Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
díogha
ainmfhocal, fireann
iolra: díoghannaí
fuaim: fuaim mh ina dheireadh i gcónaí. Mar díomhdíomhannaí
codarsna: scothsméar mhullaigh
an chuid is measa de rud, de dhaoine, d'earra srl.; grifisc, bratainn; cunús; an chuid chuileáilte nó séanta.
a.
+
'Sé an coirce scéin sin díogha an choirce. Níl de mhaith ann ach go gcuireann sé talamh amú
An mhóin bhán sin, sin í díogha an phortaigh. Caithfidh muid í sin a choinneáil dúinn féin, agus an chlochmhóin a dhíol. Ní dhrannfadh aon fhear lorry le móin bháin mura i ndán is go mbeadh sí an-fhliuch, agus go mbeadh sé ag iarraidh meáchain a dhéanamh, rud a bhíos siad ag iarraidh a dhéanamh scaití. Is cuma le cuid acu cén sórt cunús a chaithfeas tú acu. Dhá fhliche dá mbeidh sí, is amhlaidh is mó meáchan í
TUILLEADH (4) ▼
Na caoirigh gallda sin, 'siad díogha na gcaorach iad. Deirimse leatsa gurb iad. Níl galra amuigh nach bhfuil dhá mbualadh. Bhí trí cinn acu agam ansin thuas an bhliain cheana, agus bhí cam orthu nuair nach raibh sé ar aon chaora sa tír. Nach bhfuil a fhios agatsa murach gur droch-chaoirigh iad go mbeidís taithithe ar an áit faoi seo, ach dheamhan taithí ná cuid de thaithí
Má tá tú ag iarraidh díogha na talúna a fheiceáil, ná fág amach an áit a bhfuil tú. Téirigh suas sna breaclachaí agus sna diomalachaí atá thuas ansin i mB. an Ghl., agus gan garraí as chuile dheich gcinn intsaothraithe. Tá caitheamh agus cáineadh ar na sléibhte, ach mise i mbannaí dhuit, má chaitheann tú an oiread anró agus easonóra leis an sliabh agus a caitear le na clochair atá thart anseo, go mbeadh rud eicínt de bharr do shaothair agat. An-talamh é an sliabh sin suas má fhaigheann sé giollaíocht cheart. Ach an talamh atá thart anseo, tá sé ídithe — spíonta ag feamainn chladaigh. Nach bhfuil an leac leis ins chuile áit ann
Ní fheiceann muide bratainn ar bith sa tír mar na D. Ní call gaisce ar bith dóibh sin. Díogha na ndaoine. Ar ndóigh ní raibh de leasainm orthu sin ariamh thart anseo ach D. an bhacstaí. Ní raibh tada eile acu go dtí le gairid fhéin ach an bacstaí. Sa saol a tháinig sé go bhfuil tithe móra acu anois. Tá na caisleáin ag titim agus na carn aoileachaí ag éirí a stór
Ara ní chuireann siad tada sna háiteachaí seo ach díogha na máistrí scoile. Deile. Céard atá a fhios ag na daoine le cur ina n-aghaidh. Nach féidir scramachán ar bith a chaitheamh isteach againne anseo, agus cé a bhraithfeas é
+
Má tá tú ag iarraidh éisc ar fónamh, ceannaigh trosc nó langa — iasc mór eicínt. Maidir le na ronnachaí agus na faoitíní sin, níl iontu ach an díogha. Líonfaidís do bholg agus is anlann iad mura mbeidh bealtaíocht ar bith eile agat, ach má bhíonn, níl tú ach ag cur do ghoile amú lena dhul dhá n-ithe
Nach seafóideach an duinín thú. Is agat atá an ghnaithe ag margadh, bail ó Dhia agus ó Mhuire ort. Nuair adúirt seisean gurb iad an díogha iad, chreid tusa é, is cosúil. Deile céard adéarfadh sé. Nach ag iarraidh a gcur anuas ar an bpínn is saoire a bhí seisean ó bhí sé dhá gceannacht. Séard a bhí agatsa a dhéanamh an uair sin tosaí dhá dtaibhsiú. Breá nár dhúirt tú nár dhíogha ar bith iad ach an scoth. Lig tú uait ar leath a luacha iad ar chóir ar bith!
TUILLEADH (9) ▼
Ná bac leis an nglagaire sin. Chuile shórt dhá mbeidh aige sin, is é an sméar mhullaigh é. An síol coirce a bhí aige anuraidh bhí sé molta go haer ag chuile dhuine, ach i ndeireadh na cúise, ní raibh ann ach an díogha. Tá a fhios agamsa é. Cheannaigh mé céad dhe, agus an méid nár loic, rinne sé coirce scéin. Nuair a bhí muid dhá bhualadh bhí sé ina gha duáin as éadan
Maidir leis an mbarr cladaigh (feamainn), níl inti ach an díogha mura gcuirteá ar meaingeals í go díreach, nó ar thalamh soleasaithe. Is beag a bhaintear thart anseo chor ar bith anois í
'Siad na síolta Gaillmheacha an díogha ceart. Cheannaigh muid anuraidh iad, ach loic siad as éadan. Ba dona go deo a chruthaigh siad. Níor tháinig siad chor ar bith. Dhá mbeadh aon teacht aniar iontu, thiocfaidís. Ar aon chor tá siad ag breacadh ar fad i mbliana
Níl tada le fáil anois ó thosaigh an cogadh seo ach an díogha críochnaithe. Tá plúr ag teacht anois agus ní earra ar bith é. Duine ar bith dá bhfuil dhá chaitheamh tá sé tolgtha. Ní taise leis an gcoffee bradach sin é. Sin deargnimh ar chaoi ar bith, hé brí céard a dhéanfas tada eile. Diabhal duine atá dhá chaitheamh sin an fearrde é é ar chaoi ar bith
Más ag tóraíocht an díogha atá tú, ceannaigh Kerry Blues. Déarfá nach bhfuil mórán gaisce ar na Weights, ach is fiú ór iad lena ais siúd. Dhófaidís an carbad ionat agus ní bheifeá seachtain dá gcaitheamh go mbeadh creatán ort. Níor airigh mé aon phuth casachta ariamh gur thosaigh mé dhá gcaitheamh. Ach cén neart atá ag duine air. Is díon déirce le duine cineál ar bith a fháil anois. Bím thart cheal gail scaití, agus tá anam duine orm nuair a bhím ar an gcaoi sin
'Siad togha na bhfataí a bhí i nGarraí an Chladaigh anuraidh, adeir sí. Is beag dá cuid floscaí an chaint sin. Togha na bhfataí i nGarraí an Chladaigh! Ba mhinic leis. Ní fhaca muid ariamh ach an díogha ann
Diabhal a leithide d'fhéar — díogha críochnaithe. Thosaigh sé ag téamh ar an dá luath is a raibh sé coctha istigh san iothlainn agam. Ní leagfadh bó ná gamhain béal air: bhí sé breoite ar fad. Ná bac leis an bhféar a bhíos ar na híochtair láidre sin. Bíonn sé róstalcánta ag rud ar bith
Mo chreach mhaidne ghéar! Thú féin agus do chuid móin Achréidh. Ní fiú cnaipe gan chos í ar ghualainn na móna atá anseo. Nach sceitheann sí as éadan. Agus is luaith ar fad í: a caitheamh síos agus 'sé a bhfuil inti an lasair sin. An méid a chonaic mise de mhóin an Achréidh, díogha amach is amach í. Sin anois tine bhreá ina craiceann an tine sin agamsa. Baineadh an cailín sin in áit a bhfuil móin
D'fhéadfá sin a rá. 'Siad an díogha dháiríre iad. An té atá i gcleithiúnas na gclogs sin, b'fhearr dó imeacht cosnochtaithe. Dá n-imíodh duine sna boinn, is gearr go mbeadh sé taithithe air. An bhfeiceann tú na daoine a bhí anseo fadó. Fear sé nó seachráin a mbíodh bróig ar bith air agus nach acu a bhíodh an tsláinte. Is beag na scoilteachaí a bhíodh dhá gcraplú, ní hé fearacht an dream atá anois ann é
+
Ní raibh tusa i Sasana ach bhí mise, agus tá a fhios agam céard atá mé ag rá. D'oibrigh mise i dteannta na Sasanaigh. 'Siad díogha chuile dhíogha iad. Chonaic mé Albanaigh, agus Breathnaigh — Welsh — agus Highlanders, agus bhí pointe gnaíúlachta i chuile dhuine acu cé is moite den tSasanach. Cleiteachán ceart a bhí ansin i chuile áit dhá bhfaca mise é
"Díogha na coille an t-iúr agus an fearnóg: díogha na ndaoine bean" — is iad an t-iúr agus an fearnóg an dá chrann a bhuaileas crainnte na coille ar fad le donacht. Ar an gcóir chéanna, nuair a bhíos bean go dona, bíonn sí an-dona
TUILLEADH (4) ▼
"Díogha gach síon sioc más fuar; Díogha gach coill fearnóg úr; Díogha gach beatha mil más sean; Díogha gach díogha drochbhean".
"Nuair a bheadh mo sprése slogtha séanta; Is na páistí ag géarghol gan aon bhlas; Ansin adéarfainn, céad faraor géar; Go raibh mo phlé leat a dhíogha na bhfear" (As amhrán a rinneadh i Leitir Calaidh, Conamara, suas le cheithre fichid bhliain ó shin)
Díogha na ndíogha atá timpeall na mbólaí sin … Níl aon duine acu le baint as margadh ach an oiread le chéile. Cuid den mhuic an drioball
Beannacht Dé dhuit, ní díogha go dtí iad. Dream ar bith a thosaigh ag dul siar i mbéal an té a chuir a n-athair den tsaol, is daoine gan spioraid iad. Agus tá siad ag beannú aríst don dream ba ciontaí le a ndeirfiúr a chur ó chrích. Dhá mbeinnse ina mbróga, bheinn ar siúl go deo agus go brách go n-éiríodh liom mo shásamh a bhaint as cuid ar a chéile acu
+
Nuair a théas bocht go nocht téann sé go gabháil éadan. Is seanfhocal é. Ó d'éirigh duine den díogha sin as an lathach, éireoidh siad i mullach na tíre. Sin é an chaoi a mbíonn a leithidí sin i gcónaí. 'Sé an té nár chleacht tada ariamh is mó a mbíonn galamaisíocht aige má éiríonn sé a dhath ar bith sa saol
Más isteach ansin atá sé ag dul faoi dheireadh thiar, dar fia tá sé ag dul ag greamú don díogha ceart. Dá mbeadh sórt meas ar bith aige air fhéin, ní thaobhódh sé iad sin — cineál na bhfaochan agus na ngliomaigh. Nach diabhaltaí mór an dallach dubh a bhíos ar dhaoine thar a chéile. B'fhurasta dhó sin a dhíol de bhean a fháil ina rogha áit sa tír, thar is a dhul go dtí an staicealach míchuibhiúil sin … Ní mise atá dhá rá léithe. 'Sé ráite chuile dhuine é
TUILLEADH (2) ▼
Is mór is fiú dhuit a bheith dealaithe amach uileag ó dhíogha na L. Sin iad an t-uisce faoi thalamh. Is leat uileag iad nuair a bheas tú ag caint leo, ach chomh luath agus a iontós tú do dhroim, tosóidh siad ag ithe agus ag gearradh ort. Sin é a mbéasa. Bhídís ag coiriúint ortsa freisin. B'fhéidir nár chuala tú féin é, ach chuala tuilleadh é. Is maith a rinne tú é agus a bhfágáil ansin
Níl an deoraí féin aige ansin ach duine a fuineadh agus a fáisceadh amach as an díogha. Tá a chomharthaíocht lena chois. An oíche ar chuir muintir Ch. na R. achrann ansin thiar air, bhí claimhe den dream sin in éindí leis. Céard a rinne siad. Baint as ar fad agus a fhágáil ansin go maródh muintir Ch. na R. é murach gur casadh mac Sh. Bh. agus cuid de mhuintir an Bh. L. ann. Chuir siad sin siúl ag imeacht acu. 'Siad a bhí deas air. Dar príosta muise níor chomaoin dóibh J. a shábháil ach oiread. Nuair a bhí deis aige leas a dhéanamh dhóibh, is mó a chuir sé as ná ann dóibh
+
A roghain don bhodach agus tógfaidh sé an díogha; tabhair a roghain don bhodach agus tógfaidh sé an díogha — má fhaigheann an duine daoithiúil breith a bhéil féin, 'sé an rud is measa a thógfas sé i gcónaí
Chonaic tú ansin thiar é mac Mh. Ch. Bean ar bith a shamhlódh an t-athair leis, ní raibh aon mhaith inti. Bhí mná maithe faighte aige dhó ach ní bhreathnódh sé sa taobh a mbeidís. Ansin dúirt an t-athair leis a dhul agus bean a fháil é féin. Chuaigh. Iníon T. Sh.; sliseog chaite chaillte nach raibh cianóg rua ar a fáltas. Reic sí an tseanbhean a bhí sa teach. Níor fhága sí ní dhár dhealbh an ghrian istigh faoi chaolachaí an tí nár ardaigh sí soir abhaile. Sin é an fear a rinne an drochphósadh. Ach ar chuala tú ariamh é: tabhair a roghain don bhodach agus tógfaidh sé an díogha
TUILLEADH (4) ▼
Ar chuala tú ariamh nuair a thug an C. Peadar Th. — seanathair P. P. anois — anseo gur thug sé roghain dó ar cheithre ghabháltas: gabháltas J. Th. ar an mbaile seo, gabháltas F. Ch. ar an gC. Dh. nó gabháltas Mh. Mh. 'Sé gabháltas J. C. a thóg sé. Sin é an fear a raibh an smál air, agus an mhaith a bhí ag ceachtar den phéire eile ar an ngabháltas sin. Ar ndóigh níl san áit a thóg sé ach driseachaí agus clochair. Níl acra talamh cuir ag gabháil leis. Ach sin é é. Tabhair roghain don bhodach agus tógfaidh sé an díogha
Bhí mise istigh in éindí leis dhá cheannacht. Leag fear an tsiopa anuas cheithre ghiota agus thug sé roghain dúinn orthu. Aon phraghas amháin uileag a bhí siad. Dúirt sé go mba é an t-éadach buí ab fhearr a mbeadh caitheamh ann. Bhí sé an-chrua agus ní raibh aon chosúlacht air go dtréigfeadh sé. Ach ní raibh rud ar bith ag marú mo dhuine ach an ghalántacht. Cheannaigh sé an leamháinín scanraithe donn siúd, agus an chéad mhúr báistí a gheobhas sé ní bheidh folach dó nach mbeidh tréigthe anuas dhá chraiceann. Mar adeireadh P. N.: tabhair a roghain don bhodach agus tógfaidh sé an díogha. Is cuma leis é ach an chosúlacht a bheith ann
Dúirt sí leat ceann ar bith a thogair tú a thabhairt leat, agus d'fhága tú an langa agus an trosc in do dhiaidh, agus chroch tú leat an faoitín! Diabhal bréag nach ait an soláthraí thú. Ó chuala mise ariamh é: tabhair roghain don bhodach agus tógfaidh sé an díogha. Sin é a fhearacht agatsa anois é
Is cumasach an duine thú. D'fhága tú fataí agus feoil agus bláthach in do dhiaidh, agus chuaigh tú ag ól an choffee bhrocaigh sin agus an aráin. Tabhair roghain don bhodach ar ndóigh, agus tógfaidh sé an díogha. Is beag an dochar duit a bheith snoite caite féin agus gan de chothú agat ach é sin
+
Roghain an dá dhíogha — nuair nach mbeadh ann ach dhá dhrochrud, an rud is fhearr díobh a thoghadh; gan aon roghain a bheith agat nuair a bheadh dhá rud comhdhona; mar a chéile an ball séire agus a ghiolla; nuair a chaithfeas duine treabhadh nó tiomáint a dhéanamh, 'sé an cás céanna dhó cé acu de dhá dhrochrud a ndéanfaidh sé roghain air
Iníon Sh. Mh. agus iníon T. Ph. roghain an dhá dhíogha gan dabht ar bith
TUILLEADH (6) ▼
A dhul ag baint mhóna don chouncil nó a dhul ag obair ar bhóithrí — sin roghain an dá dhíogha go siúráilte. Ní ghabhfaidh mise ar cheachtar acu. Sílim go mbuailfidh mé anonn go Sasana áit a bhfuil páí mhaith agus gan buille ar bith
Sin é anois a bhfuil agam — roghain an dá dhíogha. Ach ó chaithfeas mé treabhadh nó tiomáint a dhéanamh, tá sé chomh maith dhom an ceann seo a thógáil. Ní mó ná go fiú dhom a thabhairt abhaile, ach mar sin féin, b'fhéidir go mbainfinn mo ghaisneas as
Is mise atá i dteannta ceart anois, agus gan agam ach roghain an dhá dhíogha: é a chaitheamh amach nó a fhágáil istigh. Má chaithim amach é, beidh sé ag stróiceadh ag iarraidh airgid, agus má théann sé sa gceann sin leis, bainfidh sé amach é. Agus má fhágaim istigh é, caithfidh mé féin imeacht mar ní bheadh a sheasamh agam leis. Tá mé ite liobraithe aige mar atá mé
Is deas an chaoi atá air anois agus é taobh le roghain an dhá dhíogha: an talamh a dhíol agus imeacht, nó an talamh a thabhairt do J. in ómós na bhfiacha atá amuigh aige air. Tuilleadh géar don diabhal aige ó chaithfeas mé a rá leis! Bhí slí agus seifte aige ansin agus tháinig an oiread aige ón dream a bhí i Sasana le trí bliana agus a d'íocfadh a raibh amuigh ar an mbaile. Ach b'fhearr leis ag imeacht dhá ól agus ag gobaireacht má b'fhíor dó féin. Ba in í an gobaireacht eile muis. Chuile shórt dhá raibh sé a cheannacht dhá bhánú. Nach bhfaca mé é ag díol dhá bhullán ansin thoir i mbliana a cheannaigh sé an t-aonach roimhe sin, agus bhí sé deich scilleacha an ceann briste iontu. Cén chaoi a bhféadfadh fear den tsórt sin cúis ar bith a dhéanamh!
I nDomhnach níl ann anois ach roghain an dá dhíogha: í a dhíol ar bheagán, nó í a fhágáil ansiúd go ndéanfaidh sí deannach sna cruacha. 'Sé an áit siar a shaoirsigh móin. Tá siad dhá fáil ann ar bhreith a mbéil féin. Dá mbeadh na daoine gan a dhul ar páí chor ar bith ag an ngovernment ach a gcuid móna féin a bhaint, agus iad uilig a theacht suas ansin ar aon phraghas amháin, tá mise ag rá leat go mbeadh móin ina hór. Ach faigh thusa an dream a dhéanfas é sin. Gheobhair muis!
D'éirigh mé as an dole ar fad. Nach raibh sé chomh maith dhom ar scáth a raibh mé a fháil. Ní raibh agam ach roghain an dá dhíogha ar aon chor: a dhul amach ag obair i lár mo chruóige; sin nó é a chailleadh. Ba deacair do sheanduine bocht mar mise a dhul trí mhíle bealaigh ag obair ar bhóithrí maidin is tráthnóna. Is dona atá mé in ann a dhul chuig an ngarraí féin feasta choíchin
b.
+
Cheannaigh sé buta síol coirce inniu agus ní den díogha é ach oiread — is coirce maith é; 'sé togha an choirce é
An poitín a bhí ag J. Sh. chuile lá ariamh, níor den díogha é. Is beag is ionann é féin agus cuid Mh. Th. Gheofá blas an phota ar chuid Mh., ach dheamhan a dhath a dhéanfadh fuisce J. ort dá n-ólthá iarraidh dhe, théis chomh bríomhar agus a bhíos sé. Sin é a thabharfadh le fios duitse go mba togha earra é
TUILLEADH (6) ▼
Fuair mé fags agus ní den díogha a bhfuair mé ach oiread. Breathnaigh orthu sin. Togha an Gold Hake amach thar chuntar T. J. Dúirt mé leis nach nglacfainn na Poncánaigh; go raibh siad ródhaor, agus ar aon chor nach raibh siad ag taitneachtáil liom. Chuir sé a láimh isteach faoin gcuntar. ''Sé an bosca deireanach déanach é,' adeir sé. 'Tá mé do m'fholmhú féin. Ná caintigh le aon duine gur uaimse a fuair tú iad, nó sceanfadh ar eitigh mé ó thráthnóna mé'
Deir tú nach den díogha iad. Ní theagaim leat. Ní fonn atá orm a lochtú, ach feictear dhom nach thairis sin de ghaisce atá orthu chor ar bith. Ná bac thusa choíchin le bróig ar bith a bhfeicfidh tú an bonn scartha inti mar sin. Caith i dtraipisí í ar an toirt.
Dar príosta muis, ní den díogha an Ghaeilge atá aige, pé ar bith cá bhfuair sé í. 'Sí atá go blasta aige: Gaeilge na tíre seo. Ní chreidfinn go mba thar tír isteach chor ar bith é murach gur inis sé dhom gur rugadh agus gur tógadh thart síos é. Ach tá sí tógtha anois acu sna scoileanna agus sna coláistí chomh maith agus atá sí againn féin
Mise i mbannaí muis nach den díogha an cupán tae a bhí sí a ól. Bhí sé chomh buí le ór agus shnámhfadh an spúnóg ann, bhí sé chomh láidir sin. Ba bheag ab ionann é agus an scodalach tae agus coffee a bhíos againne. Tá sí siúd ag fáil tae as éadan as Sasana. Deile cé as a bhfaigheadh sí é
Ní fhaca tú a leithide de ghaineamh ariamh. Den díogha ceart é. Más leis é siúd a chur ina theach, is teach gan rath a bheas aige. Níl an gaineamh siúd feilteach do thada
Ní fhaca tusa a chuid talúna chor ar bith. Dhá bhfeictheá, déarfá nach den díogha é. Féadfaidh sé céad caorach a thógáil air i gcaitheamh na bliana i dteannta chaon tsórt eile. Is air nach bhfuil an chlóic
·
Ní den díogha an dream sin chor ar bith ach de thogha na ndaoine: cineál Th. Mh. nár fhéad aon duine ariamh a dhul ag ithe ná ag gearradh orthu. Níor dhún siad a súil ariamh ar bhaintreach, ná ar dhílleachta, ná ar fhear an anó. Is mór a bheadh le fán sa saol a chuaigh thart marach iad sin. Tá a fhios agat nár eitigh T. M. aon duine ariamh faoin rud a bheadh aige
Cé dhár díobh é! — ní den díogha é ach de thogha na bhfear — caint ghreamannach a bhíos scaití ag daoine nuair a fiafraítear díobh cé dhár díobh thú (é srl.); nathaíocht é a bhaineas le díobh, díogha ó tá siad ar aon fhuaim

díogha in iontrálacha eile (8)

 
daba
Díogha ceart é sin agus chuile fhear ar a bhaile. Mhair siad sin ariamh ar dhabaí an tiarna sin a bhí i mbéal an dorais acu, agus tá a shliocht orthu: tá béasaí Shasana bealaithe isteach iontu, agus ní scarfaidh siad leo go luath
 
Ní den díogha iad deirimse leatsa. Féacha na dalláin atá orthu sin. Tá tú i síol fataí a dhuine sin, go bhfeice tú na blianta
 
de
Sin braon (poitín) agus ní den díogha é ach oiread — ní hé an chuid is measa é
 
Mo dhiomdha [...] don bhaile sin thiar thar a bhfaca mise ariamh. 'Siad díogha chuile dhíogha iad, agus na creachadóirí is mó a chasfaí ort i do shiúl lae
 
Nach sonnta an mhaise dhó é a dhul ag tabhairt cine faoi chopóig ar aon duine — agus go mór mhór ar an ngearrbhodach sin thar dhuine ar bith. Sílimse nach raibh macasamhail a family sin sa tír scaitheamh. Bhí siad díonmhar deisiúil, agus is mó an mhaith a rinne siad ar chuma ar bith ná an mhímhaith … A dhiabhail nach teann é ag caint, agus gurb iad díogha chuile dhíogha a mhuintir fhéin
 
dóigh 1
Níl aon dóigh cruithneachta istigh ar do bhaile. Cá'il sé? Shílfeá go raibh an talamh dhúrabháin sin thíos agamsa chomh maith agus a bhí le fáil lena haghaidh, agus chonaic tú féin an cleas a rinne sí ann an bhliain cheana. Ní raibh ceo dhá barr ariamh agam nach síobhaisín beag nárbh fhiú do sheacht mallacht é. Ba í an díogha ceart í lá is nach ndrannfadh J. Ph. É. léithe agus é thart cheal údar poitín
 
Tá dreolán beag de mhac ansin thoir ag S. J. agus 'sé an gitín is suimiúla é dhár casadh liom ariamh. Dhá gcloistheá na mná atá ag déanamh imní dhó sin. Ní den díogha iad deirimse leat
 
droim
B'fhearr a dhéanfása ar an gcruaich sin lena dhíol de réir ualaigh ná a díol faoina droim mar sin. Tá an mhóin sin an-tseasmhach agus is beag den díogha atá inti. Nach í clochmhóin an phortaigh thiar is mó a chuir tú inti. T'anam ón diabhal nach bhfuil meáchan an ghuail inti sin