag S. ag leigean daoine amach
Tá sé druimnochttha ag teacht anocht (carr crannóige) = níl aon-phaisinéara aige
TUILLEADH (1) ▼
Is geárr go bhfaghaidh tú lorry eicínt druimnochttha ag tiacht agus tóigfidh sé thú. Gheobhaidh tú bealach feicfidh tú féin air
c.
+–
Tiocfaidh sí abhaile aríst druimnochttha (cailín aimsire) = tiocfaidh sí abhaile aríst agus diomdha uirre; tiocfaidh sí abhaile aríst as an teach a bhfuil sí ar aimsir ann agus gan aice ach bonnaíochaí.
Fuair sé sórt poistín eicínt suas faoin tír, ach tháinic sé abhaile aríst druimnochttha faoi cheann coicíse. Tá mé ag ceapadh nach bhfuil a sháith fólaime air siúd le dhul i bposta ar bith. Ní cheal muis nachar chaith sé sách fada ag dul chuig coláistí
TUILLEADH (1) ▼
Chuaigh mé soir ann ag ceapadh go bhfuighinn cupla céad síol coirce ach tháinic mé abhaile aríst druimnochttha. Ní thiúrfadh sé dhom ach leathchéad, agus dúirt mé leis é a chur san áit ar chuir Cúmar an bhloinic!
2.
+–
Tá beatha druimnochttha annsin thoir aca (ag cearca) = tá an bheatha le fáil gan mórán easonóra.
Tá cúrláin (cubharláin) ar na cnocáin sin amach druimnochttha, ach a mbaint. Tá agus cara mhilis freisin
TUILLEADH (1) ▼
Tá móin dromnochttha thuas annsiúd ar phortaí, agus ní bhacfaidh duine ar bith é faoin a dhul in a chuid fhéin ach ní leigfeadh corp leadaíochta dhó a dhul in a choinne
3.
+–
Ar mharbhuigh sé druimnochttha é? = duine a mharbhú agus badh é cionntsiocair fhear a mharbhtha uilig é. Mharbhóchadh sé imbéal an tseoil, i lár an bhóthair, nó istigh uilig ar colbh, nó ar an móinín bán é. Ní bheadh neart ar bith ag an té a mharbhóchthaidhe ar an scéal. Druimnochttha cuirigcás a mharbhóchtaidhe coinín nó girrfhiadh nó a leithidí. Thiubharfaidís gach uile thabhairt orra féin leis an mbás a sheachaint. Is é a fhearacht sin é ag an té a marbhóchadh fear gluaisteáin é, ar an móinín bán, nó in áit nar cheart d'fhear an ghluaisteáin sroicheamhaint cho fada leis.
Marbhuigheadh fear thiar ar an mbóthar annseo an bhliain cheana. Istigh ar cholbh an bhóthair a bhí sé. Marbhuigheadh druimnochttha é
TUILLEADH (7) ▼
Níl gna (gnó) ar bith aige sin do mhótar — ag marbhú daoine as éadan druimnochttha. Is mór an chontabhairt do dhuine ná do bheitheadhach é. Dhá mbeadh aon-rath le na póilíos ní fhágfaidís ar an mbóthar chor ar bith é
Is mé an chéad duine a casadh ann. Diabhal maith dhá shéanadh. Mharbhuigh sé druimnochttha é agus é a mhartrú in aice sin. Le mo dhá shúil féin a chonnaic mé é
Bhí mé istigh ar an "side walk" agus dheamhan easna dhó nar scríob le mo threabhsar: puicneach mhór ruadh agus spéacláirí air. "Is diachta dhuit" arsa mise "nar mharbhuigh druimnochttha mé ó a chuir tú do láimh ann. Ach teara amach as an mótar sin" arsa mise "agus traoálfaidh (try) mé annseo thú agus annsin a bhéas cé hé searrach na deagh-lárach." Dheamhan "thú ná mé" adubhairt sé ach lascadh leis aríst agus níor fhiafruigh sé amháin ar eirigh aon-scríobadh dom. Nach dona a chruthuigh mé nar thug suas do'n phóilí é. Sin é a bhainfeadh an saghdar as deirimse leat
Marbhuigheadh an duine bocht sin cho druimnochttha agus a mhar(bhócht)aidhe coinín nó girrfhiadh. Beannacht Dé dhuit. Ní raibh aon-cheo dhá chionn-tsiocair fhéin len a bhás ach an oiread liomsa. Ó fiafruigh thusa de'n dream a bhí ag an gcuisle é (coiste dháréag). Sin iad atá indon a innseacht duit. Ach plúchadh an scéal in a dhiaidh sin le neart caraideacha. Sin é an duine bocht igcomhnuí. 'Chuile shórt ag luighe ar an lagar agus an lagar ar an talamh
Tuige — go dtigh diabhail di — nach mbainfeadh sí airgead díob. Nar marbhuigheadh a fear cho druimnochttha agus a mharbhóchthaidhe coinín i bpáirc. Fear ar bith a raibh a láimh leagtha aige ar an gclaidhe. An bhfaca tusa ariamh an fear sin nach istigh le claidhe a shiubhalfadh sé. Ní fhaca, ná aon-fhear eile. Ach bíonn fód an bháis le claidhe féin
Tá lucht "mótars" leigthe leo fhéin ar fad. Is gearr nach mbeidh sé in araidheacht ag duine an bóthar a shiubhal aca. Ar chuala tú faoi'n bhfear bocht sin a marbhuigheadh i mB. na T. an lá faoi dheire. Marbhuigheadh a mh'anam druimnochttha. Ag siubhal anoir ar an "walk" siúd le fairrge a bhí sé an t-am a dtáinig carr agus scuab sé leis síos ins an tráigh é. Mionuigheadh é. Bhí fear an chairr ar a dhearg-mheisce ach dheamhan thiomanta blas a d'eirigh dó fhéin ná de'n mhótar. Anois an bhfuil biseach agad?
Chloisinn T. ag cur caoi fadó ar fhear a marbhuigheadh annsin. Fear a bhí ag déanamh aithgiorra thrí na páirceanna, a bhí ann. Bhí uaisle eicínt amuigh le caiple rása timcheall an tighe mhóir annsiúd. Dhá múineadh le h-aghaidh rástaí a bhí siad chreidim. Rinne duine aca anonn caol díreach ar an bhfear bocht a bhí ag dul treasna. Dheamhan fios rúin ná soiscéil a bhí ag mo dhuine bocht. Ná raibh ann nach gcuireann an duine uasal an capall in a mhullach agus choinnigh sé an capall ag talltú air nó gur mharbhuigh sí é. Tabhair thusa marbhú druimnochttha ar sin. 'Sé a bhí druimnochttha. Amuigh ar lom na páirce. "Murder" a bhí ann — ní tada eile. Bhí an dlí ar fad aca fhéin an uair sin. Cho uain agus a mhair an sean-Bh. dhá bhfeiceadh sé duine ar a chuid talmhana nach scaoileadh sé faoi leis an ngunna.
+–
Theastódh cineál iarraidh ón ngandal sin amuigh. Dhá bhfaghadh sé druimnochttha í faoi bhun an ghéill = gandal a bhí ag déanamh millteanais. Ba cheart an iarraidh (an buille) a thabhairt dó cho trom téagarach agus a d'fhéadfaí é, agus a tabhairt dó nuair nach mbeadh sé ar a áirdeall féin ach oiread
Thug siad an buille uatha druimnochttha = sin é an chaoi ar ionnsaigh na Siopánaí cabhlach Mheiriocá i bPearl Harbour
TUILLEADH (2) ▼
Thapaigh sé a dheis, agus thug sé féin druimnochttha é, isteach díreach ar na polláirí
Má theigheann tú in a éadan chor ar bith, déan druimnochttha é. Tabhair leat an chleith mhór sin thall agus bain ceól as na ceathrúnaí aige! = asal bradach
Druimnochttha in iontrálacha eile (3)
Ní dhéanfaidh mé dearmad ar an am a mbíodh sé ag imeacht leis an m. beag. Chlis an "jaunt" agus b'éigin dó imeacht le capall diallaide. Ins an samhradh a bhí ann agus thóig an diallaid ar fad é, agus b'éigin dó imeacht annsin druimnochttha uirre. Tháinig sé aníos an boithrín trathnóna amháin agus é cróilighthe uiliog. "Fagh diallaid árd" adeir M. B. leis "agus ní ghoillfidh sé cho mór ort. Sin nó gheobhaidh mé snáth leoin duit ó Mh. Mh. Ph." D'imigh sé mar a bhuailfeá ar an gcluais é agus níor labhair sé linn aríst go ceann leath-bhliana
Tá ceart aige sáimhín aireach a bheith 'san leath-deireadh air, agus a ndeárna sé de thraibhiléaracht ar an gcapall sin druimnochttha le seachtain