—
cineál moirtéil chrua a chuirtear d'urláir i gcroithe nó i sciobóil. Fónann sé freisin ag saothrú riasca nó talamh sléibhe. Scartar amach tiubh air é mar aoileach. Chuala mé blue mortar air i mBéarla. Tá sé dhá chaitheamh in aer ó tháinig an stroighin.
+–
Dó ghorm a chuirfeadh bail air sin. Dheamhan riasc dhá fhiáine nach bhfuil sé in ann a thabhairt chun míneadais
Dó ghorm agus gaineamh gortach a chur air sin agus bheadh sé ag tabhairt chruithneachta duit faoi cheann dhá bhliain
TUILLEADH (1) ▼
Léan ar do chuid dó ghorm agat! Cuirfidh mé cement ann. Deile!
Féach freisin
→
gorm
dó ghorm in iontrálacha eile (1)
→
droim
Sin é a chuir na Blueshirts de dhroim seoil anseo. Mharaigh siad é le ar bhuail siad air, ach ba chuma sin. Bheadh sé ina choileachín aríst lá arna mhárach, agus é faoi dhó chomh líofa acu agus a bhí sé roimhe sin. Spreag sé na daoine ina n-aghaidh chomh mór sin agus nach raibh gair acu léine ghorm a fheiceáil ar thom féin nach ndéanfaidís míle píosa dhi. An gceapfá choíchin le breathnú air anois go mbeadh an oiread sin díocais ann. Is corrdhuine a cheapfadh