Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
dálta
/dāʟtə/, /daʟtə/
ainmfhocal
níl sé ach in aon leagan amháin. Is beag nach bhfuil an leagan seo seargtha sa gcaint. Tá sé ag corrsheanduine fós, ach is dona atá sé ag cuid mhaith acu. Fearachta fhearacht atá ina áit. Is cosúil go mba comhfhocail i gcónaí iad. Tá sé roinnt coitianta sa gcaint in Árainn.
fearacht; samhail.
+
Ní hé a dhálta sin agamsa é muis — ní hé a fhearacht sin agamsa é; ní mar sin atá mise; ní hin é is cor domsa
Tá do chuid fataí lánaithe agatsa, ach ní hé a dhálta sin agamsa é (chuala mé m'athair dhá rá seo agus chuir mé caidéis air faoi, agus dúirt sé go raibh sé tréan sa gcaint roimhe seo)
TUILLEADH (4) ▼
Má tá dalladh feamainne duibhe agaibhse, ní hé a dhálta sin againne anseo é. Ní leasódh a bhfuil d'fheamainn dubh againn dhá phíosa fataí agus bíodh muid taobh léithe. Caitheann muid lucht a cheannacht chuile bhliain, ach ó fuair muid an churach, tá na mulláin agus na branraíochaí dhá fháil (baintear iad)
Tá T. go lách, ach ní hé a dhálta sin ag J. é. Níl comharsanacht ar bith ann. Caitheann sé a shaol ag forcamhás ar bhearraíochaí a bhaint dhe dhaoine eile
Tá an bainne spreagúil, ach ní hé a dhálta sin ag an tae é. Tá scodalach tae i siopaí ansin soir agus tá duine ar bith dhá bhfuil dhá ól leath-tholgtha. Ní hé an cúigiú scoth fhéin é
Tá an mac sách síodúil, ach níorbh é a dhálta sin ag an athair é an fhad is a mhair sé, go ndéana Dia trócaire air, mar sin féin. Ba mhór leis rud ar bith d'aon duine. Mura bhfeiceadh sé ach an míol buí ar do chuid talúna d'fhéachfadh sé lena dhíbirt, faitíos go n-éireodh leat é a mharú. Sin é an sórt duine a bhí ann
·
A dhálta sin, chonaic mise fear anseo — D. a bhí ansin thoir — agus ní bheadh scéal instithe (/iɴ′št′ī/: insithe) aige oíche airneáin. Thosódh sé ar scéal, agus ba ghearr go mba scéal eili é, agus ní chuimhneodh sé ar an scéal tosaigh chor ar bith ansin (ó Sheán Ó Beáin, An Carn Mór, Baile Chláir: bhí mé ag cur caoi dhó ar fhear a bheadh ag dul anonn is anall le scéal agus dúirt sé é sin; mar dhóigh dhe go raibh aithne aige fhéin ar fhear a bhí ar an gcóir chéanna)
A dhálta sin anois (rud mar atá ráite agat), chonaic mise bó agam féin anseo uair …
+
Tá sé téisiúil, ní hé dálta a dheirfiúr é — tá sé teann nó bunáiteach, ní hé fearacht a dheirfíre é. Níl sise teann ná bunáiteach
Is tú atá dícheallach bail ó Dhia ort, ní hé dálta daoine eile é. Is maith luath atá tú aníos ón gcladach agus an mhuintir s'againne faoin bpluid fós. Ach ba lá corr é an lá inné.
TUILLEADH (1) ▼
Bheadh na liúrachaí ag gíoscán ar na fonsaí sna curachaí atá agaibhse, ní hé dálta na gcurachaí atá anseo é. Ní mór do na curachaí a bhíos againne a bheith go maith. Níl de bhus ná de [...]

dálta in iontrálacha eile (2)

 
Dúradh ariamh féin nach raibh samhradh an dea-gheimhridh le moladh. Sin é dálta an tsamhraidh i mbliana é. Bhí an geimhreadh thar cionn agus tá a shliocht ar an samhradh!
 
Ara tá siad deas duiniúil thoir agaibhse, ní dálta na slóchtaithe é. Ní bheadh a fhios agat cén pointe a dtabharfadh an slóchtaí sá scine dhuit. Féacha P. Nach bhfuil an t-áibhirseoir ag rince sa dá shúilín siúd atá aige!