léas
1.
ruithne solais.
a.
·
Tá léas (nó léisín) sholais isteach thríd an [.]uball
b.
mothar nó íoghar.
·
Chonaic mé an sonda (sonra) idir mé agus léas — chonaic mé san oíche toirt nó cumraíocht eicín idir mé agus an dorchadas
Chonaic mé idir mé agus léas ag teacht é — bhí an dorchadas, nó iomarca achair uaim, go dlúth lena chúl
c.
·
Níl léas in mo shúile — níl spré amhairc iontu (annamh a cloistear an chiall seo)
2.
cineál nioscóide nó stríoc dhearg in áit a mbuailfí duine ar an gcraiceann, nó a luífeadh bróg air nó ball eicínt eile.
+–
Tá léas tógtha ag an mbróig ar mo sháil
Tá léas tógtha ag mo bhóna ar mo mhuineál
TUILLEADH (2) ▼
Tá a chraiceann faoi léarsachaí (léasrachaí) uileag (uilig) an áit ar bhuail a athair é faoi nach ndeachaigh sé ag an scoil
Níl míor meacan dá chorp ach áit a bhfuil léas — tá léas ar chuile mhíle bhall dá chorp
léas in iontrálacha eile (26)
Ní chloisfeá méir i gcluais sa teach s'againne ag cantaireacht putaí. Is minic a fuaidh sé thríom tosaí dá léasadh, ach má dhéanaim sin leofa beidh na hollghártha ann chomh maith céanna. 'Mar a chéile an ball séire agus a ghiolla,' arsa tusa.
Is beag an néal atá air sin ina bhealach fhéin léis (thar éis) a bhfuil de chipiléireacht aige. Do dhúshlán faigh aon bhrabach air ina dhiaidh sin.
→
buail
Thug sé broicneáil bhreá bhuailte dhó; thug sé droimeáil bhuailte dhó; thug sé greadadh buailte dhó; thug sé lascadh buailte dhó; gleadhradh buailte; liúradh buailte; léasadh buailte; deargadh buailte srl. — bualadh breá
Buailteán súiste nárbh fholáir dhuit ina éadan sin. Tá a chraiceann chomh garbh agus nach bhfágfadh fás fhéin aon léas air.
Nuair a bheas an léas (lease) seo caite cuirfidh mé isteach ar lascainí (laghdú sa gcíos)
→
frigh
Bhí agat an léas sin fhéin a thapú. Dhá dtapaíteá, ní shéidfeadh sí ina lot. Ní lú ná frigh, adeir siad, síol (máthair) na hanachain, go sábhála Dia sinn
+
→
dall 3
Muise dalladh gan aon léas air, agus dalladh Oisín (/daʟəw ešīn′/) ina dhiaidh sin! — dhá n-abraíodh duine go raibh duine eicínt eile dallta (le ól, as a amharc srl.), déarfadh an té a bheadh ag éisteacht an leagan seo mura dtaitníodh an té a bhí dallta leis. Tá sé i gceist go mba seanóir dall é Oisín ar a theacht ar ais as Tír na hÓige dó
TUILLEADH (3) ▼
Tá J. F. dallta adeir tú liom. Muise dalladh gan aon léas air agus dalladh Oisín ina dhiaidh sin mura bhfuil a dhóthain sa méid sin
Deir tú go bhfuil sé ionann is dall. Muise dalladh gan aon léas air agus dalladh Oisín ina dhiaidh sin, gan dochar ná díobháil dúinne. Ná raibh dall ach é sin
Dalladh as ort! Cuirfidh mé geall go bhfuil luach an ghamhain ólta agat. Muise má tá, dalladh gan aon léas ort agus dalladh Oisín ina dhiaidh sin, mura deas an chaoi orm é, luach mo ghamhain ólta ag stróirí
→
damnaigh
Tá mé damnaithe ag bróga cúnga atá do mo thógáil. Tá léas tógtha acu ar chaon laidhricín liom, agus ní mó ná go bhfuil siúl an bhealaigh ionam acu. Ach is ceart do na daoine a bheith buíoch agus a bhfáil mar sin féin agus chomh gann agus atá siad ar ala na huaire
→
deachma
Muna mbeadh ar Sh. Mh. fadó ach léas ar a mhéir, d'fhanfadh sé istigh. Níor facthas a leithide ariamh le aire air fhéin. Dhá bhfiosraíteá de Sh. ansin céard a bhí air, ní thabharfadh sé de thoradh ort i gcónaí ach, 'a mhic ó mo chroí thú, caithfidh mé deachma na sláinte a íoc.' Ní inseodh sé go brách duit céard a bheadh air. Ach ba deacair dó, arae ní bhíodh ceo na fríde air leath na gcuarta, nach (ach) nach dtabharfadh sé an áit amach air féin ar bhás an domhain, dhá mbeadh goimh ar bith san uair. Spreasáinín beag dona a bhí ann. Shéidfeá de do bhois é go dtí an Domhan Thoir. Bhíodh spideog air an lá ba bhreácha sa mbliain … Ní bhíodh de leathrann againn féin ansin in áit ar bith dá mbíodh sé ach 'a Sh. caithfear deachma na sláinte a íoc.' Is maith is cuimhneach liom an oíche ar tórradh é. Tá sé suas le cupla scór blianta go maith. Bhí mé féin agus bulc de na scorachaí isteach in éindí le P. Mh. a bhí anseo thuas ann. Chuaigh muid ar a nglúine go gcuireadh muid faoi bhrí na guí é. Níor dhúirt P. urnaí ar bith — go ndéana Dia grásta ar an mbeirt agus ar na mairbh ar fad. 'Sé an chaoi a raibh P. ag breathnú isteach air os cionn cláir agus é ag rá: 'tá deachma na sláinte íoctha agat faoi dheireadh, a ghiolla sin. Ba cheart go bhfaightheá luch pine (luck penny) maith anois, agus chomh fada agus a chaith tú dhá íoc.' Ní raibh aon duine sa teach nach raibh falrach gáirí air. Cuimhneoidh mé air go dté na hordógaí orm. Dar fia cuimhneod
→
deatach
An bhfeiceann tú an deatach sin thiar idir thú agus léas. Níl ansin ach gail thriomaigh. An-uair ag móin í ar chuma ar bith.
→
deilín
Gairim agus coisricim thú! Tá deilín bainte agat as do mhéir anois. Ní fhéadfá gan sin a dhéanamh ort fhéin. Nach diabhaltach an cam srón birín a bhíos ort! Meireach ar éirigh dhuit anois, bheinnse do do léasadh an fhad is a bhfaighinn (gheobhainn) teas in do chraiceann
+
→
deis
Níl an deartháir atá sa mbaile ag ól tada, léis (tar éis) an deis atá ar an gceann atá i nG. — ainneoin an bhail, an riocht, an chaoi, an staid a bhfuil sé
TUILLEADH (1) ▼
Is maith an deis atá ar an tír dá mbarr. Nach bhfuil na daoine bánaithe acu. Má thugann sibh léas chúig bhliana eile dhóibh, beidh sibh ag iarraidh a (bhur) gcodach. Tuilleadh diabhail agaibh a ghéilleas dóibh!
Tá an-dintiúirí ag an dochtúr sin adeir siad, agus níl rath ná ríocht air ina dhiaidh sin. Má thógann an bhróig léas ar do sháil, fuadóidh sé isteach ag an easpaicil (ospidéal) thú
Is dramhsach dona an tsuaróigín de bhean a casadh air faoi dheireadh thiar, léis (tar éis) a raibh de ghoití aige. Go deimhin is gearr an bás uaithi, nó tá sí féin agus a cosúlacht in aghaidh a chéile
→
déan ar
Chonaic mé fear ag déanamh orm idir mé agus léas. Shíl mé i dtosach gur duine de mhuintir na dTamhnachaí a bhí ann. Nuair a bhí sé tuairim is leath bealaigh go dtí mé, d'iontaigh sé soir aduaidh. 'Dar príosta,' arsa mise, 'is gearr go mbeidh a fhios agam cé atá ann … '
D'fhéach sé mé dólámhach a chur in aer, léis (tar éis) nach cheal a shaothraithe é. Ach tá an-scráibneart ann. Agamsa atá a fhios é
→
dúradán
Dhá gcuireadh sé an dúradán dubh aníos dhá phutóig, dheamhan fód a choinneodh sé casta do Sh., léis (tar éis) a raibh de ghaisce aige. D'athraigh siad ansin — eisean ar an gclaise agus S. ag casadh an bhoird — ach rinne S. puca dhó (de) aríst. Bhí maith dhó a bheith ag coimhlint leis siúd!
Ní raibh ag dul faoi ná thairis leis an fhad seo ach léasadh a thabhairt d'E. 'Nuair a bhéarfas mise air cuirfidh mise faoi ndeara dhó, feicfidh sé féin air.' Ina leaba sin, 'sé E. a thug an léasadh dhósan lá an aonaigh. Thug agus léasadh diabhalta
→
daingean
Tá greim daingean ar an gcloich sin, léis (tar éis) go bhfuil sí ar bogadh le do láimh a leagan uirthi