Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Díogha
ainm-fhocal; fireann
iolraidh — díoghannaí.
Fuaim: fuaim mh in a dheire i gcomhnuí. Mar díomh — díomhannaí
cotarsna scothsméar-mhullaigh
an chuid is measa de rud, de dhaoine, d'earradh agus rl.; grifisc, brothtuinn; conuas; an chuid chuileáilte nó séanta.
a.
+
'Sé an coirce scéin sin díogha an choirce. Níl de mhaith ann ach go gcuireann sé talamh amú
An mhóin bhán sin, sin í díogha an phortaigh. Caithfidh muid í sin a choinneál duinn féin, agus an chloch-mhóin a dhíol. Ní dhrannfadh aon-fhear "lorry" le móin bháin mara indán agus go mbeadh sí an-fhliuch, agus go mbeadh sé ag iarraidh meadhchain a dhéanamh, rud a bhíos siad ag iarraidh a dhéanamh scaithtí. Is cuma le cuid aca cé'n sórt conuas a chaithfeas tú aca. Dhá fhliche dá mbeidh sí, is amhlaidh is mó meadhchan í
TUILLEADH (4) ▼
Na caoirigh gallda sin, 'siad díogha na gcaorach iad. Deirimse leatsa gurb iad. Níl galra amuigh nach bhfuil dhá mbualadh. Bhí trí cinn aca agam annsin thuas an bhliain cheana, agus bhí cam orra an uair nach raibh sé ar aon-chaora ins an tír. Nach bhfuil a fhios agadsa marach gur droch-chaoirigh iad go mbeidís taithighthe ar an áit faoi seo, ach dheamhan taithighe ná cuid de thaithighe
Má tá tú ag iarraidh díogha na talmhana a fheiceál ná fág amach an áit a bhfuil tú. Teirigh suas ins na breaclachaí agus ins na diomallachaí atá thuas annsin i mB. an Ghl., agus gan garrdha as 'chuile dheich gcinn iontsaothruighthe. Tá caitheamh agus cáineadh ar na sléibhte, ach mise i mbannaí dhuit, má chaitheann tú an oiread anró agus easonóra leis an sliabh agus a caithtear lena clochair atá thart annseo, go mbeadh rud eicínt de bharr do shaothair agad. An-talamh é an sliabh sin suas, má fhaghann sé giollaidheacht cheart. Ach an talamh atá thart annseo, tá sé ídighthe — spíonta ag feamuinn chladaigh. Nach bhfuil an leac leis ins 'chuile áit ann
Ní fheiceann muide brothtuinn ar bith ins an tír mar na D. Ní call gaisce ar bith dóibh sin. Díogha na ndaoine. 'Ar ndóigh ní raibh de leas-ainm orra sin ariamh thart annseo ach D. an bhacstaí. Ní raibh tada eile aca go dtí le goirid fhéin, ach an bacstaí. 'Sa saoghal a thainig sé go bhfuil tighthe móra aca anois. Tá na caisleáin ag tuitim agus na carn aoileachaí ag eirghe a stór
Ara ní chuireann siad tada ins na h-áiteachaí seo, ach díogha na máistirí scoile. D'eile. Céard atá a fhios ag na daoine le cur in a n-aghaidh. Nach féidir scramachán ar bith a chaitheamh isteach againne annseo, agus cé a bhrathfas é
+
Má tá tú ag iarraidh éisc ar foghnamh, ceannuigh trosc nó langa — iasc mór eicínt. Maidir le na runnachaí agus na faidhtíní sin, níl ionnta ach an díogha. Líonfaidís do bholg agus is ánnlann iad, mara mbeidh bealtuidheacht ar bith eile agad, ach má bhíonn, níl tú ach ag cur do ghoile amú len a dhul dhá n-ithe
Nach seafóideach an duinín thú. Is agad atá an ghna ag margadh, bail ó Dhia agus ó Mhuire ort. An uair adubhairt seisean gurb iad an díogha iad, chreid tusa é, is cosamhail. D'eile céard adéarfadh sé. Nach ag iarraidh a gcur anuas ar an bpighinn is saoire a bhí seisean, ó 'bhí sé dhá gceannacht. 'Séard a bhí agadsa a dhéanamh an uair sin toisighe dhá dtaidhbhsiú. Breagh nar dhubhairt tú nar dhíogha ar bith iad ach an scoth. Leig tú uait ar leath a luach' iad ar chóir ar bith!
TUILLEADH (9) ▼
Ná bac leis an nglagaire sin. 'Chuile shórt dhá mbeidh aige sin, is é an sméar-mhullaigh é. An síol coirce a bhí aige anuiridh bhí sé molta go h-aer ag 'chuile dhuine, ach indeire na cúise ní raibh ann ach an díogha. Tá 'fhios aghamsa é. Cheannuigh mé céad dhe, agus an méid nar loic, rinne sé coirce scéin. An uair a bhí muid dhá bhualadh bhí sé in a ghath dubháin as éadan.
Maidir leis an mbarr cladaigh (feamuinn) níl innte ach an díogha, mara gcuirteá ar mangols í go díreach, nó ar thalamh so-leasuighthe. Is beag a bhaintear thart annseo chor ar bith anois í.
'Siad na síolta Gaillimheacha an díoghadh ceart. Cheannuigh muid anuiridh iad, ach loic siad as éadan. Ba dona go deo a chruthuigh siad. Níor tháinig siad chor ar bith. Dhá mbeadh aon-teacht aniar ionnta thiocfaidís. Ar aon-chor tá siad ag breacadh ar fad i mbliana
Níl tada le fáil anois ó thosuigh an cogadh seo ach an díogha críochnuighthe. Tá plúr ag teacht anois, agus ní earradh ar bith é. Duine ar bith dá bhfuil dhá chaitheamh tá sé tolgtha. Ní taise leis an "gcoffee" bradach sin é. Sin dearg-nimh ar chaoi ar bith, hébrí céard a dhéanfas tada eile. Diabhal duine atá dhá chaitheamh sin an fearrde é é, ar chaoi ar bith
Má's ag tóruigheacht an díogha atá tú ceannuigh "Kerry Blues". Déarfá nach bhfuil mórán gaisce ar na "Weights", ach is fiú ór iad len a ais siúd. Dhóighfidís an carbad ionnad, agus ní bheitheá seachtain dá gcaitheamh go mbeadh criotán ort. Níor airigh mé aon-phuth casachta ariamh gur thosuigh mé dhá gcaitheamh. Ach cé'n neart atá ag duine air. Is díon déirce le duine cineál ar bith a fháil anois. Bím thart cheal gail scaithtí, agus tá anam duine orm an uair a bhím ar an gcaoi sin
'Siad togha na bhfataí a bhí inGarrdha an Chladaigh anuiridh, adeir sí. Is beag dá cuid floscaí an chaint sin. Togha na bhfataí inGarrdha an Chladaigh! Ba mhinic leis. Ní fhaca muid ariamh ach an díogha ann
Diabhal a leithide d'fhéar — díogha críochnuighthe. Thosuigh sé ag téidheamh ar an dá luath agus a raibh sé coctha istigh ins an iothlainn agam. Ní leagfadh bó ná gamhain béal air: bhí sé breoidhte ar fad. Ná bac leis an bhféar a bhíos ar na h-iochtair láidre sin. Bíonn sé ro-stalcánta ag rud ar bith
Mo chreach mhaidne ghéar! Thú féin agus do chuid móin Achréidh. Ní fiú cnaipe gan chos í ar ghualainn na móna atá annseo. Nach sceiththeann sí as éadan. Agus is luath ar fad í: a caitheamh síos agus 'sé a bhfuil innte an lasair sin. An méid a chonnaic mise de mhóin an Achréidh, díogha amach agus amach í. Sin anois teine bhreagh in a craiceann an teine sin agamsa. Baineadh an cailín sin in áit a bhfuil móin.
D'fhéadfá sin a rádh. 'Siad an díoghadh dhá ríre iad. An té atá igcleitheamhnas na "gclags" sin, b'fhearr dó imeacht cosnochtuighthe. Dá n-imigheadh duine ins na buinn, is gearr go mbeadh sé taithighthe air. An bhfeiceann tú na daoine a bhí annseo fadó. Fear sé nó seachráin a mbíodh bróig ar bith air, agus nach aca a bhíodh an tsláinte. Is beag na scoilteachaí a bhíodh dhá gcraipliú, ní hé fearacht an dream atá anois ann é
+
Ní raibh tusa i Sasana ach bhí mise, agus tá a fhios agam céard atá mé ag rádh. D'oibrigh mise idteannta na Sasanaigh. 'Siad díogha 'chuile dhíogha iad. Chonnaic mé Albanaigh, agus Breathnaigh — "Welsh" — agus "Highlanders", agus bhí puinte gnaoidheamhlacht' is 'chuile dhuine aca cé's moite de'n tSasanach. Cleiteachán ceart a bhí annsin 'is 'chuile áit dhá bhfaca mise é
"Díogha na coille an t-iubhar agus an fearnóg: díogha na ndaoine bean" = is iad an t-iubhar agus an fearnóg an dá chrann a bhuaileas crainnte na coille ar fad le donacht. Ar an gcóir chéadna an uair a bhíos bean go dona, bíonn sí an-dona
TUILLEADH (4) ▼
"Díogha gach síon sioc má's fuar; Díogha gach coill feárnóg úr; Díogha gach beatha mil má's sean; Díogha gach díogha droch-bhean".
"An uair a bheadh mo spré-sa sluigthe séanta; A's na páistí ag géar-ghol gan aon-bhlas; Annsin adéarfainn, céad faraor géar; Go raibh mo phlé leat a dhíogha na bhfear" (As amhrán a rinneadh i Leitir Caladh, Conamara suas le cheithre fichid bhliain ó shoin)
Díogha na ndíogha atá timcheall na mbólaí sin … Níl aonduine aca le baint as margadh ach an oiread le chéile. Cuid de'n mhuic an drioball
Beannacht Dé dhuit, ní díogha go dtí iad. Dream ar bith a thosuigh ag dul siar i mbéal an té a chuir a n-athair de'n tsaoghal, is daoine gan spioraid iad. Agus tá siad ag beannú aríst do'n dream ba cionntaighe le a ndeirbhshiúr a chur ó chrích. Dhá mbeinnse in a mbróga, bheinn ar siubhal go deo agus go bráth go n-eirigheadh liom mo shásamh a bhaint as cuid ar a chéile aca
+
An uair a theigheas bocht go nocht teigheann sé go gabhail éadan. Is sean-fhocal é. Ó d'eirigh duine de'n díogha sin as an lathach, eireochaidh siad i mullach na tíre. Sin é an chaoi a mbíonn a leithidí sin i gcomhnuí. 'Sé an té nar chleacht tada ariamh is mó a mbíonn gailimaisidheacht aige, má eirigheann sé a dhath ar bith ins an saoghal.
Má's isteach annsin atá sé ag dul faoi dheire thiar, dar fiadh tá sé ag dul ag greamú do'n díogha ceart. Dá mbeadh sórt meas ar bith aige air fhéin, ní thaobhóchadh sé iad sin — cineál na bhfaochan agus na ngliomaigh. Nach diabhaltaí mór an dallach dubh a bhíos ar dhaoine thar a chéile. B'fhurasta dhó sin a dhíol de bhean a fháil in a rogha áit ins an tír, thar agus a dhul go dtí an staiceallach mí-chuíbheamhail sin … Ní mise atá dhá rádh léithe. 'Sé ráidhte 'chuile dhuine é
TUILLEADH (2) ▼
Is mór is fiú dhuit a bheith dealuighthe amach uiliog ó dhíogha na L. Sin iad an t-uisce faoi thalamh. Is leat uiliog iad an uair a bhéas tú ag caint leo, ach cho luath agus a ionntóchas tú do dhruim, tosóchaidh siad ag ithe agus ag gearradh ort. Sin é a mbéasa. Bhídís ag coireamhaint ortsa freisin. B'fhéidir nar chuala tú féin é, ach chuala tuille é. Is maith a rinne tú é agus a bhfágáil annsin
Níl an deoruidhe féin aige annsin ach duine a fuinneadh agus a fáisceadh amach as an díogha. Tá a chomhairthidheacht len a chois. An oíche ar chuir muintir Ch. na R. achrann annsin thiar air, bhí claimhe de'n dream sin in éindigh leis. Céard a rinne siad. Baint as ar fad agus a fhágáil annsin go marbhóchadh muintir Ch. na R. é marach gur casadh mac Sh. Bh. agus cuid de mhuintir an Bh. L. ann. Chuir siad sin siubhal ag imeacht aca. 'Siad a bhí deas air. Dar príosta muise níor chumaoin dóib J. a shábháil ach oiread. An uair a bhí deis aige leas a dhéanamh dhóib, is mó a chuir sé as ná ann dóibh
+
A roghain do'n bhodach agus tóigfidh sé an díogha; tabhair a roghain do'n bhodach agus tóigfidh sé an díogha = má fhaghann an duine daoitheamhuil breith a bhéil féin, 'sé an rud is measa a thóigfeas sé i gcomhnuí
Chonnaic tú annsin thiar é Mac Mh. Ch. Bean ar bith a shamhlóchadh an t-athair leis, ní raibh aon-mhaith innte. Bhí mná maithe faighte aige dhó, ach ní bhreathnóchadh sé ins an taobh a mbeidís. Annsin dubhairt an t-athair leis a dhul agus bean a fháil é féin. Chuaidh. Inghean T. Sh. sliseog chaithte chaillte, nach raibh cianóg ruadh ar a faghaltas. Reic sí an tsean-bhean a bhí ins an teach. Níor fhága sí nidh dhar dhealbh an ghrian istigh faoi chaolachaí an tighe nar árduigh sí soir abhaile. Sin é an fear a rinne an droch-phósadh. Ach ar chuala tú ariamh é: tabhair a roghain do'n bhodach agus tóigfidh sé an díogha
TUILLEADH (4) ▼
Ar chuala tú ariamh an uair a thug an C. Peadar Th. — sean-athair P. P. anois — annseo gur thug sé roghain dó ar cheithre ghabhaltas: gabhaltas J. Th. ar an mbaile seo, gabhaltas F. Ch. ar an gC. Dh. nó gabhaltas Mh. Mh. 'Sé gabhaltas J. C. a thóig sé. Sin é an fear a raibh an smál air, agus an mhaith a bhí ag ceachtar de'n phéire eile ar an ngabhaltas sin. 'Ar ndú níl ins an áit a thóig sé ach driseachaí agus clochair. Níl acra talamh cuir ag gabhail leis. Ach sin é é. Tabhair roghain do'n bhodach agus tóigfidh sé an díogha
Bhí mise istigh in éindigh leis dhá cheannacht. Leag fear an tsiopa anuas cheithre ghiota agus thug sé roghain duinn orra. Aon-phradhas amháin uiliog a bhí siad. Dubhairt sé go mbadh é an t-éadach buidhe ab fhearr a mbeadh caitheamh ann. Bhí sé an-chruadh, agus ní raibh aon-chosamhlacht air go dtréigfeadh sé. Ach ní raibh rud ar bith ag marbhú mo dhuine ach an ghalántacht. Cheannuigh sé an leamháinín scanruighthe donn siúd, agus an chéad mhúr báistighe a gheobhfas sé ní bheidh falach dó nach mbeidh tréigthe anuas dhá chraiceann. Mar adeireadh P. N.: tabhair a roghain do'n bhodach agus tóigfidh sé an díogha. Is cuma leis é ach an chosamhlacht a bheith ann.
Dubhairt sí leat ceann ar bith a thogair tú a thabhairt leat, agus d'fhága tú an langa agus an trosc in do dhiaidh, agus chroch tú leat an faidhtín! Diabhal bréag nach h-ait an soláthruidhe thú. Ó chuala mise ariamh é: tabhair roghain do'n bhodach agus tóigfidh sé an díogha. Sin é a fhearacht agadsa anois é.
Is cumasach an duine thú. D'fhága tú fataí agus feoil agus bláthach in do dhiaidh, agus chuaidh tú ag ól an "choffee" bhrocaigh sin agus an aráin. Tabhair roghain do'n bhodach 'ar ndú', agus tóigfidh sé an díogha. Is beag an dochar duit a bheith snuighte caithte féin, agus gan de chothú agad ach é sin.
+
Roghain an dá dhíogha = an uair nach mbeadh ann ach dhá dhroch-rud, an rud is fhearr díobh a thoghadh; gan aon-roghain a bheith agad an uair a bheadh dhá rud comh-dhona; mara chéile an ballséire agus a ghiolla; an uair a chaithfeas duine treabhadh nó tiomáint a dhéanamh, 'sé an cás céadna dhó ce aca de dhá dhroch-rud a ndéanfaidh sé roghain air
Inghean Sh. Mh., agus inghean T. Ph. roghain an dhá dhíogha gan dabht ar bith
TUILLEADH (6) ▼
A dhul ag baint mhóna don "Chouncil", nó a dhul ag obair ar bhóithrí — sin roghain an dá dhíogha go siúráilte. Ní ghabhfaidh mise ar cheachtar aca. Sílim go mbuailfidh mé anonn go Sasana, áit a bhfuil páighe mhaith agus gan buille ar bith
Sin é anois a bhfuil agam — roghain an dá dhíogha. Ach ó a chaithfeas mé treabhadh nó tiomáint a dhéanamh, tá sé cho maith dhom an ceann seo a thógáil. Ní mó ná go fiú dhom a thabhairt abhaile, ach mar sin féin, b'fhéidir go mbainfinn mo ghaisneas as
Is mise atá idteannta ceart anois, agus gan agam ach roghain an dhá dhíogha: é a chaitheamh amach nó a fhágáil istigh. Má chaithim amach é beidh sé ag strócadh ag iarraidh airgid, agus má theigheann sé ins an gceann sin leis, bainfidh sé amach é. Agus má fhágaim istigh é, caithfidh mé féin imeacht, mar ní bheadh a sheasamh agam leis. Tá mé ithte liobruighthe aige mar tá mé
Is deas an chaoi atá air anois, agus é taobh le roghain an dhá dhíogha: an talamh a dhíol agus imeacht, nó an talamh a thabhairt do J. in ómós na bhfiacha atá amuigh aige air. Tuilleadh géar do'n diabhal aige ó a chaithfeas mé a rádh leis! Bhí slí agus seifte aige annsin, agus tháinig an oiread aige ó'n dream a bhí i Sasana le trí bliana agus a d'íocfadh a raibh amuigh ar an mbaile. Ach b'fhearr leis ag imeacht dhá ól, agus ag "gobaireacht" má b'fhíor dó féin. Badh shin í an gobaireacht eile muis. 'Chuile shórt dhá raibh sé a cheannacht dhá bhánú. Nach bhfaca mé é ag díol dhá bhulán annsin thoir imbliana a cheannuigh sé an t-aonach roimhe sin, agus bhí sé deich scilleacha an ceann briste ionnta. Cé'n chaoi a bhféadfadh fear de'n tsórt sin cúis ar bith a dhéanamh!
Indomhnach níl ann anois ach roghain an dá dhíogha: í a dhíol ar bheagán, nó í a fhágáil annsiúd go ndéanfaidh sí deannach ins na cruacha. 'Sé an áit siar a shaoirsigh móin. Tá siad dhá fáil ann ar bhreith a mbéil féin. Dá mbeadh na daoine gan a dhul ar páighe chor ar bith ag an "nGovernment" ach a gcuid móna féin a bhaint, agus iad uilig a theacht suas annsin ar aon-phradhas amháin, tá mise ag rádh leat, go mbeadh móin in a h-ór. Ach fagh thusa an dream a dhéanfas é sin. Gheobhair muis!
D'eirigh mé as an "dole" ar fad. Nach raibh sé cho maith dhom, ar scáth a raibh mé a fháil. Ní raibh agam ach roghain an dá dhíogha ar aon-chor: a dhul amach ag obair i lár mo chruadhóige; sin nó é a chailleadh. Ba deacair do shean-duine bocht mar mise a dhul trí mhíle bealaigh ag obair ar bhóithrí maidin agus trathnóna. Is dona atá mé indon a dhul chuig an ngarrdha féin feasta choidhchin
b.
+
Cheannuigh sé buta síol coirce indiu agus ní de'n díogha é ach oiread = is coirce maith é; 'sé togha an choirce é
An poitín a bhí ag J. Sh. 'chuile lá ariamh, níor de'n díogha é. Is beag is ionann é féin agus cuid Mh. Th. Gheobhfá blas an phota ar chuid Mh., ach dheamhan a dhath a dhéanfadh fuisce J. ort dá n-ólthá iarraidh dhe, th'éis cho bríoghmhar agus a bhíos sé. Sin é a thiubharfadh le fios duitse go mbadh togha earradh é
TUILLEADH (6) ▼
Fuair mé "fags" agus ní de'n díogha a bhfuair mé ach oiread. Breathnuigh orra sin. Togha an "Gold Hake" amach thar chunntar T. J. Dubhairt mé leis nach nglacfainn "na Punncánaigh"; go raibh siad ro-dhaor, agus ar aon-chor nach raibh siad ag taithneachtáil liom. Chuir sé a láimh isteach faoi'n gcunntar. "'Sé an bosca deireannach déigheannach é" adeir sé. "Tá mé dom' fholmhughadh féin. Ná caintigh le aonduine gur uaimse a fuair tú iad, nó sceannfadh ar eitigh mé ó thrathnóna mé."
Deir tú nach de'n díogha iad. Ní theagaim leat. Ní fonn atá orm a lochtú, ach feicthear dhom nach thairis sin de ghaisce atá orra chor ar bith. Ná bac thusa choidhchin le bróig ar bith a bhfeicfidh tú an bonn scartha innte mar sin. Caith idtraipisí í ar an toirt.
Dar príosta muis ní de'n díogha an Ghaedhilge atá aige, pé'r bith cá bhfuair sé í. 'Sí atá go blasta aige: Gaedhilge na tíre seo. Ní chreidfinn go mbadh thar tír isteach chor ar bith é marach gur innis sé dhom gur rugadh agus gur tóigeadh thart síos é. Ach tá sí tóigthe anois aca ins na scoileanna agus ins na coláistí, cho maith agus atá sí againn féin
Mise i mbannaí muis nach de'n díogha an cupán tae a bhí sí a ól. Bhí sé cho buidhe le ór agus shnámhfadh an spúnóg ann, bhí sé cho láidir sin. Ba bheag ab ionann é agus an scudalach tae agus "coffee" a bhíos againne. Tá sí siúd ag fáil tae as éadan as Sasana. 'Deile cé as a bhfuigheadh sí é
Ní fhaca tú a leithide de ghaineamh ariamh. De'n díogha ceart é. Má's leis é siúd a chur in a theach, is teach gan rath a bhéas aige. Níl an gaineamh siúd feilteach do thada
Ní fhaca tusa a chuid talmhana chor ar bith. Dhá bhfeictheá déarfá nach de'n díogha é. Féadfaidh sé céad caorach a thógáil air i gcaitheamh na bliana i dteannta 'chaon tsórt eile. Is air nach bhfuil an chlóic
·
Ní de'n díogha an dream sin chor ar bith ach de thogha na ndaoine: cineál Th. Mh. nachar fhéad aon-duine ariamh a dhul ag ithe ná gearradh orra. Níor dhúin siad a súil ariamh ar bhaintreabhach, ná ar dhílleachta, ná ar fhear an anshógha. Is mór a bheadh le fán ins an saoghal a chuaidh thart marach iad sin. Tá a fhios agad nachar eitigh T. M. aon-duine ariamh faoi'n rud a bheadh aige
Cé dhár díobh é! — ní de'n díogha é ach de thogha na bhfear = caint ghreamannach a bhíos scaithtí ag daoine an uair a fiafruighthear díobh cé dhár díobh thú (é agus rl.); nathuidheacht é a bhaineas le díobh, díogha ó atá siad ar aon-fhuaim

Díogha in iontrálacha eile (7)

 
daba
Díogha ceart é sin agus 'chuile fhear ar a bhaile. Mhair siad sin ariamh ar dhabaí an Tighearna sin a bhí i mbéal an dorais aca, agus tá a shliocht [orthu]: tá béasaí Shasana bealuighthe isteach ionnta, agus ní scarfaidh siad leo go luath
 
Ní de'n díogha iad deirimse leatsa. Feacha na dalláin atá orra sin. Tá tú i síol fataí a dhuine sin, go bhfeicidh tú na blianta
 
Mo dh[iomdha] [...] do'n bhaile sin thiar thar a bhfaca mise ariamh. 'Siad díogha 'chuile dhíogha iad, agus na creachadóirí is mó a chasfaí ort i do shiubhal lae.
 
Nach sonnda an mhaise dhó é a dhul ag tabhairt cine faoi chopóig ar aonduine — agus go mór-mhór ar an ngearrbhodach sin thar dhuine ar bith. Sílimse nach raibh macsamhail a "family" sin ins an tír scathamh. Bhí siad díonmhar deiseamhail, agus is mó an mhaith a rinne siad ar chuma ar bith ná an mhí-mhaith … A dhiabhail nach teann é ag caint, agus gurb iad díogha 'chuile dhíogha a mhuintir fhéin
 
dóigh 1
Níl aon-dóigh cruithneacht' istigh ar do bhaile. Cá'il sé? Shílfeá go raibh an talamh dhubhrabháin sin thíos agamsa cho maith agus a bhí le fáil len a h-aghaidh, agus chonnaic tú féin an cleas a rinne sí ann an bhliain cheana. Ní raibh ceo dhá barr ariamh agam nach síobhuisín beag nacharbh fhiú do sheacht mallacht é. Ba í an díogha ceart í lá agus nach ndrannfadh J. Ph. É. léithe agus é thart cheal údar poitín
 
Tá dreolán beag de mhac annsin thoir ag S. J. agus 'sé an gitín is suimeamhla é dhár casadh liom ariamh. Dhá gcloistheá na mná atá ag déanamh imní dhó sin. Ní de'n díogha iad deirimse leat
 
droim
B'fhearr a dheanfá-sa ar an gcruaich sin len a dhíol de réir ualaigh, ná a díol faoi'n a druim mar sin. Tá an mhóin sin an-tseasmhach, agus is beag de'n díogha atá innte. Nach h-í cloch-mhóin an phortaigh thiar is mó a chuir tú innte. T'anam ó'n diabhal nach bhfuil meadhchan an ghuail innte sin